European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2386

28.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2386 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Samhain 2025

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (‘an bun-Rialachán’) (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 452/2007 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÚcráine (‘na bearta bunaidh’).

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2010 (3), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála ó Since Hardware (Guangzhou) Co, ar tairgeoir onnmhairiúcháin bord iarnála de chuid na Síne é. Na himscrúduithe ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh orthu, gairfear ‘na himscrúduithe bunaidh’ anseo feasta dóibh.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 77/2010 (4), leasaigh an Chomhairle na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú onnmhaireora nua de bhun Airteagal 11(4) den bhun-Rialachán.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 270/2010 (5), rinne an Chomhairle na bearta a leasú tar éis athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 805/2010 (6), d’ath-fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí bord iarnála ó Foshan Shunde Yongjian Housewares and Hardware Co. Ltd, Foshan, ar táirgeoir onnmhairiúcháin bord iarnála de chuid na Síne é, chun an breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-141/08 P (7) a chomhlíonadh.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 987/2012 (8), d’ath-fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí bord iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna monarú ag Zhejiang Harmonic Hardware Products Co. Ltd, chun an breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás T-274/07 (9) a chomhlíonadh.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 695/2013 (10), chuir an Chomhairle síneadh 5 bliana leis na bearta maidir le hallmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus d’aisghair sí na bearta ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh na hÚcráine, tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán agus athbhreithniú eatramhach i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den bhun-Rialachán.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 (11), d’ath-fhorchuir an Coimisiún na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán (‘an t-athbhreithniú éaga roimhe seo’).

(9)

Rátaí idir 18,1 % agus 39,6 % atá sna dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhairí ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, agus tá ráta dleachta 42,3 % ar gach cuideachta eile i nDaon-Phoblacht na Síne.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(10)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (12), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(11)

Is iad cúig tháirgeoir de chuid an Aontais (Afer FUTE - Fábrica de Utilidades de Tubo S.A., Brabantia Latvia SIA, Colombo New Scal SpA, Rörets Polska Sp. z o.o. agus Sonecol Indústria Metalurgica de Utilidades Domésticas S.A.) (‘na hiarratasóirí’) a chuir an iarraidh isteach an 29 Meitheamh 2024 thar ceann thionscal clár iarnála an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán (‘an iarraidh’). Bhí an iarraidh bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil agus go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(12)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 1 Deireadh Fómhair 2024 maidir le hallmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tír lena mbaineann’ nó ‘an tSín’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (13) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(13)

An t-imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(14)

San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún na hiarratasóirí ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí eile de chuid an Aontas, na táirgeoirí aitheanta uile i nDaon-Phoblacht na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(15)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála.

1.6.   Sampláil

(16)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(17)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an ionadaíochais i dtéarmaí mhéid táirgeachta agus díolachán an táirge chomhchosúil. Bhí trí tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, a ghineann níos mó ná 55 % de mhéid iomlán measta táirgeachta agus díolachán an Aontais, agus d’áirithigh an sampla raon geografach maith freisin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní raibh barúlacha ag aon cheann de na páirtithe leasmhara agus dheimhnigh an Coimisiún, dá bhrí sin, gur roghnaíodh go cinnte na táirgeoirí san Aontas a sampláladh go sealadach a bheith mar chuid den sampla cinntitheach. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é.

Allmhaireoirí a shampláil

(18)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(19)

Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise na heaspa comhair, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

Táirgeoirí sa tSín a shampláil

(20)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir aitheanta sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar údaráis na tíre is onnmhaireoir agus ar chomhlachais táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(21)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. I bhfianaise na heaspa comhair, chinn an Coimisiún nach raibh gá le sampláil.

(22)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála.

1.7.   Ceistneoirí agus cuairteanna fíorúcháin

(23)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(24)

Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, chuig allmhaireoirí neamhchomhlachaithe agus chuig úsáideoirí. Cuireadh na ceistneoirí céanna ar fáil ar líne (14) freisin lá an tionscnaimh.

(25)

Ní bhfuarthas freagraí ar an gceistneoir ach ó na trí tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais.

(26)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheas sé a raibh gá léi chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad, agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí an Aontais:

Afer FUTE, an Phortaingéil;

Colombo New Scal SpA, an Iodáil;

Rörets Polska Spółka z o.o., agus AB Rörets Industrier, an tSualainn, a fíoraíodh an dá cheann sa Pholainn.

1.8.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(27)

An 19 Meán Fómhair 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(28)

Ní bhfuarthas aon bharúil ina ndearnadh torthaí an Choimisiúin a chonspóid.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(29)

Is ionann an táirge atá faoi réir an athbhreithnithe éaga seo agus an táirge a bhí faoi réir na n-himscrúduithe bunaidh agus an athbhreithnithe éaga roimhe seo, is é sin cláir iarnála, bídís ina gcláir saorsheasaimh nó ná bídís, le feidhm galaithe agus/nó barr téimh agus/nó barr séidte nó gan iad, lena n-áirítear cláir mhuinchille, agus codanna riachtanacha díobh, i.e. na cosa, an barr agus an taca iarainn (‘an táirge faoi athbhreithniú’).

2.2.   An táirge lena mbaineann

(30)

Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 3924 90 00 , ex 4421 99 99 , ex 7323 93 00 , ex 7323 99 00 , ex 8516 79 70 agus ex 8516 90 00 (cóid TARIC 3924 90 00 10, 4421 99 99 10, 7323 93 00 10, 7323 99 00 10, 8516 79 70 10 agus 8516 90 00 51).

2.3.   An táirge comhchosúil

(31)

Mar a suíodh sna himscrúduithe bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, deimhníodh le himscrúdú an athbhreithnithe éaga seo gurb ionann na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla, chomh maith leis na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre Dhaon-Phoblacht na Síne;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(32)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(33)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairí clár iarnála ón tSín. De réir na sonraí a thuairiscigh na Ballstáit don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den bhun-Rialachán (‘bunachar sonraí Airteagal 14(6)’), bhí 6 % de mhargadh an Aontais i gceist le hallmhairí clár iarnála ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le 11 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo (15). I ndearbhthéarmaí, ba mhór an méid allmhairí a bhí ann i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus bhain treocht mhéadaitheach leis an méid sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(34)

Mar a luaitear in aithris (21), níor chomhoibrigh aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí sa tSín san imscrúdú. Dá bhrí sin, an 16 Nollaig 2024, thug an Coimisiún fógra d’údaráis na Síne, mar gheall ar an easpa comhair, go mb’fhéidir go gcuirfeadh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm agus go mbunódh sé a thorthaí maidir le leanúint nó atarlú na dumpála agus na díobhála i leith na n-onnmhaireoirí/táirgeoirí sa tSín ar na fíorais atá ar fáil. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ná maíomh ó Rialtas na Síne maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(35)

Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bunaíodh na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go dtarlódh sí an athuair ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh agus na staitisticí atá bunaithe ar bhunachar sonraí Airteagal 14(6). Ina theannta sin, d’úsáid an Coimisiún foinsí eile faisnéise a bhí ar fáil go poiblí amhail bunachair sonraí an Bhainc Dhomhanda, Global Trade Atlas (‘GTA’) agus Orbis Bureau van Dijk (‘Orbis’) agus staitisticí na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (‘EIS’). Bhí an Coimisiún ag brath freisin ar thorthaí an athbhreithnithe éaga roimhe seo chomh maith le torthaí na n-imscrúduithe frithdhumpála maidir leis an táirge céanna a thionscain údaráis inniúla na Stát Aontaithe agus na Ríochta Aontaithe.

3.2.   Dumpáil

3.2.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(36)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú a léirigh gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(37)

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, an 19 Nollaig 2024, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. Ní bhfuarthas aon bharúil ná maíomh maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(38)

I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh an Tuirc roghnaithe aige go sealadach mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha ionadaíocha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán.

(39)

An 19 Bealtaine 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh clár iarnála (‘an nóta maidir le tosca táirgeachta’). Ina theannta sin, bunaithe ar na critéir lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa agus ar an iarraidh, shainaithin an Coimisiún an Tuirc mar thír ionadaíoch iomchuí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an nóta maidir le tosca táirgeachta.

3.2.1.1.   An Gnáthluach

(40)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(41)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(42)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.1.1.1.    Saobhadh suntasach a bheith ann

(43)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na tíre sin a úsáid. Cumhdaíodh san anailís sin na heilimintí fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gur ann do shaobhadh suntasach.

(44)

Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na heilimintí seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach.

(45)

Chuir na hiarratasóirí in iúl go bhfuil an margadh i gceist á chothú go mór ag fiontair a oibríonn faoi úinéireacht, faoi rialú nó faoi mhaoirseacht bheartais údaráis na Síne. Thug na hiarratasóirí dá n-aire go mbaineann tionchar den sórt sin ní hamháin le margadh an táirge faoi athbhreithniú ach le margadh na bpríomh-amhábhar (is é sin an chruach). De réir na n-iarratasóirí, baineann Rialtas na Síne é sin amach trí dhá phríomhbhealach, baineann bealach amháin le struchtúr corparáideach na hearnála a athstruchtúrú, agus baineann an bealach eile le rialú a fheidhmiú ar bhainistíocht agus foireann na gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit (16).

(46)

Thug na hiarratasóirí torthaí an Choimisiúin san athbhreithniú éaga roimhe seo dá n-aire, ina sonraítear go bhfuil soláthróirí phríomh-chomhpháirteanna an táirge lena mbaineann faoi úinéireacht stát na Síne. San iarraidh, ní hamháin gur thug na hiarratasóirí dá n-aire go gcoinníonn táirgeoirí clár iarnála, amhail Hardware (Guangzhou) Co. Ltd, dlúthnaisc le Páirtí Cumannach na Síne (17), ach rinne siad tagairt, mar a suíodh san athbhreithniú éaga roimhe seo, do thionchar Pháirtí Cumannach na Síne ar sholáthraithe phríomh-chomhpháirteanna an táirge faoi athbhreithniú (18).

(47)

Chuir na hiarratasóirí i dtábhacht freisin go gcuireann láithreacht an stáit i ngnólachtaí ar a chumas dó cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais. Thagair siad do thorthaí an Choimisiúin san athbhreithniú éaga roimhe seo, trína rá go mbaintear é sin amach trí chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne a bheith i láthair i bhfiontair phoiblí agus phríobháideacha araon (19). Imrítear tionchar ar phraghsanna agus ar chostais trí ionstraimí éagsúla, amhail an méadú nó an laghdú saorga ar leibhéal an tsoláthair amhábhar, nó trí shásra socraithe praghsanna (20).

(48)

Thairis sin, thug na hiarratasóirí le fios go ndéanann beartais nó bearta poiblí nó idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó go n-imríonn siad tionchar ar bhealach eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Thug na hiarratasóirí dá n-aire ina leith sin go bhfuil ‘beartais na Síne idirghabhálach go follasach’. Go háirithe, luaigh na hiarratasóirí bearta beartais amhail Made in China 2025, ‘ina leagtar síos an sprioc an tionscal monaraíochta a chur chun cinn, […] agus ina sainaithnítear fóirdheontais úis ar iasachtaí mar chineál tacaíochta airgeadais atá le soláthar d’fhiontair’, ina luaitear freisin ‘go bhfuil bainc agus iasachtóirí eile ceaptha tacú leis na beartais sin trí iasachtaí a thabhairt do chuideachtaí atá gníomhach in earnálacha den sórt sin’ (21).

(49)

Thug na hiarratasóirí dá n-aire go bhfuil tionchar mór ag bearta beartais maidir le cruach, arb í an príomh-amhábhar í chun cláir iarnála a mhonarú, ar earnáil an táirge faoi athbhreithniú. Maidir leis sin, thug na hiarratasóirí dá n-aire ‘rialú uileghabhálach an rialtais a chuireann cosc ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a bheith i réim san earnáil cruach’ (22).

(50)

Ina theannta sin, mhaígh na hiarratasóirí go bhfuil easpa dlíthe féimheachta, corparáideacha agus maoine ann, go mbíonn siad á gcur i bhfeidhm go hidirdhealaitheach agus go mbíonn siad á bhforfheidhmiú ar bhealach neamhleor. Rinne na hiarratasóirí tagairt do thorthaí an Choimisiúin san athbhreithniú éaga roimhe seo, trína rá go bhfuil ‘earnáil an táirge lena mbaineann faoi réir saobhadh ón mbarr anuas a eascraíonn as cur i bhfeidhm idirdhealaitheach nó forfheidhmiú neamhleor na ndlíthe féimheachta agus maoine’ (23).

(51)

Tharraing na hiarratasóirí aird freisin ar an saobhadh maidir le costais phá in earnáil an táirge faoi athbhreithniú agus in earnáil a amhábhar sa tSín, agus tagairt á déanamh acu don athbhreithniú éaga roimhe seo lenar suíodh ‘go ndearnadh costais phá a shaobhadh in earnáil monaraíochta na gclár iarnála agus in earnálacha a bpríomh-chomhpháirteanna’ (24).

(52)

Ar deireadh, thug na hiarratasóirí dá n-aire go bhfuil rochtain ar mhaoiniú saofa i bhfabhar tháirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú. Go háirithe, de réir na n-iarratasóirí, ‘saintréithe d’fheidhmiú an chórais airgeadais is ea láithreacht an stáit, maidir le hiasachtaí a fháil agus a thabhairt araon chomh maith le heaspa gnáthmheicníochtaí margaidh amhail nósanna imeachta um fhéimheacht agus um imeacht ón margadh atá éifeachtach agus trédhearcach’ (25).

(53)

Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain le hearnáil an táirge faoi athbhreithniú nó an earnáil cruach – is í an chruach an príomh-amhábhar a úsáidtear chun cláir iarnála a mhonarú – sa tSín (26), shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shubstainteach rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (27). Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (28), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (29). Shuigh an Coimisiún thairis sin go mbíonn éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht an stáit agus ag idirghabháil an stáit sna margaí airgeadais, agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh an chórais pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (30). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (31). Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (32), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín. (33)

(54)

Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (34), ba é conclúid an Choimisiúin gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní heol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(55)

Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil, a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(56)

Ar an gcúigiú dul síos, níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt tugtha ar aird ag Rialtas na Síne ná ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo.

(57)

I bhfianaise a bhfuil thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.1.1.2.    Tír ionadaíoch

Barúlacha ginearálta

(58)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (35);

Táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (36);

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch;

I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(59)

Mar a mhínítear in aithris (39), d’eisigh an Coimisiún nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh: nóta maidir le tosca táirgeachta an 19 Bealtaine 2025, i.e. an nóta maidir le tosca táirgeachta. Tugtar tuairisc sa nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo más rud é go ndeimhneofar saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an leibhéal atá sa tSín

(60)

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún gur tír í an Tuirc inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thír ‘ard-mheánioncaim’ í ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú inti.

(61)

Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an tír a sainaithníodh sa nóta sin.

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(62)

Rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile a bhí ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa tír ionadaíoch fhéideartha agus thug sé an méid seo a leanas dá aire:

Rinne an Coimisiún anailís ar staitisticí allmhairiúcháin na n-amhábhar uile a liostaítear sa nóta maidir le tosca táirgeachta. Shuigh an Coimisiún gur allmhairigh an Tuirc na hamhábhair ábhartha uile i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

Ba dhiomaibhseach iad na praghsanna leictreachais agus gáis do thomhaltóirí neamhtheaghlaigh i bhfianaise na cainníochta bige a bhí ag teastáil le haghaidh phróiseas táirgthe na gclár iarnála.

Le staitisticí EIS soláthraíodh faisnéis ar phá míosúil in earnáil na monaraíochta agus ar na huaireanta seachtainiúla a oibríodh sa Tuirc. Bhí faisnéis chomhchosúil le haghaidh na Tuirce ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin Institiúid Staidrimh na Tuirce (‘TURKSTAT’  (37)).

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, thug an Coimisiún le fios nár sainaithníodh san iarraidh aon táirgeoir clár iarnála sa Tuirc, agus nár aimsigh an Coimisiún aon táirgeoir. Ina ionad sin, bhraith an iarraidh ar staidreamh earnála a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce, agus úsáid á baint as sonraí maidir le cuideachtaí Turcacha atá ag feidhmiú in earnáil NACE C-259: Monarú táirgí eile atá déanta as miotal. Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, mheas an Coimisiún go bhfuil sonraí airgeadais Bhanc Ceannais na Tuirce maidir le gnólachtaí faoi NACE C-259 oifigiúil agus iontaofa agus bheartaigh sé úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil (2023) chun costais SGA agus brabúis a ríomh.

(63)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an nóta maidir le tosca táirgeachta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(64)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch sa tír ionadaíoch.

(65)

Ní bhfuarthas aon bharúil.

Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(66)

Tar éis a shuí gurb í an Tuirc an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Conclúid

(67)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

(68)

Ní bhfuarthas aon bharúil ó pháirtithe leasmhara i ndáil leis sin.

Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(69)

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(70)

Luaigh an Coimisiún freisin, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé TURKSTAT chun costais neamhshaofa saothair a shuí (38). Maidir le fuinneamh, léiríodh san imscrúdú roimhe seo nach mór an méid leictreachais agus gáis nádúrtha a ídítear le linn próiseas táirgthe na gclár iarnála. Dá bhrí sin, chun críoch an imscrúdaithe seo, measfar arís gur diomaibhseach é an costas fuinnimh (39).

Tosca táirgeachta

(71)

I bhfianaise na faisnéise san iarraidh, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta clár iarnála

Toisc tháirgeachta

Cód CC

Luach neamhshaofa

Aonad tomhais

Foinse faisnéise

Amhábhair

 

Feadáin chruach: (19 × 0,7mm) (EN 1035-3)/ 22 × 0,7mm) (EN 10305-3)

730 630

14,76

kg

Global Trade Atlas (40) (GTA)

Feadáin chruach: (20 × 0,6 × 1 080  mm)

730 669

15,14

kg

GTA

Sreang 5,5 mm

721 710

12,16

kg

GTA

Sreang 7,75 mm

721 720

12,12

kg

GTA

Sreang 5-7 mm (C9D)

721 790

21,14

kg

GTA

Miotal (DC01) agus leathán miotail 0,7 mm, 1 mm agus 3 mm

721 123

6,55

kg

GTA

Mogall miotail 320 × 1 100  mm

731 450

17,62

kg

GTA

Leicneáin, seamanna agus scriúnna

731 823

87,38

kg

GTA

Spriongaí

731 829

142,68

kg

GTA

Cúr polúireatáin 25 kg/m3

392 113

60,00

kg

GTA

Cúr (Polúireatán 25 kg/m3)

392 490

39,04

kg

GTA

Páirteanna sileacóin agus plaisteacha

392 630

103,90

kg

GTA

Cadás

520 852

18,55

m2

GTA

Sreang

550 922

19,48

kg

GTA

Snáithe

550 810

31,88

kg

GTA

Cumasc péinte eapocsaí/poileistir

320 649

31,66

kg

GTA

Cartán + lipéad

481 910

16,12

kg

GTA

Scragall craptha

392 020

17,64

kg

GTA

Lipéad daite

480 258

10,25

kg

GTA

Crapchlúdach

392 010

23,22

kg

GTA

Saothar

 

Costas saothair

Ní bhaineann le hábhar

44,88

Uair

EIS/staitisticí náisiúnta

3.2.1.1.3.    Amhábhair

(72)

Is éard is clár iarnála ann píosa d’ábhar crua caol cothrom a chosnaítear le clúdach atá sábháilte ó thaobh teasa de agus is minic cosa fillte a bheith air, ar a bhféadfaí éadaí nó línéadach a iarnáil. De réir an tsainmhínithe ar an táirge faoi athbhreithniú a chumhdaítear leis an imscrúdú seo, d’fhéadfaí a áireamh leis freisin feidhm galaithe, barr téimh, barr séidte, cláir mhuinchille, agus páirteanna eile. Is é miotal, go príomha cruach, an t-ábhar príomhúil a úsáidtear i gcláir iarnála (leatháin, feadáin agus sreang mhiotail). Áirítear péint/bratú, páirteanna plaisteacha, cúr agus fabraic leis na hamhábhair eile a úsáidtear chun cláir iarnála a tháirgeadh.

(73)

Athraíonn an anailís chostais ag brath ar an gcineál cláir atá á tháirgeadh, e.g. bíonn cineálacha éagsúla ábhair ar chláir ardleibhéil i gcomparáid le cláir bhunleibhéil. Bhraith an Coimisiún ar an iarraidh ar athbhreithniú chun na tosca táirgeachta a úsáidtear chun cláir iarnála a tháirgeadh a shonrú. Mar a luaitear thuas, níor thug aon cheann de na páirtithe leasmhara aon bharúil ina leith sin.

(74)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithrisí (43) go (57) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a chur as an áireamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(75)

Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin freisin de ghnáth. Mar sin féin, agus na torthaí gur ann don dumpáil in aithrisí (87) go (89) á gcur san áireamh, mar aon le cineál an athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sé go ndéanfar í an athuair, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

3.2.1.1.4.    Saothar

(76)

Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa Tuirc. D’úsáid an Coimisiún na staitisticí is déanaí a bhí ar fáil ón mbliain 2022 maidir leis an meánchostas saothair san earnáil cruach ón ainmníocht staidrimh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, dá ngairtear NACE de ghnáth, lena n-áirítear costais saothair san earnáil monaraíochta cruach, i.e. cód NACE C-259 Monarú táirgí miotail monaraithe eile (42).

3.2.1.1.5.    Fuinneamh

(77)

De réir na hiarrata ar athbhreithniú, méid beag atá san fhuinneamh (leictreachas agus gás nádúrtha) a ídítear le linn phróiseas táirgthe na gclár iarnála. Deimhníodh é sin le torthaí an athbhreithnithe roimhe seo, ar torthaí iad nár cuireadh ina gcoinne san imscrúdú reatha. Ós rud é nár tugadh aon fhaisnéis chun solais san imscrúdú a thagann salach ar na torthaí sin, glacadh leo agus chun críoch an imscrúdaithe seo, measadh gur dhiomaibhseach iad na costais fuinnimh.

3.2.1.1.6.    Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis agus dímheas

(78)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(79)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go raibh comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair na hiarratasóirí, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta le hiomlán na gcostas monaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil, ag brath ar an tsamhail a táirgeadh. In éagmais aon fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí do tháirgeoirí clár iarnála na Tuirce, cinneadh costais SGA agus brabús bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas sna staitisticí earnála a d’fhoilsigh Banc Ceannais na Tuirce, is é sin maidir leis na staitisticí is déanaí a bhí ar fáil (2023) le haghaidh C-259 Monarú táirgí miotail monaraithe eile.

3.2.1.1.7.    An gnáthluach a ríomh

(80)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí/táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, níorbh fhéidir a shuí cé na cineálacha clár iarnála a táirgeadh sa tSín. Bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh ar athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Chuige sin, shainaithin na hiarratasóirí sé chineál de chláir iarnála lena n-áirítear cláir iarnála íseal-leibhéil agus ardleibhéil. Suíodh gnáthluach le haghaidh na gcineálacha sin de réir na modheolaíochta a mhínítear in aithrisí (81) go (83) thíos.

(81)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach toisce (ábhair agus saothar) chun cláir iarnála a tháirgeadh.

(82)

Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, costais SGA agus an brabús leis mar a shonraítear in aithris (78). Chuir an Coimisiún na hítimí seo a leanas le costais neamhshaofa na monaraíochta:

Is éard a bhí i bhforchostais na monaraíochta san iomlán 20 % de chostais dhíreacha na monaraíochta,

Costais SGA agus costais eile, arbh é a bhí iontu 10 % de Chostais na nEarraí a Díoladh, agus

16 % de chostas na n-earraí a díoladh a bhí sna brabúis, agus cuireadh iad le costais iomlána neamhshaofa na monaraíochta agus na bhforchostas monaraíochta.

(83)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(84)

Ós rud é nár chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus, dá bhrí sin, nach raibh aon fhaisnéis ag an gCoimisiún maidir leis an réimse táirgí ar an taobh intíre ná sna honnmhairí chuig an Aontas, shuigh an Coimisiún freisin gnáthluach ar fud na tíre trí na gnáthluachanna a mheánú in aghaidh an chineáil táirge.

3.2.1.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(85)

In éagmais comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, bunaíodh cinneadh an phraghais onnmhairiúcháin le haghaidh na n-allmhairí uile ar na fíorais a bhí ar fáil. Bunaíodh an praghas onnmhairiúcháin ar fhaisnéis ó bhunachar sonraí Airteagal 14(6) agus coigeartaíodh é go dtí an leibhéal saor ar bord (‘SAB’) trí láimhseáil agus lasta farraige a asbhaint bunaithe ar an bhfianaise a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú (43). Mar atá i mbunachar sonraí Airteagal 14(6), tuairiscítear méideanna allmhairí in kg, thiontaigh an Coimisiún na figiúirí go píosaí (aonaid) trí úsáid a bhaint as an eochair chomhshó a bunaíodh san athbhreithniú éaga roimhe seo (44) a luaitear in aithris (8).

(86)

Níl aon fhaisnéis mhionsonraithe ag an gCoimisiún maidir leis an réimse táirgí mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, agus áirítear leis na figiúirí ó bhunachar sonraí Airteagal 14(6) gach clár iarnála gan idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha. Dá réir sin, d’úsáid an Coimisiún na praghsanna onnmhairiúcháin freisin, de réir an chineáil táirge, ó na tairiscintí agus na luachana a soláthraíodh san iarraidh (45), arna gcoigeartú go leibhéal SAB ar an mbonn céanna leis na sonraí ó bhunachar sonraí Airteagal 14(6). Ní raibh aon fhianaise san iarraidh ar chostais iompair inmheánaigh sa tSín, mar sin úsáideadh praghas SAB mar athróg ionadach ar an bpraghas díreach ón monarcha. Agus an toradh gur ann don dumpáil in aithrisí (87) go (89) á chur san áireamh, mar aon le cineál an athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sí tarlú an athuair, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá leis an iompar intíre a asbhaint toisc nach mbeadh ach laghdú ar an bpraghas onnmhairiúcháin agus corrlach dumpála níos airde, dá bhrí sin, mar thoradh uirthi.

3.2.1.3.   Comparáid agus corrlach dumpála

(87)

Chuir an Coimisiún an meán-ghnáthluach náisiúnta ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas. Ar an mbonn sin, bhí an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontas, roimh dhleacht a íoc, os cionn 10 %.

(88)

Rinne an Coimisiún comparáid freisin idir na praghsanna onnmhairiúcháin bunaithe ar an iarraidh ar athbhreithniú agus na gnáthluachanna a suíodh le haghaidh na gcineálacha táirgí comhfhreagracha mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo. Ar an mbonn sin, tá na corrlaigh dhumpála, arna sloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorann an Aontais, roimh dhleacht a íoc, idir 37 % agus 104 %, ag brath ar an gcineál táirge.

(89)

Dá bhrí sin, ba é an chonclúid ar thángthas air gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL

(90)

Sa bhreis ar na torthaí lena bhfuarthas gurbh ann do dhumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(91)

Níor sholáthair aon cheann de na honnmhaireoirí/táirgeoirí Síneacha aon fhaisnéis maidir leis an acmhainneacht táirgeachta iarbhír sa tSín. Níl aon fhaisnéis ar fáil go poiblí ach oiread maidir le cláir iarnála go sonrach, amhail staitisticí nó staidéir ar an margadh agus, dá bhrí sin, ba ghá na torthaí a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí san iarraidh ar athbhreithniú agus torthaí an athbhreithnithe éaga roimhe sin, mar fhaisnéis atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(92)

De réir na faisnéise san iarraidh, tá acmhainneacht táirgeachta iomarcach ag táirgeoirí Síneacha (46). Bhí an fhianaise a chuir na hiarratasóirí ar fáil san iarraidh bunaithe ar an athbhreithniú éaga roimhe seo agus deimhníodh í le conclúidí na tuarascála is déanaí ó Choimisiún Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe ó mhí Lúnasa 2021 (an tríú hathbhreithniú ar an ordú dleachta frithdhumpála). Léirítear sna conclúidí sin go bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí de chuid na Síne onnmhairí an táirge lena mbaineann a mhéadú a thuilleadh, trí tháirgeadh a aistriú idir na línte táirgthe atá ann cheana ag brath ar an éileamh. Léiríodh cheana féin sna sonraí onnmhairiúcháin a úsáideadh sa tuarascáil ó Choimisiún Trádála Idirnáisiúnta na Stát Aontaithe gurbh iad táirgeoirí de chuid na Síne na honnmhaireoirí is mó ar domhan de throscán miotail eile idir 2015 agus 2020, lena n-áirítear cláir iarnála agus táirgí eile sa chatagóir táirgí fhoriomlán chéanna. Bhí idir 46 % agus 56 % d’onnmhairí domhanda na dtáirgí sin i gceist leo (47). Thairis sin, de réir na n-iarratasóirí agus bunaithe ar an Tuarascáil is déanaí, eascraíonn an ró-acmhainneacht sin as an tacaíocht shaobhach ó Rialtas na Síne agus as na ró-acmhainneachtaí le haghaidh an phríomhionchuir, i.e. cruach.

(93)

Ar bhonn torthaí san athbhreithniú éaga roimhe seo, nár cuireadh ina gcoinne san imscrúdú reatha, is féidir le táirgeoirí de chuid na Síne acmhainneacht táirgeachta bhreise a shuiteáil go héasca toisc go bhfuil an próiseas monaraíochta bunaithe ar shaothar den chuid is mó. Thairis sin, táirgeann táirgeoirí clár iarnála na Síne táirgí miotail eile ar línte táirgthe a d’fhéadfaí a úsáid go héasca chun cláir iarnála a tháirgeadh. Cuireann sé sin ar a gcumas do tháirgeoirí de chuid na Síne táirgeadh clár iarnála a mhéadú tríd an táirgeadh a aistriú idir na línte táirgthe atá ann cheana ag brath ar an éileamh. Ní éilíonn méadú den sórt sin ar an acmhainneacht infheistíochtaí ná scileanna tábhachtacha agus, dá bhrí sin, tá sé éasca an t-aistriú idir táirgí éagsúla a dhéanamh. Níor tháinig aon fhaisnéis chun solais san imscrúdú reatha a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin.

(94)

Ar bhonn an mhéid sin, thángthas ar an gconclúid san athbhreithniú éaga roimhe seo go bhfuil acmhainneachtaí táirgeachta arda ar fáil sa tSín, lena gcumhdaítear beagnach 100 % ar a laghad den tomhaltas san Aontas, ar acmhainneachtaí iad is féidir a mhéadú a thuilleadh go héasca (48). Níor tháinig aon fhaisnéis chun solais san imscrúdú reatha a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin.

4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(95)

Léirigh an anailís ar onnmhairí de chuid na Síne, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm, go bhfuil margadh an Aontais fós ar cheann de na margaí onnmhairiúcháin is tábhachtaí do tháirgeoirí Síneacha clár iarnála.

(96)

Deimhnítear é sin leis an bhfíoras gurbh é 6 % an sciar den mhargadh a bhí ag an tSín go fóill le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Is léir ón méid sin go bhfuil an tAontas fós ina mhargadh tarraingteach do tháirgeoirí clár iarnála na Síne agus gur dócha go dtiocfadh méadú ar allmhairí ón tSín dá ligfí do na bearta dul in éag.

(97)

I mí Lúnasa 2021, faoi chuimsiú an tríú hathbhreithniú éaga sna Stáit Aontaithe (49), tar éis an chéad (50) agus an dara hathbhreithniú éaga (51) a d’eascair as an imscrúdú frithdhumpála bunaidh a tionscnaíodh in 2003 agus lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála idir 9,47 % agus 157,68 % ar chláir iarnála ó Dhaon-Phoblacht na Síne, thug Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe fógra go leanfar den ordú dleachta frithdhumpála ar chláir iarnála ón tSín go ceann 5 bliana eile.

(98)

Sa bhreis ar na dleachtanna sin, ón 24 Meán Fómhair 2018 ar aghaidh, tá cláir iarnála a allmhairítear ón tSín faoi réir dleacht ad valorem 10 % eile sna Stáit Aontaithe, dleacht a méadaíodh a thuilleadh go dleacht ad valorem 25 % ón 10 Bealtaine 2019 ar aghaidh (52).

(99)

Tar éis athbhreithniú ar imthosca athraithe ar an ordú dleachta frithdhumpála maidir le hallmhairí clár iarnála ón tSín a tionscnaíodh ar dtús in 2022, chinn Roinn Tráchtála na Stát Aontaithe an 19 Aibreán 2023 gan an t-ordú lena bhforchuirtear na dleachtanna sin a chúlghairm (53).

(100)

Ar an gcaoi chéanna sa Ríocht Aontaithe, chinn Údarás Leighis Trádála na Ríochta Aontaithe go raibh dleachtanna frithdhumpála an Aontais ar chláir iarnála de thionscnamh na Síne le haistriú. Dá bhrí sin, forchuireadh dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí clár iarnála ón tSín isteach san Aontas, i.e. iad siúd is infheidhme faoi láthair san Aontas, trí aistriú chuig allmhairí clár iarnála ón tSín isteach sa Ríocht Aontaithe freisin (54).

(101)

Cuireann na bearta sin sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe teorainn le margaí onnmhairiúcháin tháirgeoirí de chuid na Síne, rud a fhágann gur dócha go méadóidís a n-onnmhairí chuig an Aontas dá ligfí do na bearta frithdhumpála dul in éag.

4.3.   Conclúid

(102)

I bhfianaise a thorthaí maidir le leanúint na dumpála le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a shuitear in aithrisí (87) go (89), agus ar an dóchúlacht go rachaidh na hallmhairí i méid má théann na bearta in éag mar a mhínítear in aithrisí (91) go (101), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mhór an dóchúlacht go leanfar den dumpáil má ligtear do na bearta ar allmhairí ón tSín dul in éag.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(103)

Rinne 11 tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(104)

Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 3,7 milliún píosa. Shuigh an Coimisiún an figiúr sin ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, agus rinneadh cros-seiceáil orthu leis na sonraí fíoraithe ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Mar a léirítear in aithris (17), roghnaíodh táirgeoirí de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann 55 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(105)

Suíodh tomhaltas an Aontais ar bhonn mhéid na n-allmhairí mar a thaifeadtar i mbunachar sonraí Airteagal 14(6) agus mhéideanna díolacháin thionscal an Aontais san Aontas arna gcur isteach ag an iarratasóir. Rinneadh na méideanna díolachán sin a chros-sheiceáil agus a thabhairt cothrom le dáta nuair ba ghá a mhéid a bhaineann le faisnéis fhíoraithe ó tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Mar atá i mbunachar sonraí Airteagal 14(6), tuairiscítear méideanna allmhairí in kg, thiontaigh an Coimisiún na figiúirí, dá mba ghá, go píosaí (aonaid) trí úsáid a bhaint as an eochair chomhshó a bunaíodh san athbhreithniú éaga roimhe seo (55) a luaitear in aithris (8).

(106)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 2

Tomhaltas an Aontais (píosaí)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Tomhaltas iomlán an Aontais

6 322 017

5 995 470

5 501 707

5 273 174

5 535 074

Innéacs

100

95

87

83

88

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir agus bunachar sonraí Airteagal 14(6)

(107)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 12 % ar thomhaltas san Aontas. Tharla an príomhchuid den laghdú sin idir 2020 agus 2022. Tharla an laghdú ó 2021 go 2023 le linn tréimhse ina raibh méadú ag teacht ar phraghsanna chun an méadú tobann ar chostais ábhair ionchuir a chumhdach, cruach den chuid is mó, tar éis thús an chogaidh san Úcráin (56). Tháinig méadú beag arís ar an tomhaltas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid leis an mbliain iomlán in 2023.

5.2.1.   Allmhairí isteach san Aontas ón tSín

(108)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar allmhairí isteach san Aontas ón tSín agus ar an sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 3

An méid allmhairí (píosaí) agus an sciar den mhargadh

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid na n-allmhairí ón tSín

473 904

319 767

261 542

274 324

306 328

Innéacs

100

67

55

58

58

Sciar den mhargadh

7  %

5  %

5  %

5  %

6  %

Innéacs

100

71

63

69

74

Foinse:

Bunachar sonraí Airteagal 14(6) agus freagraí ar an gceistneoir

(109)

Tháinig laghdú 45 % ar allmhairí idir 2020 agus 2022, ach tháinig méadú orthu ina dhiaidh sin arís, lena n-áirítear le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar an iomlán, tháinig laghdú 35 % orthu le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, d’fhan an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín réasúnta cobhsaí, a laghdaigh ó 7 % in 2020 go 5 % in 2021 ach a mhéadaigh arís go 6 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Cé gur tháinig laghdú ar chainníochtaí iomlána na n-allmhairí, rud a léiríonn freisin patrún thomhaltas an Aontais mar a shonraítear in aithris (107), bhí an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ón tSín fós iarmhartach le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú.

(110)

Mar gheall ar an easpa comhair ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, tá easpa faisnéise ann maidir leis na cineálacha táirgí a allmhairítear ón tSín. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún na cóid chustaim TARIC éagsúla san áireamh faoinar cláraíodh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón tSín, mar a leagtar amach in aithris (30). Ar an mbonn sin, le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí idir 80 % agus 95 % de na cláir iarnála a allmhairíodh ón tSín comhdhéanta de chruach (TARIC 7323 93 00 10 agus 7323 99 00 10) (57). Ina measc sin, tháinig méadú ar an méid allmhairí ar a bhfuil an cód TARIC ábhartha le haghaidh cruach dhosmálta (7323 93 00 10) le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 19 % de mhéid iomlán na n-allmhairí in 2020 go 36 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le laghdú ó 75 % go 59 % de mhéideanna iomlána allmhairí le haghaidh an chóid TARIC lena gcumhdaítear cruach eile (7323 99 00 10).

5.2.2.   Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais

(111)

Mar gheall ar an easpa comhair ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, ba ghá an meánphraghas allmhairiúcháin ón tSín a shuí ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, i.e. ar bhonn na faisnéise atá i mbunachar sonraí Airteagal 14(6) agus úsáid á baint as an eochair chomhshó chéanna mar a leagtar amach in aithris (105). Suíodh sladghearradh praghais na n-allmhairí i gcomparáid le praghsanna thionscal an Aontais agus an fhaisnéis a chuir na hiarratasóirí agus táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais isteach á cur san áireamh.

(112)

Seo a leanas mar a tháinig forbairt ar mheánphraghas ualaithe allmhairí isteach san Aontas ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 4

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/píosa)

Allmhairí ón tSín

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An meánphraghas allmhairiúcháin (EUR/ píosa)

11,36

17,00

20,69

18,35

17,73

Innéacs

100

150

182

162

156

Foinse:

Bunachar sonraí Airteagal 14(6)

(113)

Tháinig méadú 56 % ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig méadú ar chainníochtaí allmhairí go háirithe le haghaidh cineálacha táirgí a úsáideann cruach dhosmálta a chumhdaítear le cód CC 7323 93 00 (TARIC 7323 93 00 10) as a dtagann praghsanna níos airde ná cineálacha táirgí a allmhairítear faoi 7323 99 00 (TARIC 7323 99 00 10). Tháinig laghdú ar chainníochtaí allmhairí na gcineálacha táirgí a allmhairítear faoi 7323 99 00 le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear in aithris (110).

(114)

Chun sladghearradh praghais a chinneadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, cuireadh meánphraghas díola ualaithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna choigeartú chuig an leibhéal díreach ón monarcha (i.e. gan costais lasta san Aontas a áireamh agus tar éis lascainí agus lacáistí a asbhaint) i gcomparáid, ar bhonn cineál ar chineál, le meánphraghas ualaithe comhfhreagrach na n-allmhairí mar a shuitear thuas in aithris (111), ar bhonn CAL, agus ansin leis an dleacht chustaim agus frithdhumpála san áireamh.

(115)

Léirigh an chomparáid, nuair a sloinneadh allmhairí ón tSín mar chéatadán de láimhdeachas tháirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, go raibh siad ag déanamh sladghearradh 4 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Agus an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm á hasbhaint, ba é 26 % an corrlach sladghearrtha.

5.3.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín

(116)

Is ón Tuirc, ón Úcráin agus ón India den chuid is mó a tháinig allmhairí na gclár iarnála ó thríú tíortha seachas an tSín.

(117)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar mhéid (comhiomlánaithe) na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí clár iarnála ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 5

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An Tuirc

Méid (píosaí)

1 120 887

1 120 413

929 773

945 325

1 028 524

 

Innéacs

100

100

83

84

92

 

Sciar den mhargadh

18  %

19  %

17  %

18  %

19  %

 

Meánphraghas (EUR/ píosa)

9,04

9,28

12,59

11,88

11,62

 

Innéacs

100

103

139

131

129

An Úcráin

Méid (píosaí)

1 076 875

960 185

564 541

491 488

655 160

 

Innéacs

100

89

52

46

61

 

Sciar den mhargadh

17  %

16  %

10  %

9  %

12  %

 

Meánphraghas (EUR/píosa)

11,03

11,64

14,15

14,44

14,07

 

Innéacs

100

106

128

131

128

An India

Méid (píosaí)

193 309

132 660

240 236

173 572

181 278

 

Innéacs

100

69

124

90

94

 

Sciar den mhargadh

3  %

2  %

4  %

3  %

3  %

 

Meánphraghas (EUR/ píosa)

8,99

10,84

14,29

19,61

19,36

 

Innéacs

100

120

159

218

215

Eile

Méid (píosaí)

218 575

195 270

87 398

68 899

95 031

 

Innéacs

100

89

40

32

43

 

Sciar den mhargadh

3  %

3  %

2  %

1  %

2  %

 

Meánphraghas (EUR/píosa)

11,9

12,5

18,9

20,4

20,1

 

Innéacs

100

105

159

172

169

Iomlán na n-allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín

Méid (píosaí)

2 549 008

2 516 117

1 755 299

1 687 004

1 778 729

 

Innéacs

100

99

69

66

70

 

Sciar den mhargadh

41  %

40  %

33  %

32  %

35  %

Foinse:

Bunachar sonraí 14(6)

(118)

Bhí 1,8 milliún píosa, nó sciar 35 % den mhargadh, i gceist le méid na n-allmhairí ó gach tríú tír nach raibh faoi réir bearta a rinneadh ina n-iomláine le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig an chuid is mó atá na hallmhairí sin ón Tuirc agus ón Úcráin. Le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí ó gach tríú tír nach bhfuil faoi réir beart ó 41 % in 2020 go 32 % in 2023 sular tháinig méadú beag air arís go 35 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(119)

D’fhan allmhairí ón Tuirc cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ag luainiú idir 0,9 agus 1,1 milliún píosa in aghaidh na bliana. Bhí 1,1 milliún i gceist le hiomlán na n-allmhairí agus in 2020 agus bhí 1,0 milliún i gceist le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(120)

Os a choinne sin, tháinig laghdú ar allmhairí ón Úcráin ó 1,0 milliún píosa go 0,5 milliún píosa in 2023. Tharla an titim ba mhó ó 1,0 milliún píosa in 2021 go níos lú ná 0,6 milliún píosa in 2022, rud a léiríonn tús an chogaidh san Úcráin. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thosaigh allmhairí ón Úcráin ag méadú arís.

(121)

D’fhan allmhairí ón India réasúnta cobhsaí ar thart ar 0,2 milliún píosa in aghaidh na bliana le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile íseal, a laghdaigh ó 0,2 milliún píosa go 0,1 milliún píosa le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(122)

I dtéarmaí an sciar den mhargadh, b’ionann na treochtaí a dtugtar tuairisc orthu thuas agus méadú 1 phointe céatadáin, ó 18 % in 2020 go 19 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcás na Tuirce agus laghdú ó sciar 17 % den mhargadh in 2020 go 12 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe don Úcráin. D’fhan an sciar den mhargadh a bhí ag an India cobhsaí, thart ar 3 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag na tríú tíortha eile ó 3 % in 2020 go 2 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(123)

Tháinig méadú ar mheánphraghas na n-allmhairí ón Tuirc ó EUR 9/píosa in 2020 go EUR 11,6/píosa le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú beag ar mheánphraghas na n-allmhairí ón Úcráin ó EUR 11/píosa go EUR 14/píosa, agus tháinig méadú ar mheánphraghas na n-allmhairí ón India ó EUR 8,99 go EUR 19,36/píosa.

5.4.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.4.1.   Barúlacha ginearálta

(124)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(125)

Mar a luaitear in aithris (17), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(126)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa cheistneoir a chuir na hiarratasóirí isteach chomh maith leis na sonraí atá i mbunachar sonraí Airteagal 14(6). Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir.

(127)

Is iad seo a leanas na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht.

(128)

Is iad seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí.

5.4.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

5.4.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(129)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Méid táirgeachta (aonad tomhais)

3 809 828

3 817 450

4 036 480

3 813 199

3 722 588

Innéacs

100

100

106

100

98

Acmhainneacht táirgeachta (aonad tomhais)

6 038 000

6 038 000

6 038 000

6 038 000

6 038 000

Innéacs

100

100

100

100

100

Úsáid acmhainneachta

63  %

63  %

67  %

63  %

62  %

Innéacs

100

101

106

103

101

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(130)

D’fhan táirgeacht iomlán an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níor tháinig ach méadú 6 % air in 2022 arbh ionann é agus 4,0 milliún píosa, ach tháinig laghdú air in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nuair a bhain sí leibhéil amach a bhí cosúil leis na leibhéil in 2020. Sa bhliain 2022, lean buaicphointe na táirgeachta treocht an mhéid díolachán a chuirtear i láthair sa roinn seo a leanas. Níor tháinig aon athrú ar an acmhainneacht táirgeachta le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú.

5.4.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(131)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh (píosaí)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais

3 238 467

3 267 174

3 418 216

3 319 567

3 268 752

Innéacs

100

101

106

103

101

Sciar den mhargadh

51  %

54  %

62  %

63  %

59  %

Innéacs

100

106

121

123

115

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(132)

D’fhan méid díolachán thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais cobhsaí go bunúsach ach bhí luaineachtaí beaga ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tar éis méadú ó 3,2 milliún píosa in 2021 go 3,4 milliún píosa in 2022, tháinig laghdú arís ar an méid díolachán go 3,3 milliún in 2023 agus, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí sé thart ar an leibhéal céanna agus a bhí sa bhliain 2020 arbh ionann é agus 3,2 milliún píosa. Lean an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais treocht na ndíolachán, ag méadú in 2022 agus in 2023 agus ag laghdú arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus ar an iomlán, tháinig méadú 15 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(133)

Cé gur fhan an méid díolachán thart ar an leibhéal céanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 9 bpointe céatadáin go 59 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais. Is é is cúis leis sin an laghdú beag ar thomhaltas foriomlán an Aontais, mar a shonraítear in aithris (107).

5.4.2.3.   Fás

(134)

D’fhan méid táirgeachta agus díolachán thionscal an Aontais cobhsaí cé go raibh laghdú beag ag teacht ar an tomhaltas, rud a d’fhág gur tháinig méadú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais. D’fhan fostaíocht thionscal an Aontais cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ar an mbonn sin, is féidir teacht ar an gconclúid gur choinnigh tionscal an Aontais a sheasamh, ach nár mhéadaigh sé é, i dtéarmaí táirgthe agus díolachán i margadh ina raibh laghdú beag le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.4.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(135)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An líon fostaithe

484

472

492

482

482

Innéacs

100

98

102

100

100

Táirgiúlacht (aonad/fostaí)

7 877

8 088

8 212

7 914

7 725

Innéacs

100

98

102

100

100

Foinse: Freagraí ar an gceistneoir

(136)

Cé go raibh an fhostaíocht ag luainiú beagán, d’fhan sí cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Go sonrach, tháinig laghdú ar an bhfostaíocht ó 2020 go 2021 agus tháinig méadú uirthi ina dhiaidh sin in 2022 go dtí an buaicleibhéal. Ina dhiaidh sin, tháinig laghdú arís ar an líon fostaithe go dtí an leibhéal céanna agus a bhí in 2020, rud a léiríonn freisin méideanna táirgeachta agus díolachán níos ísle sa bhliain 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid leis an mbliain 2022.

(137)

D’fhan an táirgiúlacht, arna tomhas mar aschur (píosaí) in aghaidh an duine atá fostaithe in aghaidh na bliana, sách cobhsaí ach bhí mionluaineachtaí ann. Ag tosú in 2020, tháinig méadú beag uirthi in 2022 agus thit sí ar ais go dtí leibhéal a bhí ann in 2020 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.4.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(138)

Leanadh den dumpáil ar leibhéal ábhartha le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Lean táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne de bheith ag sladghearradh praghsanna díola thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(139)

An tráth céanna, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, bhí allmhairí ón tSín fós ar leibhéal ábhartha, is é sin idir 5 % agus 7 % den sciar den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, bhí tionchar fós ag méid an chorrlaigh dumpála iarbhír ón tSín ar thionscal an Aontais agus ní féidir a mheas gur diomaibhseach é.

(140)

Mar sin féin, d’ainneoin go raibh dumpáil fós ar siúl maidir le hallmhairí ón tSín, léirítear san anailís ar na táscairí díobhála go raibh éifeacht sciata agus tionchar dearfach foriomlán ag na bearta a bhí i bhfeidhm ar thionscal an Aontais.

5.4.3.   Táscairí micreacnamaíocha

5.4.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(141)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/píosaí)

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

10,8

12,4

13,9

14,5

14,4

Innéacs

100

114

128

133

133

Costas táirgthe in aghaidh an aonaid

11

13

15

14

15

Innéacs

100

119

138

130

132

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(142)

Tháinig méadú 33 % ar na meánphraghsanna idir 2020 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tagann an méadú sin sna sála ar an ardú géar ar chostais táirgthe, is é sin i gcás an ábhair ionchuir is tábhachtaí, cruach, mar thoradh ar thús an chogaidh san Úcráin (58). D’éirigh le tionscal an Aontais praghsanna a mhéadú, i gcomhthéacs ardú ginearálta ar bhoilsciú san Aontas freisin mar gheall ar shuaitheadh na slabhraí soláthair mar thoradh ar thús an chogaidh san Úcráin. Mar sin féin, tháinig deireadh leis an treocht sin maidir le méaduithe ar phraghsanna i ndiaidh an mhéadaithe ar chostais ábhair ionchuir le linn na bliana 2023. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, níor ardaigh tionscal an Aontais an leibhéal praghsanna a thuilleadh i gcomhthéacs allmhairí méadaitheacha, mar a leagtar amach in aithrisí (109) agus (118). Tháinig laghdú beag fiú ar phraghsanna i gcomparáid leis an mbliain 2023.

5.4.3.2.   Costais saothair

(143)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

20 521

21 627

3 396

25 254

26 914

Innéacs

100

105

114

123

131

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(144)

Tháinig méadú seasta ar na meánchostais saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú, thart ar 30 % ar an iomlán. Tagann an méadú sin leis an treocht fhoriomlán san Aontas agus pá ainmniúil ag ardú chun freagairt do chostais mhaireachtála mhéadaitheacha, lena n-áirítear costais fuinnimh, go háirithe tar éis thús an chogaidh san Úcráin (59).

5.4.3.3.   Fardail

(145)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

Fardail

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Stoic dheiridh (píosaí)

96 867

100 185

125 849

145 766

131 157

Innéacs

100

103

130

150

135

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

3  %

3  %

3  %

4  %

4  %

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(146)

D’fhan leibhéal na stoc, arna shloinneadh mar chéatadán den mhéid táirgeachta, cobhsaí ar an iomlán le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig méadú ar an stoc deiridh ó 3 % in 2022 go 4 % in 2023.

5.4.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(147)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2020

2021

2022

2023

Tréimhse Imscrúdúcháin an Athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

3,69  %

4,61  %

3,27  %

6,85  %

6,52  %

Innéacs

100

125

89

185

176

Sreabhadh airgid (EUR)

1 976 678

1 537 097

827 332

2 859 912

3 348 485

Innéacs

100

78

42

145

169

Infheistíochtaí (EUR)

566 161

391 113

209 915

289 386

324 510

Innéacs

100

69

37

51

57

Toradh ar infheistíochtaí

6  %

9  %

11  %

20  %

17  %

Innéacs

100

160

193

334

285

Foinse:

Freagraí ar an gceistneoir

(148)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, luainigh brabúsacht thionscal an Aontais. Tháinig méadú uirthi ar dtús idir 2020 agus 2021 ó 3,69 % go 4,61 %, ansin tháinig laghdú uirthi in 2022 go 3,27 % agus tháinig méadú uirthi arís in 2023 go 6,85 %. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, thit an bhrabúsacht beagán go 6,52 %. Ar an iomlán, tháinig méadú ar an mbrabúsacht ó 3,69 % in 2020 go 6,52 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, arbh ionann é sin agus méadú 2,83 pointe céatadáin. D’ainneoin na treochta méadaithí, níor shroich leibhéal na mbrabús an spriocbhrabús a measadh a bheith leordhóthanach le haghaidh an tionscail sin san athbhreithniú éaga roimhe seo (i.e. 7,0 %) (60), ach amháin in 2023 nuair a bhí na leibhéil bhrabúsachta gar don tairseach sin. Is é is príomhchúis leis sin an méadú ar an gcostas táirgthe, mar a leagtar amach in aithris (142), a bhí níos suntasaí ó 2020 go 2022 ná an méadú ar phraghsanna díola sa tréimhse chéanna. In 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, aisiompaíodh an treocht sin, agus tháinig méadú níos tapúla ar phraghsanna díola ná ar na costais, a léiríodh freisin i mbrabúsacht na mblianta sin a mhéadaigh go mór i gcomparáid le 2022.

(149)

Leanann an glansreabhadh airgid ó ghníomhaíochtaí oibriúcháin an treocht chéanna a leanann an bhrabúsacht. Tháinig laghdú ar an nglansreabhadh airgid idir 2020 agus 2022, agus go háirithe idir 2021 agus 2022. Tharla sé sin le linn tréimhse ina raibh praghsanna díola, agus costais táirgthe freisin, ag méadú. Ó 2023 ar aghaidh, tháinig feabhas ar an nglansreabhadh airgid agus bhí sé i bhfad níos airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú.

(150)

Ar an iomlán, tháinig laghdú ar mhéid na hinfheistíochta bliantúla faoi thart ar a leath idir 2020 agus 2022. Tar éis an laghdaithe ghéir sin, théarnaigh na leibhéil infheistíochta in 2023 agus i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus d’fhan siad ar leibhéil réasúnta íseal. Dá bhrí sin, bhí laghdú 43 % fós ann i gcomparáid le 2020. San athbhreithniú éaga roimhe seo, thug an Coimisiún faoi deara go raibh rátaí arda brabúis ann roimh na méideanna arda infheistíochta bliantúla (61). Deimhnítear é sin san athbhreithniú éaga atá ann faoi láthair. Tar éis na rátaí ísle brabúis ag tús na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar mhéid na n-infheistíochtaí bliantúla, rud a d’fhág gur tháinig laghdú mór ar ghníomhaíochtaí infheistíochta thionscal an Aontais.

(151)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Idir 2020 agus 2022, tháinig méadú ar an gcéatadán agus tháinig laghdú ar ghlanluach na hinfheistíochta de réir na leabhar agus d’fhan na brabúis cobhsaí. Ó 2023 ar aghaidh, bhí na rátaí toraidh ar infheistíocht ar an leibhéal is airde, agus bhí na méideanna infheistíochta bliantúla ag méadú. Léiríonn sé sin go raibh tionscal an Aontais ábalta agus toilteanach infheistíochtaí a mhéadú, ach an bhrabúsacht a bheith ard go leor.

5.5.   Conclúid maidir le díobháil

(152)

Léirigh na príomhtháscairí díobhála, amhail an sciar den mhargadh, praghsanna díola chomh maith le brabúsacht agus táscairí airgeadais eile, amhail infheistíocht, treocht dhearfach. Níor léirigh aon cheann de na táscairí díobhála treochtaí an-diúltach. Mar sin féin, d’fhan an bhrabúsacht i bhfad faoi bhun an spriocbhrabúis 7 % go dtí 2022 agus níor bhain sí ráta timpeall na tairsí sin amach go dtí 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(153)

Bhí acmhainneacht thionscal an Aontais a phraghsanna díola a mhéadú teoranta mar gheall ar iomaíocht éagórach ó allmhairí ón tSín ar tháinig méadú ar a méid le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna lena ndearnadh sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm. Dá réir sin, ní raibh tionscal an Aontais in ann a phraghsanna a mhéadú go leordhóthanach chun an méadú a tháinig ar an gcostas táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú a chúiteamh.

(154)

I bhfianaise an mhéid thuas, is féidir teacht ar an gconclúid nár tháinig meath ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus go raibh na bearta éifeachtach go pointe áirithe, go háirithe agus costais táirgthe ag méadú, agus go raibh siad ina líontán sábhála a chuir cosc ar mhéadú mór ar na hallmhairí ar phraghas íseal ón tSín, rud a chuir ar chumas thionscal an Aontais roinnt brabús a dhéanamh agus gan bheith neamhbhrabúsach.

(155)

Dá bhrí sin, meastar nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar chostais táirgthe le linn na tréimhse faoi bhreathnú, leibhéal íseal na n-infheistíochtaí agus na brabúsachta a d’fhan faoi bhun an spriocbhrabúis, cé gur tháinig méadú orthu, is féidir a mheas go bhfuil am fós ag teastáil ó thionscal an Aontais chun a fhorbairt dhearfach a chomhdhlúthú agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé fós i staid leochaileach.

(156)

Ar an iomlán, ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh nár bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.6.   An dóchúlacht go ndéanfar an díobháil an athuair

5.6.1.   Réamhbharúil

(157)

I bhfianaise na dtorthaí agus na gconclúidí a leagtar amach in aithrisí (152) go (156), rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi ar an gcéad dul síos dá ligfí do na bearta dul in éag. Chuige sin, rinne an Coimisiún scrúdú ar na gnéithe seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus na hacmhainneachtaí breise sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, iompraíocht praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus leibhéil praghsanna dhóchúla chuig an Aontas i gcás ina n-aisghairfí bearta agus éifeacht na n-allmhairí amach anseo ar staid thionscal an Aontais.

5.6.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín

(158)

Mar a leagtar amach in aithrisí (91) go (94) ar bhonn na faisnéise atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, tá acmhainneacht bhreise mhór ag táirgeoirí clár iarnála de chuid na Síne agus tá siad in ann tuilleadh acmhainneachta táirgeachta a chur leis sin.

5.6.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(159)

Mar a leagtar amach in aithrisí (95) go (101), bhí margadh an Aontais fós tarraingteach d’allmhairí ón tSín mar is léir ón bhfíoras gur tháinig siad isteach fós i margadh an Aontais i gcainníochtaí móra, sin sciar 6 % den mhargadh, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm.

(160)

Cé gur tháinig laghdú ar chainníocht fhoriomlán na n-allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a luaitear in aithris (108), tháinig méadú ar chainníocht na n-allmhairí clár iarnála déanta as cruach dhosmálta, as a dtagann praghsanna níos airde ná cineálacha táirgí eile, mar a chuirtear in iúl in aithrisí (110) agus (113). Tá coinne leis go gcuirfear dlús leis an treocht sin maidir le hallmhairí a mhéadú i gcás ina n-aisghairfear bearta. Is réimse é cruach dhosmálta ina bhfuil buntáiste ag na táirgeoirí sa tSín thar iomaitheoirí eachtracha mar gheall ar idirghabháil leanúnach ón rialtas, mar a cuireadh in iúl cheana sa Tuarascáil.

5.6.4.   Iompraíocht praghsanna tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus leibhéal praghsanna na n-allmhairí chuig an Aontas is dócha a bheidh ann

(161)

Maidir le leibhéil praghsanna na n-allmhairí ón tSín is dócha a bheidh ann in éagmais bearta frithdhumpála, measadh go raibh allmhairí ón tSín ag déanamh sladghearradh ar thionscal an Aontais cheana féin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí 26 % i gceist leis an gcorrlach sladghearrtha gan na bearta frithdhumpála a chur san áireamh agus measadh gur mheastachán réasúnta é ar leibhéil na bpraghsanna a d’fhéadfadh a bheith ar allmhairí ón tSín amach anseo dá ndéanfaí na bearta a aisghairm.

5.6.5.   Tionchar ar thionscal an Aontais

(162)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, má ligtear do na bearta dul in éag, beidh ar thionscal an Aontais dul i ngleic le méadú suntasach allmhairí ón tSín, rud a dhéanfaidh sladghearradh mór ar phraghsanna thionscal an Aontais. Más rud é, agus iarracht á déanamh ag tionscal an Aontais leanúint de bheith brabúsach, go gcoinneodh sé a leibhéil reatha praghsanna ar bun, is dócha go gcaillfeadh tionscal an Aontais méid na ndíolachán agus an sciar den mhargadh go tapa, fiú i gcás ina mbeadh méadú ag teacht ar a thomhaltas. Dá mbainfí caillteanas don mhéid díolachán, bheadh rátaí úsáide acmhainne níos ísle ann agus thiocfadh méadú ar an meánchostas táirgthe. Mar thoradh air sin, thiocfadh meath ar staid airgeadais thionscal an Aontais agus thiocfadh laghdú ar a bhrabúsacht a bhí faoi bhun an spriocbhrabúis cheana féin le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(163)

De rogha air sin, dá ndéanfadh tionscal an Aontais iarracht leibhéil praghsanna níos ísle na n-allmhairí a mheaitseáil chun a mhéid díolachán agus a sciar den mhargadh a choinneáil, bheadh tionchar diúltach láithreach aige sin ar a leibhéal brabúsachta atá fós faoi bhun an spriocbhrabúis faoi láthair. Bheadh tionchar diúltach freisin ar na hinfheistíochtaí nach raibh téarnaithe go hiomlán in aon chás le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bheadh tionchar diúltach freisin ar tháscairí airgeadais thionscal an Aontais. Bheadh tionchar tromchúiseach ag an gcás sin ar chumas thionscal an Aontais tuilleadh forbartha a dhéanamh. I ndeireadh na dála, bheadh laghdú ar an méid díolachán agus ar an sciar den mhargadh agus bheadh caillteanas fostaíochta ar mhargadh an Aontais mar thoradh air sin.

5.6.6.   Conclúid

(164)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha in éagmais beart agus gur dócha go dtarlódh díobháil ábhartha an athuair.

6.   LEAS AN AONTAIS

(165)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na miondíoltóirí, na dtomhaltóirí agus na n-úsáideoirí.

(166)

Meabhraíonn an Coimisiún gur measadh, sna himscrúduithe roimhe seo, nach raibh sé in aghaidh leas an Aontais bearta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun. Thairis sin, ós rud é gur athbhreithniú é an t-imscrúdú reatha seo, ina ndéantar anailís ar staid ina bhfuil bearta frithdhumpála i bhfeidhm cheana féin, is féidir measúnú a dhéanamh ar aon drochthionchar míchuí ar na páirtithe lena mbaineann mar gheall ar na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair. Ar an mbonn sin, scrúdaigh an Coimisiún an raibh cúiseanna láidre ann, d’ainneoin na gconclúidí gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus go ndéanfaí an athuair iad, a d’fhágfadh go dtiocfaí ar an gcinneadh nach bhfuil sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun sa chás áirithe seo.

6.1.   Leas thionscal an Aontais

(167)

Mar a leagtar amach in aithrisí (162) agus (163), léiríodh san imscrúdú gur dócha go mbeadh tionchar diúltach mór ag dul in éag na mbeart ar thionscal an Aontais. Ar an taobh eile, dá leanfaí leis na bearta, bheadh tionscal an Aontais in ann a leibhéil reatha praghsanna a choinneáil ar bun nó a mhéadú fiú agus corrlaigh bhrabúis inbhuanaithe a bhaint amach, rud a sheachnódh tréimhsí meatha airgeadais. Chuirfeadh sé sin ar chumas thionscal an Aontais leanúint dá infheistíochtaí agus iad a mhéadú agus, dá bhrí sin, a sheasamh ar mhargadh an Aontais a choinneáil ar bun agus a fhorbairt.

(168)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid go mbeadh sé chun leas thionscal an Aontais na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

6.2.   Leas allmhaireoirí neamhchomhlachaithe, miondíoltóirí agus leas tomhaltóirí (teaghlaigh)

(169)

Níor chomhoibrigh aon táirgeoir neamhchomhlachaithe san imscrúdú. Níor chuir aon cheann de na páirtithe leasmhara ionchasacha eile iad féin in aithne le linn an imscrúdaithe. Mar a rinneadh san imscrúdú roimhe seo, níor tháinig aon pháirtí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí deiridh, amhail comhlachais tomhaltóirí, chun cinn ná níor chomhoibrigh siad leis an imscrúdú.

(170)

Ar bhonn thorthaí an athbhreithnithe éaga roimhe seo, ní raibh aon chomhartha ann go mbeadh tionchar diúltach mór ar na hallmhaireoirí nó ar na húsáideoirí dá gcoinneofaí na bearta ar bun, tionchar a bheadh níos mó ná tionchar dearfach na mbeart ar thionscal an Aontais. Níor tháinig aon fhaisnéis chun solais san athbhreithniú reatha a chaithfeadh amhras ar na torthaí sin.

(171)

Thairis sin, mar a leagtar amach in aithris (116), bhí allmhairí ó thríú tíortha eile nach bhfuil faoi réir dleachtanna frithdhumpála i gceist le thart ar aon trian de sciar an Aontais den mhargadh a chuireann le hiomaíocht praghsanna agus le rogha an tsoláthair ar an margadh. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid nach bhfuil aon fhianaise ann a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear suntasach d’allmhaireoirí an táirge faoi athbhreithniú nó do pháirtithe leasmhara eile.

6.3.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(172)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

7.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(173)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, an dóchúlacht go dtarlóidh an díobháil an athuair agus maidir le leas an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála ar allmhairí clár iarnála ón tSín a choinneáil ar bun.

(174)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

(175)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(176)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(177)

Tá feidhm ag na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus a tháirgtear ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(178)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur chuig an gCoimisiún (62). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(179)

Is minic gur i bpíosaí a shloinntear staitisticí maidir le cláir iarnála. Níl aon aonad forlíontach den sórt sin ann áfach le haghaidh cláir iarnála a shonraítear san Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (63). Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh gur gá líon na bpíosaí le haghaidh allmhairí clár iarnála a chur isteach sa dearbhú um scaoileadh chun saorchúrsaíochta, anuas ar an meáchan in kg nó tonaí. Ba cheart píosaí a léiriú le haghaidh chóid TARIC 3924 90 00 10, 4421 99 99 10, 7323 93 00 10, 7323 99 00 10, 8516 79 70 10 agus 8516 90 00 51.

(180)

Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe go molfaí na bearta atá ann faoi láthair a choinneáil. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(181)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (64), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(182)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 3924 90 00 , ex 4421 99 99 , ex 7323 93 00 , ex 7323 99 00 , ex 8516 79 70 agus ex 8516 90 00 (cóid TARIC 3924 90 00 10, 4421 99 99 10, 7323 93 00 10, 7323 99 00 10, 8516 79 70 10 agus 8516 90 00 51) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

An tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Foshan City Gaoming Lihe Daily Necessities Co. Ltd, Foshan

34,9

A782

Daon-Phoblacht na Síne

Guangzhou Power Team Houseware Co. Ltd, Guangzhou

39,6

A783

Daon-Phoblacht na Síne

Since Hardware (Guangzhou) Co., Ltd, Guangzhou

35,8

A784

Daon-Phoblacht na Síne

Guangdong Wireking Household Supplies Co. Ltd, Foshan

18,1

A785

Daon-Phoblacht na Síne

Zhejiang Harmonic Hardware Products Co. Ltd, Quzhou

26,5

A786

Daon-Phoblacht na Síne

Greenwood Houseware (Zhuhai) Ltd, Guangdong

22,7

A953

Daon Phoblacht na Síne

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

42,3

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid i gcileagraim agus an líon píosaí) de chláir iarnála a díoladh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   I gcás ina dtíolacfar dearbhú maidir le scaoileadh chun saorchúrsaíochta i leith an táirge dá dtagraítear i mír 1, gan beann ar a áit thionscnamh, déanfar an líon píosaí de na táirgí a allmhairítear a iontráil i réimse ábhartha an dearbhaithe sin.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn míosúil faoin líon píosaí a allmhairítear faoi chóid TARIC 3924 90 00 10, 4421 99 99 10, 7323 93 00 10, 7323 99 00 10, 8516 79 70 10 agus 8516 90 00 51.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 452/2007 ón gComhairle an 23 Aibreán 2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÚcráine agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 109, 26.4.2007, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/452/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1243/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna dtáirgeadh ag Since Hardware (Guangzhou) Co., Ltd (IO L 338, 22.12.2010, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2010/1243/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 77/2010 ón gComhairle an 19 Eanáir 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, inter alia (IO L 24, 28.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2010/77/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 270/2010 ón gComhairle an 29 Márta 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2007 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, inter alia (IO L 84, 31.3.2010, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2010/270/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 805/2010 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2010 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna monarú ag Foshan Shunde Yongjian Housewares and Hardware Co. Ltd, Foshan (IO L 242, 15.9.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2010/805/oj).

(7)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (An Chéad Dlísheomra) an 1 Deireadh Fómhair 2009, Foshan Shunde Yongjian Housewares & Hardware Co. Ltd v Comhairle an Aontais Eorpaigh, C-141/08 P, ECLI:EU:C:2009:598.

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 987/2012 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2012 lena n-ath-fhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna monarú ag Zhejiang Harmonic Hardware Products Co. Ltd (IO L 297, 26.10.2012, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/987/oj).

(9)  Breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (An Ceathrú Dlísheomra) an 8 Samhain 2011, Zhejiang Harmonic Hardware Products v an Chomhairle, Cás T-274/07 (IO C 223, 22.9.2007, lch. 15, CELEX: 62007TA0274).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 695/2013 ón gComhairle an 15 Iúil 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, agus lena n-aisghairtear na bearta frithdhumpála ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh na hÚcráine tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) agus páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (IO L 198, 23.7.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/695/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 252, 2.10.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1662/oj).

(12)  Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe (IO C, C/2024/788, 16.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/788/oj).

(13)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí clár iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO C, C/2024/5916, 1.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5916/oj).

(14)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2752.

(15)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún.

(16)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (‘Tuairisc’), an 10 Aibreán 2024, SWD(2024) 91 final – Roinn 5.5, lch. 120.

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (64).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (60).

(19)  Tuarascáil – Roinn 3.3.2, lch. 47.

(20)  Tuarascáil – Roinn 12.10, lch. 357.

(21)  Tuarascáil – Roinn 11.2.2, lch. 299.

(22)  Tuarascáil – Roinn 14.8, lch. 416.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (81).

(24)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (84).

(25)  Tuarascáil – Roinn 6.8, lch. 181.

(26)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj.

(27)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (76); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (66); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (58); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (80); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (208).

(28)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (60); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (38); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (192).

(29)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí (66) go (68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (58); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (40); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (66); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí (193) agus (194). Cé go bhféadfaí a mheas gur léiriú ar na cearta úinéireachta comhfhreagracha é an ceart atá ag na húdaráis ábhartha stáit príomhphearsanra bainistíochta i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, dá bhforáiltear i reachtaíocht na Síne, léiríonn cealla Pháirtí Cumannach na Síne i bhfiontair, idir fhiontair faoi úinéireacht stáit agus fhiontair phríobháideacha, modh tábhachtach eile trínar féidir leis an stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir dhlí cuideachta na Síne, bunófar eagraíocht de chuid Pháirtí Cumannach na Síne i ngach cuideachta (le triúr comhaltaí de chuid an Pháirtí ar a laghad mar a shonraítear i mBunreacht Pháirtí Cumannach na Síne) agus cuirfidh an chuideachta na coinníollacha is gá ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí eagraíocht an pháirtí. San am atá thart, is cosúil nár comhlíonadh an ceanglas sin i gcónaí nó nár cuireadh i bhfeidhm go docht é. Mar sin féin, ó bhí 2016 ann ar a laghad threisigh Páirtí Cumannach na Síne na héilimh atá aige ar chinntí gnó a bheith faoina smacht i gcuideachtaí faoi úinéireacht stáit ar bhonn prionsabal polaitiúil. Tuairiscítear freisin gur chuir Páirtí Cumannach na Síne brú ar chuideachtaí príobháideacha tús áite a thabhairt don ‘tírghrá’ agus disciplín an pháirtí a chomhlíonadh. In 2017, tuairiscíodh go raibh cealla den pháirtí in 70 % den 1,86 milliún cuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach, agus go raibh an brú ag méadú ar eagraíochtaí Pháirtí Cumannach na Síne an focal deiridh a bheith acu maidir leis na cinntí gnó laistigh dá gcuideachtaí féin. Tá feidhm ghinearálta ag na rialacha sin ar fud gheilleagar na Síne, ar fud gach earnála, lena n-áirítear maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú agus soláthróirí a gcuid ionchur.

(30)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí (61) go (65); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (43); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí (195) go (201).

(31)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris 62; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (52); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (74); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris 202.

(32)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (72); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (33); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (75); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (203).

(33)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (73); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (54); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (76); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (204).

(34)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithrisí (99) agus (100).

(35)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(36)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.

(37)   https://www.tuik.gov.tr/.

(38)   Institiúid Staidrimh na Tuirce (TURKSTAT).

(39)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (127).

(40)   http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.

(41)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(42)   NACE Ath. 2 - Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha — Lámhleabhair Táirgí agus Treoirlínte - Eurostat .

(43)  Iarraidh ar athbhreithniú, roinn 6.2.

(44)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (134).

(45)  Iarraidh ar athbhreithniú, roinn 6.2 agus iarscríbhinní 8 agus 9.

(46)  Iarraidh, mír 8.3.

(47)   P. I-20, Investigation No. 731-TA-1047 (Third Review), Ironing Tables and Certain Parts Thereof from China, Lúnasa 2021, le fáil ag https://www.usitc.gov/publications/701_731/pub5221.pdf.

(48)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (197).

(49)   Ironing tables and certain parts thereof from China; Inv. No. 731-TA-1047 (Third Review): https://ids.usitc.gov/case/1585/investigation/5133, (arna rochtain go deireanach an 26 Meitheamh 2025).

(50)   Ironing tables and certain parts thereof from China; Inv. No. 731-TA-1047 (Review): https://ids.usitc.gov/case/1585/investigation/2972, agus 2010-15631.pdf (arna rochtain go deireanach an 26 Meitheamh 2025).

(51)   Ironing tables and certain parts thereof from China; Inv. No. 731-TA-1047 (Second Review): https://ids.usitc.gov/case/1585/investigation/4271, agus 2016-05172.pdf (arna rochtain go deireanach an 26 Meitheamh 2025).

(52)   US International Trade Commission, Investigation No. 731- TA-1047 (Third Review), Ironing Tables and Certain Parts Thereof from China, Lúnasa 2021, le fáil anseo: pub5221.pdf (arna rochtain go deireanach an 26 Meitheamh 2025).

(53)  An Clár Feidearálach / Imleabhar 88, Uimh. 75 / Dé Céadaoin, an 19 Aibreán 2023, le fáil anseo: https://www.govinfo.gov/content/pkg/FR-2023-04-19/pdf/2023-08232.pdf (arna rochtain go deireanach an 26 Meitheamh 2025).

(54)  Fógra faoi chinneadh 2020/35: dleacht frithdhumpála ar chláir iarnála de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, le fáil anseo: Notice of determination 2020/35: anti-dumping duty on ironing boards originating in the People’s Republic of China - GOV.UK. Dleachtanna frithdhumpála a eascraíonn as an Rialachán maidir leis an athbhreithniú éaga roimhe seo agus a aistríodh ansin chuig an Ríocht Aontaithe, bhí siad le dul in éag an 3 Deireadh Fómhair 2024. De bhun an fhógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú aistrithe dar teideal Notice of Initiation Transition Review No. TD0063 Anti-Dumping duty on ironing boards originating in the People’s Republic of China (PRC) Initiation of a Transition Review of Anti-Dumping Measure, thionscain Údarás Leigheasanna Trádála na Ríochta Aontaithe (‘TRA’) athbhreithniú aistrithe an 30 Meán Fómhair 2024, atá le fáil anseo: https://www.trade-remedies.service.gov.uk/public/case/TD0063/submission/1c3d51b7-04e4-4b1f-b546-5c1760ffbb0b/.

(55)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (134).

(56)  Iarraidh, mír 98.

(57)  Iarraidh, mír 14.

(58)  Iarraidh, mír 98.

(59)   Labour market and wage developments in Europe 2024 [Forbairtí sa mhargadh saothair agus forbairtí pá san Eoraip 2024] - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, lch. 47.

(60)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (194).

(61)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1662 ón gCoimisiún, aithris (188).

(62)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(63)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2522 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L, 2024/2522, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2522/oj).

(64)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2386/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)