|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2385 |
28.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2385 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Samhain 2025
lena gcuirtear allmhairí aigéad fosfónach ailcile áirithe agus a salann sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,
Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Meán Fómhair 2025, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí aigéad fosfónach ailcile áirithe agus a salann sóidiam de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas. |
|
(2) |
Tionscnaíodh na himeachtaí seo tar éis gearán a chuir LANXESS Deutschland GmbH isteach an 7 Lúnasa 2025, thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán aigéad fosfónach ailcile áirithe agus a salann sóidiam san Aontas acu. |
1. AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE
|
(3) |
Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) aigéad 2-fosfónabútán-1,2,4-trícharbocsaileach (‘PBTC’ nó ‘PBTCA’) agus a shalann sóidiam 2-fosfónatabútán-1,2,4-trícharbocsaláit teitreasóidiam hidrigine (‘PBTC-Na4’), i bhfoirm sholadach nó i dtuaslagán uiscí, de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. Is iondúil go dtagann an táirge lena mbaineann faoi Sheirbhísí na gCoimrithe Ceimiceacha (‘CAS’) 37971-36-1 agus 66669-53-2, tá sé cláraithe san Aontas Eorpach faoi uimhreacha tagartha an Chomhphobail Eorpaigh (CE) 253-733-5 agus 266-442-3, faoi seach, agus is iad 0027475-9 agus 0087281-1 na hUimhreacha Custaim agus Staidrimh (‘CUS’) ar an bhFardal Eorpach Custaim maidir le Substaintí Ceimiceacha (‘ECICS’). Ó bhí an 1 Eanáir 2025 ann, aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chód AC 2931 49 80 (cód TARIC 2931 49 80 60). Le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024, aicmíodh an táirge lena mbaineann faoi chód TARIC 2931 49 90 90. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC agus gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin. |
2. CLÁRÚ
|
(4) |
Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe chun a áirithiú go bhféadfar na dleachtanna sin a thobhach go cúlghabhálach, má chomhlíontar na coinníollacha is gá, ar na hallmhairí cláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, i gcás ina mbeadh torthaí ar na himscrúduithe as a dtiocfadh forchur dleachtanna frithdhumpála. |
|
(5) |
Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, más ann dóibh, déanfar measúnú orthu sa rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha. |
|
(6) |
Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé. |
|
(7) |
De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlach dumpála idir 100 % agus leibhéal díothaithe díobhála idir 75 % agus 95 % a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024. De ghnáth, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle den dá leibhéal sin de réir Airteagal 7(2) den bhun-Rialachán. |
|
(8) |
Má thagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh ar amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(9) |
Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú a bheith bunaithe orthu. |
3. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(10) |
Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás aigéad 2-fosfónabútán-1,2,4-trícharbocsaileach agus a shalann sóidiam 2-fosfónatabútán-1,2,4-trícharbocsaláit teitreasóidiam hidrigine, i bhfoirm sholadach nó i dtuaslagán uiscí, a aicmítear faoi chóid AC 2931 49 80 (cód TARIC 2931 49 80 60) faoi láthair, agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Rachaidh an clárúchán in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj .
(2) IO C, C/2025/5021, 18.9.2025.
(3) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2385/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)