|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2440 |
1.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2440 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2025
maidir leis an iarraidh ar chlárú an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Réaltaí an Aontais Eorpaigh ar mo Phas (STAR-PASS)’ de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 7935)
(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (1), agus go háirithe Airteagal 6(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Meán Fómhair 2025 rinneadh iarraidh ar chlárú tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Réaltaí an Aontais Eorpaigh ar mo Phas (STAR-PASS)’ a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(2) |
Is é is aidhm don tionscnamh, mar a chuir na heagraithe in iúl é, a iarraidh ‘ar an gCoimisiún Eorpach éascú a dhéanamh ar Bhallstáit an Aontais rogha bhreise a thabhairt isteach maidir le dearadh clúdaigh pasanna, rogha a chuirfear ar fáil do shaoránaigh atá ag cur isteach ar phas nua’. Leis an rogha sin, measann siad gur cheart ‘cúlra gorm agus ciorcal na réaltaí ar dhath an óir, is é sin siombail an Aontais Eorpaigh’ agus na focail ‘EUROPEAN UNION’ a thaispeáint go feiceálach, agus ‘bheadh an dearadh sin ar fáil taobh leis an gclúdach burgúnach pas atá ann faoi láthair’. In iarscríbhinn a ghabhann leis an tionscnamh, tá tuilleadh sonraí maidir lena chúlra, leis an ábhar atá ann agus leis na cuspóirí a bhaineann leis. |
|
(3) |
Measann an Coimisiún go bhféadfadh sé togra a ghlacadh le haghaidh gníomh dlí maidir le dearadh clúdaigh pasanna bunaithe ar Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena dtugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta a ghlacadh maidir leis na seiceálacha a bhfuil daoine faoina réir agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha. |
|
(4) |
Ar an gcúis sin, measann an Coimisiún nach bhfuil aon chuid den tionscnamh ann ar follas nach dtagann sí faoi chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh gníomh dlí de chuid an Aontais chun na Conarthaí a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Is conclúid é sin nach ndéanann difear don mheasúnú ar cé acu a chomhlíonfaí nó nach gcomhlíonfaí, sa chás seo, na coinníollacha coincréiteacha substainteacha ba ghá chun go ngníomhódh an Coimisiún, coinníollacha lena n-áirítear comhlíonadh phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, sin agus comhoiriúnacht do chearta bunúsacha. |
|
(6) |
Tá fianaise iomchuí curtha ar fáil ag an ngrúpa d’eagraithe go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2019/788, agus go bhfuil na daoine teagmhála ainmnithe aige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(7) |
Ní tionscnamh é ar follas é a bheith míchuí, suaibhreosach ná cráiteach, ná ní follas go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach iad ná do na cearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart an tionscnamh dar teideal ‘Réaltaí an Aontais Eorpaigh ar mo Phas (STAR-PASS)’ a chlárú. |
|
(9) |
An chonclúid go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le clárú faoi Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2019/788, ní thugann sí le tuiscint go ndearbhaíonn an Coimisiún ar bhealach ar bith go bhfuil inneachar an tionscnaimh arna leasú cruinn fíorasach, agus is iad an grúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh, agus iadsan amháin, atá freagrach as an méid sin. Ní chuireann inneachar an tionscnaimh in iúl ach tuairimí an ghrúpa d’eagraithe, agus ní féidir a dhéanamh amach ar aon bhealach gurb iad tuairimí an Choimisiúin a léiríonn sé, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Clárófar an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh dar teideal ‘Réaltaí an Aontais Eorpaigh ar mo Phas (STAR-PASS)’.
Airteagal 2
Is chuig an ngrúpa d’eagraithe atá i mbun an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Réaltaí an Aontais Eorpaigh ar mo Phas (STAR-PASS)’, grúpa a bhfuil Serban ALEXANDRIUC agus Davide BIASCO ag gníomhú mar theagmhálaithe thar a cheann, a dhírítear an cinneadh seo.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 25 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Maroš ŠEFČOVIČ
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 130, 17.5.2019, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/788/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2440/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)