|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2414 |
3.12.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2414 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Nollaig 2025
lena mbunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Seirbhísí Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Chlaochlú an Riaracháin Phoiblí (IMPACTS-EDIC)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2022/2481 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach (1), agus go háirithe Airteagal 14(3), pointe (a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2022/2481 cumhachtaítear an Coimisiún Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) a chur ar bun. |
|
(2) |
An 4 Nollaig 2024, chuir an Ghréig, an Chróit, an Ungáir agus an Pholainn iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481 chun an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Seirbhísí Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Chlaochlú an Riaracháin Phoiblí (IMPACTS-EDIC) a bhunú. An 21 Deireadh Fómhair 2025, chuaigh an Ísiltír agus an Úcráin isteach mar chomhaltaí bunaidh IMPACTS-EDIC. |
|
(3) |
Ina cáil mar Bhallstát óstach, chuir an Ghréig dearbhú ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14(1), pointe (d) de Chinneadh (AE) 2022/2481 lena n-aithnítear IMPACTS-EDIC mar chomhlacht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 143(1), pointe (g) agus Airteagal 151(1), pointe (b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (2) agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (3). |
|
(4) |
Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas de bhun Airteagal 14(2) de Chinneadh (AE) 2022/2481. Bhí sé de chonclúid aige go bhfuil na heilimintí uile a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Chinneadh (AE) 2022/2481 mar chuid den iarratas. Agus cuspóirí ginearálta an Chláir Beartais don Deacáid Dhigiteach á gcur san áireamh, go háirithe rannchuidiú an EDIC atá beartaithe le héiceachóras cuimsitheach inbhuanaithe de bhonneagair dhigiteacha idir-inoibritheacha a fhorbairt, agus na breithnithe praiticiúla a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail ilnáisiúnta, go háirithe acmhainneacht theicniúil, airgeadais agus riaracháin an EDIC atá beartaithe, bhí sé de chonclúid ag an gCoimisiún go gcomhlíonann an EDIC na ceanglais shonracha uile a leagtar síos in Airteagail 13 go 21 de Chinneadh (AE) 2022/2481. |
|
(5) |
I gcomhréir leis na reachtanna, is é ról IMPACTS-EDIC tionscadail ilnáisiúnta a chur chun feidhme i réimse an riaracháin phoiblí nasctha agus an bhonneagair agus seirbhísí sonraí coiteanna Eorpacha ábhartha mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2022/2481. Tacaíonn IMPACTS-EDIC le comhordú agus comhar idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí agus institiúidí Eorpacha, agus iarrachtaí á n-ailíniú i dtreo cuspóirí coiteanna lena n-éascófar forbairt agus cur in úsáid réiteach nua le haghaidh seirbhísí poiblí níos fearr. Tacaíonn sé freisin le hoibríochtaí iomchuí le haghaidh tástáil idir-inoibritheachta i measc na gcóras náisiúnta atá ann cheana. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Chinneadh (AE) 2022/2481, chuathas i gcomhairle leis an gcoiste a bunaíodh faoi Airteagal 23(1) den Chinneadh sin chun a thuairim a fháil maidir le IMPACTS-EDIC a chur ar bun agus thug sé tuairim fhabhrach uaidh. |
|
(7) |
Ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, is é sin tús a chur le feidhmiú IMPACTS-EDIC, rud is gá go práinneach le gur féidir na gníomhaíochtaí atá beartaithe a chur chun feidhme go hordúil, ba cheart don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
IMPACTS-EDIC a chur ar bun
1. Bunaítear an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Seirbhísí Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Chlaochlú an Riaracháin Phoiblí (IMPACTS-EDIC) leis seo.
2. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag IMPACTS-EDIC agus beidh aige i ngach ceann de na Ballstáit an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí an Bhallstáit sin. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil agus a dhiúscairt, féadfaidh sé an mhaoin sin a bheith faoina úinéireacht, agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.
3. Leagtar amach gnéithe fíor-riachtanacha de reachtanna IMPACTS-EDIC, mar a chomhaontaigh a chomhaltaí iad, san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 323, 19.12.2022, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2481/oj.
(2) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/112/oj).
(3) Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2020/262/oj).
IARSCRÍBHINN
GNÉITHE FÍOR-RIACHTANACHA DE REACHTANNA IMPACTS-EDIC
1.
A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1), pointe (c) de Chinneadh (AE) 2022/2481:Airteagal 2
Ainm, oifig, suíomh agus teanga oibre
[…]
2. Is é a bheidh in ainm EDIC dá dtagraítear i mír (1) ‘an Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach le haghaidh Seirbhísí Idirnasctha Ollmhóra Nuálacha um Chlaochlú an Riaracháin Phoiblí - EDIC’, dá ngairtear IMPACTS-EDIC anseo feasta.
3. Beidh oifig chláraithe IMPACTS-EDIC in Aithin na Gréige.
2.
A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1), pointe (d) de Chinneadh (AE) 2022/2481:Airteagal 30
Fad ama
Beidh ann do IMPACTS-EDIC go dtí go gcuirfear deireadh leis i gcomhréir le hAirteagal 31.
Airteagal 31
Deireadh a chur le IMPACTS-EDIC
1. Is í Tionól na gComhaltaí a chinnfidh deireadh a chur le IMPACTS-EDIC i gcomhréir le hAirteagal 11(12)(c).
2. Gan moill mhíchuí agus in aon chás laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh deireadh a chur le IMPACTS-EDIC, tabharfaidh IMPACTS-EDIC fógra don Choimisiún Eorpach faoin gcinneadh.
3. Sócmhainní a bheidh fágtha tar éis fiacha IMPACTS-EDIC a íoc, aistreofar chuig eintiteas dlítheanach eile iad a mhéid a leanfaidh an t-eintiteas sin de ghníomhaíochtaí IMPACTS-EDIC nó cionroinnfear iad ar na comhaltaí i gcomhréir lena ranníocaíocht bhliantúil charntha a íocadh le IMPACTS-EDIC mar a shonraítear in Airteagal 10, a mhéid atá comhaltaí faoi dhliteanas i gcomhréir le hAirteagal 21.
4. Gan moill mhíchuí agus, in aon chás laistigh de 10 lá ó dhúnadh an nós imeachta maidir le deireadh a chur leis, tabharfaidh IMPACTS-EDIC fógra faoi sin don Choimisiún.
5. Tiocfaidh deireadh le IMPACTS-EDIC an lá a fhoilseoidh an Coimisiún an fógra iomchuí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
3.
A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1), pointe (e) de Chinneadh (AE) 2022/2481:Airteagal 21
Dliteanas agus árachas
1. Beidh IMPACTS-EDIC faoi dhliteanas i leith a chuid fiach.
2. Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí i leith fhiacha EDIC teoranta dá ranníocaíochtaí faoi seach arna soláthar do EDIC, mar a shonraítear in Iarscríbhinn III.
3. Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas i leith fhiacha IMPACTS-EDIC.
4. Beidh árachas iomchuí ag IMPACTS-EDIC chun rioscaí atá sonrach dá ghníomhaíochtaí a chumhdach.
4.
A chomhfhreagraíonn d’Airteagal 17(1), pointe (i) de Chinneadh (AE) 2022/2481:Airteagal 20
Díolúintí ó cháin agus ó dhleacht mháil
1. Díolúintí CBL bunaithe ar Airteagal 143(1)(g) agus Airteagal 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle agus i gcomhréir le hAirteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh IMPACTS-EDIC agus comhaltaí de IMPACTS-EDIC agus atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag IMPACTS-EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha IMPACTS-EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin. Comhlíonfaidh IMPACTS-EDIC mutatis mutandis leis na coinníollacha chun cáiliú d’aitheantas lena ngabhann na tairbhí mar chomhlacht idirnáisiúnta le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 143(1)(g) agus Airteagal 151(1)(b) de Threoir 2006/112/CE a leagtar síos in Airteagal 50 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011.
2. Beidh díolúintí CBL teoranta do cheannacháin ar mó a luach ná EUR 300.
3. Díolúintí ó dhleacht mháil bunaithe ar Airteagal 11 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, beidh siad teoranta do cheannacháin a dhéanfaidh IMPACTS-EDIC agus atá le húsáid go hoifigiúil agus go heisiach ag IMPACTS-EDIC ar choinníoll go ndéanfar ceannachán den sórt sin le haghaidh ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha IMPACTS-EDIC i gcomhréir lena ghníomhaíochtaí, agus lena n-aghaidh sin amháin, agus gur mó luach an cheannacháin ná EUR 300.
4. Seolfar an nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun IMPACTS-EDIC a chlárú mar eagraíocht lena ngabhann na tairbhí atá ag eagraíocht idirnáisiúnta an lá a chuirfear IMPACTS-EDIC ar bun.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2414/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)