|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2431 |
5.12.2025 |
Prótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta
TÁ AN tAONTAS EORPACH,
agus
PRIONSACHT LICHTINSTÉIN, dá ngairtear ‘Lichtinstéin’ anseo feasta,
dá ngairtear anseo feasta, ‘Páirtí Conarthach’, ina n aonar, agus ‘Páirtithe Conarthacha’, i gcomhpháirt,
DE BHRÍ go bhfuil dlúthchaidreamh seanbhunaithe ag na Páirtithe Conarthacha i ndáil le cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach, arb é a bhí ann, ar dtús, bearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle (1) a chur i bhfeidhm, agus a forbraíodh ina dhiaidh sin sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (2) (‘an Comhaontú’), arna leasú leis an bPrótacal Leasaitheach a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Prionsacht Lichtinstéin lena bhforáiltear do bhearta atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 2003/48/CE ón gComhairle maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis (3), bunaithe ar uathmhalartú faisnéise cómhalartach trí bhíthin an Caighdeán um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i dtaca le Cuntais Airgeadais i gCúrsaí Cánach (‘an Caighdeán Domhanda’) de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chur chun feidhme,
DE BHRÍ, tar éis chéad athbhreithniú cuimsitheach ECFE ar an gCaighdeán Domhanda, gur fhormheas Coiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha leasuithe ar an gCaighdeán Domhanda i mí Lúnasa 2022 agus gur ghlac Comhairle ECFE iad an 8 Meitheamh 2023 trína Moladh athbhreithnithe maidir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Malartú Uathoibríoch Faisnéise i gCúrsaí Cánach (‘an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda’),
DE BHRÍ gur sainaithníodh in athbhreithniú cuimsitheach ECFE castacht mhéadaitheach na n ionstraimí airgeadais agus teacht chun cinn agus úsáid cineálacha nua sócmhainní digiteacha agus gur aithníodh an gá atá leis an gCaighdeán Domhanda a oiriúnú chun comhlíontacht cánach chuimsitheach agus éifeachtach a áirithiú,
DE BHRÍ gur leathnaíodh raon feidhme an tuairiscithe leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda chun táirgí airgeadais digiteacha nua a chur san áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais, lena dtairgtear roghanna malartacha iontaofa ar Chuntais Airgeadais thraidisiúnta, atá faoi réir tuairisciú cheana féin faoin gCaighdeán Domhanda,
DE BHRÍ go bhfeidhmíonn Creat Tuairiscithe Cripteashócmhainní (‘CARF’) nua ECFE, a tugadh isteach i gcomhthráth leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda, mar shásra comhlántach ar an leibhéal domhanda agus go bhfuil sé deartha go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairt agus fás tapa an mhargaidh Cripteashócmhainní,
DE BHRÍ gur measadh go raibh sé ríthábhachtach idirghníomhaíocht éifeachtúil a áirithiú idir an dá chreat sin, go háirithe chun teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais a eisiamh ó raon feidhme CARF, i bhfianaise a gcumhdaigh faoin gCaighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta; (ii) breithniú a dhéanamh i dtaobh Cripteashócmhainní a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin Dhomhanda a tugadh cothrom le dáta a bheith ina Sócmhainní Airgeadais chun Cuntais Chumhdaigh, Cothromas nó Leasanna Fiachais in Eintitis Infheistíochta a thuairisciú (ach amháin i gcásanna ina soláthraítear seirbhísí lena ndéantar idirbhearta malairte do chustaiméirí nó thar a gceann, a chumhdaítear faoi CARF), infheistíochtaí indíreacha i gCripteashócmhainní trí tháirgí airgeadais traidisiúnta eile nó táirgí airgeadais traidisiúnta a eisítear i gcripteafhoirm; agus (iii) foráil a dhéanamh maidir le foráil roghnach d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe tuairisciú ollfháltais a mhúchadh le haghaidh sócmhainní a aicmítear mar Chripteashócmhainní faoin dá chreat, nuair a thuairiscítear faisnéis den sórt sin faoi CARF, agus leanúint san am céanna de gach faisnéis eile a thuairisciú faoin gCaighdeán Domhanda, amhail iarmhéid cuntais,
DE BHRÍ gur cuireadh CARF chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle (4), lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (5), agus na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026, agus go bhfuil Lichtinstéin tiomanta do CARF a chur chun feidhme ina reachtaíocht intíre agus do na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón dáta céanna,
DE BHRÍ, d’fhonn teorainn a chur le cásanna tuairiscithe dúblaigh, gur cheart do na Páirtithe Conarthacha an dealú idir an Comhaontú, CARF agus Treoir (AE) 2023/2226 a chur i bhfeidhm ar bhealach atá comhsheasmhach leis an dealú idir an Caighdeán Domhanda a tugadh cothrom le dáta agus CARF,
DE BHRÍ, d’fhonn feabhas a chur ar iontaofacht agus úsáid na faisnéise malartaithe, go dtugtar isteach leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe,
DE BHRÍ go gcuireann an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir nua ‘Cuntas Eisiata’ le haghaidh Cuntais Ranníocaíochta Caipitil agus tairseach de minimis chun Cuntais Taisclainne ina bhfuil Táirgí Ríomh-Airgid Sonraithe a thuairisciú,
DE BHRÍ go n-áirítear sna Tráchtaireachtaí ar an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda catagóir roghnach nua ‘Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe’ le haghaidh Eintitis Infheistíochta ar fíor-eintitis neamhbhrabúis iad (‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’) agus go dtugann siad sainordú, chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le himchéimniú féideartha ar thuairisciú, gur cheart cur i bhfeidhm na rogha sin a bheith faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin leordhóthanacha le haghaidh gach Eintitis ag riarachán cánach na dlínse ina bhfuil an tEintiteas sin faoi réir tuairiscithe ar shlí eile mar Eintiteas Infheistíochta,
DE BHRÍ go bhfeidhmeoidh Lichtinstéin an rogha chun an chatagóir nua ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ a chur san áireamh agus go gcuirfidh sí na sásraí dlíthiúla agus riaracháin ar bun chun a áirithiú go ndeimhneofar go gcomhlíonann aon Eintiteas a éilíonn stádas ‘Eintiteas Neamhbhrabúis Cáilithe’ na coinníollacha ábhartha sula gcaitear leis an Eintiteas sin mar Institiúid Airgeadais Neamh-Thuairiscithe i Lichtinstéin, agus de bhrí nach bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha sin, i gcomhréir le Treoir (AE) 2023/2226,
DE BHRÍ gur cheart na Tráchtaireachtaí a ghabhann le Samhail-Chomhaontú ECFE idir Údaráis Inniúla agus leis an gComhchaighdeán Tuairiscithe, arna leasú leis an nuashonrú ar an gCaighdeán Domhanda, a úsáid mar fhoinsí léirithe nó léirmhínithe chun comhsheasmhacht a áirithiú sa chur i bhfeidhm,
DE BHRÍ gur Páirtithe Conarthacha iad an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus Lichtinstéin sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’),
DE BHRÍ go n-aithnítear sna conclúidí maidir le margadh inmheánach leathnaithe aonchineálach agus le caidreamh an Aontais le tíortha in Iarthar na hEorpa nach Ballstáit den Aontas iad a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí an Mheithimh 2024 an comhar cuiditheach, trédhearcach agus oscailte le Lichtinstéin, agus go n-aithnítear iontu rátaí arda iontaofa trasuite Lichtinstéin laistigh de LEE, chomh maith leis an gcreat dlíthiúil a cuireadh i bhfeidhm maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise chun críoch cánach,
DE BHRÍ gur comhpháirtithe seanbhunaithe iontaofa iad Lichtinstéin agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhair cánach, lena n-áirítear malartú faisnéise chun críoch cánach, agus i réimse na rialacha cánachais íosta domhanda. Déanann Lichtinstéin foráil maidir le bearta a chomhfhreagraíonn do na bearta a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais,
DE BHRÍ go bhfuil sé d’aidhm ag Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) cosc a chur ar mhí-úsáid an mhargaidh aonair chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus go bhfuil sí ailínithe, i gcás inarb iomchuí, leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta maidir le Sciúradh Airgid agus maidir le Maoiniú na Sceimhlitheoireachta agus Maoiniú Leata a Chomhrac arna nglacadh ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (TGFA) i mí Feabhra 2012 (‘Moltaí athbhreithnithe TGFA’) agus leis na leasuithe ina dhiaidh sin ar na caighdeáin sin,
DE BHRÍ gur chuir Lichtinstéin, ar bhonn a ballraíochta in LEE, Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme trí bhíthin an Dlí maidir le Dícheall Cuí Gairmiúil chun Sciúradh Airgid, Coireacht Eagraithe agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chosc an 11 Nollaig 2008 (7) agus an Reachta maidir le Dícheall Cuí Gairmiúil chun Sciúradh Airgid, Coireacht Eagraithe agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chosc an 17 Feabhra 2009 (8),
DE BHRÍ, amhail ón 10 Iúil 2027, go gcuirfear Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) agus Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) in ionad Threoir (AE) 2015/849,
DE BHRÍ go leagtar síos le Treoir (AE) 2024/1640 agus Rialachán (AE) 2024/1624 an bonn le haghaidh creat láidir agus comhchuibhithe, lena n-áirithítear cur chuige comhtháite agus cuimsitheach chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach,
DE BHRÍ go ndéanfar Treoir (AE) 2024/1640 agus Rialachán (AE) 2024/1624 a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i Lichtinstéin i gcomhréir le nósanna imeachta Chomhaontú LEE,
DE BHRÍ go leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) rialacha sonracha cosanta sonraí a bhfuil feidhm acu freisin maidir leis na malartuithe faisnéise a chumhdaítear leis an bPrótacal Leasaitheach seo,
DE BHRÍ go bhfuil Lichtinstéin, ar bhonn a ballraíochta in LEE, tar éis Rialachán (AE) 2016/679 a chur chun feidhme trí bhíthin Ghníomh um Chosaint Sonraí an 4 Deireadh Fómhair 2018,
DE BHRÍ go bhfuil an méid seo a leanas i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag Lichtinstéin: (i) coimircí iomchuí chun a áirithiú go bhfanfaidh an fhaisnéis a gheofar de bhun an Chomhaontaithe faoi rún agus nach n úsáidfear í ach amháin ag na daoine nó ag na húdaráis lena mbaineann agus chun críocha measúnachta, bailithe nó aisghabhála, forfheidhmithe nó ionchúisimh, nó chun achomhairc a chinneadh maidir le cánacha, nó formhaoirsiú ar na nithe sin, agus chun críocha údaraithe eile chomh maith; agus (ii) an bonneagar le haghaidh caidreamh malartaithe éifeachtach (lena n-áirítear próisis bhunaithe chun malartuithe faisnéise tráthúla, cruinne, slána agus rúnda, cumarsáid éifeachtach iontaofa, agus cumais chun ceisteanna agus ábhair imní maidir le malartuithe nó iarrataí ar mhalartuithe a réiteach go pras a áirithiú agus forálacha Airteagal 4 den Chomhaontú a riar),
DE BHRÍ nár cheart d’Institiúidí Airgeadais Tuairiscithe, d’Údaráis Inniúla seolta agus d’Údaráis Inniúla ghlactha, mar rialaitheoirí sonraí, faisnéis arna próiseáil i gcomhréir leis an gComhaontú a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná mar is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach agus de bhrí, i bhfianaise na ndifríochtaí i reachtaíocht na mBallstát agus i reachtaíocht Lichtinstéin, gur cheart an uastréimhse choinneála a shocrú trí thagairt a dhéanamh do reacht na dtréimhsí dá bhforáiltear le reachtaíocht chánach intíre gach rialaitheora sonraí,
DE BHRÍ go bhfuil próiseáil faisnéise faoin gComhaontú riachtanach agus comhréireach chun a chur ar chumas riaracháin chánach na mBallstát agus Lichtinstéin na cáiníocóirí lena mbaineann a shainaithint i gceart agus go haonchiallach, a ndlíthe cánach a riar agus a fhorfheidhmiú i gcásanna trasteorann, measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar imghabháil cánach agus tuilleadh imscrúduithe nach bhfuil gá leo a sheachaint,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Leasaítear an Comhaontú mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaigh idir an teideal agus Airteagal 1: ‘TÁ AN tAONTAS EORPACH, AGUS PRIONSACHT LICHTINSTÉIN, dá ngairtear “Lichtinstéin” anseo feasta, dá ngairtear anseo feasta, “Páirtí Conarthach”, ina n aonar, agus “Páirtithe Conarthacha”, i gcomhpháirt, AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH an leas coiteann chun an caidreamh pribhléideach idir an tAontas Eorpach agus Lichtinstéin a fhorbairt a thuilleadh, TAR ÉIS A AONTÚ AN COMHAONTÚ SEO A LEANAS A THABHAIRT I gCRÍCH:’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 1(1), cuirtear an mhír seo a leanas leis:
; |
|
(3) |
leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(4) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(5) |
leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Má bhaineann an comhairliúchán le neamhchomhlíonadh suntasach fhorálacha an Chomhaontaithe seo, agus mura ndéantar foráil sa nós imeachta a ndéantar tuairisc air i mír 1 maidir le réiteach leordhóthanach, féadfaidh Údarás Inniúil Ballstáit nó Lichtinstéin an malartú faisnéise faoin gComhaontú seo le San Mairíne nó le Lichtinstéin sonrach, faoi seach, a chur ar fionraí trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Údarás Inniúil eile lena mbaineann. Beidh éifeacht láithreach ag fionraí den sórt sin. Chun críocha na míre seo, áirítear le neamhchomhlíonadh suntasach, ach gan a bheith teoranta dóibh, neamhchomhlíonadh fhorálacha rúndachta agus coimirce sonraí an Chomhaontaithe seo nó Rialachán (AE) 2016/679, mainneachtain ag Údarás Inniúil Ballstáit nó Lichtinstéin faisnéis thráthúil nó leordhóthanach a sholáthar mar a cheanglaítear faoin gComhaontú seo, nó stádas na nEintiteas nó na gcuntas a shainiú mar Institiúidí Airgeadais Neamhthuairiscithe agus Cuntais Eisiata ar bhealach a chuireann cuspóirí an Chomhaontaithe seo ó rath.’ |
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9: ‘Airteagal 9 Foirceannadh Féadfaidh ceachtar Páirtí Conarthach an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra foirceanta a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí Conarthach eile. Tiocfaidh an foirceannadh sin in éifeacht an chéad lá den mhí tar éis dul in éag tréimhse 12 mhí tar éis dháta an fhógra foirceanta. I gcás foirceanta, fanfaidh an fhaisnéis uile a fuarthas roimhe sin faoin gComhaontú seo faoi rún agus faoi réir Rialachán (AE) 2016/679.’ |
|
(8) |
leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:
|
|
(9) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear na míreanna seo a leanas i ndiaidh mhír 6:
|
|
(10) |
in Iarscríbhinn III, scriostar fomhír (ac). |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Ní mór do na Páirtithe Conarthacha an Prótacal Leasaitheach seo a dhaingniú nó a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta sin i gcrích. Tiocfaidh an Prótacal Leasaitheach seo i bhfeidhm an chéad lá de mhí Eanáir tar éis an fógra deireanach a fháil. Beidh éifeacht ag na leasuithe a thugtar isteach leis an bPrótacal Leasaitheach seo amhail ón dáta sin.
Airteagal 3
Teangacha
Déanfar an Prótacal Leasaitheach seo a tharraingt suas i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe a lámh leis seo.
(1) Treoir 2003/48/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le cánachas ar ioncam ó choigiltis i bhfoirm íocaíochtaí úis (IO L 157, 26.6.2003, lch. 38, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/48/oj).
(2) IO L 379, 24.12.2004, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/897/oj.
(3) IO L 339, 24.12.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2015/2453/oj.
(4) Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 2023/2226, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj).
(5) Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).
(6) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/849/oj).
(7) Liechtenstein Legal Gazette 2009 uimh. 47.
(8) Liechtenstein Legal Gazette 2009 uimh. 98.
(9) Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1640/oj).
(10) Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1624/oj).
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
DEARBHUITHE COMHPHÁIRTEACHA NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE hAIRTEAGAL 5 DEN CHOMHAONTÚ
Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil Airteagal 5 den Chomhaontú ailínithe leis an gcaighdeán ECFE is déanaí maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise i gcúrsaí cánach a chumhdaítear in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE. Dá bhrí sin, comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha, maidir le cur chun feidhme Airteagal 5 den Chomhaontú, gur cheart an tráchtaireacht ar Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal sa leagan reatha tráth sínithe an Phrótacail Leasaithigh a bheith ina foinse léirmhínithe.
I gcás ina nglacfaidh ECFE leaganacha nua den tráchtaireacht ar Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal sna blianta ina dhiaidh sin, agus é ag gníomhú ina fheidhm mar an dlínse iarrtha, féadfaidh aon Bhallstát nó Lichtinstéin na leaganacha sin a chur i bhfeidhm mar fhoinse léirmhínithe, agus iad á gcur in ionad na leaganacha roimhe sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra do Lichtinstéin agus tabharfaidh Lichtinstéin fógra don Choimisiún Eorpach nuair a chuirfidh siad an abairt roimhe seo i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach tarchur an fhógra ó na Ballstáit chuig Lichtinstéin a chomhordú agus tarchuirfidh an Coimisiún Eorpach an fógra ó Lichtinstéin chuig na Ballstáit uile. Tiocfaidh an t iarratas i bhfeidhm an dáta a thabharfar an fógra.
DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH NA bPÁIRTITHE CONARTHACHA MAIDIR LE TEACHT I bhFEIDHM AGUS ÉIFEACHT AN PHRÓTACAIL LEASAITHIGH
Dearbhaíonn na Páirtithe Conarthacha go bhfuil coinne acu, maidir le ceanglais bhunreachtúla Lichtinstéin agus ceanglais dhlí an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, go gcomhlíonfar in am iad ionas go bhféadfaidh an Prótacal Leasaitheach teacht i bhfeidhm agus éifeacht a bheith aige ón gcéad lá de mhí Eanáir 2026. Déanfaidh siad na bearta uile is féidir leo chun an sprioc sin a bhaint amach.
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2431/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)