|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2443 |
1.12.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2443 ÓN gCOMHAIRLE
an 1 Nollaig 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2022/2309 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 25 Samhain 2022, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2309. |
|
(2) |
An 17 Deireadh Fómhair 2025, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (‘CSNA’) Rún 2794 (2025). Sa Rún sin, chuir CSNA beirt le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/2309 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 307, 28.11.2022, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2309/oj.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309, i ‘Liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, 3 agus 9’, faoin gceannteideal ‘DAOINE’, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis:
|
‘8. |
Dimitri HERARD. Liostaítear é de bhun mhír 19 de Rún 2794 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Feidhm: iar-cheann aonaid Aonad Slándála Ginearálta an Pháláis Náisiúnta (USGPN) faoin Uachtarán Jovenel Moïse Dáta breithe: – Áit bhreithe: – Náisiúntacht: – Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 17 Deireadh Fómhair 2025 Inscne: fireann Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil: Bhí Dimitri Herard i mbun gníomhartha a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol agus thacaigh sé le gníomhaíochtaí coiriúla a bhaineann an bonn d’institiúidí na tíre agus a ghéaraigh an ghéarchéim dhaonnúil. Is é Dimitri Herard iar-cheann aonaid Aonad Slándála Ginearálta an Pháláis Náisiúnta (USGPN) faoin Uachtarán Jovenel Moïse. Bhí ról lárnach aige maidir le gníomhaíochtaí líonraí coiriúla agus dronganna coiriúla i Háítí a chumasú, lena n-áirítear tacú le drong Ti Bwa aonad comhraic speisialta a chruthú, aonad dar teideal “Back up 100 plak”, rud a mhéadaigh a chumas troda. Bhí Dimitri Herard bainteach leis an ngáinneáil ar airm agus ar armlón a éascú, rud a ghéaraigh an foréigean droinge agus a rinne an tír a dhíchobhsú. De dheasca a chuid gníomhaíochtaí, is mó smacht na ndrong ar réimsí tábhachtacha, rud a bhaineann an bonn arís eile de shlándáil agus de rialachas Háítí. |
|
9. |
Kempes SANON. Liostaítear é de bhun mhír 19 de Rún 2794 (2025) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ngeall ar na bearta a liostaítear i míreanna 3 agus 6 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Feidhm: ceannaire drong Les Argentins, nó drong Bel Air mar a thugtar air freisin Dáta breithe: – Áit bhreithe: – Náisiúntacht: – Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 17 Deireadh Fómhair 2025 Inscne: fireann Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil: Bhí Kempes Sanon i mbun gníomhaíochtaí a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol trína cheannaireacht ar dhrong Les Argentins, nó drong Bel Air mar a thugtar air freisin, drong a fheidhmíonn óna dhaingean i limistéar Haut Bel-Air, Port-au-Prince. Le tuairim is 150 comhalta, bhí an drong bainteach le sáruithe córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an sracadh, an fuadach, agus an cánachas aindleathach. Bhí ról suntasach ag Sanon maidir le ceannasaíocht droinge in Port-au-Prince a chomhdhlúthú, go háirithe trína rannpháirtíocht i gcomhghuaillíocht Viv Ansanm, a rinne ionsaithe comhordaithe ar mhaithe le cur leis na críocha sin atá faoi rialú droinge. Faoina cheannaireacht siúd, rinne Les Argentins ionsaithe arís agus arís eile ar chomharsanachtaí ar nós Solino, rud a d’fhág go raibh go leor taismeach ann agus go ndearnadh na mílte cónaitheoirí a easáitiú. Tá líonra daoine ag Kempes Sanon freisin laistigh d’institiúidí rialtais, lena n-áirítear gníomhaireachtaí slándála, rud a chuireann ar a chumas an ghabháil a sheachaint agus a chuid gníomhaíochtaí coiriúla féin a éascú. D’éalaigh sé ón bpríosún in 2021, áit a raibh sé mar gheall ar fhuadach, goid agus feallmharú, agus tá Háítí á díchobhsú aige ó shin de dheasca a chuid gníomhaíochtaí.’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2443/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)