European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2359

21.11.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2359 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Iúil 2025

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in-athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/73/CE (1), agus go háirithe Airteagal 9(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart a chur san áireamh i modheolaíocht chuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí ísealcharbóin astaíochtaí saolré iomláine agus astaíochtaí indíreacha a eascraíonn as atreorú ionchur docht ó bhreoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh chomh maith le hastaíochtaí meatáin thosach an tslabhra agus rátaí gabhála carbóin iarbhír. Chun comhsheasmhacht na modheolaíochta a leagtar amach sa Rialachán seo leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a áirithiú, ba cheart cuir chuige chomhchosúla a chur i bhfeidhm mar atá i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 (2) ón gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.

(2)

Tá feidhm ag an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chinneadh chomh maith le breoslaí carbóin athchúrsáilte, ar fochatagóir breoslaí ísealcharbóin iad. Is iomchuí, dá bhrí sin, breoslaí carbóin athchúrsáilte a eisiamh ó raon feidhme na modheolaíochta a leagtar amach sa Rialachán seo.

(3)

Tá an creat deimhniúcháin le haghaidh breoslaí ísealcharbóin a leagtar amach i dTreoir (AE) 2024/1788 ailínithe go hiomlán leis an gcreat deimhniúcháin a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le haghaidh breoslaí in-athnuaite. Dá réir sin, ba cheart na hamhábhair a úsáidtear chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh chomh maith leis na breoslaí ísealcharbóin iad féin a rianú trí bhíthin bhunachar sonraí an Aontais ar an mbealach céanna le hamhábhair a úsáidtear chun breoslaí in-athnuaite a tháirgeadh agus na breoslaí in-athnuaite iad féin. Dá bhrí sin, maidir leis an luach le haghaidh astaíochtaí meatáin thosach an tslabhra, is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir baisceanna aonair breoslaí agus amhábhar bunaithe ar phróifíl feidhmíochta meatáin an tsoláthróra a sholáthraíonn an breosla a úsáidtear chun an breosla ísealcharbóin a tháirgeadh.

(4)

Níor cinneadh poitéinseal téimh dhomhanda na hidrigine go fóill leis an leibhéal beachtais is gá a chur san áireamh sa mhodheolaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart luachanna ábhartha maidir le poitéinseal téimh dhomhanda na hidrigine a chur isteach a luaithe a bheidh an fhianaise eolaíoch aibithe go leordhóthanach agus curtha i bhfeidhm chun tionchar sceite hidrigine thar an slabhra soláthair ina iomláine a thomhas sna modheolaíochtaí cuntasaíochta astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh breoslaí ísealcharbóin agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch araon.

(5)

Ba cheart go n-aithneofaí leis an modheolaíocht gabháil agus stóráil astaíochtaí mar laghdú ar astaíochtaí i gcás ina stóráiltear iad sin go buan i láithreán stórála geolaíoch, lena n-áirítear i gcás ina stóráiltear astaíochtaí a bhíonn ann i dtríú tíortha lasmuigh den Aontas, fad a áirithítear leis an dlí náisiúnta is infheidhme go mbraitear agus go bhfeabhsaítear sceití i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme san Aontas, agus go gcuirtear sceití san áireamh ionas nach gcuirtear chun sochair iad mar laghduithe. I gcás láithreáin stórála gheolaíocha a sceitheann arís agus arís eile, níor cheart glacadh leo lena n-instealladh. Faoi láthair, ní sheachnaítear tabhairt suas lamháltas ach amháin i gcás na n-astaíochtaí faoi CTA an Aontais a stóráiltear i láithreán stórála a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE. Tá deiseanna ann oibriú i gcomhar ar fud teorainneacha maidir le gabháil agus stóráil carbóin. Bheadh aitheantas féideartha amach anseo do stóráil astaíochtaí CTA an Aontais i láithreáin stórála i dtríú tíortha gan CTA nasctha ag brath ar choinníollacha coibhéiseacha a bheith ann chun stóráil gheolaíoch CO2 a gabhadh agus atá i gcónaí slán agus sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú, ar choinníoll nach n-úsáidfear an stóráil chun gnóthú hidreacarbóin a mhéadú agus go mbeidh laghdú foriomlán ar astaíochtaí mar thoradh air sin.

(6)

Chun comhsheasmhacht na modheolaíochta sin leis an modheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a áirithiú, is iomchuí rialacha a leagan amach lena n-áiritheofar gurb ionann i gcónaí déine astaíochtaí hidrigine ísealcharbóin agus déine astaíochtaí hidrigine in-athnuaite a tháirgtear i leictrealóir le linn na tréimhse céanna, agus go bhfuil na sciartha fuinnimh a thuairiscítear comhsheasmhach.

(7)

Chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, ní mór aistriú go tapa ó úsáid breoslaí iontaise chun leictreachas a ghiniúint. Rannchuideoidh hidrigin in-athnuaite agus ísealcharbóin araon leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Ba cheart na modheolaíochtaí is infheidhme maidir le gach ceann acu, cé go bhfuil siad bunaithe ar bhunúis dlí éagsúla, a bheith comhleanúnach agus ba cheart dóibh sainiúlachtaí teicneolaíochta agus éifeachtúlacht eacnamaíoch araon a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún, a luaithe is féidir, tús a chur le measúnú ar an bhféidearthacht cineálacha cur chuige malartacha a thabhairt isteach chun leictreachas ísealcharbóin ó ghléasraí cumhachta núicléiche a aithint, bunaithe ar chritéir leordhóthanacha. Faoin 30 Meitheamh 2026, ba cheart don Choimisiún comhairliúchán poiblí a sheoladh maidir le dréacht-mhodheolaíocht ina leagtar amach na critéir sin. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar agus ar na himpleachtaí a bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar dhéine astaíochtaí gás ceaptha teasa an leictreachais trí mheánluachanna a úsáid. Ní mór a chur san áireamh sna measúnuithe sin tionchar foriomlán na gcineálacha cur chuige sin ar an gcóras fuinnimh (lena n-áirítear an tionchar ar a éifeachtúlacht eacnamaíoch agus ar thabhairt chun críche idirnasc), an acmhainneacht laghdaithe astaíochtaí, agus a thábhachtaí atá sé cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun le leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite mar a shainmhínítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 (4) ón gCoimisiún chomh maith leis an ngá atá le tionscadail atá ann cheana a choimirciú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sonraítear sa Rialachán seo an mhodheolaíocht chun na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte eile a ríomh.

Airteagal 2

Cinnfear na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin, seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Faireachán agus athbhreithniú

Faoin 1 Iúil 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheidh ag tabhairt isteach conairí malartacha, go háirithe leictreachas ísealcharbóin ó ghléasraí cumhachta núicléiche a mheas bunaithe ar chritéir iomchuí agus cuir chuige déine astaíochtaí gás ceaptha teasa an leictreachais a mheas bunaithe ar mheáin. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin an tionchar a bhíonn ag úsáid na gconairí sin ar an gcóras fuinnimh agus ar laghduithe ar astaíochtaí agus an gá atá le cothrom iomaíochta a choinneáil maidir le leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite a fhoinsiú. Agus measúnú á dhéanamh ar athruithe ar na critéir, breithneoidh an Coimisiún an gá atá le tionscadail atá ann cheana a chosaint.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/1788, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1788/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte (IO L 157, 20.6.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1185/oj).

(3)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2018/2001/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1184 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (OJ L 157, 20.6.2023, p. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/1184/oj).


IARSCRÍBHINN

Modheolaíocht chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte a chinneadh

A.   MODHEOLAÍOCHT

1.

Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgeadh agus úsáid breoslaí ísealcharbóin, seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte, a ríomh mar a leanas:

E = e i + e p + e td + e u – e ccs – e ccu

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

E

=

iomlán na n-astaíochtaí ó úsáid an bhreosla (gCO2eq / MJ breosla);

e i

=

e i leaisteach + e i docht - e iar-úsáid: astaíochtaí ó sholáthar ionchur (gCO2eq / MJ breosla);

e i leaisteach = astaíochtaí ó ionchuir leaisteacha (gCO2eq / MJ breosla);

e i docht = astaíochtaí ó ionchuir dhochta (gCO2eq / MJ breosla);

e iar-úsáid = astaíochtaí ó úsáid na n-ionchur faoi láthair nó a gcinniúint (gCO2eq / MJ breosla)

e p

=

astaíochtaí ón bpróiseáil (gCO2eq / MJ breosla);

e td

=

astaíochtaí ón iompar agus ón dáileadh (gCO2eq / MJ breosla);

e u

=

astaíochtaí ón mbreosla a dhó ina úsáid deiridh (gCO2eq / MJ breosla);

e ccs

=

glanlaghduithe ar astaíochtaí de bharr gabháil carbóin agus stóráil (gCO2eq / MJ breosla);

e ccu

=

glanlaghduithe ar astaíochtaí ó charbón arna ghabháil agus arna cheangal go ceimiceach agus go buan i dtáirgí fadtéarmacha (gCO2eq / MJ).

Ní chuirfear astaíochtaí ó mhonarú innealra agus trealaimh san áireamh.

Cinnfear an déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le breoslaí ísealcharbóin trí iomlán astaíochtaí an phróisis lena gcumhdaítear gach gné den fhoirmle a roinnt ar mhéid iomlán an bhreosla a eascraíonn as an bpróiseas agus sloinnfear í i dtéarmaí graim de choibhéis CO2 in aghaidh an MJ de bhreosla (gCO2eq/MJ breosla). Más meascán de bhreoslaí ísealcharbóin agus breoslaí eile atá i mbreosla, measfar an déine astaíochtaí chéanna a bheith sna cineálacha breosla ar fad. Déanfar eisceacht ón riail sin i gcás comhphróiseáil más rud é nach bhfuil breoslaí ísealcharbóin, breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise á gcur in ionad gnáth-bhreosla iontaise ábhartha i bpróiseas ach go páirteach.

Sa chás sin, déanfar idirdhealú agus an déine astaíochtaí gás ceaptha teasa á ríomh ar bhonn comhréireach luach fuinniúil na n-ionchur fuinnimh ábhartha idir an méid seo a leanas:

an chuid den phróiseas atá bunaithe ar ionchur gnáthbhreosla iontaise mar aon le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. agus

an chuid den phróiseas atá bunaithe ar bhreoslaí ísealcharbóin agus breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ar choinníoll gur comhionann na codanna den phróiseas ar gach bealach eile.

Má úsáidtear níos mó ná ionchur fuinnimh ábhartha amháin sa phróiseas, cinntear an dealú idir an dá chuid den phróiseas bunaithe ar an sciar den ionchur a cháilíonn mar bhreoslaí ísealcharbóin nó breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, a chuirtear in ionad an sciar is airde d’ionchur an ghnáthbhreosla iontaise (1).

Ní chuirtear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear sa phróiseas san áireamh i ríomh dhéine na n-astaíochtaí, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad mar ionchur fuinnimh neamhábhartha, i gcás ina n-úsáidtear iad laistigh de raon feidhme na coda den phróiseas atá teorannaithe mar a leagtar amach thuas (2) nó i gcás ina n-áirítear sciar bithghineach cheana féin sa bhunábhar a úsáidtear sa phróiseas ón tús amhail i gcás dramhaíl mheasctha chathrach. Cinntear déine astaíochtaí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/2001.

Féadfar déine astaíochtaí gás ceaptha teasa breoslaí ísealcharbóin a ríomh mar mheán le haghaidh táirgeadh iomlán breoslaí a tharlaíonn le linn tréimhse suas le mí féilire amháin (3). Mar sin féin, i gcás ina n-úsáidtear mar ionchur chun hidrigin a tháirgeadh i leictrealóir, leictreachas a áirítear mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 27(6) de Threoir 2018/2001, beidh an t-eatramh ama i gcomhréir leis na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le comhchoibhneas ama mura bhfuil feidhm ag aon cheanglas sonrach maidir le comhchoibhneas ama. Féadfar luachanna na déine astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomhtar le haghaidh eatraimh ama aonair a úsáid chun meándéine astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh ar feadh tréimhse suas le mí amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann na luachanna aonair a ríomhtar le haghaidh gach tréimhse ama an tairseach íosta laghduithe, arb éard atá inti 70 %.

2.

Déanfar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí ísealcharbóin, seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte, a ríomh mar a leanas:

Laghduithe = (E F – E) / E F

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

E

=

iomlán na n-astaíochtaí ó úsáid an bhreosla;

E F

=

iomlán na n-astaíochtaí ón táirge comparáide breoslaí iontaise.

I gcás gach breosla ísealcharbóin, beidh iomlán na n-astaíochtaí ón táirge comparáide breoslaí iontaise cothrom leis an táirge comparáide breoslaí iontaise le haghaidh breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/1185.

3.

Mura gcáilíonn aschur próisis go hiomlán mar bhreoslaí ísealcharbóin seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte, cinnfear an codán de bhreoslaí ísealcharbóin seachas breoslaí carbóin athchúrsáilte tríd an ionchur fuinnimh ábhartha lena mbaineann sa phróiseas a roinnt ar iomlán na n-ionchur fuinnimh ábhartha sa phróiseas (4).

Is é an fuinneamh ábhartha le haghaidh ionchuir ábhair luach téimh íochtarach an ionchuir ábhair a théann isteach i struchtúr móilíneach an bhreosla (5).

I gcás ionchuir leictreachais a úsáidtear chun luach téimh an bhreosla nó na dtáirgí idirmheánacha a fheabhsú, is é fuinneamh an leictreachais an fuinneamh ábhartha.

I gcás easgháis thionsclaíocha, is é an fuinneamh san easghás atá bunaithe ar a luach téimh íochtarach an fuinneamh ábhartha. I gcás teas a úsáidtear chun luach téimh an bhreosla nó an táirge idirmheánaigh a fheabhsú, is é an fuinneamh úsáideach sa teas a úsáidtear chun an breosla a shintéisiú an fuinneamh ábhartha. Is é iomlán an fhuinnimh teasa arna iolrú faoi éifeachtúlacht Carnot an teas úsáideach, mar a shainmhínítear í i gcuid C, pointe (1)(b) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001. Ní chuirtear ionchuir eile san áireamh ach amháin nuair a bhíonn déine astaíochtaí an bhreosla á cinneadh.

4.

Agus astaíochtaí ó sholáthar ionchur e i á gcinneadh, déanfar idirdhealú idir ionchuir leaisteacha agus ionchuir dhochta. Is éard atá in ionchuir dhochta na hionchuir sin nach féidir a soláthar a leathnú chun éileamh breise a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, is docht gach ionchur a cháilíonn mar fhoinse charbóin chun breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, chomh maith le haschuir a tháirgtear i gcóimheas seasta trí phróiseas ionchorpraithe (6) agus arb éard atá iontu níos lú ná 10 % de luach eacnamaíoch an aschuir. Más 10 % den luach eacnamaíoch é nó níos mó ná sin, láimhseálfar é mar luach leaisteach. I bprionsabal, is éard atá in ionchuir leaisteacha na hionchuir sin ar féidir a soláthar a mhéadú chun éileamh breise a chomhlíonadh. Tagann táirgí peitriliam ó scaglanna faoin gcatagóir seo toisc gur féidir le scaglanna cóimheas a dtáirgí a athrú. Déanfar astaíochtaí ó ionchuir fuinnimh agus ábhair chuig oibríochtaí gabhála agus stórála carbóin (GSC) (mar shampla, ó dhóchán breosla, teas agus leictreachas a úsáidtear, agus ó ábhair agus ó cheimiceáin) a ríomh bunaithe ar an gcur chuige a leagtar amach i bpointí 5 go 11 maidir le hionchuir phróisis.

5.

Maidir le leictreachas a d’fhéadfaí a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 27(6), an dara agus an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001, sannfar astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha dó.

6.

Cuirfear ceann de na ceithre mhodh mhalartacha seo a leanas i bhfeidhm le linn gach bliana féilire chun luachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa a shannadh don leictreachas nach féidir a cháiliú mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 27(6), an dara agus an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001 agus a úsáidtear chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh:

(a)

sannfar astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar mheánluachanna bliantúla mar a leagtar amach i gCuid C den Iarscríbhinn seo;

(b)

sannfar luachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa bunaithe ar mheánluach astaíochtaí gás ceaptha teasa in aghaidh na huaire an mheascáin leictreachais tráth táirgthe na mbreoslaí ísealcharbóin sa chrios tairisceana, mar a thuarann na hoibreoirí córais tarchurtha don mhargadh lá roimh ré le haghaidh an chreasa tairisceana ina dtáirgtear an breosla ísealcharbóin 2 uair an chloig roimh am dúnta gheata an mhargaidh lá roimh ré. I gcás ina mbeidh sí ar fáil, cuirfear modheolaíocht chomhchuibhithe i bhfeidhm chun na críche sin. Go dtí go mbunófar modheolaíocht chomhchuibhithe, beidh an mhodheolaíocht formheasta ag an údarás inniúil;

(c)

sannfar luachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa ag brath ar an líon uaireanta lánlóid atá an tsuiteáil a tháirgeann breoslaí ísealcharbóin ag feidhmiú. I gcás ina bhfuil an líon uaireanta lánlóid cothrom le líon uaireanta an chloig inar socraíodh praghas imeallach an leictreachais ag suiteálacha a tháirgeann leictreachas in-athnuaite nó ag gléasraí cumhachta núicléiche sa bhliain féilire roimhe sin, nó níos lú na an líon sin, ar suiteálacha nó gléasraí cumhachta núicléiche iad a bhfuil sonraí iontaofa ar fáil ina leith, is é 0 g CO2eq/MJ an luach astaíochtaí gás ceaptha teasa a shannfar do leictreachas eangaí a úsáidtear i bpróiseas táirgthe breoslaí ísealcharbóin. i gcás ina sárófar an líon sin d’uaireanta lánlóid, sannfar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa arb éard a bheidh ann 183 g CO2eq/MJ do leictreachas eangaí a úsáidtear i bpróiseas táirgthe breoslaí ísealcharbóin;

(d)

déanfar luachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa a ríomh mar mheán in aghaidh na huaire, bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa na teicneolaíochta imeallaí lena socraítear praghas imréitigh an leictreachais in aonad ama an mhargaidh ar leith tráth a tháirgtear na breoslaí ísealcharbóin sa chrios tairisceana. Ní féidir an rogha sin a úsáid ach amháin má chuir an t-oibreoir córais tarchurtha náisiúnta an luach sin ar fáil go poiblí.

Má úsáidtear an modh a leagtar amach i bpointe (c), cuirfear i bhfeidhm é maidir leis an leictreachas uile a úsáidtear chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh, lena n-áirítear leictreachas a d’fhéadfaí a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán in-athnuaite i gcomhréir le hAirteagal 27(6), an dara agus an tríú fomhír, de Threoir (AE) 2018/2001.

7.

Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ó ionchuir leaisteacha a fhaightear ó phróiseas ionchorpraithe a chinneadh bunaithe ar shonraí óna bpróiseas táirgthe iarbhír. Áireofar leis sin na hastaíochtaí uile a eascraíonn as a dtáirgeadh feadh an tslabhra soláthair uile (lena n-áirítear astaíochtaí a eascraíonn as eastóscadh an fhuinnimh phríomhúil is gá chun an t-ionchur a dhéanamh, a phróiseáil agus a iompar). Ní chuirfear san áireamh astaíochtaí dócháin a bhaineann le cion carbóin na n-ionchur breosla (7).

Déanfar astaíochtaí GCT ó na hionchuir leaisteacha nach bhfaightear ó phróiseas ionchorpraithe a chinneadh bunaithe ar na luachanna atá i gCuid B den Iarscríbhinn seo. Mura n-áirítear an t-ionchur sa liosta, féadfar faisnéis faoin déine astaíochtaí a fháil ón leagan is déanaí de thuarascáil JEC-WTW, ó bhunachar sonraí ECOINVENT, ó fhoinsí oifigiúla amhail IPCC, IEA nó an rialtas, ó fhoinsí athbhreithnithe eile amhail bunachar sonraí E3 agus bunachar sonraí na Samhla Astaíochtaí Domhanda le haghaidh Córais Chomhtháite (GEMIS) agus foilseacháin a bhfuil athbhreithniú piaraí déanta orthu.

Déanfar déine meatáin tháirgeadh na n-ionchur leaisteach iontaise a ríomh bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)

Ríomhfar í mar shuim dhéine meatáin tháirgeadh agus iompar na n-ionchur.

(b)

Maidir le déine meatáin tháirgeadh na n-ionchur leaisteach iontaise le haghaidh ionchuir a tháirgtear san Aontas, déanfar í a ríomh bunaithe ar na hastaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag táirgeoirí an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus le haghaidh ionchuir a allmhairítear isteach san Aontas nó a úsáidtear chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh lasmuigh den Aontas, bunófar í ar an bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí meatáin arna tuairisciú ag allmhaireoirí i gcomhréir le hAirteagal 28(1), (2) agus (5) de Rialachán (AE) 2024/1787 (9).

(c)

Maidir le déine meatáin iompar na n-ionchur leaisteach iontaise le haghaidh ionchuir a tháirgtear san Aontas, déanfar í a ríomh bunaithe ar na hastaíochtaí meatáin arna dtuairisciú ag táirgeoirí agus oibreoirí sócmhainní an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1787 agus le haghaidh ionchuir a allmhairítear isteach san Aontas nó a úsáidtear le haghaidh breoslaí ísealcharbóin lasmuigh den Aontas, beidh sí bunaithe ar na luachanna lena meastar na hastaíochtaí meatáin a bhaineann le hiompar amhola, gáis nádúrtha agus guail ó thríú tíortha arna bhfoilsiú sa bhunachar sonraí Trédhearcachta Meatáin de réir le hAirteagal 30, pointe 2(d)(ii) de Rialachán (AE) 2024/1787, arna gcomhlánú le faisnéis ábhartha maidir le hastaíochtaí meatáin arna tuairisciú ag oibreoirí sócmhainní i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1787 agus allmhaireoirí i gcomhréir le hAirteagal 27(1), Airteagal 28(1), (2) agus (5), chomh maith le hIarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1787.

Mar sin féin, i gcás nach féidir an déine meatáin a ríomh mar gheall ar easpa sonraí, nó i gcás nach bhfeabhsaítear luach téimh an bhreosla ísealcharbóin leis an ionchur, féadfar déine meatáin na n-ionchur leaisteach iontaise a úsáid mar an luach ábhartha le haghaidh na n-astaíochtaí meatáin réamhtheachtacha in aghaidh an aonaid breosla a áirítear i gCuid B den Iarscríbhinn seo.

8.

Déanfaidh soláthróir gach ionchuir leaistigh, cé is moite de na hionchuir ina dtógtar na luachanna ó Chuid B den Iarscríbhinn seo, déine astaíochtaí (10) an ionchuir a ríomh agus é ag leanúint na nósanna imeachta san Iarscríbhinn seo, agus tuairisceoidh sé an luach don chéad chéim táirgthe eile nó don táirgeoir breosla deiridh. Tá feidhm ag an riail chéanna maidir le soláthróirí ionchur níos sia siar sa slabhra soláthair.

9.

Áireofar in astaíochtaí ó ionchuir dhochta ( e i rigid ) na hastaíochtaí a eascraíonn as atreorú na n-ionchur sin ó úsáid a bhí ann roimhe sin nó ó úsáid mhalartach. Sna hastaíochtaí sin cuirfear san áireamh caillteanas táirgthe leictreachais, teasa nó táirgí a gineadh roimhe sin tríd an ionchur a úsáid chomh maith le haon astaíocht i ngeall ar chóireáil bhreise an ionchuir agus an iompair. Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

(a)

Cinnfear astaíochtaí a shanntar do sholáthar na n-ionchur docht trí ghiniúint caillte leictreachais, teasa nó táirgí eile a iolrú faoin bhfachtóir astaíochta ábhartha. I gcás táirgeadh caillte leictreachais, is iad na fachtóirí astaíochta atá le breithniú na fachtóirí maidir le táirgeadh leictreachais eangaí sa tír inar tharla an díláithriú a chinntear de réir na modheolaíochta a leagtar amach faoi phointí 5 nó 6 (11). I gcás ábhar atreoraithe, déanfar na hastaíochtaí atá le sannadh don ábhar athsholáthair a ríomh mar a dhéantar i gcás ionchuir ábhair. Ar feadh an chéad 20 bliain tar éis tús a chur le táirgeadh breoslaí ísealcharbóin, cinnfear caillteanas an táirgthe leictreachais, teasa agus ábhar bunaithe ar mheánmhéid an leictreachais agus an teasa a tháirgtear ón ionchur docht le linn na 3 bliana sula gcuirtear tús le táirgeadh breoslaí ísealcharbóin. Tar éis 20 bliain de tháirgeadh, cinnfear caillteanas an táirgthe leictreachais, teasa nó táirgí eile bunaithe ar na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a bhfuil glacadh leo i gconclúidí ábhartha na teicneolaíochta is fearr dá bhfuil ar fáil (BAT). I gcás nach bhfuil an próiseas cumhdaithe le conclúid BAT, beidh an meastachán ar tháirgeadh caillte bunaithe ar phróiseas inchomparáide ina gcuirtear teicneolaíocht úrscothach i bhfeidhm.

(b)

I gcás ionchuir dhochta ar sruthanna idirmheánacha iad i bpróisis thionsclaíocha, amhail gás oighinn cóic, gás foirnéise soinneáin i láithreán oibreacha cruach nó gás scaglainne i scaglann ola, mura féidir éifeacht a n-atreorúcháin le haghaidh táirgeadh breosla a thomhas go díreach, cinnfear na hastaíochtaí de dheasca atreorú ionchur bunaithe ar ionsamhlúcháin oibriúchán an ghléasra sula modhnófar é agus tar éis dó a bheith modhnaithe. Más rud é go raibh an modhnú ar an ngléasra ina chúis le laghdú ar aschur roinnt táirgí, áireofar sna hastaíochtaí a shanntar don ionchur docht na hastaíochtaí a bhaineann leis na táirgí caillte a ionadú.

(c)

I gcás ina n-úsáidtear sa phróiseas ionchuir dhochta ó shuiteálacha nua, cuirfear san áireamh an tionchar a bhaineann leis an ionchur a atreorú ón úsáid mhalartach is eacnamaíche. Ansin, ríomhfar na himpleachtaí astaíochta de réir na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a bhfuil glacadh leo i gconclúidí ábhartha BAT. I gcás próisis thionsclaíocha nach bhfuil cumhdaithe le conclúidí BAT, ríomhfar an laghdú ar na hastaíochtaí ar bhonn an phróisis inchomparáide ina gcuirtear an teicneolaíocht úrscothach i bhfeidhm.

10.

Áirítear sna hastaíochtaí ón úsáid atá ann faoi láthair nó ón gcinniúint ( e iar-úsáid ) na hastaíochtaí uile ó úsáid an ionchuir faoi láthair nó ó chinniúint an ionchuir a sheachnaítear nuair a úsáidtear an t-ionchur chun breosla a tháirgeadh. Áireofar sna hastaíochtaí sin astaíochtaí coibhéiseacha CO2 an charbóin atá ionchorpraithe i gcomhdhéanamh ceimiceach an bhreosla a d’astófaí san atmaisféar murach sin. Áirítear leis sin gach cineál carbóin ar choinníoll go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

Gabhadh an CO2 ó ghníomhaíocht a liostaítear faoi Iarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) nó ó dhóchán dramhaíola measctha cathrach, agus cuireadh san áireamh é ó thosach an tslabhra i gcóras éifeachtach praghsála carbóin agus tá sé ionchorpraithe i gcomhdhéanamh ceimiceach an bhreosla roimh an 1 Eanáir 2036. Cuirfear síneadh go dtí an 1 Eanáir 2041 leis an dáta sin i gcásanna eile nach cásanna iad ina n-eascraíonn an CO2 as dóchán breoslaí chun leictreachas a ghiniúint;

(b)

gabhadh an CO2 ón aer;

(c)

eascraíonn an CO2 gafa nó an aonocsaíd charbóin ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna nó ó bhreoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001;

(d)

eascraíonn an CO2 gafa nó an aonocsaíd charbóin ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch nó breoslaí ísealcharbóin a chomhlíonann na critéir maidir le laghdú ar ghás ceaptha teasa, a leagtar amach in Airteagal 29a de Threoir (AE) 2018/2001 agus sa Rialachán seo;

(e)

eascraíonn an CO2 gafa as foinse gheolaíoch CO2 agus CO2 a scaoileadh go nádúrtha roimhe sin;

(f)

eascraíonn an carbón as ionchuir a cháilíonn mar fhoinse fuinnimh chun breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh.

Ní áireofar CO2 gafa a eascraíonn as breosla a dhóitear d’aon ghnó chun CO2 a tháirgeadh, agus chun na críche sin amháin, gan úsáid a bhaint as an bhfuinneamh agus an CO2 a bhfuair a ngabháil creidmheas astaíochtaí faoi fhorálacha eile den dlí.

Áireofar na hastaíochtaí a bhaineann le hionchuir amhail leictreachas agus teas agus ábhair in-ídithe a úsáidtear sa phróiseas gabhála CO2 i ríomh na n-astaíochtaí a shanntar d’ionchuir.

11.

Beidh na dátaí dá dtagraítear i bpointe 10(a) faoi réir athbhreithniú i bhfianaise chur chun feidhme na sprice aeráide uile-Aontais do 2040 sna hearnálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE, sprioc a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

12.

Áirítear ar astaíochtaí ón bpróiseáil (e p) astaíochtaí díreacha atmaisféaracha ón bpróiseáil féin, ó chóireáil dramhaíola agus ó sceitheadh, chomh maith leis na nithe seo a leanas

(a)

aon sruth CO2 iontaise a fhágann an gléasra próiseála agus a ghabhtar ag an ngléasra gabhála carbóin agus a mheastar faoi e ccs nó e ccu; agus

(b)

aon CO2 iontaise a astaítear san atmaisféar ag deireadh shaolré na gcomhtháirgí, arna ríomh ar bhonn stócaiméadrach le haghaidh an charbóin a ionchorpraítear i gcomhdhéanamh ceimiceach na gcomhtháirgí uile, mura léiríonn an t-oibreoir go ndéantar an CO2 sin a ghabháil agus a stóráil go buan nó a cheangal go ceimiceach go buan i dtáirgí fadtéarmacha a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 (14). Carbón soladach a ionchorpraítear i gcomhtháirgí toisc go bhfuil sé ceangailte go ceimiceach agus go buan i dtáirgí a liostaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún nó carbón soladach a stóráiltear i gcomhréir le ceanglais ábhartha chun stóráil bhuan a áirithiú a leagtar amach sa mhodheolaíocht arna glacadh de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ní mheastar é a bheith astaithe.

13.

Tagróidh astaíochtaí ó dhóchán an bhreosla (e u ) d’astaíochtaí dócháin iomlána an bhreosla atá in úsáid, lena n-áirítear astaíochtaí ó dhóchán carbóin de thionscnamh bitheolaíoch.

14.

Beidh na gáis ceaptha teasa a chuirtear san áireamh i ríomhanna astaíochtaí agus a gcoibhéis dé-ocsaíde carbóin mar an gcéanna leis an méid a shonraítear i gCuid C, pointe 4 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

15.

I gcás ina n-eascraíonn iliomad comhtháirgí amhail breoslaí agus ceimiceáin as próiseas, chomh maith le comhtháirgí fuinnimh amhail teas, leictreachas nó fuinneamh meicniúil a onnmhairítear ón ngléasra, leithdháilfear astaíochtaí gás ceaptha teasa ar na comhtháirgí sin a chuireann na cineálacha cur chuige seo a leanas i bhfeidhm ar an mbealach seo a leanas:

(a)

déanfar an leithdháileadh ag deireadh an phróisis lena dtáirgtear na comhtháirgí. Áireofar sna hastaíochtaí a leithdháilfear na hastaíochtaí ón bpróiseas féin, chomh maith leis na hastaíochtaí a shanntar d’ionchuir sa phróiseas.

(b)

Is éard a bheidh sna hastaíochtaí atá le leithdháileadh e i móide aon chodáin de e p, e td agus e ccs a tharlaíonn go dtí céim an phróisis agus le linn chéim an phróisis ag a dtáirgtear na comhtháirgí. Más comhtháirge de phróiseas eile é ionchur sa phróiseas féin, déanfar an leithdháileadh ag an bpróiseas eile ar dtús chun na hastaíochtaí a bhunú, ar astaíochtaí iad atá le sannadh don ionchur. Ní leithdháilfear astaíochtaí e iar-úsáid ach ar chomhtháirgí a cháilíonn mar bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó mar bhreoslaí ísealcharbóin.

(c)

i gcás nach láimhseálann aon suiteáil laistigh de theorainn an tionscadail ach ceann amháin de chomhtháirgí an tionscadail, sannfar na hastaíochtaí ón suiteáil sin go hiomlán don chomhtháirge sin;

(d)

I gcás ina gceadaíonn an próiseas cóimheas na gcomhtháirgí a tháirgtear a athrú, déanfar an leithdháileadh bunaithe ar chúisíocht fhisiceach tríd an éifeacht ar astaíochtaí an phróisis a chinneadh nuair nach ndéantar ach aschur aon chomhtháirge amháin a incrimintiú agus na haschuir eile á gcoinneáil mar an gcéanna.

(e)

I gcás ina bhfuil cóimheas na dtáirgí socraithe agus gur breoslaí, leictreachas nó teas iad na comhtháirgí uile, is de réir an chion fuinnimh a dhéanfar an leithdháileadh. Má bhaineann an leithdháileadh le teas onnmhairithe ar bhonn an chion fuinnimh, ní fhéadfar ach an chuid úsáideach den teas a chur san áireamh, mar a shainítear i gCuid C, pointe 16 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001.

(f)

I gcás ina bhfuil cóimheas na dtáirgí socraithe agus gur ábhair gan cion fuinnimh iad roinnt comhtháirgí, is ar bhonn luach eacnamaíoch na gcomhtháirgí a dhéanfar an leithdháileadh. Is é an luach eacnamaíoch a chuirfear san áireamh an meánluach díreach ón monarcha a bhaineann leis na táirgí le 3 bliana anuas. Mura bhfuil na sonraí sin ar fáil, déanfar an luach a mheas ó phraghsanna tráchtearraí lúide costas an iompair agus na stórála.

16.

Áireofar ar astaíochtaí ón iompar agus ón dáileadh (e td ) astaíochtaí ó stóráil agus dáileadh na mbreoslaí críochnaithe. Áireofar ar na hastaíochtaí a shanntar d’ionchuir e i na hastaíochtaí ón iompar agus ón stóráil a bhaineann leo.

17.

I gcás ina dtáirgeann próiseas chun breoslaí ísealcharbóin a dhéanamh astaíochtaí carbóin a stóráiltear go buan i láithreán stórála geolaíoch, féadfar an carbón sin (arna sloinneadh mar CO2 eq) a chreidiúnú i leith tháirgí an phróisis mar laghdú ar astaíochtaí faoi e ccs (in gCO2eq/MJ breosla). Breithneofar leis an téarma e ccs an ráta gabhála CO2 ó tháirgeadh breosla ísealcharbóin, chomh maith leis na hastaíochtaí uile ó na gníomhaíochtaí oibríochta le haghaidh gabháil carbóin, iompar CO2 agus astaíochtaí ó instealladh isteach sa láithreán stórála buaine mar a leanas:

e ccs = c CO 2 - e CO 2-c - e CO 2-t - e CO 2-i

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

c CO 2

=

CO2 arna ghabháil ag an ngléasra gabhála carbóin (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2-c

=

astaíochtaí a bhaineann le gach oibríocht maidir le gabháil carbóin, díhiodráitiú, comhbhrú agus leachtú CO2 (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2-t

=

astaíochtaí ó iompar CO2 trí phíblíne, long, báirse, iarnród nó trucail ón láithreán gabhála go dtí an láithreán stórála buan (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2-i

=

astaíochtaí CO2 ó oibríochtaí insteallta CO2 isteach sa láithreán stórála buan (gCO2eq/MJ breosla).

Áireofar an méid seo a leanas leis an téarma e ccs:

(a)

Astaíochtaí GCT in aghaidh an MJ de bhreosla ag an ngléasra gabhála carbóin (c CO 2 ) chun críche stórála buaine geolaíche i láithreán stórála a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme i dtríú tíortha, agus nach n-úsáidtear le haghaidh aisghabháil fheabhsaithe ola agus gáis. Leis an dlí náisiúnta is infheidhme lena rialaítear láithreáin stórála gheolaíocha, déanfar foráil maidir le ceanglais faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe iomchuí chun sceitheadh a bhrath, chomh maith le hoibleagáidí dlíthiúla a chur ar an oibreoir stórála chun feabhsú a áirithiú i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme san Aontas. I gcás sceite, ní dhéanfar méid coibhéiseach na n-astaíochtaí carbóin a chreidiúnú mar laghdú ar astaíochtaí faoi e ccs. I gcás láithreáin stórála gheolaíocha a sceitheann arís agus arís eile, ní ghlacfar leo lena n-instealladh (e CO 2-i ).

(b)

Astaíochtaí GCT in aghaidh an MJ de bhreosla ó oibríochtaí gabhála CO2 (e CO2-c) Áireofar sna hastaíochtaí sin astaíochtaí ó úsáid breosla, teasa agus leictreachais agus ó úsáid ionchuir ábhair lena ngabháil, chomh maith le gach athsholáthar ábhair (mar gheall ar chaillteanais nó díghrádú). Déanfar na hastaíochtaí sin a ríomh i gcomhréir le Roinn 21 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún (17).

(c)

Áireofar in astaíochtaí GCT in aghaidh an MJ de bhreosla ó CO2 (e CO2-t) a iompar trí phíblíne, long, iarnród, trucail nó mód muirí eile ón láithreán gabhála. Déanfar astaíochtaí GCT i ngeall ar iompar CO2 a ríomh bunaithe ar an achar a thaistealaítear, ar an gcineál módach agus ar an ualach. Má thagann an CO2 insteallta trí dhá mhodh iompair éagsúla nó níos mó, déanfar na hastaíochtaí a ríomh mar shuim do gach modh iompair. Leithdháilfear astaíochtaí iompair le haghaidh foinsí iomadúla trí úsáid a bhaint as an modh leithdháilte maisbhunaithe. Má iompraíonn píblíne CO2 chuig láithreáin gheolaíocha iomadúla nó má fhónann d’ilúsáidí, leithdháilfear astaíochtaí iompair CO2 trí úsáid a bhaint as an modh leithdháilte maisbhunaithe. Déanfar astaíochtaí GCT ó sheoladh CO2 trí phíblíne a ríomh i gcomhréir le Roinn 22 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066.

(d)

Astaíochtaí GCT in aghaidh an MJ de bhreosla ó instealladh (e CO2-i) isteach i láithreán stórála geolaíoch buan a cheadaítear faoi Threoir 2009/31/CE nó faoin dlí náisiúnta is infheidhme i dtríú tíortha. Áireofar sna hastaíochtaí sin na hastaíochtaí uile ó dhóchán breosla ag trealamh do-aistrithe a úsáidtear in iompar CO2, lena n-áirítear astaíochtaí ó leictreachas agus astaíochtaí breoslaí a úsáidtear in iompar CO2 ag stáisiúin chomhbhrúiteora ghaolmhara agus gníomhaíochtaí dócháin eile lena n-áirítear gléasraí cumhachta ar an láthair. Déanfar na hastaíochtaí sin a ríomh i gcomhréir le Roinn 23 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/2066.

Déanfar astaíochtaí GCT ó úsáid breosla, teasa agus leictreachais agus úsáid ionchuir ábhair le haghaidh oibríochtaí gabhála, díhiodráitithe, comhbhrúite agus leachtaithe a mheas le haghaidh gach céime i slabhra luacha CO2 ó ghabháil go dtí stóráil.

I gcásanna nach gcumhdaítear leis na modhanna ríofa sonracha a fhorordaítear sa phointe seo, déanfar astaíochtaí ó ionchuir fuinnimh agus ábhair chuig oibríochtaí GCS (mar shampla, ó dhóchán breosla, teas agus leictreachas a úsáidtear, agus ó ábhair agus ó cheimiceáin) a ríomh trí phointí 5 go 11 a chur i bhfeidhm de réir analaí maidir le hionchuir phróisis.

Breithneofar na hastaíochtaí uile ó scaoileadh chomh maith le hastaíochtaí éalaitheacha agus sceitheadh CO2 eile ó ghabháil carbóin, díhiodráitiú, comhbhrú agus leachtú, iompar CO2 agus ó oibríochtaí insteallta.

I suiteálacha inar cuireadh tús le hoibriú roimh 11 Nollaig 2025 féadfar astaíochtaí CO2 a leithdháileadh mar chuid d’aschur iomlán an phróisis ar choinníoll nach sáróidh an ráta gabhála carbóin don chuid sin den phróiseas ionchorpraithe 100 %. I gcás na suiteálacha eile ar fad, ní mór glanlaghduithe ar astaíochtaí a leithdháileadh go comhréireach ar an aschur breosla iomlán.

18.

I gcás ina ngineann próiseas chun breoslaí ísealcharbóin a tháirgeadh astaíochtaí CO2 atá ceangailte go ceimiceach agus go buan i gceann amháin de na táirgí a liostaítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12(3b), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE, déanfar é sin a chreidiúnú i leith tháirgí breosla ísealcharbóin an phróisis mar laghdú ar astaíochtaí faoi e ccu (in gCO2eq/MJ breosla). Breithneofar leis an téarma e ccu an ráta gabhála CO2 ó tháirgeadh breosla ísealcharbóin, chomh maith leis na hastaíochtaí uile ó na gníomhaíochtaí oibríochta le haghaidh gabháil carbóin, iompar CO2 agus astaíochtaí ón bpróiseas claochlaithe agus úsáide chun iad cheangal go ceimiceach agus go buan i dtáirge mar a leanas:

e ccu = c CO 2 - e CO 2-c - e CO 2-t - e CO 2-u

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

c CO 2

=

CO2 arna ghabháil ag an ngléasra gabhála carbóin (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2-c

=

astaíochtaí a bhaineann le gach oibríocht maidir le gabháil carbóin, díhiodráitiú, comhbhrú agus leachtú CO2 (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2 -t

=

astaíochtaí ó iompar CO2 trí phíblíne, long, báirse, iarnród nó trucail ón láithreán gabhála go dtí an láithreán úsáide (gCO2eq/MJ breosla);

e CO 2 -u

=

astaíochtaí ó úsáid CO2 chun é a cheangal go ceimiceach agus go buan i dtáirgí (gCO2eq/MJ breosla).

Ní mheasfar astaíochtaí a bheith ceangailte go ceimiceach agus go buan i dtáirge ach amháin i gcás ina liostaítear an táirge sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 12(3b), an dara fomhír, de Threoir 2003/87/CE.

I suiteálacha inar cuireadh tús le hoibriú roimh 11 Nollaig 2025 féadfar astaíochtaí CO2 a leithdháileadh mar chuid d’aschur iomlán an phróisis ar choinníoll nach sáróidh an ráta gabhála carbóin don chuid sin den phróiseas ionchorpraithe 100 %. I gcás na suiteálacha eile ar fad, ní mór glanlaghduithe ar astaíochtaí a leithdháileadh go comhréireach ar an aschur breosla iomlán.

B.   ‘LUACHANNA CAIGHDEÁNACHA’ LE hAGHAIDH DHÉINE ASTAÍOCHTAÍ GCT NA nIONCHUR

Bunaítear i dTáblaí 1 agus 2 déine astaíochtaí GCT na n-ionchur seachas leictreachas:

Tábla 1

Astaíochtaí GCT saolré réamhshocraithe ó ionchuir fuinnimh éagsúla, arna sloinneadh in g na substainte in aghaidh an MJ den táirge; déanfar gáis ceaptha teasa seachas CO2 a thiontú go CO2eq trína méid a iolrú faoi na luachanna ábhartha dá bpoitéinseal téimh dhomhanda a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044  (18) ón gCoimisiún. Gan astaíochtaí ó dhóchán an bhreosla le linn a chéime úsáide san áireamh

Breosla

CO2

CH4 (*) (19)

N2O

Breoslaí iontaise soladacha

 

 

 

Antraicít

6,50

0,390

0,00026

Gual cóic

6,50

0,390

0,00026

Gual biotúmanach eile

6,50

0,390

0,00026

Gual fo-bhiotúmanach

1,70

0

0

Lignít

1,70

0

0

Breosla paitinne

5,00

0,228

0

Cóc oighinn cóic

5,00

0,228

0

Cóc gáis

5,00

0,228

0

Tarra guail

5,00

0,228

0

Bricíní guail dhoinn

1,70

0

0

Gáis mhonaraithe

 

 

 

Gás oibreacha gáis

5,00

0,228

0

Gás oighinn cóic

5,00

0,228

0

Gás foirnéise soinneáin

5,00

0,228

0

Gáis ghnóthaithe eile

5,00

0,228

0

Móin agus táirgí móna

0

0

0

Scealla ola agus gaineamh ola

5,00

0,228

0

Ola agus táirgí peitriliam

 

 

 

Amhola

5,00

0,228 (= CH4 _amh)

0

Leachtanna gáis nádúrtha

5,00

0,228

0

Bunábhair scaglainne

5,00

0,228

0

Breiseáin agus ocsaigionáití

5,00

0,228

0

Hidreacarbóin eile

5,00

0,228

0

Gás scaglainne

5,00

0,228

0

Eatán

5,00

0,228

0

Gáis peitriliam leachtaithe

5,00

0,228

0

Gásailín mótair

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Gásailín eitlíochta

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Scaird-bhreosla de chineál gásailín

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Ceirisín eile

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Nafta

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Ola gháis agus ola dhíosail

15,65

1,09 *CH4 _amh

0

Ola bhreosla

0

1,01 * CH4 _amh

0

Biotáille bhán agus biotáille thionsclaíoch

13,40

1,08 * CH4 _amh

0

Bealaí

15,65

1,09 *CH4 _amh

0

Biotúman

5,00

0,228

0

Cóc peitriliam

5,00

0,228

0

Céireacha pairifín

5,00

0,228

0

Táirgí ola eile

5,00

0,228

0

Gás nádúrtha (gan leachtú GNL, loingseoireacht agus athghású a áireamh) (**) (20)

4,90

0,190

0,00037

Dramhaíl

 

 

 

Dramhaíl thionsclaíoch (neamh-inathnuaite)

0

0

0

Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

0

0

0

Fuinneamh núicléach

 

 

 

Teas núicléach

0,50

0

0

Foinse:

Mionsaothrú inmheánach JRC bunaithe ar an méid seo a leanas:

JEC v5, Treoirlínte IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa 2006 & 2019, V2Ch2, Dóchán seasta

IFEU 2023

Energy and Environmental Research Associates, LLC 2024

CEE-NA 2022, Neodracht Carbóin i réigiún CEE-NA: Measúnú Saolré Comhtháite ar Fhoinsí Leictreachais


Tábla 2

Astaíochtaí GCT saolré réamhshocraithe na n-ionchur ábhair

Ionchur ábhair

Iomlán na n-astaíochtaí

gCO2eq/kg

Amóinia

2 351,3

Clóiríd chailciam (CaCl2)

38,8

Cioglaiheacsán

723,0

Aigéad hidreaclórach (HCl)

1 061,1

Bealaí

947,0

Sulfáit mhaignéisiam (MgSO4)

191,8

Nítrigin

56,4

Aigéad fosfarach (H3PO4)

3 124,7

Hiodrocsaíd photaisiam (KOH)

419,1

CaO íon le haghaidh próiseas

1 193,2

Carbónáit sóidiam (Na2CO3)

1 245,1

Clóiríd sóidiam (NaCl)

13,3

Hiodrocsaíd sóidiam (NaOH)

529,7

Meatocsaíd sóidiam (Na(CH3O))

2 425,5

Dé-ocsaíd sulfair (SO2)

53,3

Aigéad sulfarach (H2PO4)

217,5

Úiré

1 846,6

Foinse:

Tuarascáil JEC-WTW agus ríomhanna na Treorach maidir le Fuinneamh In-athnuaite

C.   DÉINE ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA AN LEICTREACHAIS

Modheolaíocht chun déine astaíochtaí GCT an leictreachais a ríomh

Cinnfear déine astaíochtaí GCT an leictreachais ar leibhéal na dtíortha nó ar leibhéal na gcriosanna tairisceana. Féadfar déine astaíochtaí GCT an leictreachais a chinneadh ar leibhéal na gcriosanna tairisceana, agus ar an leibhéal sin amháin, má chuirtear na sonraí is gá ar fáil go poiblí. Déanfar déine carbóin an leictreachais, arna sloinneadh mar leictreachas gCO2 eq/MJ, a ríomh agus gach foinse fuinnimh phríomhúil fhéideartha le haghaidh giniúint leictreachais, an cineál gléasra iarbhír, an éifeachtúlacht tiontaithe agus ídiú leictreachais dílis sa ghléasra cumhachta á gcur san áireamh.

Cuirfear san áireamh sa ríomh astaíochtaí coibhéiseacha CO2 uile, ar astaíochtaí iad a bhaineann le dóchán agus soláthar na mbreoslaí a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint. Braithfidh an ríomh sin ar mhéid na mbreoslaí éagsúla a úsáidtear sna saoráidí táirgthe leictreachais, in éineacht leis na fachtóirí astaíochta ó dhóchán breosla agus na fachtóirí astaíochta réamhtheachtaí (na céimeanna táirgthe, scagtha agus iompair).

Déanfar gáis ceaptha teasa seachas CO2 a thiontú go CO2eq trína méid a iolrú faoi na luachanna ábhartha dá bpoitéinseal téimh dhomhanda a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044. Agus breoslaí bithghineacha á ndó, ní thabharfar cuntas ar astaíochtaí CO2 mar gheall ar a dtionscnamh bithghineach, ach tabharfar cuntas ar astaíochtaí CH4 agus N2O.

Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó dhóchán breosla a ríomh, úsáidfear fachtóirí astaíochta réamhshocraithe IPCC le haghaidh dóchán seasta sna tionscail fuinnimh (féach Tábla 3). Áireofar in astaíochtaí réamhtheachtacha astaíochtaí ó na próisis agus na céimeanna uile is gá chun an breosla a dhéanamh réidh chun giniúint cumhachta a sholáthar. Eascróidh siad as eastóscadh, scagadh agus iompar an bhreosla a úsáidtear chun leictreachas a tháirgeadh.

Ina theannta sin, cuirfear san áireamh na hastaíochtaí réamhtheachtacha uile ó shaothrú, ó bhuaint, ó bhailiú, ó phróiseáil agus ó iompar bithmhaise. Láimhseálfar móin agus comhpháirteanna dramhábhar ar de thionscnamh iontaise iad mar bhreosla iontaise.

Cinnfear na breoslaí a úsáidtear le haghaidh olltáirgeadh leictreachais i ngléasraí leictreachais amháin bunaithe ar an táirgeadh leictreachais agus ar éifeachtúlacht an tiontaithe go leictreachas. I gcás gléasraí cumhachta agus teasa in éineacht, áireofar na breoslaí a úsáidtear le haghaidh teas a tháirgtear i gcumhacht agus teas in éineacht trí tháirgeadh teasa malartach ag a bhfuil meánéifeachtúlachtaí foriomlána 85 % a chur san áireamh, agus déanfar an chuid eile a shannadh don ghiniúint leictreachais.

I gcás gléasraí cumhachta núicléiche, glacfar leis gurb éard a bheidh san éifeachtúlacht tiontaithe ó theas núicléach 33 % nó sonraí a sholáthraíonn Eurostat nó foinse chreidiúnaithe chomhchosúil.

Ní bhainfidh aon bhreosla le giniúint leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite lena n-áirítear hidreafhuinneamh, grianfhuinneamh, fuinneamh gaoithe agus fuinneamh geoiteirmeach. Ní chuirfear san áireamh na hastaíochtaí ó thógáil, díchoimisiúnú agus bainistíocht dramhaíola saoráidí táirgthe leictreachais. Dá bhrí sin, measfar na hastaíochtaí coibhéiseacha carbóin a bhaineann le táirgeadh leictreachais in-athnuaite (fuinneamh gaoithe, grianfhuinneamh, hidreafhuinneamh agus fuinneamh geoiteirmeach) a bheith cothrom le nialas.

Áireofar ar na hastaíochtaí coibhéiseacha CO2 ón olltáirgeadh leictreachais astaíochtaí réamhtheachtacha a liostaítear i dTábla 1 agus na fachtóirí astaíochta réamhshocraithe le haghaidh dóchán seasta a liostaítear i dTáblaí 3 agus 4. Ríomhfar na hastaíochtaí réamhtheachtacha chun an breosla a úsáidtear a sholáthar trí fhachtóirí astaíochta réamhtheachtaí i dTábla 1 a chur i bhfeidhm.

Ríomhfar déine carbóin an leictreachais de réir na bhfoirmlí seo a leanas:

Image 1

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

e gross_prod

=

Astaíochtaí coibhéiseacha CO2 [gCO2eq]

c i-ups

=

Fachtóirí astaíochtaí coibhéiseacha CO2 réamhtheachtacha [gCO2eq/MJ]

c i-comb

=

Fachtóirí astaíochta coibhéiseacha CO2 ó dhóchán breosla [gCO2eq/MJ] ó Tháblaí 3 agus 4. áirítear leis astaíochtaí CH4 agus N2O arna sloinneadh mar CO2eq/MJ. I gcásanna ina stóráiltear CO2 go buan i saoráidí GCS, úsáidfidh fachtóir astaíochta CO2 ó dhóchán breosla na luachanna réamhshocraithe le haghaidh CO2 a thugtar i dTábla 3 arna laghdú le glantionchar GSC.

Bi

=

Ídiú breosla i le haghaidh gineadh leictreachais [MJ]

i = 1...k

=

Breoslaí a úsáidtear le haghaidh táirgeadh leictreachais

Déantar méid an ghlantáirgthe leictreachais a chinneadh de réir an olltáirgthe leictreachais, an ídithe leictreachais dhílis sa ghléasra cumhachta agus na gcaillteanas leictreachais i dtaisce pumpála.

E net = E gros – E own – E pump

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

E net

=

glantáirgeadh leictreachais [MJ]

E gross

=

olltáirgeadh leictreachais [MJ]

E own

=

ídiú leictreachais inmheánach dílis i ngléasra cumhachta [MJ]

E pump

=

caillteanais leictreachais i dtaisce pumpála [MJ]

Is éard a bheidh i ndéine carbóin an ghlanleictreachais a tháirgtear na hollastaíochtaí GCT iomlána chun an glanleictreachas a tháirgeadh:

CI = e gros_prod / E net

i gcás na luachanna seo a leanas a bheith i gceist:

CI = astaíochtaí coibhéiseacha CO2 ó tháirgeadh leictreachais arna sloinneadh in [gCO2eq/MJ].

Sonraí faoi ghiniúint leictreachais agus ídiú breosla

Déanfar sonraí maidir le táirgeadh leictreachais agus ídiú breosla a fhoinsiú le haghaidh bhalltíortha agus thíortha comhlacha IEA ó shonraí agus staidreamh IEA a sholáthraíonn sonraí maidir le comharduithe fuinnimh agus leictreachas a tháirgtear trí chineálacha éagsúla breoslaí a úsáid, mar shampla ó shuíomh gréasáin IEA, an rannán Sonraí agus Staidrimh (‘Brabhsálaí Sonraí maidir le Staidreamh Fuinnimh’) (21).

I gcás na mBallstát, tá sonraí Eurostat níos mionsonraithe agus is féidir iad a úsáid in ionad na sonraí ó shuíomh gréasáin IEA. I gcás ina mbunaítear déine astaíochtaí GCT ar leibhéal na gcriosanna tairisceana, úsáidfear sonraí ó staidreamh náisiúnta oifigiúil, oibreoirí córais tarchurtha nó ón Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (ENTSO-E) atá ar aon leibhéal mionsonraithe leis na sonraí ó IEA. Áireofar sna sonraí faoi ídiú breosla na sonraí atá ar fáil ar an leibhéal sonraí is airde atá ar fáil ó staidreamh náisiúnta: breoslaí iontaise soladacha, gáis mhonaraithe, móin agus táirgí móna, scealla ola agus gainimh ola, táirgí ola agus peitriliam, gás nádúrtha, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus bithbhreoslaí, dramhaíl neamh-inathnuaite agus fuinneamh núicléach. Áirítear ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus bithbhreoslaí gach breosla bithghineach, dramhaíl bhithghineach, hidreafhuinneamh, fuinneamh aigéin, fuinneamh taoide, tonnfhuinneamh, fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh gaoithe, fuinneamh gréine agus fuinneamh comhthimpeallach ó theaschaidéil.

Glantrádáil leictreachais

A luaithe a ríomhfar an táirgeadh leictreachais náisiúnta agus a dhéine carbóin, cuirfear glanallmhairí bliantúla ó thíortha eile san áireamh. I gcás gach tíre malairte, ríomhtar an glanallmhairiú mar an difríocht idir allmhairí agus onnmhairí. Más mó ná nialas é, rud a chiallaíonn gur glanallmhaireoir leictreachais í an tír, ríomhtar an déine carbóin náisiúnta agus na hastaíochtaí a bhaineann leis an nglanleictreachas arna allmhairiú á gcur san áireamh go comhréireach. Chun allmhairí na tíre is onnmhaireoir a chur san áireamh freisin, ba cheart an ríomh sin a dhéanamh go hatriallach go dtí go gcoinbhéirsítear na luachanna le chéile, trí huaire ar a laghad. I gcás ina gcinntear déine astaíochtaí GCT an leictreachais ar leibhéal na gcriosanna tairisceana, cuirfear an cur chuige céanna i bhfeidhm ar leibhéal na gcriosanna tairisceana.

Sonraí ionchuir ó fhoinsí litríochta

Tábla 3

Fachtóirí astaíochta réamhshocraithe le haghaidh dóchán seasta [g CO2eq/MJ breosla ar ghlanluach calrach]

Breosla

CO2

CH4

N2O

Breoslaí iontaise soladacha

 

 

 

Antraicít

98,3

0,03

0,41

Gual cóic

94,6

0,03

0,41

Gual biotúmanach eile

94,6

0,03

0,41

Gual fo-bhiotúmanach

96,1

0,03

0,41

Lignít

101,0

0,03

0,41

Breosla paitinne

97,5

0,03

0,41

Cóc oighinn cóic

107,0

0,03

0,41

Cóc gáis

107,0

0,03

0,03

Tarra guail

80,7

0,03

0,41

Bricíní guail dhoinn

97,5

0,03

0,41

Gáis mhonaraithe

 

 

 

Gás oibreacha gáis

44,4

0,03

0,03

Gás oighinn cóic

44,4

0,03

0,03

Gás foirnéise soinneáin

260,0

0,03

0,03

Gáis ghnóthaithe eile

182,0

0,03

0,03

Móin agus táirgí móna

106,0

0,03

0,41

Scealla ola agus gaineamh ola

107,0

0,03

0,41

Ola agus táirgí peitriliam

 

 

 

Amhola

73,3

0,09

0,16

Leachtanna gáis nádúrtha

64,2

0,09

0,16

Bunábhair scaglainne

73,3

0,09

0,16

Breiseáin agus ocsaigionáití

73,3

0,09

0,16

Hidreacarbóin eile

73,3

0,09

0,16

Gás scaglainne

57,6

0,03

0,03

Eatán

61,6

0,03

0,03

Gáis peitriliam leachtaithe

63,1

0,03

0,03

Gásailín mótair

69,3

0,09

0,16

Gásailín eitlíochta

70,0

0,09

0,16

Scaird-bhreosla de chineál gásailín

70,0

0,09

0,16

Scaird-bhreosla de chineál ceirisíneach

71,5

0,09

0,16

Ceirisín eile

71,9

0,09

0,16

Nafta

73,3

0,09

0,16

Ola gháis agus ola dhíosail

74,1

0,09

0,16

Ola bhreosla

77,4

0,09

0,16

Biotáille bhán agus biotáille thionsclaíoch

73,3

0,09

0,16

Bealaí

73,3

0,09

0,16

Biotúman

80,7

0,09

0,16

Cóc peitriliam

97,5

0,09

0,16

Céireacha pairifín

73,3

0,09

0,16

Táirgí ola eile

73,3

0,09

0,16

Gás nádúrtha

56,1

0,03

0,03

Dramhaíl

 

 

 

Dramhaíl thionsclaíoch (neamh-inathnuaite)

143,0

0,89

1,09

Dramhaíl chathrach neamh-inathnuaite

91,7

0,89

1,09

Foinse:

IPCC, 2006


Tábla 4

Fachtóirí astaíochtaí réamhshocraithe le haghaidh dóchán seasta breoslaí de thionscnamh bithmhaise [g CO2eq/MJ breosla ar ghlanluach calrach]

Breosla

CO2

CH4

N2O

Bithbhreoslaí soladacha príomhúla

0

0,89

1,09

Fioghual

0

5,96

1,09

Bithgháis

0

0,03

0,03

Dramhaíl chathrach in-athnuaite

0

0,89

1,09

Bithghásailín íon

0

0,09

0,16

Bithghásailín cumaiscthe

0

0,09

0,16

Bithdhíosail íona

0

0,09

0,16

Bithdhíosail chumaiscthe

0

0,09

0,16

Bithcheirisín scairdeitleáin íon

0

0,09

0,16

Bithcheirisín scairdeitleáin cumaiscthe

0

0,09

0,16

Bithbhreoslaí leachtacha eile

0

0,09

0,16

Foinse:

IPCC, 2006

Áirítear i dTábla 5 na meánluachanna bliantúla maidir le déine astaíochtaí GCT an leictreachais a ríomhtar de réir na bhfoirmlí réamhluaite i gCuid C seo ar leibhéal na tíre san Aontas. Féadfar ceann de na cúig luach bhliantúla is déanaí atá ar fáil a roghnú le haghaidh leictreachas a fhoinsítear sna tíortha faoi seach (22).

Tábla 5

Déine astaíochtaí an leictreachais arna ghiniúint agus an ghlanleictreachais arna allmhairiú sna Ballstáit ó 2019 go 2023

Tír

Déine astaíochtaí an leictreachais arna ghiniúint agus an ghlanleictreachais arna allmhairiú (gCO2eq/MJ)

 

2019

2020

2021

2022

2023

An Ostair

65,2

55,6

62,7

65,3

43,8

An Bheilg

57,0

58,2

47,9

53,2

48,2

An Bhulgáir

136,7

117,6

129,4

149,7

100,5

An Chróit

76,1

63,0

79,9

87,8

64,3

An Chipir

203,4

199,3

194,3

191,7

184,6

An tSeicia

146,5

132,0

142,5

146,7

127,6

An Danmhairg

37,1

22,6

27,5

26,3

15,9

An Eastóin

162,6

88,8

111,0

135,4

78,0

An Fhionlainn

24,3

18,7

21,5

18,9

12,5

An Fhrainc

18,8

17,8

18,3

25,0

15,4

An Ghearmáin

110,5

99,7

110,2

117,2

103,8

An Ghréig

158,3

127,9

115,5

115,4

101,1

An Ungáir

80,2

73,0

70,8

71,3

54,6

Éire

100,0

92,2

110,5

101,4

85,6

An Iodáil

97,6

92,4

97,0

108,1

87,9

An Laitvia

84,7

57,5

68,4

85,9

44,6

An Liotuáin

33,8

31,8

35,6

32,1

19,1

Lucsamburg

86,2

76,5

76,1

87,1

70,6

Málta

122,7

129,8

120,4

121,7

115,7

An Ísiltír

123,9

99,7

101,8

96,0

77,8

An Pholainn

211,9

198,1

211,2

202,8

174,8

An Phortaingéil

81,0

64,4

53,1

56,9

39,1

An Rómáin

108,0

91,3

88,1

93,9

73,1

An tSlóvaic

85,8

79,1

86,6

93,2

60,9

An tSlóivéin

72,3

66,4

68,8

67,9

54,2

An Spáinn

69,4

54,7

52,6

60,8

47,3

An tSualainn

4,3

3,3

3,7

3,6

3,4

Foinse:

JRC, 2025 ó shonraí Eurostat


(1)  Cinntear an sciar sin trí chomparáid a dhéanamh idir an cineál céanna ionchuir, mar shampla an sciar de hidrigin ísealcharbóin, i ngach hidrigin a úsáidtear sa phróiseas.

(2)  Féadfaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a bheith ina gcuid den phróiseas teorannaithe ina bhfuil siad á gcur in ionad ionchur eile seachas ionchur gnáthbhreosla iontaise, a bhfuil breoslaí ísealcharbóin agus breoslaí in-athnuaite á gcur in ionad an sciar is airde de.

(3)  I gcás ina dtáirgtear breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus breoslaí ísealcharbóin araon sa tsaoráid chéanna, is ionann an tréimhse a roghnófar faoi Rialachán (AE) 2023/1185 agus faoin modheolaíocht sin.

(4)  Má tháirgtear breosla i roinnt próiseas ina dhiaidh sin, cinnfear an codán le haghaidh gach próisis ach amháin más gnáthchleachtas tionsclaíoch é na próisis a chomhtháthú go teicniúil agus go geografach.

(5)  Maidir le hionchuir ábhair ina bhfuil uisce, glactar leis gurb é luach téimh íochtarach na coda tirime den ionchur ábhair an luach téimh íochtarach (is é sin le rá gan an fuinneamh is gá chun an t-uisce a ghalú a chur san áireamh). Ní chuirtear san áireamh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch a úsáidtear mar tháirgí idirmheánacha chun gnáthbhreoslaí agus bithbhreoslaí a tháirgeadh.

(6)  Áirítear ar na próisis ionchorpraithe

próisis a tharlaíonn sa choimpléasc tionsclaíoch céanna, agus

a athúsáideann teas nó aschuir eile ar deacair iad a iompar de chuid ceann de na próisis.

(7)  Má thógtar an déine carbóin ó Chuid B den Iarscríbhinn sin, ní chuirfear astaíochtaí dócháin san áireamh. Tá sé sin amhlaidh toisc go ndéantar astaíochtaí dócháin a áireamh i bpróiseáil nó in astaíochtaí dócháin an bhreosla deiridh.

(8)  Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).

(9)  Ríomhfar na luachanna arna dtuairisciú i gcomhréir leis an modheolaíocht a shocraíonn an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 29(4) de Rialachán (AE) 2024/1787. Go dtí an dáta sin a bhunófar an mhodheolaíocht sin, feadfar modhanna eolaíocha eile a chur i bhfeidhm amhail an mhodheolaíocht OGMP 2.0 de réir mar is iomchuí.

(10)  I gcomhréir le pointe 6, ní áireofar sa déine astaíochtaí na hastaíochtaí atá leabaithe i gcion carbóin an ionchuir arna sholáthar.

(11)  Féadfar rialacha coibhéiseacha leis na rialacha a leagtar síos faoi Airteagal 27(6) maidir le breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a chur i bhfeidhm chun na fachtóirí astaíochta a chinneadh do tháirgeadh caillte leictreachais mar gheall ar úsáid gáis próiseála dramhaíola agus gáis sceite de thionscnamh neamh-inathnuaite a tháirgtear mar iarmhairt dhosheachanta agus neamhbheartaithe ar an bpróiseas táirgthe i suiteálacha tionsclaíocha.

(12)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/87/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).

(14)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2620 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2024 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil ceangal buan ceimiceach ag gáis cheaptha teasa i dtáirge (OJ L, 2024/2620, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2620/oj).

(15)  Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí (IO L, 2024/3012, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3012/oj).

(16)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/31/oj).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2066/oj).

(18)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le luachanna i ndáil le hacmhainneacht téite domhanda agus treoirlínte an fhardail agus maidir le córas fardail an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 666/2014 ón gCoimisiún (IO L 230, 17.7.2020, p. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/1044/oj).

(19)  Breithneofar fachtóir leithdháilte chun astaíochtaí réamhtheachtacha i gcás táirgí ola a ríomh (ó fhachtóir astaíochta meatáin réamhtheachtaí iarbhír i gcás na hamhola atá á breithniú): 1,09, 1,08, 1,01 (amhola MJ/táirge MJ) le haghaidh díosail, gásailín agus ola bhreosla throm faoi seach.

(20)  i gcás gás nádúrtha a iompraíodh i bhfoirm leachtach, cuirfear astaíochtaí gás ceaptha teasa breise leis (CO2, CH4 agus N2O) a eascraíonn as leachtú, loingseoireacht agus athghású gáis nádúrtha.

I gcás astaíochtaí meatáin a eascraíonn as céimeanna leachtaithe, loingseoireachta agus athghásaithe GNL, leanfaidh oibreoirí pointe (7) den Iarscríbhinn seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1787.

(21)  Sampla: https://www.iea.org/data-and-statistics/data-tools/energy-statistics-data-browser?country=GERMANY&fuel=Energy%20supply&indicator = TESbySource.

(22)  Cuirfidh an Coimisiún Eorpach sonraí atá tugtha cothrom le dáta ar fáil ar bhonn tráthrialta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2359/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)