|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2395 |
25.11.2025 |
CINNEADH (CBES) 2025/2395 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Samhain 2025
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1). |
|
(2) |
Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 30 Samhain 2026, agus liosta folamh a bheith ag gabháil leo. |
|
(3) |
Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 8, cuirtear ‘30 Samhain 2026’ in ionad an dáta ‘30 Samhain 2025’. |
|
(2) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. LØKKE RASMUSSEN
(1) Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/1894/oj).
IARSCRÍBHINN
‘IARSCRÍBHINN
LIOSTA NA nDAOINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANACHA, NA nEINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 1 AGUS 2’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2395/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)