European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2424

28.11.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2424 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2025

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 8160)

(Is é an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar tógálach veicteoir-iompartha é ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh a bhíonn ar bhó-ainmhithe. D’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach freisin ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas, agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar bó-ainmhithe go háirithe mar gheall ar a phríomh-mhodh tarchurtha trí veicteoirí.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 déantar foráil maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm sa chrios srianta sin. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta ar a laghad crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall ar na criosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún (4) leagtar síos bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil. Le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir le criosanna srianta a bhunú san Iodáil, ar criosanna srianta iad lena gcuimsítear criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus maidir le crios vacsaínithe a bhunú i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún (5). Ina theannta sin, le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 déantar foráil maidir leis na criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise sin, chomh maith leis na criosanna vacsaínithe, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinní I agus III a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus go gcuirfear i bhfeidhm na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna sin ar a laghad go dtí na dátaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní sin.

(4)

Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 go n-áiritheoidh an Iodáil go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais nó na criosanna srianta breise a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.

(5)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, go ndéanfaidh an Iodáil na bearta is infheidhme a chur i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, sa limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, agus le haghaidh na dtréimhsí ama a shonraítear san Iarscríbhinn sin, i gcomhréir le i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Cuirtear toirmeasc leis freisin ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh de na limistéir sin san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin, le haghaidh na dtréimhsí ama a shonraítear san Iarscríbhinn sin.

(6)

Ó leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2087 ón gCoimisiún (6) den uair dheireanach, thug an Iodáil fógra don Choimisiún faoi 8 ráig bhreise d’ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar bó-ainmhithe i gcúigí Nuoro agus Oristano, i réigiún na Sairdíne, ráigeanna a tuairiscíodh idir an 15 Deireadh Fómhair agus an 5 Samhain 2025. Mar fhreagairt ar na ráigeanna sin, bhunaigh an Iodáil criosanna cosanta, faireachais agus srianta breise i gcúigí Nuoro agus Oristano, i réigiún na Sairdíne, criosanna ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687.

(7)

An 17 Samhain 2025, thuairiscigh an Iodáil sonraí breise chun go mbéifí in ann measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch. Léiríonn an fhaisnéis sin feabhas suntasach ar an staid fhoriomlán, le tacaíocht ó mheasúnú riosca fabhrach maidir le leathadh ionfhabhtaithe le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh, cur chun feidhme éifeachtach na mbeart a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus baint amach an chumhdaigh vacsaínithe íosta a cheanglaítear i gcomhréir le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.

(8)

Chuir an Iodáil an Coimisiún ar an eolas freisin faoi mhoilleanna ar chur chun feidhme beart díothaithe le haghaidh roinnt ráigeanna i réigiún na Sairdíne, rud a d’fhág go raibh ráigeanna áirithe fós gan réiteach. Dá bhrí sin, ní mór síneadh a chur le fad na gcriosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna sin, agus leis an gCinneadh seo, cuirtear síneadh lena dtréimhse feidhme dá réir sin.

(9)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche atá ag teacht chun cinn i réigiún na Sairdíne, is gá athmheasúnú a dhéanamh ar na criosanna srianta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582. Go háirithe, ba cheart deireadh a chur leis an gcrios srianta breise, agus ba cheart na criosanna cosanta agus faireachais timpeall ar na ráigeanna sin ar cuireadh moill ar bhearta díothaithe ina leith a choigeartú ó thaobh spáis de agus fad a chur leo. Ina theannta sin, ba cheart criosanna cosanta agus faireachais a bhunú timpeall ar na 8 ráig dheimhnithe bhreise. Dá bhrí sin, ba cheart na tagairtí don chrios srianta breise in Airteagail 1 agus 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a bhaint, agus ba cheart Cuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, ina liostaítear crios srianta breise, a scriosadh.

(10)

I bhfianaise deireadh a chur leis an gcrios srianta breise dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, níl gá a thuilleadh leis na bearta breise a leagtar síos in Airteagal 3 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin, bearta a raibh feidhm shonrach acu maidir leis an limistéar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh sin. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 3 agus Iarscríbhinn II atá ann faoi láthair a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a scriosadh. Mar thoradh ar an scriosadh sin, ba cheart Iarscríbhinn III atá ann faoi láthair, ina liostaítear na criosanna vacsaínithe, a athuimhriú mar Iarscríbhinn II.

(11)

Maidir le méid na limistéar a shonraítear mar chriosanna cosanta agus faireachais in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, arna leasú leis an gCinneadh seo, agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na limistéir sin, bunaítear na nithe sin ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le rogha mhéid na gcriosanna cosanta agus faireachais, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, cuimsítear breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar thosca eipidéimeolaíocha eile lena n-áirítear paraiméadair gheografacha agus an riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair i bhfianaise láithreacht veicteoirfheithidí. Cuireadh san áireamh freisin caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (7) agus fad tréimhse na mbeart dá bhforáiltear sa Chinneadh seo á chinneadh.

(12)

Le hAirteagail 2 agus 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 cuirtear toirmeasc ar ghluaiseacht bó-ainmhithe ó chriosanna cosanta, criosanna faireachais nó criosanna srianta breise chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlíne sheachtrach an chreasa shrianta bhreise san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin, go dtí na dátaí a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis. I bhfianaise na ráigeanna nach bhfuil réitithe i réigiún na Sairdíne, ba cheart feidhm a bheith ag an toirmeasc sin fós sna criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, arna leasú leis an gCinneadh seo.

(13)

Tá gá fós leis na criosanna vacsaínithe a bunaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582, agus ba cheart leanúint den vacsaíniú i gcomhréir le plean oifigiúil vacsaínithe na hIodáile dar dáta an 1 Iúil 2025, a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6(4), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361. Ós rud é go scriostar Iarscríbhinn II atá ann faoi láthair, ba cheart an Iarscríbhinn ina liostaítear na criosanna vacsaínithe a choinneáil i bhfeidhm agus ba cheart í a athuimhriú mar Iarscríbhinn II chun a áirithiú go leanfar de ghníomhaíochtaí vacsaínithe sna criosanna ainmnithe.

(14)

Dá bhrí sin, ba cheart na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 a leasú dá réir sin.

(15)

I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche san Iodáil, ba cheart feidhm a bheith ag na leasaithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 leis an gcinneadh seo a luaithe is féidir chun cosc a chur ar leathadh breise an ghalair laistigh den Iodáil, chuig na Ballstáit eile, nó chuig tríú tíortha, agus chun aon suaitheadh nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas nó bacainní gan údar ar thrádáil le tríú tíortha a sheachaint.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:

‘Airteagal 1

Bunóidh an Iodáil:

(a)

criosanna srianta ina bhfuil na criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal sin; cuimseoidh na criosanna cosanta agus faireachais sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus cuirfear i bhfeidhm na bearta is gá sna criosanna cosanta agus faireachais sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin ar a laghad;

(b)

criosanna vacsaínithe, i gcomhréir le Cuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361, agus faoi na coinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin; cuimseoidh na criosanna vacsaínithe sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus cuirfear i bhfeidhm na bearta is gá sna criosanna vacsaínithe sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin ar a laghad.

Airteagal 2

Cuirfidh an Iodáil toirmeasc ar ghluaiseachtaí bó-ainmhithe ó na criosanna cosanta agus faireachais a liostaítear in Iarscríbhinn I chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na gcriosanna sin san Iodáil nó lasmuigh den Bhallstát sin go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin.’

;

2.

Scriostar Airteagal 3;

3.

Leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1318 (IO L, 2025/1582, 1.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/1582/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta áirithe chun galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 52, 20.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/361/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2087 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2025 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1582 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh san Iodáil IO L 2025/2087, 17.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2087/oj).

(7)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN I

Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar na ráigeanna deimhnithe

Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é Réigiún Sardinia

Réigiún Sardinia

IT-LSD-2025-00001

IT-LSD-2025-00003

IT-LSD-2025-00006

IT-LSD-2025-00009

IT-LSD-2025-00012

IT-LSD-2025-00019

IT-LSD-2025-00022

IT-LSD-2025-00024

IT-LSD-2025-00025

IT-LSD-2025-00027

IT-LSD-2025-00037

IT-LSD-2025-00041

IT-LSD-2025-00042

IT-LSD-2025-00044

IT-LSD-2025-00046

IT-LSD-2025-00051

IT-LSD -2025-00071

IT-LSD -2025-00072

IT-LSD -2025-00073

IT-LSD -2025-00074

IT-LSD -2025-00075

IT-LSD -2025-00076

IT-LSD -2025-00077

IT-LSD -2025-00078

IT-LSD -2025-00079

IT-LSD -2025-00080

Crios cosanta:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.28903, 9.102816 Long.(2025/9), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), 9Lat., 40.30125, Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.236442, Long. 9.358689 (2025/71), Lat. 40.139252, Long. 9.329541 (2025/72), Lat. 40.258, Long. 9.2563 (2025/73), Lat. 40.200046, Long. 9.340078 (2025/74), Lat. 40.24263, Long. 9.33967 (2025/75), Lat. 40.165, Long. 9.488219 (2025/76), Lat. 40.07977, Long. 9.37082 (2025/77), Lat. 40.090098, Long. 8.720283 (2025/78), Lat. 40.18562, Long. 9.10301 (2025/79), Lat. 40.19251,Long. 9.094149 (2025/80)

27.2.2026

Crios faireachais:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), Lat., 40.30125, Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.236442, Long. 9.358689 (2025/71), Lat. 40.139252, Long. 9.329541 (2025/72), Lat. 40.258, Long. 9.2563 (2025/73), Lat. 40.200046, Long. 9.340078 (2025/74), Lat. 40.24263, Long. 9.33967 (2025/75), Lat. 40.165, Long. 9.488219 (2025/76), Lat. 40.07977, Long. 9.37082 (2025/77), Lat. 40.090098, Long. 8.720283 (2025/78), Lat. 40.18562, Long. 9.10301 (2025/79), Lat. 40.19251,Long. 9.094149 (2025/80)

27.2.2026 – 16.3.2026

Crios faireachais:

Those parts of the region of Sardinia, contained within a circle of a radius of 50 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates 40.30429, Long. 9.22154 (2025/1), Lat. 40.31139, Long. 9.09821 (2025/3), Lat. 40.2623, Long. 9.082244 (2025/6), Lat. 40.28903, Long. 9.102816 (2025/9), Lat. 40.33445, Long. 9.15608 (2025/12), Lat. 40.3399, Long. 9.167 (2025/19), Lat. 40.28833, Long. 9.157329 (2025/22), Lat. 40.260758, Long. 9.168392 (2025/24), Lat. 40.33221, Long. 9.08099 (2025/25), Lat. 40.3192, Long. 9.1386 (2025/27), Lat., 40.30125, Long. 9.04641 (2025/37), Lat. 40.30794, Long. 9.07156 (2025/41), Lat. 40.29275, Long. 9.116667 (2025/42), Lat. 40.284756, Long. 9.303752 (2025/44), Lat. 40.20129, Long. 9.18471 (2025/46), Lat. 40.30071, Long. 9.15876 (2025/51), Lat. 40.236442, Long. 9.358689 (2025/71), Lat. 40.139252, Long. 9.329541 (2025/72), Lat. 40.139252, Long. 9.329541 (2025/72), Lat. 40.258, Long. 9.2563 (2025/73), Lat. 40.200046, Long. 9.340078 (2025/74), Lat. 40.24263, Long. 9.33967 (2025/75), Lat. 40.165, Long. 9.488219 (2025/76), Lat. 40.07977, Long. 9.37082 (2025/77), Lat. 40.090098, Long. 8.720283 (2025/78), Lat. 40.18562, Long. 9.10301 (2025/79), Lat. 40.19251, Long. 9.094149 (2025/80) excluding the areas included in the protection zone.

16.3.2026

IARSCRÍBHINN II

Cuid A:   Crios vacsaínithe II

Críoch iomlán de:

réigiún na Sairdíne go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.

Cuid B:   Crios vacsaínithe I

Críoch iomlán de:

réigiún Valle D’Aosta go dtí lá deiridh na tréimhse athshlánaithe, dá dtagraítear i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/361.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2424/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)