|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2439 |
3.12.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/2439 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/2865 a mhéid a bhaineann le dátaí cur i bhfeidhm agus forálacha idirthréimhseacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach ceanglais áirithe a mhéid a bhaineann le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán. Leasaíodh an Rialachán sin le Rialachán (AE) 2024/2865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lenar tugadh isteach, inter alia, rialacha sonracha maidir le formáidiú lipéad, sprioc-amanna le haghaidh athlipéadú i gcás athruithe ar aicmiú, ceanglais faisnéise le haghaidh fógraíocht agus tairiscintí ciandíolacháin agus ceanglais lipéadaithe le haghaidh stáisiúin líonta. Le Rialachán (AE) 2024/2865, cuireadh siar freisin dáta chur i bhfeidhm na rialacha sin. |
|
(2) |
Cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil 2024 dar teideal ‘The future of European competitiveness’ [Todhchaí iomaíochas na hEorpa] (tuarascáil Draghi) go bhféadfadh líon agus castacht na rialacha teorainn a chur leis an tsolúbthacht atá ag gnóthais an Aontais agus cosc a chur orthu fanacht iomaíoch. Le hanailís mhionsonraithe a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 léiríodh freisin ualach riaracháin iomarcach agus costais iomarcacha a bhaineann le ceanglais a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2865. Bunaithe ar na torthaí sin, mhol an Coimisiún ceanglais agus nósanna imeachta áirithe le haghaidh táirgí ceimiceacha a shimpliú (5). Tá sé beartaithe leis an togra sin, inter alia, cothromaíocht níos fearr a bhaint amach, ar thaobh amháin, maidir leis an ngá go dtuigfeadh tomhaltóirí faisnéis lipéid go soiléir agus, ar an taobh eile, an gá atá le bacainní margaidh agus an t-ualach riaracháin ar an tionscal a laghdú, mar a léirítear saTeachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘An Margadh Aonair: ár margadh baile Eorpach i ndomhan éiginnte, straitéis chun an Margadh Aonair a dhéanamh simplí, rianúil agus láidir’. I bhfianaise an togra sin, is gá na hoibleagáidí a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2865 maidir le formáidiú lipéad, fógraíocht, tairiscintí ciandíolacháin agus athlipéadú a chur siar tuilleadh. Chuirfeadh iarchur breise den sórt sin ar chumas oibreoirí eacnamaíocha ullmhú le haghaidh athruithe ar na ceanglais formáidithe agus lipéadaithe, chomh maith le ceanglais nua faisnéise le haghaidh fógráin agus tairiscintí ciandíolacháin atá beartaithe sa togra ón gCoimisiún. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2024/2865, tugadh isteach forálacha sonracha maidir le lipéadú breoslaí a sholáthraítear ag stáisiúin líonta. Mar sin féin, ba chosúil go raibh ceanglais áirithe, lena n-áirítear an ceanglas an soláthróir, an chainníocht ainmniúil, agus an t-aitheantóir foirmle uathúil a léiriú, neamhphraiticiúil agus costasach do ghnóthais, gan aon tairbhe a bheith ag baint leo do chosaint shláinte an duine ná do chosaint an chomhshaoil. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na ceanglais sin a mhodhnú chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí trí cheanglais lipéadaithe nach bhfuil gá leo agus a bhfuil ualach trom ag baint leo a bhaint. I bhfianaise na modhnuithe sin a bhfuiltear ag súil leo, is iomchuí dáta chur i bhfeidhm na gceanglas sin a chur siar a thuilleadh. |
|
(4) |
Tá forálacha idirthréimhseacha i Rialachán (AE) 2024/2865 lena gcuirtear ar a gcumas do ghnóthais na rialacha nua a thugtar isteach leis an Rialachán sin a chur i bhfeidhm, ar bhonn deonach, roimh dhátaí a gcur i bhfeidhm. Chun comhsheasmhacht leis an iarchur níos faide a áirithiú agus chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha, is gá leasú a dhéanamh ar dhátaí chur i bhfeidhm na bhforálacha idirthréimhseacha sin maidir le ceanglais formáidithe éigeantacha, athlipéadú, fógráin, tairiscintí ciandíolacháin agus lipéadú le haghaidh stáisiúin líonta agus iad a ailíniú leis na dátaí cur i bhfeidhm iarchurtha a bhfuil síneadh curtha leo. |
|
(5) |
Chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a áirithiú, ba cheart dátaí cur i bhfeidhm fhorálacha eile Rialachán (AE) 2024/2865 a fhágáil gan athrú. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/2865 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2024/2865
Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/2865 mar a leanas:
|
(a) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (3)(b), Airteagal 1, pointí (4) go (7), Airteagal 1, pointe (12)(a), Airteagal 1, pointe (13), Airteagal 1, pointí (15)(a) agus (b), Airteagal 1, pointí (17), (18), (22) agus (23), pointí (4), (8), (10) agus (11) d’Iarscríbhinn I agus pointe (1) d’Iarscríbhinn II ón 1 Iúil 2026.’ |
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (1) agus (9), Airteagal 1, pointí (24)(b) agus (d) agus Iarscríbhinn IV ón 1 Eanáir 2027’ |
|
(c) |
cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘3a. Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointí (14), (15)(c), (26) agus (27), pointí (2) agus (3) d’Iarscríbhinn I agus pointe (2) d’Iarscríbhinn II ón 1 Eanáir 2028’ |
|
(d) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. De mhaolú ar Airteagal 5, Airteagal 6(3) agus (4), Airteagal 9(3) agus (4), Airteagal 10, Airteagal 25(3), Airteagal 29, Airteagal 31(1), Airteagal 35, Airteagal 40(1) agus (2), Airteagal 42(1), an tríú fomhír de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, roinn 1.2.1, roinn 1.5.1.2 agus roinn 1.5.2.4.1 d’Iarscríbhinn I agus Cuid 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, de réir mar is infheidhme an 9 Nollaig 2024, féadfar substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú go dtí an 30 Meitheamh 2026 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 arna leasú le hAirteagal 1, pointí (4) go (7), Airteagal 1, pointe (12)(a), Airteagal 1, pointe (13), Airteagal 1, pointe (15)(a) agus (b), Airteagal 1, pointí (18) agus (22), Airteagal 1, pointe (23)(a) den Rialachán seo agus pointí (4), (8) agus (10) d’Iarscríbhinn I agus pointe (1) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.’ |
|
(e) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: ‘5. De mhaolú ar Airteagal 1(1), Airteagal 18(3)(b), Airteagal 45(1) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 agus cuid A, roinn 1 d’Iarscríbhinn VIII, cuid A, roinn 2.1, d’Iarscríbhinn VIII, cuid A, an chéad fhomhír de roinn 2.4 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid B, roinn 1 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid B, an tríú mír de roinn 3.1 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid B, roinn 3.6 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid B, an chéad ró de Thábla 3 de roinn 3.7 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid B, an chéad mhír de roinn 4.1 d’Iarscríbhinn VIII, Cuid C, ranna 1.2 agus 1.4 d’Iarscríbhinn VIII, agus Cuid D, ranna 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, de réir mar is infheidhme an 9 Nollaig 2024, féadfar substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú go dtí an 31 Nollaig 2026 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 arna leasú le hAirteagal 1, pointí (1) agus (9), Airteagal 1, pointe (24)(b) agus (d) den Rialachán seo, agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán.’ |
|
(f) |
cuirtear an mhír seo a leanas leis: ‘6. De mhaolú ar Airteagal 30, Airteagal 31(3), Airteagal 48 de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, roinn 1.2.1 d’Iarscríbhinn I agus Cuid 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 de réir mar is infheidhme an 9 Nollaig 2024, féadfar substaintí agus meascáin a aicmiú, a lipéadú agus a phacáistiú go dtí an 31 Nollaig 2027 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 arna leasú le hAirteagal 1, pointí (14), (15)(c) agus (26) den Rialachán seo agus pointí (2) agus (3) d’Iarscríbhinn I agus pointe (2) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.’. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2025.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/2865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L, 2024/2865, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2865/oj).
(5) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1272/2008, (CE) Uimh. 1223/2009 agus (AE) 2019/1009 a mhéid a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta áirithe le haghaidh táirgí ceimiceacha a shimpliú, COM(2025) 531.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2439/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)