|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2444 |
3.12.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2444 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2058 a mhéid a bhaineann leis an ráta rialuithe oifigiúla ar leith maidir le teacht isteach coinsíneachtaí d’earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí áirithe earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí áirithe a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann (1), agus go háirithe Airteagal 4(3), an chéad fhomhír agus an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2023/1231 leagtar síos rialacha sonracha a bhaineann le, i measc nithe eile, teacht isteach coinsíneachtaí d’earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann don tomhaltóir deiridh, lena n-áirítear rialacha sonracha maidir le rátaí rialuithe oifigiúla ar leith ar earraí miondíola ag Saoráidí Iniúchta SPS an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2058 ón gCoimisiún (2) leagtar síos, i measc nithe eile, rátaí rialuithe oifigiúla ar leith maidir le teacht isteach coinsíneachtaí d’earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe, agus maidir lena gcur ar an margadh ann. Foráiltear le hAirteagal 3(1), an chéad fhomhír, den Rialachán Cur Chun Feidhme sin go ndéanfar seiceálacha céannachta, lena n-áirítear seiceálacha ar chomhlíonadh na gceanglas i dtaca le bheith réamhphacáilte agus marcáilte dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231, ag ráta minicíochta 10 % ar gach coinsíneacht d’earraí miondíola áirithe. |
|
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 4(3), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2023/1231, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais mharcála maidir le bainne agus táirgí déiríochta a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (b), den Rialachán sin, go bhfuil an ráta seiceálacha céannachta ar leith le laghdú go 8 % de na coinsíneachtaí uile. |
|
(4) |
De réir na dtuarascálacha a sholáthair údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann agus ionadaithe an Aontais a fheidhmíonn na cearta faoi Airteagal 12(2) de Chreat Windsor (3), tá marcáil aonair ar bhainne agus ar gach táirge déiríochta a bhfuil feidhm ag na rialacha sonracha maidir leo i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1231. |
|
(5) |
Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2058 a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Ionas gur féidir an leasú dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 3(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2058, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:
‘Maidir le seiceálacha céannachta, lena n-áirítear seiceálacha ar chomhlíonadh na gceanglas i dtaca le bheith réamhphacáilte agus marcáilte dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), agus Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2023/1231, déanfar na seiceálacha sin ag Saoráidí Iniúchta SPS an chéad teacht isteach i dTuaisceart Éireann ag ráta minicíochta 8 % ar na coinsíneachtaí d’earraí miondíola uile dá dtagraítear in Airteagal 1, cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 165, 29.6.2023, lch. 103, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1231/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2058 ón gCoimisiún an 26 Meán Fómhair 2023 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1231 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a baineann le rátaí rialuithe oifigiúla ar leith agus an deimhniú ginearálta caighdeánach maidir le teacht isteach coinsíneachtaí d’earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe (IO L 238, 27.9.2023, lch. 97, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2058/oj).
(3) Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2444/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)