|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2446 |
1.12.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2446 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2025
lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(3) agus (4) de,
Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (1) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (2). An 4 Márta 2019 formheasadh é thar ceann an Aontais Eorpaigh trí bhíthin Chinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle (3). Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019. |
|
(2) |
Leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, forbairt an ghréasáin iompair idir an tAontas, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv (*1), Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear ‘Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa’ anseo feasta), den pháirt eile, déantar an fhorbairt sin a chur chun cinn i réimse an iompair de bhóthar, an iompair d’iarnród, an iompair d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair. Tá an Comhphobal Iompair arna bhunú leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair bunaithe ar mhargaí iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais ar bhonn fhorálacha ábhartha acquis an Aontais. |
|
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 42 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair arna iarraidh sin ag aon pháirtí conarthach agus, i gcás ar bith, 5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. |
|
(4) |
I mí Eanáir 2024, cuireadh meitheal ar bun chun cainteanna tosaigh a reáchtáil maidir leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. Bhí an mheitheal comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa, chomh maith le hionadaithe ó na rannpháirtithe breathnóireachta atá ann faoi láthair. Thug sí a phlé chun críche maidir leis an athbhreithniú agus shainaithin sí gur gá Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(5) |
Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le teagmháil níos dlúithe idir an Comhphobal Iompair agus 2 de na rannpháirtithe breathnóireachta, eadhon an Úcráin agus Poblacht na Moldóive. |
|
(6) |
Ba cheart don Aontas a bheith rannpháirteach sa chaibidlíocht ar leasú a dhéanamh ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, maidir le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil leis an athbhreithniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair.
Airteagal 2
Seolfar an chaibidlíocht ar bhonn na dtreoracha caibidlíochta ón gComhairle a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 3
Seolfar an chaibidlíocht i gcomhairle leis an Meitheal um Iompar - Ceisteanna Idirmhódúla agus Gréasáin, lena n-ainmnítear leis seo mar an gcoiste speisialta dá bhforáiltear in Airteagal 218(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO L 278, 27.10.2017, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2017/1937/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1937/oj).
(3) Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/392/oj).
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
TREORACHA MAIDIR LE COMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA A CHAIBIDLIÚ
MAIDIR LEIS AN ATHBHREITHNIÚ AR AN gCONRADH LENA mBUNAÍTEAR AN COMHPHOBAL IOMPAIR
RAON FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE ATÁ BEARTAITHE
Leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, forbairt an ghréasáin iompair idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Poblacht na Macadóine Thuaidh, an Chosaiv (*1), Montainéagró agus Poblacht na Seirbia (dá ngairtear Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa anseo feasta), déantar an fhorbairt sin a chur chun cinn i réimse an iompair de bhóthar, an iompair d’iarnród, an iompair d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair, agus tá sé bunaithe ar mhargaí iompair Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa a chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais ar bhonn fhorálacha ábhartha acquis an Aontais. Is é cuspóir ginearálta na leasuithe atá beartaithe tacú le hailíniú reachtach Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus an t-ailíniú sin a neartú, agus gnéithe oibríochtúla áirithe a sainaithníodh le linn a chur i bhfeidhm a fheabhsú agus a shoiléiriú freisin.
Leis na leasuithe sin, ba cheart ballraíocht iomlán na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumasú freisin. Thairis sin, chun a lánpháirtiú iomlán sa Chonradh um an gComhphobal Iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún iarscríbhinní a chaibidliú maidir le socruithe idirthréimhseacha, dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ar iarscríbhinní iad a bheidh infheidhme maidir leis an dá thír sin tráth a n-aontachais.
1. CUSPÓIRÍ CAIBIDLÍOCHTA
Le linn na caibidlíochta ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gCoimisiún na cuspóirí a leagtar amach thíos go mionsonraithe a chur i gcrích.
|
(1) |
Ba cheart é a bheith mar chuspóir ginearálta ag na leasuithe tacú le hailíniú reachtach na bpáirtithe conarthacha uile le acquis ábhartha an Aontais agus an t-ailíniú sin a neartú, i bhfianaise a ndearcthaí Eorpacha faoi seach, agus borradh a chur faoi chomhtháthú a margaí iompair i margadh iompair an Aontais de réir a chéile. |
|
(2) |
Leis na leasuithe sin, ba cheart ballraíocht iomlán rannpháirtithe breathnóireachta na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumasú freisin. Thairis sin, chun a lánpháirtiú iomlán sa Chonradh um an gComhphobal Iompair a áirithiú, ba cheart don Choimisiún iarscríbhinní a chaibidliú maidir le socruithe idirthréimhseacha, dá dtagraítear in Airteagal 40 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ar iarscríbhinní iad a bheidh infheidhme maidir leis an dá thír sin tráth a n-aontachais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar na héilimh a d’fhéadfadh a bheith ann ón Úcráin agus ó Phoblacht na Moldóive maidir le substaint an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. |
|
(3) |
I ndáil leis sin, d’fhéadfadh athbhreithniú ar na forálacha lena dtagraítear go sonrach do na Balcáin Thiar a bheith sna leasuithe freisin, ionas go ndéanfar tagairt sna forálacha sin freisin, i gcás inarb ábhartha, do na tíortha thuasluaite, chomh maith le hathbhreithniú ar an bhfoirmle bhuiséadach maidir le comhroinnt ualaigh a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gConradh chun líon méadaithe na bpáirtithe conarthacha a chur san áireamh agus chun dáileadh cothrom leanúnach na ranníocaíochtaí a áirithiú. |
|
(4) |
Ba cheart na gnéithe breise seo a leanas a bheith sna leasuithe arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoin ailíniú reachtach:
|
|
(5) |
Leis na leasuithe sin, ba cheart a áirithiú go dtabharfar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair cothrom le dáta, go háirithe chun acquis an Aontais roimh shíniú an Chonartha a chur leis agus chun forbairtí beartais ábhartha a chur san áireamh. Más iomchuí, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin reachtaíocht nua i réimse an iompair nó i réimsí gaolmhara a luaitear san Iarscríbhinn sin. |
|
(6) |
Leis na leasuithe, ba cheart forálacha Airteagail 8 agus 9 a bhaineann le forbairt leathnú táscach an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair (TEN-T) chuig Páirtithe Oirdheisceart na hEorpa agus an plean oibre rollach 5 bliana comhfhreagrach, a thabhairt cothrom le dáta, i gcás inar gá, chun forbairtí beartais i gcreat reachtach TEN-T a chur san áireamh. |
|
(7) |
Leis na leasuithe, ba cheart a áirithiú go mbeidh bealach níos éasca ann chun dul i gcomhairle le saineolaithe ó Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach faoi láthair i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair. |
|
(8) |
Ba cheart na leasuithe a bheith ag teacht leis na comhaontuithe ar thángthas orthu cheana maidir le hainmníocht oifigiúil Phoblacht na Macadóine Thuaidh. |
|
(9) |
Ba cheart don Choimisiún féachaint freisin ar an ngá atá leis na prótacail dhéthaobhacha atá ann faoi láthair a oiriúnú i gcás inarb ábhartha, mar shampla maidir le cás sonrach na bpáirtithe talamhiata agus na forálacha atá ann faoi láthair maidir le hiompar muirí. |
|
(10) |
Leis na leasuithe, ba cheart breathnú arís ar na rialacha maidir le cur i bhfeidhm chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe chun cásdlí a tugadh tar éis dháta sínithe an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair a chumhdach freisin. |
|
(11) |
D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis na leasuithe freisin mion-shaincheisteanna teicniúla nach gcomhchuimsítear in aon cheann de na treoracha caibidlíochta roimhe seo (e.g. earráidí cló atá ann cheana, tagairtí áirithe míchearta nó as dáta). |
2. AN CHAIBIDLÍOCHT A DHÉANAMH
Déanfaidh an Coimisiún an chaibidlíocht de bhun na dtreoracha sin agus áiritheoidh sé go ndéanfar comhordú cuí leis an gcaibidlíocht atá ar siúl agus a dhéanfar amach anseo i réimsí ábhartha eile.
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2446/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)