European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2365

26.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2365 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Samhain 2025

maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá micreaphlaistigh ina substaint uileláithreach dhianseasmhach trasteorann. Déanann siad díobháil don chomhshaol agus d’fhéadfaidís díobháil a dhéanamh do shláinte an duine. Is féidir an díobháil a dhéanann micreaphlaistigh don chomhshaol agus a d’fhéadfaidís a dhéanamh do shláinte an duine a mhéadú tuilleadh nuair a bhíonn breiseáin dhíobhálacha cheimiceacha agus substaintí eile arb údar imní iad i láthair le linn táirgeadh agus tiontú. Iompraítear micreaphlaistigh go héasca tríd an aer agus in uiscí dromchla talún agus sruthanna aigéin, agus is toisc ghéaraitheach í a soghluaisteacht. Faightear san ithir iad, lena n-áirítear tailte talmhaíochta, i lochanna, in aibhneacha, in inbhir, ar thránna, i murlaigh, i bhfarraigí, in aigéin agus i réigiúin iargúlta a bhíodh gan mhilleadh tráth. De dheasca iad a bheith san ithir bíonn éifeachtaí aige sin ar airíonna ithreach agus spreagann siad athruithe ar an ithir, rud ag a mbíonn tionchar diúltach ar fhás roinnt plandaí. Tá doiciméadú forleathan déanta ar thionchair micreaphlaisteach ar an muirthimpeallacht. Tar éis dóibh dul isteach sa mhuirthimpeallacht, tá sé beagnach dodhéanta micreaphlaistigh a bhailiú, agus is eol go n-ionghabhann raon orgánach agus ainmhithe iad agus go ndéanann siad díobháil don bhithéagsúlacht agus d’éiceachórais. Féadtar marthanacht na millíní plaisteacha sa timpeallacht uisceach a thomhas i gcaitheamh scór éigin bliain, agus má dhéanann fiadhúlra muirí, go háirithe éin mhara agus turtair mhara, millíní plaisteacha a ionghabháil, féadfaidh siad díobháil fhisiceach a dhéanamh dóibh nó a bheith ina gcúis bháis. Cuireann micreaphlaistigh leis an athrú aeráide freisin mar fhoinse bhreise astaíochtaí gás ceaptha teasa agus brú ar éiceachórais araon. Is cuid dhílis den fhadhb é go bhféadfadh micreaphlaistigh feidhmiú mar iompróir substaintí tocsaineacha asúite nó miocrorgánach pataigineach. Nochtar daoine ar mhicreaphlaistigh tríd an aer agus trí thomhaltas bia. An fheasacht mhéadaithe faoi mhicreaphlaistigh a bheith sa slabhra bia, d’fhéadfadh sí dochar a dhéanamh do mhuinín tomhaltóirí agus d’fhéadfadh iarmhairtí eacnamaíocha a bheith léi. D’fhéadfadh drochthionchair eacnamaíocha a bheith aige sin ar ghníomhaíochtaí éagsúla sna limistéir a dtéann na scaoiltí i bhfeidhm orthu, cuir i gcás an iascaireacht tráchtála agus an talmhaíocht chomh maith leis an áineas agus an turasóireacht.

(2)

Sa tuairim uaidh an 30 Aibreán 2019 dar teideal Environmental and health risks of microplastic pollution [Rioscaí comhshaoil agus sláinte a bhaineann le truailliú micreaphlaisteach], mheas Grúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta an Choimisiúin go bhfuil ‘cúiseanna móra imní ann agus cúiseanna móra le bearta réamhchúraim a dhéanamh’.

(3)

Is millíní plaisteacha aon ábhar múnlaithe ina bhfuil polaiméir, de thionscnamh príomhúil nó tánaisteach, nó den dá rud, gan beann ar cibé acu a dhíorthaítear iad ó bhithmhais nó a bheartaítear go mbith-dhígrádóidh siad le himeacht ama. Beartaítear millíní plaisteacha a úsáid go príomha in oibríochtaí monaraíochta táirgí plaisteacha trí bhíthin múnlú, lena gcuimsítear múnlú stricto sensu, easbhrú, cúradh, sceodhéanamh, comhbhrú nó instealladh. De rogha air sin, féadtar millíní plaisteacha a úsáid in oibríochtaí monaraíochta táirgí a bhaineann le táirgí neamhphlaisteacha, i gcás ina n-imchochlaítear na millíní sin go ceimiceach i maitrís, mar shampla i gcoincréit éadrom, nó a gcuimsítear sa táirge go fisiceach iad, mar shampla asfalt. Féadfaidh breiseáin cheimiceacha a bheith i millíní plaisteacha agus féadfaidh siad cruthanna agus foirmeacha iomadúla a bheith orthu, mar shampla millíní plaisteacha réamhtháirgthe, gráinníní, calóga, roisíní, sorcóirí, coirníní, púdar, micreaphúdar, micrisféir agus ceirtleáin. De ghnáth is idir 2 agus 5 de mhilliméadair an trastomhas a bhíonn orthu, cé gur lú nó mó ná sin cuid bheag acu.

(4)

Maidir le deannach millíní plaisteacha, is é atá ann an t-iarmhar tionsclaíoch a eascraíonn as láimhseáil, meilt nó próiseáil na millíní plaisteacha nach n-úsáidtear in oibríochtaí monaraíochta táirgí plaisteacha, agus dá bhrí sin, ní thagann sé faoi raon feidhme an tsainmhínithe ar mhillíní plaisteacha sa Rialachán seo. Is deacair giniúint an deannaigh sin a sheachaint ach is féidir í a íoslaghdú. Ba cheart an deannach sin a eastóscadh trí bhíthin scagairí nó feistí gabhála mar bheart sláinte agus sábháilteachta ag an obair.

(5)

Tá caillteanas millíní plaisteacha ar an tríú foinse is mó micreaphlaisteach a scaoiltear go neamhbheartaithe isteach sa chomhshaol san Aontas agus is é is cúis leis droch-chleachtais láimhseála ag gach céim de shlabhra soláthair na millíní plaisteacha, lena n-áirítear athchúrsáil, máistirbhaisceáil, meascadh, tiontú, próiseáil, dáileadh, iompar, lena n-áirítear iompar ar muir, agus oibríochtaí lóistíochta eile, stóráil, pacáistiú, agus glanadh coimeádán agus umar millíní plaisteacha. Tá sé bunriachtanach dá réir sin cur chuige i leith an tslabhra soláthair a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na gníomhaithe eacnamaíocha uile a bhfuil baint acu le millíní plaisteacha a láimhseáil tiomanta do chaillteanas a chosc. Ó bhí 2015 ann, tá an clár idirnáisiúnta Operation Clean Sweep® glactha de réir a chéile ag tionscal monaraíochta ábhar plaisteach na hEorpa mar ghealltanas deonach. Faoin gclár sin, aithníonn gach fiontar a tháirgeann nó a láimhseálann millíní plaisteacha a thábhachtaí atá sé gan aon chaillteanas millíní a bheith ann agus geallann sé dea-chleachtais a ghlacadh. Cé go mbíonn tuiscint mhaith go ginearálta ag sínitheoirí Operation Clean Sweep® ar na cleachtais sin, níor cuireadh chun feidhme go cuimsitheach iad. Níor glacadh clár Operation Clean Sweep® go forleathan sa tionscal ábhar plaisteach fós.

(6)

Tá imní léirithe sa chuid is mó den domhan maidir le tionchair an truaillithe mhicreaphlaistigh ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Tá bearta tiomnaithe glactha nó beartaithe ag roinnt Ballstát. Mar sin féin, d’fhéadfadh meascán de shrianta náisiúnta bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(7)

Mar iarracht dul i ngleic leis an truailliú plaisteach, sa Teachtaireacht uaidh an 16 Eanáir 2018 dar teideal ‘Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach’, d’aithin an Coimisiún na rioscaí a bhaineann le micreaphlaistigh agus d’iarr sé réitigh nuálacha a bheadh spriocdhírithe ar na foinsí éagsúla micreaphlaisteach. Rinne an Coimisiún athnuachan ar an ngealltanas sin sna teachtaireachtaí uaidh an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an 11 Márta 2020 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, agus an 12 Bealtaine 2021 i ndáil leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach. Áirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, i measc a spriocanna le haghaidh 2030, laghdú 30 % a dhéanamh ar an méid micreaphlaisteach a scaoiltear sa chomhshaol.

(8)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tugtar aghaidh ar an truailliú micreaphlaisteach trí shrian a fhorchur ar mhicreaphlaistigh a chur ar an margadh, ar micreaphlaistigh iad a chuirtear le táirgí d’aon ghnó, ós rud é go n-eascraíonn truailliú micreaphlaisteach nach beag as úsáid micreacháithníní polaiméire sintéisí astu féin nó nuair a chuirtear le táirgí d’aon ghnó iad, agus go mbaineann riosca do-ghlactha don chomhshaol leis an truailliú sin.

(9)

I mí an Mheithimh 2021, ghlac na páirtithe conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (Coinbhinsiún OSPAR) Moladh 2021/06 ó OSPAR maidir le caillteanas millíní plaisteacha sa mhuirthimpeallacht a laghdú (‘Moladh 2021/06 ó OSPAR’) agus é mar aidhm acu bruscar muirí a laghdú trí fhorbairt agus cur chun feidhme tráthúil na gcaighdeán éifeachtach comhsheasmhach maidir le caillteanas millíní a chosc agus na scéimeanna deimhniúcháin le haghaidh an tslabhra soláthair plaistigh ar fad a chur chun cinn. Tá bearta chun íoslaghdú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le muiriompar na millíní plaisteacha á scrúdú ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), a d’eisigh ciorclán neamhcheangailteach MEPC.1/Circ 909 maidir le moltaí chun millíní plaisteacha a iompar ar muir i gcoimeádáin lasta (‘MEPC.1/Circ 909’). Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas agus a Bhallstáit le súil ghéar a choinneáil ar aon fhorbairtí a dhéanfar amach anseo ag IMO, agus ról ceannasach a bheith acu maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil a áirithiú i ndáil leis an tsaincheist sin, mar shampla, trí ardchaighdeán cosanta a leagan síos.

(10)

San aighneacht ón Aontas a cuireadh faoi bhráid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe i bhfianaise an dara seisiún den Choiste Caibidlíochta Idir-Rialtasach um ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir leis an truailliú plaisteach (INC-2), leag an tAontas agus a Bhallstáit béim ar a thábhachtaí atá sé go n-áireofar bearta san ionstraim a bheidh ann amach anseo chun scaoiltí neamhbheartaithe micreaphlaisteach a laghdú.

(11)

Cé gurb ann do ghníomhartha dlí de chuid an Aontais ann a bhaineann leis an dramhaíl, an truailliú, bruscar muirí agus ceimiceáin a chosc, níl aon riail shonrach de chuid an Aontais ann lena gcoisctear caillteanas millíní plaisteacha mar fhoinse truaillithe mhicreaphlaistigh ar feadh an tslabhra soláthair ar fad. Le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) leagtar síos prionsabail bhunúsacha maidir le bainistiú dramhaíola agus forchuirtear oibleagáidí ginearálta ar na Ballstáit chun bearta a dhéanamh chun giniúint dramhaíola a chosc. Ba cheart na hoibleagáidí ginearálta sin a chomhlánú trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe agus ar cheanglais shonracha maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil go cúramach ionas nach dramhaíl a bheidh iontu.

(12)

Cé go bhfuil táirgeadh na n-ábhar polaiméireach ar scála tionsclaíoch faoi raon feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ní chumhdaítear gníomhaíochtaí eile leis an Treoir sin, cuir i gcás tiontú, iompar nó stóráil na millíní plaisteacha, ar gníomhaíochtaí iad a bhíonn faoi stiúir ag fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide de ghnáth. Thairis sin, ní thugtar i nDoiciméad Tagartha mhí Lúnasa 2007 maidir leis na Teicnící is Fearr atá ar Fáil i dTáirgeadh na bPolaiméirí, a bunaíodh de bhun Threoir 96/61/CE ón gComhairle (7), aghaidh ar shaincheist shonrach chaillteanas na millíní plaisteacha.

(13)

Le Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tugtar aghaidh ar an bhfaireachán agus ar an measúnú ar thionchair an bhruscair mhicrimhéide, lena n-áirítear micreaphlaistigh, sa chomhshaol cósta agus sa mhuirthimpeallacht. Tá forbairt déanta ar uasdátú ar an gcéad treoraíocht maidir le faireachán a dhéanamh ar an mbruscar muirí d’fhonn modheolaíochtaí a chomhchuibhiú lena n-áirítear i ndáil le modheolaíocht chun faireachán a dhéanamh ar láithreacht agus ar dháileadh na millíní plaisteacha feadh an chósta. Mar sin féin, ní áirítear le Treoir 2008/56/CE ceanglais shonracha a bhaineann le caillteanas na millíní plaisteacha ag an bhfoinse a chosc nó a laghdú.

(14)

Le Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún (9), lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, tugtar aghaidh ar chaillteanas na micreacháithníní polaiméire sintéisí, i.e. millíní plaisteacha, a úsáidtear ar láithreáin thionsclaíocha, mar scaoiltí ar féidir iad a sheachaint agus tugtar ceanglas tuairiscithe isteach leis maidir le meastachán a dhéanamh ar chainníocht na micreaphlaisteach a scaoiltear sa chomhshaol ar bhonn bliantúil. Cé nach bhfuil modheolaíocht sa cheanglas sin chun meastachán a dhéanamh ar chaillteanas, tá sé beartaithe leis go mbeidh níos mó faisnéise ar fáil faoi chaillteanas na millíní plaisteacha agus go gcuirfear feabhas ar cháilíocht na faisnéise a bhailítear chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a thagann as na micreaphlaistigh sin amach anseo.

(15)

Chun a áirithiú go ndéanfar millíní plaisteacha a láimhseáil go sábháilte agus go freagrach ag gach céim de shlabhra soláthair na millíní plaisteacha chun nach mbeifear á gcailleadh sa chomhshaol agus go mbainfear amach an uaillmhian gan aon chaillteanas millíní plaisteacha a bheith ann, is gá ceanglais a bhunú maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil feadh an tslabhra soláthair ar fad, eadhon sna céimeanna seo a leanas: táirgeadh, lena n-áirítear aschur ó athchúrsáil, máistirbhaisceáil, meascadh, tiontú, próiseáil, dáileadh, iompar, stóráil, pacáistiú agus glanadh umar agus coimeádán ag stáisiúin ghlantacháin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na heintitis uile a láimhseálann millíní plaisteacha feadh an tslabhra soláthair ar fad, gan beann ar a n-úsáid deiridh.

(16)

Ba cheart dea-chleachtais láimhseála a mholtar go hidirnáisiúnta a áireamh sna ceanglais láimhseála, mar aon leis na ceanglais a leag an tionscal san Aontas síos cheana maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil. I ndáil leis an méid sin, is den tábhacht é go ndéanfadh an tAontas agus a Bhallstáit iarracht na moltaí in MEPC. 1/Circ 909 a dhéanamh éigeantach ar an leibhéal idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh an tAontas plé a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí fógra a thabhairt d’údaráis inniúla agus millíní plaisteacha á n-iompar acu i dtír nach í an tír ina bhfuil siad bunaithe.

(17)

I bhfianaise chineál díobhálach na millíní plaisteacha nuair a chailltear sa chomhshaol iad, agus an oibleagáid ghinearálta atá ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar iompróirí a leagtar síos sa Rialachán seo caillteanas millíní plaisteacha a sheachaint á cur san áireamh, is iomchuí ceanglais shonracha faisnéise a leagan síos ina mbeidh picteagram agus ráiteas rabhaidh. Chun an t-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar iompróirí a laghdú, ba cheart a bheith in ann na ceanglais sin a chur chun feidhme trí na hoibleagáidí atá ann cheana faoi Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 a chur san áireamh. Leagtar amach i míreanna 7 agus 10 d’iontráil 78 den Iarscríbhinn sin ceanglais faisnéise le haghaidh soláthróirí micreacháithníní polaiméire sintéisí. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart soláthróirí micreacháithníní polaiméire sintéisí a thuiscint mar aon mhonaróir, allmhaireoir, úsáideoir iartheachtach nó dáileoir a chuireann millíní plaisteacha ar an margadh ar micreacháithníní polaiméire sintéisí iad. Ba cheart dóibh faisnéis ábhartha a sholáthar ar an lipéad, ar an bpacáistíocht, ar an mbileog phacáiste nó ar an mbileog sonraí sábháilteachta. Ba cheart dóibh a bheith in ann an fhaisnéis ábhartha sin a sholáthar agus an fhaisnéis a leagtar síos in iontráil 78, mír 10, d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á soláthar acu. Ós rud é go bhféadfadh éifeachtacht éagsúil a bheith ag na modhanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann chun an fhaisnéis ábhartha sin a sholáthar chun rannchuidiú le comhlíonadh na hoibleagáide ginearálta maidir le caillteanas a sheachaint, is iomchuí don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí atá siad i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Rialachán seo.

(18)

Nuair a scaoiltear millíní plaisteacha agus nuair a scaiptear iad sa mhuirthimpeallacht, is féidir leo dochar a dhéanamh d’acmhainní beo agus don bheatha mhuirí agus is féidir leo cur isteach ar úsáidí dlisteanacha eile na farraige, iascaireacht agus dobharshaothrú, mar shampla. Ós rud é go bhfuil sé deacair d’éin idirdhealú a dhéanamh idir uibheacha éisc agus millíní plaisteacha, millíní plaisteacha atá i dtuairim is 70 % den phlaisteach a itheann éin mhara, in ainneoin nach millíní plaisteacha atá in 0,05 % de na píosaí plaisteacha in uiscí dromchla. Tá tuairim is 250 speiceas éan mara ar domhan agus fuarthas píosaí beaga plaisteacha i mboilg éan i gcás 63 cinn de na speicis sin. Thairis sin, ó thaobh meáchain de, meastar gurb iad millíní plaisteacha an dara foinse dhíreach is mó de thruailliú muirí micreaphlaisteach. Meastar go dtéann na billiúin millíní plaisteacha aonair isteach san aigéan gach bliain. Is é is cúis leis sin caillteanas agus doirteadh, idir mhionscála agus mhórscála, a tharlaíonn ar talamh agus ar muir ag gach céim den slabhra soláthair, go háirithe agus millíní plaisteacha á n-iompar. Ina theannta sin, féadfaidh millíní plaisteacha teacht i dtír ar thránna agus cladaí agus, dá thoradh sin, bíonn drochthionchar acu ar an turasóireacht agus ar ghníomhaíochtaí cois cladaigh. Mar thoradh ar roinnt teagmhas a bhain le soithí farraige, scaoileadh roinnt tonaí millíní plaisteacha sa mhuirthimpeallacht agus bhí iarmhairtí tubaisteacha aige sin ar an gcomhshaol agus ar phobail áitiúla. Mar shampla, timpiste Toconao a bhain do chósta thuaidh na Spáinne in 2023, inar cailleadh 6 choimeádán lasta, lenar áiríodh coimeádán lasta ina raibh míle mála 25 kg de mhillíní plaisteacha. Tháinig na milliúin millíní plaisteacha i dtír ar Chósta na Gailíse mar gheall ar an timpiste sin.

(19)

Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ó thaobh an mhuiriompair de, in 2024 d’fhormheas an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid IMO MEPC.1/Circ.909. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil na moltaí sin ceangailteach ó thaobh dlí, ba cheart don Aontas, i gcomhréir lena oibleagáid faoi na Conarthaí cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, agus bearta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain, rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí a thabhairt isteach tríd an Rialachán seo chun bheith ina cheannródaí domhanda maidir le hardleibhéal cosanta comhshaoil sa réimse seo. Ba cheart do sheoltóirí a áirithiú go ndéantar millíní plaisteacha a phacáil i bpacáistíocht dhea-cháilíochta, go seachadtar faisnéis iompair, go tráthúil, ar oibreoir, gníomhaire agus máistir an tsoithigh farraige agus go ndéantar aon iarraidh speisialta ar stuáil a chomhlánú go cuí. Ba cheart d’oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige, ar bhonn na faisnéise iompair a fhaightear ó na seoltóirí, a áirithiú go ndéantar coimeádáin lasta ina bhfuil millíní plaisteacha a stuáil agus a dhaingniú i gceart chun guaiseacha don mhuirthimpeallacht a íoslaghdú gan dochar a dhéanamh do shábháilteacht an tsoithigh farraige agus na ndaoine ar bord. Go sonrach, ba cheart coimeádáin lasta ina bhfuil millíní plaisteacha a stuáil faoin deic nuair is indéanta le réasún, nó a stuáil ar bord i limistéir faoi fhothain de dheiceanna atá nochta. Comhlánaíonn na ceanglais sin creataí dlíthiúla foriomlána IMO agus an Aontais maidir le sábháilteacht an mhuiriompair agus maidir le truailliú ó longa a chosc, go háirithe Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) lenar bunaíodh córas chun tionóiscí agus truailliú ar muir a chosc agus na rialacha dlíthiúla idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

(20)

Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad ceanglais a chur chun feidhme maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil trí ord tosaíochta gníomhaíochta a leanúint chun go gcuirfear cosc ar scaoileadh na millíní plaisteacha sa chomhshaol mar chéad tosaíocht. Dá bhrí sin, is é an chéad chéim is ceart a thabhairt doirteadh millíní plaisteacha ó imshrianadh príomhúil a chosc le linn na gnáthláimhseála, rud a laghdaíonn riosca an doirte go dtí an leibhéal is ísle is féidir, lena n-áirítear trí aon láimhseáil neamhriachtanach a sheachaint, trí na pointí aistrithe a laghdú, mar shampla, agus pacáistíocht dhea-cháilíochta a úsáid; ina dhiaidh sin, ba cheart millíní plaisteacha doirte a imshrianadh chun a áirithiú nach gcaillfear sa chomhshaol iad, agus ba cheart glantachán a dhéanamh tar éis teagmhas doirte nó caillteanas mar chéim dheiridh. Ba cheart idirghabhálacha imshrianta agus glantacháin a dhéanamh ar bhealach a íoslaghdaíonn an damáiste don chomhshaol, go háirithe i ngnáthóga íogaire.

(21)

Cé gurb é is aidhm don Rialachán seo caillteanas millíní plaisteacha ag na hoibreoirí eacnamaíocha uile agus ag na hiompróirí uile de chuid an Aontais agus ag na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad a chosc, ba cheart na hoibleagáidí ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a choigeartú chun an t-ualach a bhíonn orthu a mhaolú. Ar an taobh eile, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit bearta cosanta níos déine a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun. Ní mór na bearta sin, lena n-áirítear bearta a dhíríonn ar oibreoirí eacnamaíocha a láimhseálann níos mó ná 5 thona de mhillíní plaisteacha, a bheith comhoiriúnach leis na Conarthaí.

(22)

Chun inrianaitheacht na millíní plaisteacha a láimhseáiltear agus a iompraítear i ngach Ballstát a áirithiú agus chun go mbeidh údaráis inniúla in ann seiceálacha comhlíontachta a dhéanamh go héifeachtúil, is gá suiteálacha a láimhseálann millíní plaisteacha agus na hiompróirí a iompraíonn iad a chlárú.

(23)

Chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha plean bainistithe riosca lena n-áirítear measúnú riosca a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil cothrom le dáta i gcónaí, ina sainaithneofar an baol a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le doirteadh agus caillteanas, agus doiciméadú a dhéanamh go háirithe ar threalamh agus ar nósanna imeachta sonracha atá i bhfeidhm chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh. Ba cheart costais agus tairbhí an trealaimh bhreise agus na nósanna imeachta breise chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta a chur san áireamh sa phlean bainistithe riosca freisin, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le méid a cuid oibríochtaí á gcur san áireamh freisin. I gcás inar cuireadh breiseáin le millíní plaisteacha, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha airíonna guaiseacha na millíní plaisteacha lena mbaineann a mheas agus, i gcás inar dócha go méadódh na breiseáin sin an díobháil do shláinte an duine nó don chomhshaol i gcás caillteanas millíní plaisteacha, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha breithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin a áireamh sa phlean bainistithe riosca.

(24)

Chun é a chur ar chumas na n-údarás inniúil comhlíonadh cheanglais an phlean bainistithe riosca a fhíorú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha an plean bainistithe riosca atá curtha ar bun acu a thabhairt don údarás inniúil, in éineacht le féindearbhú comhréireachta nó deimhniú, de réir mar is infheidhme.

(25)

Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha a bheith in ann an trealamh sonrach a bheidh le suiteáil nó na nósanna imeachta a bheidh le cur chun feidhme a shocrú trí chur chuige rioscabhunaithe. Dá ainneoin sin, agus an comhlíonadh á fhíorú, ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha an plean bainistithe riosca a leasú, lena n-áirítear trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear sa Rialachán seo a dhéanamh, de réir tráthchlár ar leith, chun cur chun feidhme leordhóthanach cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú.

(26)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar leordhóthanacht an phlean bainistithe riosca arna dhearadh go sainiúil i gcás gach suiteála, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha taifead a choimeád ar mheastacháin ar chainníocht na millíní plaisteacha a chailltear in aghaidh na bliana, in éineacht leis an gcainníocht iomlán a láimhseáiltear. Chun an t-ualach ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na deimhnitheoirí a bheith in ann faisnéis a úsáid maidir le meastacháin ar chainníochtaí arna scaoileadh faoi chuimsiú an cheanglais tuairiscithe faoi Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.

(27)

I ngeall ar shaintréithe a ngníomhaíochta, níor cheart iompróirí a shainordú chun plean bainistithe riosca a bhunú agus a chur chun feidhme. Ina áit sin, ba cheart é a chur de cheangal orthu tabhairt faoi bhearta inláimhsithe arb é is aidhm dóibh doirteadh agus caillteanas a chosc agus a imshrianadh agus aghaidh a thabhairt orthu. Ba cheart na bearta sin a bheith faoi réir a bhfíoraithe ag údaráis inniúla, le linn an phróisis iompair go príomha. Ba cheart cuid de na bearta sin a chur chun feidhme le linn oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe, an tráth is minic a tharlaíonn doirteadh agus caillteanas. Is faoi fhreagracht na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-iompróirí araon a dhéantar na hoibríochtaí sin de ghnáth, ach is iad na hiompróirí an t-aon pháirtí amháin atá freagrach as an turas iompair.

(28)

Ba cheart d’iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad ionadaí údaraithe a ainmniú, agus ba cheart don ionadaí sin gníomhú thar ceann an iompróra nach iompróir de chuid an Aontais é agus ba cheart d’aon údarás inniúil a bheith in ann dul i dteagmháil leis. Ba cheart an t-ionadaí údaraithe a ainmniú go sainráite trí shainordú i scríbhinn ón iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é maidir le hoibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo. Ní bheidh tionchar ag ceapadh an ionadaí sin ar fhreagracht ná ar dhliteanas an iompróra nach iompróir de chuid an Aontais é faoin Rialachán seo. Ba cheart an t-ionadaí údaraithe a bheith faoi réir imeachtaí forfheidhmiúcháin, a mhéid a bhaineann lena shainordú, i gcás neamhchomhlíonadh ag an iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é.

(29)

Chun gur féidir na gníomhaíochtaí a chur chun feidhme nach mór a dhéanamh chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc, a shrianadh agus a ghlanadh suas, teastaíonn comhar agus tiomantas iomlán fhostaithe na n-oibreoirí eacnamaíocha, fhostaithe na n-iompróirí de chuid an Aontais agus fhostaithe na n-iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad. Ba cheart é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad oiliúint a chur ar a bhfoireann de réir róil agus fhreagrachtaí sonracha a bhfostaithe chun a áirithiú go mbeidh siad ar an eolas faoin trealamh agus in ann é a shuiteáil, a úsáid agus a chothabháil agus na nósanna imeachta is gá a fhorghníomhú chun go n-áiritheofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo, lena n-áirítear conas faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chaillteanas millíní plaisteacha. I gcás inarb iomchuí, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad bearta ceartaitheacha a ghlacadh lena n-áirítear, i gcás inar gá, feabhas a chur ar an trealamh agus ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm. Ba cheart a cheangal orthu freisin faireachán a dhéanamh ar chainníochtaí measta bliantúla na gcaillteanas agus taifid a choimeád orthu chun cuidiú le bearnaí eolais leanúnacha a líonadh.

(30)

Is iondúil go mbíonn struchtúr níos casta ag fiontair mheánmhéide agus mhóra mar gheall ar a méid. I gcásanna ina n-oibríonn siad suiteálacha ina láimhseáiltear cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn in aghaidh na bliana, ba cheart a cheangal orthu, le haghaidh gach suiteála, gníomhaíochtaí breise a chur chun feidhme mar shampla measúnú inmheánach bliantúil a dhéanamh agus clár oiliúna a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar riachtanais agus socruithe oiliúna sonracha le haghaidh an chláir oiliúna. D’fhéadfaí ábhair a chumhdach leis an measúnú inmheánach, mar shampla cainníochtaí measta agus cúiseanna measta na gcaillteanas, an trealamh coisctheach, imshrianta agus glantacháin nó na nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme chun caillteanas amach anseo a sheachaint, agus a éifeachtaí atá siad sin, pléití leis an bpearsanra, cigireachtaí ar threalamh agus ar nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus athbhreithniú ar aon doiciméadacht ábhartha.

(31)

Micrifhiontair agus fiontair bheaga, mheánmhéide agus mhóra a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha ar lú a meáchan ná an tairseach 1 500 tona in aghaidh na bliana, ba cheart é a chur de cheangal orthu a bheith faoi réir féindearbhú comhréireachta. Ba cheart tréimhse leordhóthanach a thabhairt dóibh freisin chun a gcomhlíonadh a léiriú.

(32)

Fiontair a oibríonn suiteálacha ina láimhseáiltear cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn in aghaidh na bliana, is féidir leo a bheith freagrach as rioscaí níos airde maidir le caillteanas millíní plaisteacha. Fiontair mheánmhéide agus mhóra a oibríonn suiteálacha ina láimhseáiltear cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn in aghaidh na bliana, ba cheart dóibh a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoirí a fháil agus a athnuachan. I gcomhréir le cur chuige an tslabhra soláthair, agus an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí beaga á theorannú ag an am céanna, ba cheart d’fhiontair bheaga a oibríonn suiteálacha ina láimhseáiltear cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn in aghaidh na bliana comhlíonadh a léiriú trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoirí a fháil a bhfuil bailíocht 5 bliana aige. Tá an próiseas deimhniúcháin beartaithe freisin chun cabhrú leis na fiontair bheaga a oibríonn suiteálacha ina láimhseáiltear cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn in aghaidh na bliana na gníomhaíochtaí a shainaithint nach mór a dhéanamh chun a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. Tar éis thréimhse éaga an deimhnithe, ba cheart d’fhiontair bheaga den sórt sin comhlíonadh a léiriú trí fhógra á rá go ndearna siad nuashonrú ar a bplean bainistithe riosca agus go ndearna siad féindearbhú comhréireachta a thabhairt don údarás inniúil gach 5 bliana ón bhfógra deireanach, ach amháin má roghnaíonn fiontair bheaga den sórt sin, go tráthúil, leanúint de chomhlíonadh a léiriú trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoirí a athnuachan.

(33)

Níor cheart do dheimhnitheoirí, seirbhísí sainchomhairleoireachta go háirithe, dul i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais ná lena n-ionracas maidir leis na gníomhaíochtaí deimhniúcháin dá bhfuil siad creidiúnaithe. Is féidir le deimhnitheoirí a bheith ina gcomhlacht creidiúnaithe um measúnú comhréireachta nó ina bhfíoraitheoir comhshaoil atá ceadúnaithe chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Ba cheart an deimhniú sin a bheith ag comhfhreagairt d’fhormáid uathúil chun faisnéis aonfhoirmeach a áirithiú.

(34)

Chun go mbeidh údaráis inniúla in ann an comhlíonadh a fhíorú ar bhealach níos éifeachtúla faoin Rialachán seo, ba cheart do dheimhnitheoirí fógra a thabhairt d’údaráis inniúla faoi thoradh a measúnuithe. Níor cheart do na deimhnithe réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an measúnú a dhéantar ar na húdaráis inniúla maidir le ceanglais a bheith á gcomhlíonadh acu.

(35)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis áirithe a chur ar fáil go poiblí. Áirítear leis sin an fógra a thugtar maidir le suiteálacha a oibrítear, rannpháirtíocht in iompar millíní plaisteacha san Aontas lena n-áirítear athruithe suntasacha ar an méid ar tugadh fógra ina leith roimhe seo, ionadaí údaraithe a bhunú, pleananna bainistithe riosca, féindearbhuithe comhréireachta, deimhnithe agus ceadanna, ar cheart rochtain a bheith orthu ar shuíomh gréasáin a bheidh éasca a aimsiú, saor in aisce agus gan srianta. Mar sin féin, chun sábháilteacht agus rúndacht a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann sonraí sonracha a choinneáil siar dá gcuirfeadh a scaoileadh sábháilteacht na suiteálacha lena mbaineann, sábháilteacht an phobail áitiúil, nó leasanna poiblí eile i mbaol. Ba cheart don Choimisiún freisin liostaí de shuíomhanna gréasáin náisiúnta agus d’ionadaithe údaraithe iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad a fhoilsiú chun rochtain leathan ar an bhfaisnéis sin a áirithiú agus rúndacht ghnó á cosaint ag an am céanna.

(36)

Chun bheith cláraithe leis an scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), ceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha reachtaíocht chomhshaoil a chomhlíonadh, an Rialachán seo san áireamh. Dá bharr sin, oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe le EMAS, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh acu ar choinníoll go mbeidh sé fíoraithe ag fíoraitheoir comhshaoil gur áiríodh ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo ina gcóras bainistíochta comhshaoil agus gur cuireadh chun feidhme iad. Dá bhrí sin, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha den sórt sin a dhíolmhú ó oibleagáid an deimhniúcháin agus ón oibleagáid fógra a thabhairt d’údaráis inniúla agus féindearbhuithe á n-athnuachan acu agus an plean bainistithe riosca á thabhairt cothrom le dáta acu. I dteannta na díolúine dá bhforáiltear d’oibreoirí atá cláraithe le EMAS agus chun an t-ualach ar chórais eile ardsláine a laghdú, ba cheart a bheith in ann oibreoirí eacnamaíocha a ullmhaíonn agus a chuireann chun feidhme córais eile bainistithe comhshaoil le haghaidh gach suiteála a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le comhlíonadh atá sa Rialachán seo nuair a chomhlíontar critéir áirithe a leagtar síos sa Rialachán seo.

(37)

Ba cheart d'údaráis inniúla a fhíorú go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad, agus úsáid á baint, más iomchuí, as na torthaí a soláthraíodh mar chuid den phróiseas deimhniúcháin nó mar fhéindearbhuithe. Ba cheart an fíorú sin a bheith bunaithe, mar is iomchuí, ar chigireachtaí comhshaoil nó ar bhearta fíorúcháin eile, agus ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint. Ba cheart cigireachtaí, i gcás inar féidir, a chomhordú leis na cigireachtaí a cheanglaítear faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais. Ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo a sholáthar don Choimisiún.

(38)

Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo trí cheadanna bunaithe ar chóras iniúchtaí rialta ar shuiteálacha chun scrúdú a dhéanamh ar raon iomlán na n-éifeachtaí ábhartha ar an gcomhshaol, lena n-áirítear doirteadh agus caillteanas. I gcás suiteálacha atá lonnaithe i mBallstát a chinneann comhlíonadh a fhorfheidhmiú agus a fhíorú trí chóras ceadanna agus cigireachtaí rialta den sórt sin, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó dheimhniú a fháil nó féindearbhú comhréireachta a chur isteach le haghaidh na suiteálacha sin a bhfuil acu ina leith cead lena bhforchuirtear na coinníollacha is gá chun an Rialachán seo a chomhlíonadh. I gcás suiteálacha a bhfuil feidhm ag an díolúine sin maidir leo, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha faoin bplean bainistithe riosca agus faoina nuashonruithe rialta. Nuair a áirithítear comhlíonadh trí cheadanna, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun coinníollacha na gceadanna atá ann cheana a athbhreithniú agus ceadanna nua a eisiúint ionas go n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo in am trátha.

(39)

Foráiltear le Treoir 2008/98/CE go bhfuil na Ballstáit le ceangal ar athchúrsálaithe cead a fháil a n-áirithítear lena choinníollacha go dtáirgtear millíní plaisteacha gan sláinte an duine a chur i mbaol ná dochar a dhéanamh don chomhshaol, agus go seachnaítear go háirithe rioscaí a chruthú don uisce, don aer, don ithir, do phlandaí nó d'ainmhithe.

(40)

Chun éifeachtaí aon chaillteanais a íoslaghdú, ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a athbhunú. Ba cheart na bearta ceartaitheacha is gá a bheith i gcomhréir leis an sárú a bhraitear agus leis na héifeachtaí díobhálacha a mheastar a bheidh aige ar an gcomhshaol. I gcás ina mbraitheann údaráis inniúla sárú ar an Rialachán seo, ba cheart dóibh fógra a thabhairt faoi sin don oibreoir eacnamaíoch, d'iompróir de chuid an Aontais nó don iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é agus ba cheart dóibh bearta ceartaitheacha a éileamh chun an comhlíonadh a athbhunú.

(41)

Ba cheart tacar íosta cumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe a bheith ag údaráis inniúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, chun dul i gcomhar le chéile ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtúla, agus chun oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad, ionadaithe údaraithe, seoltóirí agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige a iompraíonn millíní plaisteacha, i gcás inarb ábhartha, a dhíspreagadh an Rialachán seo a shárú. Ba cheart na cumhachtaí sin a bheith leordhóthanach chun dul i ngleic leis na dúshláin forfheidhmithe agus chun cosc a chur ar oibreoirí eacnamaíocha neamhchomhlíontacha leas a bhaint as bearnaí sa chóras forfheidhmithe trí athlonnú chuig na Ballstáit sin nach bhfuil sé ar chumas a n-údarás inniúil dul i ngleic le cleachtais neamhdhleathacha. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann fíorais agus imthosca uile an cháis a úsáid chun críoch a gcigireachta.

(42)

Is micrifhiontair nó fiontair bheaga agus mheánmhéide iad sciar tábhachtach de na fiontair is bun le slabhra soláthair na millíní plaisteacha. Agus na hoibleagáidí ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, d’fhéadfadh dúshláin shonracha cur chun feidhme agus costais arb airde iad go comhréireach a bheith rompu. Ba cheart don Choimisiún cur leis an bhfeasacht i measc oibreoirí eacnamaíocha agus iompróirí maidir lena riachtanaí atá sé caillteanas millíní plaisteacha a chosc. Ina theannta sin, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, ba cheart don Choimisiún ábhair oiliúna a fhorbairt, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear treoirleabhair agus cúrsaí oiliúna, chun cúnamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’iompróirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, go háirithe maidir le ceanglais an mheasúnaithe riosca. Ba cheart Moladh 2021/06 ó OSPAR a áireamh ina leith sin. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar fhaisnéis agus ar chúnamh a thabhairt, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga, maidir le hoibleagáidí agus ceanglais an mheasúnaithe riosca a bheith á gcomhlíonadh. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcúnamh a sholáthraíonn na Ballstáit tacaíocht theicniúil agus oiliúint speisialaithe do gach pearsanra a láimhseálann millíní plaisteacha. D’fhéadfaí tacaíocht airgeadais a áireamh ann freisin, lena n-áirítear chun críoch deimhniúcháin i gcás fiontair bheaga, chomh maith le rochtain ar mhaoiniú. Ba cheart gníomhaíochtaí na mBallstát a dhéanamh ag féachaint do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair.

(43)

Chun bonn coiteann a bhaint amach i dtaca le meastachán a dhéanamh ar chaillteanas millíní plaisteacha, is gá modheolaíocht chaighdeánaithe a bheith ann a leagtar síos i gcaighdeán comhchuibhithe a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 maidir le nós imeachta chun agóidí a dhéanamh i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe i gcás nach gcomhlíonann na caighdeáin sin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán sin ina n-iomláine.

(44)

Chun a áirithiú go ndéanfar cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú agus go bhforfheidhmeofar ceanglais an Rialacháin seo go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a n-údaráis inniúla féin a ainmniú a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. I gcásanna ina bhfuil níos mó ná údarás inniúil amháin ainmnithe ina gcríoch, ba cheart do na Ballstáit dlúthchomhar a áirithiú idir na húdaráis inniúla ainmnithe uile chun a áirithiú go gcomhlíonfar dualgais na n-údarás sin go héifeachtach.

(45)

Chun an comhlíonadh a áirithiú, ba cheart do na húdaráis inniúla na céimeanna is gá a dhéanamh freisin, lena n-áirítear cigireachtaí agus éisteachtaí bunaithe ar fhaisnéis ábhartha, amhail gearáin chuí-réasúnaithe arna gcur isteach ag tríú páirtithe. Ba cheart do thríú páirtithe a bhfuil gearán á chur isteach acu a bheith in ann leas leordhóthanach a léiriú nó lagú cirt a áitiú.

(46)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh aon bhearta a dhéanfaidh a n-údaráis inniúla faoin Rialachán seo faoi réir leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha i gcomhréir le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). De réir chásdlí socair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is faoi chúirteanna na mBallstát atá sé cosaint bhreithiúnach ar chearta duine faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Sa bhreis air sin, le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ceanglaítear ar na Ballstáit leigheasanna a chur ar fáil a bheidh leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit rochtain ar cheartas a áirithiú don phobal, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, i gcomhréir leis na hoibleagáidí atá comhaontaithe ag na Ballstáit mar pháirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (13) (‘Coinbhinsiún Aarhus’).

(47)

Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin chomh maith le pionóis choiriúla. Níor cheart, in aon chás, an ceart nach ndéanfaí duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna (prionsabal ne bis in idem), mar a léiríonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é, a shárú mar thoradh ar phionóis choiriúla agus riaracháin a fhorchur. I gcás na sáruithe is tromchúisí arna ndéanamh ag duine dlítheanach, amhail na sáruithe sin atá ar ardleibhéal tromchúise mar gheall ar a gcineál, a méid agus a n-athdhéanamh, nó na sáruithe sin a bhfuil riosca suntasach ag baint leo do shláinte an duine nó don chomhshaol, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áirítear ina gcóras náisiúnta pionós pionóis airgeadais riaracháin ar cheart a n-uasmhéid a bheith cothrom le 3 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an duine dhlítheanaigh sin san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain ina bhforchuirtear an pionós airgeadais riaracháin. I gcás sáruithe den sórt sin, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit pionóis choiriúla a fhorchur freisin nó de rogha air sin, ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(48)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit tacú le maoiniú tionscadal atá dírithe ar an méid seo a leanas: limistéir arna dtruailliú ag millíní plaisteacha a ghlanadh trí úsáid a bhaint as cleachtais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; faisnéis maidir le teagmhais agus timpistí is cúis le caillteanas agus freagairtí gaolmhara a bhailiú, a phróiseáil agus a sholáthar; feabhas a chur ar an eolas ar na tionchair a bhíonn ag caillteanas millíní plaisteacha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol; agus cláir múscailte feasachta a chur chun cinn, go háirithe do na limistéir is mó ina dtarlaíonn sé, is iad sin limistéir thionsclaíocha agus calafoirt.

(49)

I gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de thoradh sárú ar an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na daoine aonair a ndéantar difear dóibh in ann cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha ábhartha. Rannchuidíonn na rialacha sin maidir le cúiteamh le saothrú na gcuspóirí go ndéanfaí cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus sláinte an duine a chosaint mar a leagtar síos in Airteagal 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ina theannta sin, cuireann siad bonn taca faoin gceart chun na beatha, chun sláine an duine agus chun cúraim sláinte a leagtar síos in Airteagail 2, 3 agus 35 den Chairt agus faoin gceart chun leighis éifeachtaigh mar a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt. Thairis sin, ní thugtar le Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) ceart chun cúitimh do pháirtithe príobháideacha de thoradh damáiste don chomhshaol ná de thoradh gharbhagairt an damáiste sin.

(50)

Is iomchuí, dá bhrí sin, go dtabharfaí aghaidh leis an Rialachán seo ar an gceart ar chúiteamh de dheasca damáiste a bhain do dhaoine aonair agus a áirithiú go mbeidh daoine aonair in ann a gcearta a chosaint in aghaidh damáiste don tsláinte de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo agus, ar an mbealach sin, forfheidhmiú níos éifeachtúla an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart nósanna imeachta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh i gcás damáiste a fheidhmiú.

(51)

Ba cheart tionchar an Rialacháin seo ar neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát a theorannú don mhéid is gá chun an cuspóir chun sláinte an duine a chosaint trí thimpeallacht shábháilte a shaothraítear leis a áirithiú, agus níor cheart difear a dhéanamh leis do rialacha náisiúnta eile nós imeachta lena mbunaítear an ceart chun cúiteamh a lorg as sáruithe ar an Rialachán seo. Leis na rialacha náisiúnta sin, níor cheart, áfach, cur isteach ar fheidhmiú éifeachtach an tsásra lena lorgaítear cúiteamh, ar sásra é a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

(52)

Chun a áirithiú go mbeidh daoine aonair in ann a gcearta a chosaint in aghaidh dochar don tsláinte de dheasca sáruithe ar an Rialachán seo agus, ar an mbealach sin, forfheidhmiú níos éifeachtúla an Rialacháin a áirithiú, ba cheart a thabhairt de chumhacht d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn nó a chuireann cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, mar bhaill den phobal lena mbaineann, páirt a ghlacadh in imeachtaí, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit, thar ceann aon íospartaigh nó chun tacú leis, gan dochar do rialacha náisiúnta nós imeachta maidir le hionadaíocht agus cosaint os comhair na gcúirteanna. De ghnáth, bíonn neamhspleáchas nós imeachta ag na Ballstáit chun leigheas éifeachtach in aghaidh sáruithe ar dhlí an Aontais a áirithiú, faoi réir urramú phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta. Mar sin féin, is léir ón taithí a fuarthas, cé go bhfuil cuid mhór fianaise eipidéimeolaíche ann maidir leis na drochthionchair sláinte ar an daonra de dheasca an truaillithe, nach furasta nasc díreach a dhéanamh idir caillteanas sonrach millíní plaisteacha agus tionchair shonracha ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol, agus nach bhfeictear na tionchair sin láithreach de ghnáth ach oiread.

(53)

Chun an dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith faisnéis ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a thuairisciú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17).

(55)

Chun go leor ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais, iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad, seoltóirí agus oibreoirí, gníomhairí agus/nó máistrí soithí farraige chun oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar.

(56)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon caillteanas millíní plaisteacha a chosc, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil chun caillteanas ag gach céim de shlabhra soláthair na millíní plaisteacha a chosc, agus é mar aidhm leis sin an staid a bhaint amach nach gcailltear aon mhillíní plaisteacha.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na daoine nádúrtha agus dlítheanacha seo a leanas:

(a)

oibreoirí eacnamaíocha san Aontas a láimhseálann cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 5 thona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe;

(b)

oibreoirí eacnamaíocha a oibríonn suiteálacha san Aontas ina nglantar coimeádáin agus umair millíní plaisteacha;

(c)

iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad a iompraíonn millíní plaisteacha san Aontas; agus

(d)

seoltóirí agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige a iompraíonn millíní plaisteacha i gcoimeádáin lasta a fhágann calafort Ballstáit nó a thugann cuairt ar chalafort Ballstáit.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘millíní plaisteacha’ mais d’ábhar ina bhfuil polaiméir, gan beann ar a cruth, a foirm, nó a méid, a tháirgtear le haghaidh an mhúnlaithe in oibríochtaí monaraíochta táirgí plaisteacha, gan beann ar a húsáid iarbhír;

(2)

ciallaíonn ‘doirteadh’ millíní plaisteacha arna n-éalú óna n-imshrianadh príomhúil ar ócáid amháin nó in imeacht tréimhse fhada laistigh de theorainneacha suiteála nó laistigh d’fheithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre ina n-iompraítear millíní plaisteacha;

(3)

ciallaíonn ‘caillteanas’ millíní plaisteacha arna n-éalú chuig an gcomhshaol ar ócáid amháin nó in imeacht tréimhse fhada ag aon chéim den slabhra soláthair, as teorainn na suiteála nó ó fheithiclí bóthair, vaigíní iarnróid, soithí uiscebhealaí intíre nó soithí farraige, ina n-iompraítear millíní plaisteacha agus a fhágann calafort Ballstáit nó a thugann cuairt ar chalafort Ballstáit;

(4)

ciallaíonn ‘suiteáil’ aon áitreabh, struchtúr, suíomh, láithreán nó áit ina ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch amháin nó níos mó a bhaineann le millíní plaisteacha a láimhseáil;

(5)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a oibríonn nó a rialaíonn an tsuiteáil i bpáirt nó ina hiomláine, nó, i gcás ina bhforáiltear don mhéid sin sa dlí náisiúnta, duine ar tarmligeadh an chumhacht chinntitheach eacnamaíoch ar fheidhmiú teicniúil na suiteála chuige nó chuici;

(6)

ciallaíonn ‘iompróir de chuid an Aontais’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát, a ghabhann d’iompar millíní plaisteacha mar chuid dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht eacnamaíoch trí úsáid a bhaint as feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre;

(7)

ciallaíonn ‘iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é’ aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach atá bunaithe i dtríú tír, a ghabhann d’iompar millíní plaisteacha mar chuid dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas trí úsáid a bhaint as feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre;

(8)

ciallaíonn ‘seoltóir’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thug conradh iompair earraí i gcrích nó ar tugadh conradh iompair earraí i gcrích in ainm an duine sin nó thar ceann an duine sin le haon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhíonn ag gabháil d’iompar millíní plaisteacha mar chuid dá ghníomhaíocht nó dá gníomhaíocht eacnamaíoch trí shoithí farraige a úsáid;

(9)

ciallaíonn ‘oibreoir’ úinéir nó bainisteoir soithigh farraige;

(10)

ciallaíonn ‘gníomhaire’ aon duine atá sainordaithe nó údaraithe chun faisnéis a sholáthar thar ceann an oibreora;

(11)

ciallaíonn ‘micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide’ micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (18);

(12)

ciallaíonn ‘fiontar mór’ fiontar nach micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide é;

(13)

ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás nó comhlacht atá ainmnithe ag Ballstát chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a dhéanamh;

(14)

ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas a ainmníodh le sainordú i scríbhinn ó iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é de bhun Airteagal 4, chun gníomhú thar a cheann i ndáil le cúraimí sonracha maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus (3), in Airteagal 5(6), an tríú fomhír, agus in Airteagal 15(1);

(15)

ciallaíonn ‘deimhnitheoir’ aon duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas:

(a)

comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19);

(b)

duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil ceadúnas faighte aige nó aici chun fíorú agus bailíochtú a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009;

(16)

ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas lena léirítear cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann suiteáil na rialacha is infheidhme den Rialachán seo agus de na gníomhartha tarmligthe a ghlactar ar a bhonn sin;

(17)

ciallaíonn ‘cead’ údarú i scríbhinn, arna eisiúint ag an údarás inniúil ábhartha, chun suiteáil a oibriú.

Airteagal 3

Oibleagáidí ginearálta

1.   Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad go seachnófar caillteanas. I gcás ina dtarlaíonn caillteanas, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad gníomhaíocht láithreach chun an caillteanas sin a imshrianadh agus a ghlanadh i gcomhréir le cleachtais atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

2.   Tabharfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit faoi gach suiteáil atá lonnaithe sa Bhallstát sin a oibríonn siad nó a rialaíonn siad, nó, i gcás inarb infheidhme, ar tarmligeadh cumhacht eacnamaíoch chinntitheach ar a feidhmiú teicniúil chucu. I gcás gach suiteála ar tugadh fógra ina leith, sonróidh siad cé acu a láimhseálann nó nach láimhseálann an tsuiteáil cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona in aghaidh na bliana, nó atá faoina bun nó os a cionn. Sula n-iompraítear millíní plaisteacha san Aontas den chéad uair, tabharfaidh iompróirí de chuid an Aontais nó ionadaithe údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 4, mar is infheidhme, fógra d’údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an t-iompróir de chuid an Aontais nó an t-ionadaí údaraithe bunaithe, faoin mbaint atá acu le millíní plaisteacha a iompar san Aontas agus faoin modh iompair atá á úsáid acu chuige.

3.   Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus ionadaithe údaraithe fógra do na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 2 faoi aon athrú suntasach i ndáil leis an méid ar tugadh fógra faoi roimhe sin i gcomhréir le mír 2 maidir leis na suiteálacha agus na gníomhaíochtaí i dtrácht a bhaineann leis na millíní plaisteacha a láimhseáil agus a iompar, lena n-áirítear aon chás ina ndúntar suiteáil atá ann cheana, ina scoirtear de ghníomhaíochtaí iompair nó nach bhfuil siad faoi réir an Rialacháin seo a thuilleadh, agus faoi aon athrú sna cainníochtaí de mhillíní plaisteacha a bhíonn á láimhseáil agus atá ábhartha i dtaobh chur i bhfeidhm na n-oibleagáidí a bhaineann leis na tairseacha.

Airteagal 4

Ionadaithe údaraithe na n-iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad

1.   Ainmneoidh iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad ionadaí údaraithe i scríbhinn i mBallstát amháin ar a laghad i gcás ina bhfuil an t-iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é ag gabháil do mhillíní plaisteacha a iompar.

2.   Tabharfaidh iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad sainordú i scríbhinn don ionadaí údaraithe gníomhú thar a gceann chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 3(2) agus (3), Airteagal 5(6), an tríú fomhír, agus Airteagal 15(1) den Rialachán seo. Féadfar dul i dteagmháil le hionadaí údaraithe den sórt sin de bhreis ar dhul i dteagmháil leis na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad nó ina n-ionad. Ní bheidh sainordú an ionadaí údaraithe bailí go dtí go nglacfaidh an t-ionadaí údaraithe i scríbhinn leis. Beidh ainmniú ionadaí údaraithe gan dochar do chaingne dlí a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne na n-iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad.

3.   Cuirfidh an t-iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é údaráis inniúla an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1 ar an eolas ag an am céanna, agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi ainmniú ionadaí údaraithe agus faoina shainordú sula ndéanfar millíní plaisteacha a iompar den chéad uair san Aontas.

Airteagal 5

Oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a láimhseáil

1.   Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

plean bainistithe riosca a leagan síos i gcás gach suiteála i gcomhréir le hIarscríbhinn I, agus cineál agus méid na suiteála chomh maith le scála a hoibríochtaí á gcur san áireamh;

(b)

an trealamh a shuiteáil agus na nósanna imeachta a fhorghníomhú, arb iad na nósanna imeachta ar a dtugtar tuairisc sa phlean bainistithe riosca; agus

(c)

fógra a thabhairt faoin bplean bainistithe riosca d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe in éineacht le féindearbhú comhréireachta arna eisiúint i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Coimeádfaidh oibreoirí eacnamaíocha an plean bainistithe riosca cothrom le dáta, agus go háirithe na laigí á gcur san áireamh ar laigí iad a shainaithnítear trína dtaithí ar mhillíní plaisteacha a láimhseáil, agus cuirfidh siad an plean sin ar fáil d’údaráis inniúla ach é a éileamh.

2.   Oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga, mheánmhéide nó mhóra iad a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha faoi bhun na tairsí 1 500 tona sa bhliain féilire roimhe nó ar micrifhiontair iad, tabharfaidh siad fógra faoi uasdátú ar an bplean bainistithe riosca i gcás gach suiteála mar aon le hathnuachan ar an bhféindearbhú comhréireachta d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an tsuiteáil lonnaithe gach 5 bliana ón bhfógra deireanach.

3.   Féadfaidh údaráis inniúla é a chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

athrú a dhéanamh ar phleananna bainistithe riosca a fógraíodh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 chun a áirithiú gur féidir an caillteanas a chosc go héifeachtach agus, i gcás inarb iomchuí, a imshrianadh agus a ghlanadh agus go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I; agus

(b)

aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur chun feidhme go tráthúil.

4.   Áiritheoidh iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad go gcuirfear na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun feidhme.

5.   Nuair a chuireann oibreoirí eacnamaíocha na gníomhaíochtaí chun feidhme a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca agus nuair a chuireann na hiompróirí de chuid an Aontais agus na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad na gníomhaíochtaí a leagtar síos in Iarscríbhinn III chun feidhme, déanfaidh siad amhlaidhsan ord tosaíochta seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí chun doirteadh a chosc;

(b)

gníomhaíochtaí chun doirteadh a imshrianadh i dtreo nach n-eascróidh caillteanas astu;

(c)

gníomhaíochtaí chun glantachán a dhéanamh tar éis doirte nó caillteanais.

6.   Beidh na hoibleagáidí seo a leanas ar oibreoirí eacnamaíocha, ar iompróirí de chuid an Aontais agus ar iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad:

(a)

a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar a bhfoireann de réir a ról agus a bhfreagrachtaí sonracha agus go mbeidh siad ar an eolas faoin trealamh ábhartha agus in ann é a úsáid agus na nósanna imeachta a leagtar amach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo a fhorghníomhú; agus

(b)

taifid a choimeád ar mheastacháin a dhéantar go bliantúil faoi chainníochtaí an chaillteanais agus faoi chainníochtaí iomlána na millíní plaisteacha a láimhseáiltear.

6 mhí tar éis fhoilsiú an chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ó dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18(3), déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad meastachán faoi chainníochtaí an chaillteanais dá dtagraítear i bpointe (b), an chéad fhomhír den mhír seo i gcomhréir leis an modheolaíocht chaighdeánaithe dá dtagraítear in Airteagal 18.

Soláthróidh ionadaithe údaraithe fianaise go bhfuil an oibleagáid a leagtar síos i bpointe (a) den chéad fhomhír á comhlíonadh ag iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad. Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus na hionadaithe údaraithe taifid dá dtagraítear i bpointí (b) den chéad fhomhír ar feadh tréimhse 5 bliana agus cuirfidh siad ar fáil d’údaráis inniúla iad arna éileamh sin dóibh agus, i gcás inarb infheidhme, do dheimhnitheoirí chun críocha Airteagal 6.

7.   I gcás ina dteipeann ar ghníomhaíocht a dhéantar chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad bearta ceartaitheacha gan mhoill.

8.   Oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide nó mhóra iad a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh sa bhliain féilire roimhe sin cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn, déanfaidh siad measúnú inmheánach gach bliain, le haghaidh gach suiteála, ar a mhéid atá ceanglais an phlean bainistithe riosca a leagtar síos in Iarscríbhinn I nó na coinníollacha faoinar deonaíodh an cead dá dtagraítear in Airteagal 7(1), pointe (a), á gcomhlíonadh ag an tsuiteáil.

Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo taifid ar na measúnuithe inmheánacha ar feadh tréimhse 5 bliana agus cuirfidh siad ar fáil d’údaráis inniúla iad arna éileamh sin dóibh, agus do dheimhnitheoirí chun críocha Airteagal 6.

Airteagal 6

Deimhniú

1.   Faoin 17 Nollaig 2027, agus gach 3 bliana dá éis sin, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mhóra iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil.

2.   Faoin 17 Nollaig 2028, agus gach 4 bliana dá éis sin, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil.

3.   Faoin 17 Nollaig 2030, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil. Beidh an deimhniú sin bailí ar feadh 5 bliana.

Na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad Airteagal 5(2) tar éis thréimhse éaga an deimhnithe ach amháin má roghnaíonn siad é a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

4.   Déanfaidh deimhnitheoirí spotseiceálacha, lena n-áirítear, más inrochtana, sna ceantair máguaird, chun a áirithiú go bhfuil an plean bainistithe riosca leormhaith chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc agus go gcuirfear chun feidhme go cuí na bearta uile a áirítear ann.

5.   Comhlíonfaidh na deimhnithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

go n-eisítear iad i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus i bhfoirm leictreonach;

(b)

go sonraíonn siad an t-oibreoir eacnamaíoch, an tsuiteáil a chumhdaítear leis an deimhniú, dáta gach spotseiceála a dhéantar, agus an tréimhse bhailíochta;

(c)

go ndeimhníonn siad go mbeidh an tsuiteáil a chumhdaítear leis an deimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

6.   Gan moill mhíchuí, tabharfaidh deimhnitheoirí fógra don údarás inniúil faoin méid seo a leanas:

(a)

deimhnithe arna n-eisiúint;

(b)

deimhnithe arna gcur ar fionraí nó arna dtarraingt siar;

(c)

athruithe ar dheimhnithe.

Airteagal 7

Comhlíonadh trí cheadanna

1.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (c), agus Airteagal 5(2) agus ón oibleagáid deimhniú a fháil de bhun Airteagal 6(1), (2) agus (3) i leith gach suiteála, ar choinníoll:

(a)

go bhfuil oibriú na suiteála faoi réir ceada;

(b)

gur thug an t-oibreoir eacnamaíoch fógra don údarás atá inniúil maidir le ceadanna a eisiúint faoina phlean bainistithe riosca agus na nuashonruithe a dhéantar air gach 3 bliana i gcás fiontair mhóra, gach 4 bliana i gcás fiontair mheánmhéide, agus gach 5 bliana i gcás micrifhiontair agus fiontair bheaga;

(c)

gur deonaíodh an cead nó go ndearnadh athbhreithniú ar an gcead agus, más gá, gur tugadh cothrom le dáta é ar bhonn na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a bheith á gcomhlíonadh ag an oibreoir eacnamaíoch agus sin a bheith fíoraithe, tar éis fógra a thabhairt faoi phlean bainistithe riosca agus na nuashonruithe a rinneadh ina dhiaidh sin dá dtagraítear i bpointe (b); agus

(d)

go bhfuil an tsuiteáil faoi réir cigireachtaí rialta arna ndéanamh ag údaráis inniúla, cuairteanna ar an láithreán san áireamh, lena scrúdaítear raon iomlán na n-éifeachtaí ábhartha comhshaoil, lena n-áirítear éifeachtaí doirte agus caillteanas, a mbaineann an tréimhsiúlacht leo dá dtagraítear in Airteagal 5(2) agus tréimhsiúlacht atá coibhéiseach léi siúd a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 6(1), (2) agus (3).

2.   Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi dhíolúine na n-oibreoirí eacnamaíocha agus faoi na rialacha náisiúnta maidir le ceadanna.

Airteagal 8

Comhlíonadh trí chórais bainistithe comhshaoil

1.   Oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe leis an scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, beidh siad díolmhaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 6(1), (2) agus (3) den Rialachán seo ar choinníoll go mbeidh seiceáil déanta ag an bhfíoraitheoir comhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(20) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 gur áiríodh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo gcóras bainistithe comhshaoil an oibreora eacnamaíoch agus go bhfuil na ceanglais sin curtha chun feidhme.

2.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí eacnamaíocha a dhíolmhú ó Airteagal 5(2) agus Airteagal 6(1), (2) agus (3) a chomhlíonadh má tá córas bainistithe comhshaoil ullmhaithe agus curtha chun feidhme acu le haghaidh gach suiteála, agus ar choinníoll:

(a)

go ndearna deimhnitheoir creidiúnaithe measúnú comhréireachta chun a fhíorú, lena n-áirítear trí spotseiceálacha, go bhfuil an córas bainistithe comhshaoil agus an bealach a gcuirtear chun feidhme é i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(b)

go dtugann an t-oibreoir eacnamaíoch fógra do na húdaráis inniúla faoin measúnú comhréireachta ar an gcóras bainistithe comhshaoil dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear faisnéis faoin oibreoir eacnamaíoch, faoin tsuiteáil ar fíoraíodh comhlíonadh ina leith, faoin dáta a dhéantar spotseiceálacha, agus faoin tréimhse a bhfuil an measúnú comhréireachta bailí ina leith; agus

(c)

go n-áireofar sna measúnuithe comhréireachta rialta ar an gcóras bainistithe comhshaoil, gach 3 bliana ar a laghad, meastóireacht ar chur chun feidhme an chórais i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 9

Creidiúnú na ndeimhnitheoirí

Le creidiúnú na ndeimhnitheoirí dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (15)(a), áireofar meastóireacht ar chomhlíonadh na gceanglas seo a leanas:

(a)

beidh an deimhnitheoir bunaithe faoi dhlí Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige;

(b)

is é a bheidh sa deimhnitheoir comhlacht tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch;

(c)

an deimhnitheoir, a lucht bainistíochta sinsearaí agus an pearsanra atá freagrach as an measúnú comhréireachta a dhéanamh, ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht lena neamhspleáchas breithiúnais ná lena n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí deimhniúcháin;

(d)

oibreoidh an deimhnitheoir agus a phearsanra ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí de réir an leibhéil is airde ionracais ghairmiúil agus de réir na hinniúlachta teicniúla is gá agus beidh siad saor ó gach brú agus mealladh, lena n-áirítear ó thaobh airgid de, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnas nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí deimhniúcháin, go háirithe a mhéid a bhaineann le daoine nó grúpaí daoine a bhfuil leas acu i dtorthaí na ngníomhaíochtaí sin. Ráthófar neamhchlaontacht na ndeimhnitheoirí, a lucht bainistíochta sinsearaí agus an phearsanra atá freagrach as an deimhniúchán agus na cúraimí a dhéanamh;

(e)

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar is gá ag an deimhnitheoir chun an measúnú comhréireachta a bhfuil sé creidiúnaithe ina leith a dhéanamh;

(f)

beidh líon leordhóthanach pearsanra ag an deimhnitheoir a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí aige, a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(g)

gan dochar do chumhachtaí na n-údarás inniúil faoi Airteagal 16(3), pointe (b), déanfaidh pearsanra deimhnitheora rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a fhaightear agus cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta á ndéanamh aige;

(h)

i gcás ina ndéanfaidh deimhnitheoir cúraimí sonracha a bhaineann le deimhniú a ligean ar fochonradh nó ina rachaidh sé ar iontaoibh fochuideachta, glacfaidh sé freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann na fochonraitheoirí nó na fochuideachtaí agus déanfaidh sé measúnú agus faireachán ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta agus ar an obair a dhéanann sé nó sí. Ní fhéadfaidh ach fochonraitheoirí nó fochuideachtaí na cúraimí a thagann faoi raon feidhme chreidiúnú an deimhnitheora a dhéanamh. Áiritheoidh na deimhnitheoirí nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a bhfochonraitheoirí nó a bhfochuideachtaí difear do rúndacht, d’oibiachtúlacht nó do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí deimhniúcháin.

Airteagal 10

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar

Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) agus Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, soláthróidh aon mhonaróir, allmhaireoir, úsáideoir iartheachtach nó dáileoir a chuireann millíní plaisteacha ar an margadh ar micreacháithníní polaiméire sintéisí iad faoi iontráil 78, mír 7, d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, soláthróidh sé an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo ar an lipéad, ar an bpacáistíocht, ar an mbileog phacáiste, nó ar an mbileog sonraí sábháilteachta. Beidh an fhaisnéis infheicthe go soiléir, inléite agus doscriosta. Is i dteangacha oifigiúla na mBallstát ina gcuirtear na millíní plaisteacha ar an margadh a bheidh an téacs, mura bhforálann na Ballstáit lena mbaineann a mhalairt. Féadfaidh an monaróir, an t-allmhaireoir, an t-úsáideoir iartheachtach nó an dáileoir an fhaisnéis sin a sholáthar agus na hoibleagáidí de bhun iontráil 78, mír 7, d’Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 á gcomhlíonadh aige.

Airteagal 11

Rochtain phoiblí ar fhaisnéis

1.   Cuirfidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas ar fáil don phobal, lena n-áirítear go córasach tríd an idirlíon, ar shuíomh gréasáin atá éasca a aimsiú, saor in aisce agus gan rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe, agus áiritheoidh siad ag an am céanna go ndéanfar faisnéis rúnda ghnó a choimirciú:

(a)

an fhaisnéis a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus (3) agus le hAirteagal 4;

(b)

na pleananna bainistithe riosca a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2);

(c)

na féindearbhuithe comhréireachta a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2);

(d)

na deimhnithe a eisíodh de bhun Airteagal 6 agus na fógraí a fuair siad i gcomhréir le mír 6 den Airteagal sin;

(e)

ábhar an chinnidh lena ndeonaítear cead, lena n-áirítear cóip den chead agus aon nuashonruithe a rinneadh ina dhiaidh sin nó nasc le cláir nó suíomhanna gréasáin eile atá ann cheana, a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, arna mbunú ar leibhéal na mBallstát, lena dtugtar rochtain ar na ceadanna sin agus ar nuashonruithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin; agus

(f)

ábhar an mheasúnaithe comhréireachta ar an gcóras bainistithe comhshaoil a fuair siad i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (b).

2.   Agus na pleananna bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo á gcur ar fáil don phobal acu, ní nochtfaidh údaráis inniúla go poiblí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, mír 1 pointe (b). Féadfaidh údaráis inniúla codanna den fhaisnéis eile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a fhágáil ar lár más rud é go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar do shábháilteacht na suiteálacha lena mbaineann nó do shábháilteacht an phobail áitiúil, nó aon cheann de na leasanna a liostaítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (h), de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na codanna den fhaisnéis a mheasann siad nach bhfuil le nochtadh go poiblí a shainaithint.

3.   Foilseoidh an Coimisiún an liosta de na suíomhanna gréasáin náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 ar a shuíomh gréasáin, ar choinníoll go dtíolacfaidh na Ballstáit an fhaisnéis sin atá riachtanach.

4.   Cuirfidh an Coimisiún liosta d'ionadaithe údaraithe ainmnithe na n-iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear faoina bhráid de bhun Airteagal 4(3) agus cuirfidh siad an liosta sin ar fáil don phobal, lena n-áirítear go córasach tríd an idirlíon, ar shuíomh gréasáin atá éasca a aimsiú, saor in aisce agus gan rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe, agus áiritheoidh sé ag an am céanna go ndéanfar faisnéis rúnda ghnó a choimirciú.

Airteagal 12

Oibleagáidí maidir le millíní plaisteacha a iompar de mhuir i gcoimeádáin lasta

1.   Áiritheoidh seoltóirí an méid seo a leanas:

(a)

go bpacáiltear millíní plaisteacha i bpacáistíocht dhea-cháilíochta atá láidir go leor chun na turraingí agus na hualaí a bhíonn ann de ghnáth le linn iompair a sheasamh agus a thógtar agus a dhúntar ionas nach gcaillfear aon rud aisti, rud a d’fhéadfadh tarlú mar thoradh ar chreathadh nó fórsaí luasghéaraithe faoi ghnáthdhálaí iompair;

(b)

go seoltar faisnéis iompair lena sainaithnítear na coimeádáin lasta ina bhfuil millíní plaisteacha chuig oibreoir, gníomhaire agus máistir an tsoithigh farraige sa bhreis ar an bhfaisnéis lasta a cheanglaítear le Rialachán VI/2 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS), sula dtógtar millíní plaisteacha ar bord; agus

(c)

go bhfuil iarraidh stuála speisialta ag gabháil leis an bhfaisnéis lasta dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, arb iarraidh í lena gceanglaítear go stuálfar na coimeádáin lasta ina bhfuil millíní plaisteacha i gcomhréir le mír 3.

2.   Áiritheoidh oibreoirí agus máistrí soithí farraige agus, i gcás inarb ábhartha, gníomhairí go bhfuil an liosta nó an lastliosta nó plean luchtaithe iomchuí ina seilbh acu i gcomhréir leis an bhfaisnéis lasta a fuarthas ón seoltóir dá dtagraítear i mír 1, pointe (b).

3.   Áiritheoidh oibreoirí agus máistrí soithí farraige go stuáiltear coimeádáin lasta ina bhfuil millíní plaisteacha faoin deic nuair is indéanta le réasún, nó go ndéantar iad a stuáil ar bord i limistéir faoi fhothain ina bhfuil deiceanna nochta. Sa dá chás, daingneofar na coimeádáin sin chun guaiseacha don mhuirthimpeallacht a íoslaghdú gan dochar a dhéanamh do shábháilteacht an tsoithigh farraige agus na ndaoine ar bord.

Airteagal 13

Comhlíonadh a fhíorú agus tuairisciú

1.   Fíoróidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais, na hiompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus na hionadaithe údaraithe, na seoltóirí, agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí na soithí farraige na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, agus an fhaisnéis a thugtar sna féindearbhuithe comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus a bhailíonn deimhnitheoirí agus údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 6(6) agus Airteagal 7(1) i gcomhréir le díolúintí arna ndeonú de bhun Airteagal 8 á cur san áireamh, i gcás inarb infheidhme. Déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí comhshaoil agus bearta fíorúcháin eile, lena n-áirítear gan fógra a thabhairt roimh ré, agus cur chuige rioscabhunaithe á leanúint.

2.   Faoin 1 Eanáir 2030, agus gach 3 bliana dá éis sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo le linn na 3 bliana féilire leanúnacha roimhe sin. Áireofar ar an bhfaisnéis sin:

(a)

an líon oibreoirí eacnamaíocha in aghaidh mhéid an fhiontair faoi Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún agus in aghaidh na gníomhaíochta eacnamaíche, a suiteálacha, agus an líon iompróirí de chuid an Aontais agus an líon iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus na modhanna iompair a úsáideann na hiompróirí sin chun millíní plaisteacha a iompar;

(b)

líon na bpleananna bainistithe riosca agus na bhféindearbhuithe faoinar tugadh fógra de bhun Airteagal 5(1) agus 5(2) faoi seach, líon na ndeimhnithe faoinar tugadh fógra de bhun Airteagal 6(6) agus líon na n-oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe le EMAS nó a bhfuil córas bainistithe comhshaoil curtha chun feidhme acu a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 8(2);

(c)

líon na gceadanna arna ndeonú a chomhlíonann na coinníollacha de bhun Airteagal 7; agus

(d)

an líon cigireachtaí comhshaoil agus beart fíorúcháin eile agus a dtorthaí, arb iniúchtaí agus bearta iad arna ndéanamh faoi mhír 1 den Airteagal seo, mar aon leis an líon teagmhas agus timpistí arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 14(1) agus na bearta arna ndéanamh i gcás neamh-chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, formáid a leagan síos le haghaidh na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 24(2).

4.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta tuairiscithe dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí forléargas ar an Aontas ina iomláine ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunaithe ar na sonraí arna gcur faoina bhráid de bhun na míre sin.

Airteagal 14

Teagmhais agus timpistí

1.   Gan dochar do Threoir 2004/35/CE, i gcás teagmhas nó timpiste is cúis le caillteanas a dhéanann difear do shláinte an duine nó don chomhshaol, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad an méid seo a leanas:

(a)

seirbhísí éigeandála a chur ar an eolas láithreach, i gcás inarb ábhartha;

(b)

gach beart is féidir a dhéanamh láithreach chun na hiarmhairtí do shláinte an duine nó don chomhshaol a íoslaghdú;

(c)

gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an teagmhais nó na timpiste is cúis le caillteanas a dhéanann difear do shláinte an duine nó don chomhshaol, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis inniúla ar ina gcríocha a tharla an teagmhas nó an timpiste:

(i)

cainníochtaí measta an chaillteanais;

(ii)

na cúiseanna leis an gcaillteanas; agus

(iii)

na bearta arna ndéanamh de bhun phointe (b); agus

(d)

bearta chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc.

2.   An t-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste, cuirfidh sé de cheangal, i gcás inar gá, ar oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad bearta comhlántacha iomchuí a dhéanamh chun na hiarmhairtí do shláinte an duine nó don chomhshaol a íoslaghdú agus chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc, lena n-áirítear trí oiliúint shonrach a eagrú.

3.   I gcás aon teagmhas nó timpiste lena ndéantar difear do shláinte an duine nó don chomhshaol i mBallstát eile, cuirfidh an t-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste údarás inniúil an Bhallstáit eile sin ar an eolas láithreach.

Airteagal 15

Neamhchomhlíonadh

1.   I gcás ina sáraítear na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais, iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus ionadaithe údaraithe, de réir mar is infheidhme, an méid seo a leanas láithreach:

(a)

an t-údarás inniúil a chur ar an eolas;

(b)

na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na rialacha á gcomhlíonadh arís laistigh den tréimhse is giorra is féidir; agus

(c)

aon bhearta comhlántacha a chomhlíonadh a chinnfidh an t-údarás inniúil a bheith riachtanach chun an comhlíonadh a athbhunú.

2.   I gcás ina bhfuil sárú ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ina chontúirt láithreach do shláinte an duine nó ina bhféadfadh sé a bheith ina údar le héifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol, déanfaidh an t-údarás inniúil, nó, i gcás ina mbeidh caillteanas suntasach mar thoradh ar an sárú sin, féadfaidh an t-údarás inniúil oibriú na suiteála nó cuid di a chur ar fionraí, agus bac gluaiseachta a chur ar ghluaiseacht feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre nó gluaiseacht feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre a chosc go dtí go n-athbhunófar an comhlíonadh i gcomhréir le mír 1, pointí (b) agus (c).

Airteagal 16

Údaráis inniúla a ainmniú agus cumhachtaí na n-údarás sin

1.   Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún gan mhoill tar éis 16 Nollaig 2025, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas freisin faoi aon athruithe a dhéanfar ar an bhfaisnéis sin ina dhiaidh sin.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit na cumhachtaí iniúchta agus forfheidhmithe is gá dá n-údaráis inniúla chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

3.   Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad i gcumhachtaí na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 2:

(a)

an chumhacht rochtain a fháil ar aon doiciméad, sonra nó faisnéis ábhartha a bhaineann le sárú ar an Rialachán seo, in aon fhoirm nó formáid, gan beann ar mheán nó ionad a stórála, agus an chumhacht cóipeanna díobh a thógáil nó a fháil;

(b)

an chumhacht é a cheangal ar aon duine nádúrtha nó duine dlítheanach faisnéis, sonraí nó doiciméid ábhartha ar bith, in aon fhoirm nó formáid agus gan beann ar mheán nó ionad a stórála, a sholáthar, chun a shuí cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh sárú ar an Rialachán seo nó an bhfuiltear á dhéanamh agus mionsonraí an tsáraithe sin;

(c)

an chumhacht tús a chur le hiniúchadh ar a dtionscnamh féin chun deireadh a chur leis na sáruithe ar an Rialachán seo nó iad a thoirmeasc; agus

(d)

an chumhacht rochtain a fháil ar shuiteálacha.

4.   Féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as aon fhaisnéis, doiciméad, toradh nó ráiteas mar fhianaise chun críoch a gcigireachtaí comhshaoil agus na mbeart fíorúcháin eile dá gcuid, gan beann ar an bhformáid ná ar an meán ina stóráiltear iad.

5.   I gcás ina bhfuil níos mó ná aon údarás inniúil amháin ina gcríoch, áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar sásraí cumarsáide agus comhordaithe iomchuí.

Airteagal 17

Faisnéis agus cúnamh maidir le comhlíonadh

1.   Faoin 17 Nollaig 2026, forbróidh an Coimisiún ábhar múscailte feasachta agus oiliúna maidir le cur chun feidhme iomchuí na n-oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é, lena n-áirítear tríd an idirlíon, ar shuíomh gréasáin a bheidh éasca a aimsiú, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin, i gcomhairle le hionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí agus deimhnitheoirí, lena n-áirítear micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus eagraíochtaí ábhartha comhshaoil neamhrialtasacha agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla. I gcás inarb iomchuí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin le hionadaithe ionadaithe údaraithe, seoltóirí, agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad, ionadaithe údaraithe, seoltóirí, agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige rochtain ar fhaisnéis maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo agus go bhfaighidh siad, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga, cúnamh ina leith sin.

Gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, féadfaidh an cúnamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, go háirithe, a bheith sna foirmeacha seo a leanas:

(a)

tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear chun críoch deimhniúcháin d’fhiontair bheaga;

(b)

rochtain ar mhaoiniú;

(c)

bainistíocht speisialaithe agus oiliúint foirne; agus

(d)

cúnamh oibríochtúil agus teicniúil.

3.   Molfaidh na Ballstáit forbairt clár oiliúna ar mhaithe le pearsanra na ndeimhnitheoirí a cháiliú.

Airteagal 18

Caighdeáin

1.   Chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 5(6), pointe (b), a chomhlíonadh, forbrófar modheolaíocht chun meastachán a dhéanamh faoi chainníochtaí na gcaillteanas i gcaighdeáin chomhchuibhithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh ar fhorbairt na gcaighdeán comhchuibhithe faoi bhráid ceann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú faoin 17 Nollaig 2026.

3.   I gcás nach nglacann aon eagraíocht Eorpach um chaighdeánú leis an iarraidh ar chaighdeán comhchuibhithe a tharraingt suas nó i gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonfaidh an caighdeán atá beartaithe na ceanglais arb é a chumhdach is aidhm dó, leagfaidh an Coimisiún an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo síos trí ghníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(3).

Airteagal 19

Gearáin a láimhseáil agus rochtain ar an gceartas

1.   Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas leordhóthanach acu nó iadsan a measann gur sáraíodh a gcearta, beidh siad i dteideal gearáin chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcás ina measann siad, ar bhonn imthosca oibiachtúla, nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch, iompróir de chuid an Aontais, iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é nó seoltóir, oibreoir, gníomhaire nó máistir soithigh farraige an Rialachán seo.

Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar go bhfuil leas leordhóthanach ag eintitis neamhrialtasacha nó eagraíochtaí a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn nó iadsan a chuireann cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta.

2.   Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar ghearáin chuí-réasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh siad na bearta is gá chun na gearáin sin a fhíorú, lena n-áirítear cigireachtaí ar an duine nó ar an eagraíocht nó éisteachtaí uathu. I gcás ina bhfaighfear amach go bhfuil bunús leis an ngearán, déanfaidh na húdaráis inniúla na gníomhaíochtaí is gá i gcomhréir le hAirteagail 5(3), 14(2) agus 15(2).

3.   Déanfaidh na húdaráis inniúla, a luaithe is féidir, na daoine dá dtagraítear i mír 1 a thíolaic an gearán a chur ar an eolas faoin gcinneadh uathu aontú don iarraidh ar ghníomhaíocht a cuireadh chun cinn sa ghearán nó diúltú don iarraidh sin, agus soláthróidh siad na cúiseanna leis sin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag duine dá dtagraítear i mír 1 rochtain ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta eile atá inniúil ar athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach aon chinntí, aon ghníomhartha nó aon mhainneachtana gníomhú de chuid an údaráis inniúil faoin Rialachán seo, gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear nach mór nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin a bheith ídithe sula rachfar ar iontaoibh imeachtaí breithiúnacha. Beidh na nósanna imeachta athbhreithniúcháin sin cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh siad róchostasach, agus soláthrófar leo leigheasanna leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar gá.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 20

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Áireofar ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1 pionóis airgeadais riaracháin a bhainfidh na sochair eacnamaíocha a eascraíonn as na sáruithe díobh siúd a rinne an sárú.

3.   I gcás na sáruithe is tromchúisí arna ndéanamh ag duine dlítheanach, beidh uasleibhéal na bpionós airgeadais riaracháin dá dtagraítear i mír 2 cothrom le 3 % ar a laghad dá láimhdeachas bliantúil san Aontas sa bhliain airgeadais roimh an mbliain ina bhforchuirtear an pionós airgeadais riaracháin.

4.   Féadfaidh na Ballstáit freisin, nó de rogha air sin, pionóis choiriúla a fhorchur ar choinníoll go bhfuil siad éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar bhealach atá coibhéiseach leis na pionóis airgeadais riaracháin dá dtagraítear san Airteagal seo.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an aird chuí ar na nithe seo a leanas sna pionóis a leagfar síos de bhun an Airteagail seo, mar is infheidhme:

(a)

cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b)

an daonra nó an comhshaol ar a mbeidh tionchar ag an sárú, agus aird á tabhairt ar an tionchar sin ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach;

(c)

cineál athfhillteach nó aonuaire an tsáraithe.

6.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan moill mhíchuí, faoi na rialacha agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon leasú ina dhiaidh a mbeidh tionchar aige orthu.

Airteagal 21

Cúiteamh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndearnadh dochar do shláinte an duine de dheasca sárú ar an Rialachán seo, go bhfuil an ceart ag na daoine aonair a n-imrítear tionchar orthu cúiteamh maidir leis an dochar sin a éileamh agus a fháil ó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rialacha náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta a bhaineann le héilimh ar chúiteamh a cheapadh agus a chur i bhfeidhm ar bhealach nach mbeidh sé dodhéanta nó ródheacair an ceart chun cúitimh a fheidhmiú i gcás dochar arb é sárú is cúis leis de bhun mhír 1.

3.   Féadfaidh na Ballstáit tréimhsí teorann a bhunú le haghaidh na n-éileamh ar chúiteamh dá dtagraítear i mír 1. Ní chuirfear tús leis na tréimhsí sin sula mbeidh deireadh leis an sárú agus sula mbeidh a fhios ag an duine atá i dteideal an cúiteamh a éileamh, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige, gur bhain dochar dó de dheasca sárú de bhun mhír 1, nó gur féidir coinne réasúnta a bheith leis go mbeidh a fhios aige nó aici faoi sin.

Airteagal 22

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)

na ceanglais theicniúla a leagtar síos i míreanna 2, 3, 4 agus 5 d’Iarscríbhinn I;

(b)

pointí (1), (2) agus (3) d’Iarscríbhinn III chun cur leis na ceanglais nó nósanna imeachta trealaimh nó iad a bhaint nó chun gnéithe teicniúla an trealaimh agus na nósanna imeachta atá ann cheana a shonrú; agus

(c)

mionsonraí na bhfoirmeacha a leagtar síos in Iarscríbhinní II agus IV.

2.   Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar bhonn an mhéid seo a leanas:

(a)

an taithí a fhaightear ó Airteagail 3, 5, 6, 7, 8, 13 agus 14 a chur chun feidhme;

(b)

an fhaisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil maidir le cainníochtaí measta bliantúla de chaillteanas millíní plaisteacha, mar a thuairiscítear de bhun Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(c)

caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta;

(d)

sainiúlachtaí na n-earnálacha gníomhaíochta;

(e)

riachtanais shonracha na micrifhiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide; nó

(f)

dul chun cinn teicniúil agus forbairtí eolaíocha.

Airteagal 23

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 2 Eanáir 2028. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Cuirfear síneadh le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina aghaidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 22(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 24

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 25

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 17 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar phríomhthorthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil:

(a)

an taithí a fuarthas ón Rialachán seo a chur chun feidhme;

(b)

an fhaisnéis arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 13(2);

(c)

an fhaisnéis a chuireann oibreoirí eacnamaíocha ar fáil maidir le cainníochtaí measta bliantúla de chaillteanas millíní plaisteacha, mar a thuairiscítear de bhun Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;

(d)

rannchuidiú an Rialacháin seo leis an sprioc fhoriomlán maidir le laghdú 30 % a dhéanamh ar thruailliú micreaphlaisteach faoi 2030;

(e)

measúnú ar cé acu is gá nó nach gá tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh maidir le foinsí breise scaoilte neamhbheartaithe micreaphlaisteach d’fhonn cuspóirí an Aontais a bhaint amach maidir le truailliú micreaphlaisteach a laghdú;

(f)

na sonraí agus na torthaí eolaíocha is déanaí;

(g)

measúnú ar na sonraí agus na torthaí eolaíocha is déanaí maidir le hinrianaitheacht cheimiceach millíní plaisteacha agus ar a ábhartha atá sé síniú ceimiceach uathúil a thabhairt isteach;

(h)

idirghníomhú an Rialacháin seo le tionscnaimh idirnáisiúnta ábhartha lena dtugtar aghaidh ar chaillteanas millíní plaisteacha, go háirithe maidir le muiriompar;

(i)

measúnú ar an tionchar a bheadh ag oibreoirí eacnamaíocha a láimhseálann millíní plaisteacha faoi bhun tairseacha áirithe ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a eisiamh ó oibleagáidí áirithe faoin Rialachán seo, agus ar a ábhartha atá sé tairseach d’iompróirí a bhunú;

(j)

measúnú ar an éifeacht a bhí ag na díolúintí a deonaíodh de bhun Airteagal 7 chun an cuspóir a bhaint amach maidir le doirteadh agus caillteanas a chosc;

(k)

measúnú ar a mhéid a chomhlíonann iompróirí na hoibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad;

(l)

measúnú ar éifeacht choibhneasta na modhanna éagsúla chun faisnéis a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 10.

2.   I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag gabháil leis an tuarascáil.

3.   I gcás ina nglacfaidh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) bearta chun go n-iompróidh longa millíní plaisteacha go sábháilte agus chun truailliú muirí de bharr millíní plaisteacha a iompraítear ar longa a chosc, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta sin, lena n-áirítear an gá atá le hailíniú leis na bearta sin a áirithiú, agus glacfaidh sé, más iomchuí, togra reachtach.

Airteagal 26

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 17 Nollaig 2027. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 3(1), Airteagal 5(6), an dara fomhír, Airteagal 16, Airteagal 17(1) agus Airteagal 18(2) agus (3) ón 16 Nollaig 2025.

De mhaolú ar an dara mír den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 1(2), pointe (d), Airteagal 12, Airteagal 13(1), Airteagal 17(2) agus (3) agus Airteagal 19 a mhéid a bhaineann le seoltóirí agus oibreoirí, gníomhairí agus máistrí soithí farraige ón 17 Nollaig 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)   IO C, C/2024/2487, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2487/oj.

(2)   IO C, C/2024/3675, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3675/oj.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 22 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(5)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).

(6)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha agus tógála beostoic (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/75/oj).

(7)  Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1996/61/oj).

(8)  Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/56/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2023/2055 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a mhéid a bhaineann le micreacháithníní polaiméire sintéisí (IO L 238, 27.9.2023, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2055/oj).

(10)  Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas Comhphobail faireacháin agus faisnéise um thrácht soithí agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208 5.8.2002, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/59/oj).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le rannpháirtíocht shaorálach eagraíochtaí i scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 761/2001, Cinneadh 2001/681/CE ón gCoimisiún agus Cinneadh 2006/193/CE ón gCoimisiún (IO L 342, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1221/oj).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj).

(13)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/2005/370/oj.

(14)  Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28). ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/99/oj).

(15)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/35/oj).

(16)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(18)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj).

(19)  Rialachán (CE) Uimh 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(21)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/4/oj).

(22)  Treoir (AE) 2024/1203 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoracha 2008/99/CE agus 2009/123/CE (IO L, 2024/1203, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1203/oj).


IARSCRÍBHINN I

PLEAN BAINISTITHE RIOSCA LE HAGHAIDH SUITEÁLACHA

1.   

Beidh na heilimintí seo a leanas sa phlean bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 5(1):

(a)

an plean láithreáin;

(b)

an líon tonaí millíní plaisteacha a láimhseáiltear in aghaidh na bliana;

(c)

na suíomhanna laistigh de theorainneacha na suiteála ina bhféadfadh doirteadh tarlú, agus suíomhanna ardriosca agus ísealriosca á sonrú;

(d)

na suíomhanna laistigh de theorainneacha na suiteála óna bhféadfadh caillteanas teacht agus na suíomhanna sna limistéir máguaird a bhféadfadh caillteanas difear a dhéanamh dóibh, agus suíomhanna ardriosca agus ísealriosca á sonrú sa dá chás;

(e)

na hoibríochtaí láimhseála ar lena linn a d’fhéadfadh doirteadh agus caillteanas millíní tarlú, agus oibríochtaí ardriosca agus ísealriosca á sonrú;

(f)

an meastachán bliantúil ar na cainníochtaí de dhoirteadh sna suíomhanna sainaitheanta agus ar chaillteanas ó na suíomhanna sin;

(g)

liosta de na gníomhaíochtaí ar lena linn a d’fhéadfadh doirteadh nó caillteanas millíní plaisteacha tarlú agus a bhféadfadh údarás a bheith ag an tsuiteáil rialú a fheidhmiú orthu, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le saoráidí stórála de chuid soláthróirí, conraitheoirí agus fochonraitheoirí agus ag saoráidí stórála lasmuigh den láthair;

(h)

sainmhíniú ar ról sonrach amháin baill foirne atá freagrach as doirteadh agus caillteanas a thaifeadadh agus a imscrúdú agus bearta leantacha a dhéanamh ina dtaobh, lena n-áirítear iad a thuairisciú d’údaráis inniúla mar a leagtar síos in Airteagal 5(6) agus Airteagal 14(1);

(i)

tuairisc ar an bpacáistíocht agus an trealamh atá curtha in úsáid chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh; agus

(j)

tuairisc ar na nósanna imeachta atá curtha i bhfeidhm chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh.

2.   

Maidir le pointe (i) de mhír 1, beidh an phacáistíocht agus an trealamh a chuirtear in úsáid chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh, beidh siad leordhóthanach do chineál agus méid na suiteála agus beidh siad comhréireach leis an gcineál agus an méid sin, agus áireofar an méid seo a leanas iontu:

(a)

maidir le cosc: i gcás suiteálacha ina ndéantar pacáistiú, pacáistíocht atá láidir chun na turraingí, na hualaigh agus na dálaí aimsire a bhíonn ann de ghnáth le linn iompair a sheasamh; beidh an t-ábhar a úsáidtear agus tógáil na pacáistíochta láidir go leor d’acmhainneacht na pacáistíochta agus don úsáid atá beartaithe di; beidh an phacáistíocht criathrúdhíonach nó cuirfear líneáil oiriúnach ar fáil inti, agus déanfar agus dúnfar go daingean í ionas nach gcaillfear aon ábhar a tharlaíonn de dheasca creathaidh nó fórsaí luasghéaraithe faoi ghnáthdhálaí iompair;

(b)

maidir le himshrianadh: ag suíomhanna doirte ardriosca, feistí gabhála (e.g. tráidirí doirte agus umair choinneála laistigh den talamh ar a bhfuil grátaí cruach) a leagtar síos chun a áirithiú gur féidir doirteadh a imshrianadh agus a ghlanadh go héasca, agus cumhdaigh draenach lena n-imshriantar millíní plaisteacha nó modhanna oiriúnacha eile chun córais draenála faoi thalamh a chosaint;

(c)

maidir le glanadh: ag suíomhanna doirte agus caillteanais, folúsghlantóirí ar féidir iad a úsáid istigh is amuigh, go leor uirlisí glantacháin (e.g. scuaba urláir, sluasaidíní agus scuaibíní, buicéid, téipeanna deisiúcháin) agus araidí diúscartha le haghaidh millíní plaisteacha arna mbailiú agus málaí folmha.

3.   

Maidir le pointe (j) de mhír 1, na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh, beidh siad leordhóthanach do chineál agus méid na suiteála, agus beidh siad comhréireach leis an gcineál agus an méid sin, agus áireofar an méid seo a leanas iontu:

(a)

tríú páirtithe a bhfuil rochtain acu ar an tsuiteáil chun millíní plaisteacha a luchtú, a dhíluchtú nó a láimhseáil ar bhealach eile, a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta ábhartha chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh;

(b)

pacáistíocht millíní plaisteacha a láimhseáil ionas go gcuirfear cosc ar pholladh na pacáistíochta; ag suíomhanna doirte ardriosca, a áirithiú go ndéantar cigireachtaí rialta, glanadh agus cothabháil ar fheistí gabhála agus ar shaoráidí stórála chomh maith le pacáistíocht agus coimeádáin; má tá an phacáistíocht agus na coimeádáin ag sceitheadh nó ag criathrú, a áirithiú nach n-úsáidtear a thuilleadh iad;

(c)

srian a choinneáil ar dhoirteadh agus aon doirteadh a ghlanadh suas a luaithe is féidir, agus ag deireadh na hoibríochta ar a dhéanaí;

(d)

a áirithiú go bhfuil an taobh amuigh den fheithicil bhóthair, den vaigín iarnróid nó den soitheach uiscebhealaí intíre saor ó mhillíní plaisteacha ar fhágáil na suiteála dóibh, agus a áirithiú go bhfuil rampaí luchtaithe agus díluchtaithe feithiclí bóthair agus vaigíní iarnróid dúnta ar fhágáil na háite luchtaithe nó díluchtaithe dóibh.

4.   

I dteannta mhír 2 agus ar bhonn chineál agus mhéid na suiteála chomh maith le méid a hoibríochtaí, féachfaidh oibreoirí eacnamaíocha ar an tuairisc ar an trealamh seo a leanas ar a laghad a áireamh sa phlean bainistithe riosca:

(a)

maidir le cosc: le haghaidh suiteálacha ina n-úsáidtear pacáistíocht: pacáistíocht nach ndíghrádaítear i dtimpeallachtaí uisceacha; séalaí folúis ar phíobáin agus píbobair; clúdaigh chosanta ar fhorcardaitheoirí, ar threalamh hiodrálach, nó ar threalamh luchtaithe agus díluchtaithe eile chun tolladh pacáistíochta a chosc; trealamh chun pointí ceangail slána a chruthú agus bacainní tánaisteacha i bhfeidhm; córais luchtaithe arna ndearadh chun a áirithiú gur féidir línte aistrithe a fholmhú go hiomlán tar éis luchtú agus díluchtú; coimeádáin shéalaithe nó sadhlanna seachtracha chun millíní a stóráil; cosaint chun rólíonadh sadhlanna a chosc; córais iompair uathoibrithe le haghaidh millíní; trealamh eastósctha deannaigh millíní plaisteacha le scagairí deannaigh millíní plaisteacha iomchuí nó feistí gabhála; chun coimeádáin nó sadhlanna millíní plaisteacha a ghlanadh, úsáid a bhaint as scagairí nó feistí gabhála chun uisce sruthlaithe agus aerghlanadh a dhéanamh;

(b)

maidir le himshrianadh: feistí gabhála tánaisteacha a chuirtear idir limistéir ina láimhseáiltear millíní plaisteacha agus teorainn na suiteála, timpeall na suiteála agus ag pointí nasctha a n-iompraítear millíní plaisteacha chucu; cumhdaigh draenála ar gach draein urláir laistigh d’fhoirgnimh agus draenacha atá suite ar dhromchlaí seachtracha (e.g. pliontaí coincréite, bóithre asfailt agus cosáin phábháilte) agus, i gcás inarb iomchuí, méid mhogaill atá níos lú ná na millíní plaisteacha is lú a láimhseáiltear ar an láthair; córais draenála múnlaigh stoirme nó córais scagacháin chun bainistiú a dhéanamh ar thuilte nó teagmhais stoirme is féidir a thuar go réasúnta; córas cóireála séarachais; coimeádáin dhúnta le haghaidh millíní plaisteacha arna ndoirteadh agus le haghaidh pacáistíocht fholamh; criosanna chun pacáistíocht damáistithe a dheisiú nó a bhainistiú; urlár nó limistéar faoi thalamh ag limistéir luchtaithe agus díluchtaithe nach gcuireann bac ar ghlanadh doirte;

(c)

maidir le glanadh: folúsghlantóirí tionsclaíocha; coimeádáin thiomnaithe le haghaidh millíní plaisteacha athshlánaithe a chumhdaítear, a lipéadaítear agus a dhaingnítear chun tuilleadh doirte agus caillteanais a chosc, lena n-áirítear millíní plaisteacha a fhaightear sna suíomhanna sna limistéir máguaird den tsuiteáil; málaí bailithe treisithe.

5.   

I dteannta mhír 3 agus ar bhonn chineál agus mhéid na suiteála chomh maith le méid a hoibríochtaí, féachfaidh oibreoirí eacnamaíocha ar thuairisc ar na nósanna imeachta seo a leanas ar a laghad a áireamh sa phlean bainistithe riosca:

(a)

maidir le cosc: teorainneacha ar na cainníochtaí de mhillíní plaisteacha a iompraítear i bpacáistíocht áirithe; úsáid tráidirí doirte faoi phointí aistrithe agus le linn luchtú agus díluchtú; nósanna imeachta soiléire um choimeádáin a oscailt, a luchtú, a dhúnadh agus a shéalú ag tús agus deireadh an luchtaithe; tástáil fhisiceach agus faireachán ar éifeachtacht nósanna imeachta um chosc; nósanna imeachta glactha agus imeachta d’iompróirí de chuid an Aontais agus d’iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad; nósanna imeachta agus bearta coiscthe deannaigh millíní plaisteacha;

(b)

maidir le himshrianadh: cigireacht, glantachán agus cothabháil thráthrialta ar chumhdaigh draenach, ar chórais draenála múnlaigh stoirme nó ar chórais scagacháin; cigireacht agus glantachán tráthrialta ar fheithiclí a fhágann nó a thagann isteach i láithreán, saoráidí uisce amach agus fálta feadh imeall na saoráide atá i limistéir phoiblí i gcás inarb infheidhme; ionadú nó deisiú láithreach ar phacáistíocht nó coimeádáin atá ag sceitheadh; cothabháil an chórais cóireála séarachais;

(c)

maidir le glanadh: a luaithe a bheidh na millíní plaisteacha a dhoirtear glanta, más féidir, athúsáidfear iad mar amhábhar chun cur amú a laghdú; mura féidir millíní plaisteacha a dhoirtear a athúsáid mar amhábhair, aisghabhfar agus diúscrófar iad i gcomhréir le reachtaíocht maidir le dramhaíl.

6.   

I gcás oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide nó mhóra iad agus a oibríonn suiteálacha inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe seo, déanfaidh siad an méid seo a leanas a áireamh sa phlean bainistithe riosca freisin:

(a)

eilimintí atá le hathbhreithniú ag cruinnithe foirmiúla bainistíochta uair amháin sa bhliain ar a laghad, lena n-áirítear an chainníocht mheasta agus cúiseanna le haon chaillteanas; trealamh agus nósanna imeachta coisctheacha, maolaithe agus glantacháin arna gcur chun feidhme agus a n-éifeachtacht;

(b)

clár feasachta agus oiliúna, bunaithe ar róil agus freagrachtaí sonracha na bhfostaithe, maidir le cosc, imshrianadh agus glantachán, maidir leis an tsuiteáil, le húsáid agus cothabháil trealaimh, le cur i gcrích nósanna imeachta, agus maidir leis an bhfaireachán ar chaillteanas millíní plaisteacha agus an tuairisciú orthu;

(c)

na nósanna imeachta um thiománaithe, soláthróirí agus fochonraitheoirí a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta ábhartha chun doirteadh agus caillteanas a chosc, a imshrianadh agus a ghlanadh.


IARSCRÍBHINN II

FOIRM LE HAGHAIDH FÉINDEARBHÚ COMHRÉIREACHTA

(ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch)

dearbhaíonn sé faoina fhreagracht féin go gcomhlíonann an láimhseáil millíní plaisteacha a dhéantar sa tsuiteáil atá lonnaithe in ……………………………………………………………………………… (seoladh) ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin (más ann di) ……………………………………… ceanglais uile Rialachán (AE) 2025/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Samhain 2025 maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú.

Tríd an dearbhú seo a shíniú, dearbhaím gur cuireadh na bearta a leagtar amach sa mheasúnú tionchair atá i gceangal leis seo, arna dhéanamh an ……………………………………… (dáta) chun feidhme.

Arna dhéanamh i/in/sa/san ……………………………………… an …/…/20….

Síniú


IARSCRÍBHINN III

GNÍOMHAÍOCHTAÍ ATÁ LE DÉANAMH AG IOMPRÓIRÍ DE CHUID AN AONTAIS AGUS IOMPRÓIRÍ NACH IOMPRÓIRÍ DE CHUID AN AONTAIS IAD

Bearta atá le déanamh agus trealamh atá le cur i bhfeidhm ag iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad:

(1)

maidir le cosc: fíorú, le linn luchtú agus díluchtú, agus ina ndiaidh, go mbaintear na millíní plaisteacha den taobh amuigh den mhodh iompair agus de na coimeádáin lasta mar is ceart sula bhfágann siad an tsuiteáil, agus go ndúntar rampaí luchtaithe agus díluchtaithe na modhanna iompair nuair a fhágann siad an tsuiteáil; cumarsáid shoiléir maidir le ceanglais a bhaineann le stuáil shábháilte; seiceáil amhairc a dhéanamh ar shláine phacáistíocht na millíní plaisteacha roimh an turas; a áirithiú go n-úsáidtear cumhdaigh chosanta ar fhorcardaitheoirí/trealamh hiodrálach, mar shampla, chun polladh pacáistíochta a chosc; aon sceitheadh le linn an turais iompair a chosc, mar shampla trína áirithiú go bhfuil na modhanna iompair oiriúnach go teicniúil agus go bhforlíontar na coimeádáin lasta, más gá, le séalú iomchuí; na hurranna luchtaithe, na coimeádáin lasta agus na leantóirí a ghlanadh go tráthrialta chun caillteanas millíní plaisteacha doirte a íoslaghdú; seiceáil amhairc a dhéanamh ar oscailtí agus sláine na n-urrann luchtaithe, na gcoimeádán lasta agus na leantóirí chun caillteanas na millíní plaisteacha a imshrianadh agus a íoslaghdú roimh an aistear agus lena linn, a mhéid is féidir, lena n-áirítear sna críochfoirt ilmhódacha, críochfoirt iarnróid, calafoirt intíre agus calafoirt chósta.

(2)

maidir le himshrianadh agus glantachán: i gcás inar féidir, pacáistíocht a ndearnadh damáiste di a dheisiú le linn iompair agus na millíní plaisteacha atá fágtha a imshrianadh in urrann an lasta; na millíní plaisteacha a doirteadh a bhailiú i gcoimeádáin nó málaí dúnta lena ndiúscairt go cuí; i gcás ina n-iompraítear millíní plaisteacha in ollumair, gan an dúnpholl/cón ag bun an umair sadhlainne a oscailt go dtí go rachaidh sé isteach sa bhá ghlantacháin; gan an líneáil choimeádáin a ionadú ach amháin i limistéir oscailte neamhphoiblí, mar a mbeifear in ann aon doirteadh a imshrianadh; fógra a thabhairt do na húdaráis iomchuí, mar shampla údaráis éigeandála idirnáisiúnta agus náisiúnta nó údaráis chomhshaoil an Bhallstáit inar tharla an caillteanas.

(3)

trealamh ar bord: gaireas soilsiúcháin iniompartha amháin ar a laghad, uirlisí láimhe (e.g. scuaba, sluasaidíní agus scuaibíní, buicéid, téipeanna deisithe, etc.); coimeádáin bhailiúcháin dhúnta/málaí bailithe treisithe.


IARSCRÍBHINN IV

FOIRM AN DEIMHNITHE COMHRÉIREACHTA

Dearbhaíonn …(ainm)

ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin ………………………………………………………………………………

creidiúnaithe don raon feidhme ……………………………………………………………………………… (Cód NACE)

tar éis dó fíorú a dhéanamh ar shuiteáil an oibreora eacnamaíoch ……………………………………… (ainm) atá lonnaithe in ……………………………………… ag a bhfuil an uimhir chlárúcháin (más ann di) ………………………………………,

go gcomhlíonann an tsuiteáil na ceanglais uile a leagtar síos in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2025/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Samhain 2025 maidir le caillteanas millíní plaisteacha a chosc chun truailliú micreaphlaisteach a laghdú.

Tríd an dearbhú seo a shíniú, dearbhaím:

go ndearnadh an fíorú i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2025/2365, lena n-áirítear spotseiceálacha arna ndéanamh an … (dátaí),

gurb é a dhearbhaítear le toradh an fhíoraithe nach bhfuil aon fhianaise ann ar neamh-chomhlíonadh cheanglais Rialachán (AE) 2025/2365.

Arna dhéanamh i/in/sa/san ……………………………………… an …/…/20….

Síniú agus stampa nó síniú digiteach


IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR DE BHUN AIRTEAGAL 10

Image 1

Díobhálach don chomhshaol – caillteanas a sheachaint


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2365/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)