|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2358 |
21.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2358 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Samhain 2025
lena leagtar síos rialacha maidir le scéimeanna deimhniúcháin, comhlachtaí deimhniúcháin, agus iniúchtaí faoi Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/3012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2024 lena mbunaítear creat deimhniúcháin de chuid an Aontais le haghaidh buanaistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí (1), agus go háirithe Airteagal 9(5), Airteagal 11(5), Airteagal 12(3), an tríú fomhír, Airteagal 13(4) agus Airteagal 14(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a shuí cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach ceanglais Rialachán (AE) 2024/3012, tá feidhmiú ceart agus comhchuibhithe scéimeanna deimhniúcháin, comhlachtaí deimhniúcháin agus iniúchtaí fíor-riachtanach. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha comhchuibhithe a bhunú, rud a dhéanfaidh an deimhneacht dhlíthiúil is gá a thabhairt isteach i ndáil le rialacha is infheidhme maidir le scéimeanna deimhniúcháin, comhlachtaí deimhniúcháin agus iniúchtaí. |
|
(2) |
D’fhonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí a íoslaghdú, ba cheart na rialacha cur chun feidhme a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh cheanglais Rialachán (AE) 2024/3012 a fhíorú ar bhealach leordhóthanach comhchuibhithe, agus go n-íoslaghdaítear an riosca calaoise a mhéid is féidir. Dá bhrí sin, níor cheart a mheas go bhfuil na rialacha cur chun feidhme uileghabhálach ach is ceart a mheas gur ceanglais íosta iad a d’fhéadfadh scéimeanna deimhniúcháin a chomhlánú de réir mar is iomchuí. |
|
(3) |
Chun faisnéis inchomparáide a chur chun cinn, is iomchuí teimpléid chaighdeánaithe a leagan amach le haghaidh na bpríomhdhoiciméad deimhniúcháin, lena n-áirítear na pleananna gníomhaíochta agus faireacháin, agus na tuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin. |
|
(4) |
Chun próiseas deimhniúcháin stóinseach trédhearcach a áirithiú, is gá ardchaighdeáin sláine a leagan amach a mhéid a bhaineann le rialachas na scéime deimhniúcháin, comhairliúchán poiblí sainordaitheach leis na geallsealbhóirí ábhartha, faireachán inmheánach, láimhseáil gearán, agus bainistiú doiciméadachta, lena n-áirítear lámhleabhair, beartais inmheánacha nó sainiú freagrachtaí. Ba cheart é a chur de cheangal ar scéimeanna deimhniúcháin an acmhainneacht theicniúil is gá a bheith acu chun comhairle theicniúil a sholáthar d’oibreoirí maidir le cur chun feidhme na modheolaíochtaí deimhniúcháin. |
|
(5) |
Ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin córas faireacháin inmheánaigh a chur ar bun chun a fhíorú go gcomhlíonann oibreoirí rialacha agus nósanna imeachta na scéime agus chun stóinseacht agus inchreidteacht na hoibre deimhniúcháin a dhéanann comhlachtaí deimhniúcháin a áirithiú. |
|
(6) |
Is iomchuí idirdhealú a dhéanamh idir trí chatagóir neamhchomhréireachta: criticiúil, mór agus mion. Ba cheart déileáil le gach neamh-chomhréireacht ar bhealach leordhóthanach lena ngabhann iarmhairtí comhréireacha, lena n-áirítear bearta feabhsúcháin agus smachtbhannaí, i gcás inarb ábhartha. |
|
(7) |
Is féidir le hoibreoirí páirt a ghlacadh i scéim deimhniúcháin éagsúil tráth ar bith. Mar sin féin, tá gá le rialacha chun cosc a chur ar an riosca a bhaineann le ‘babhtáil scéimeanna’ trína ndéanann oibreoir, ar theip air in iniúchadh faoi scéim amháin, iarratas láithreach ar dheimhniúchán faoi scéim eile. Ba cheart feidhm a bheith ag rialacha den sórt sin freisin maidir le staideanna inar athraigh an t-oibreoir pearsantacht dhlítheanach ach ina bhfanann sé mar an gcéanna ó thaobh substainte de, ionas nach ndíolmhaítear an t-oibreoir, ag a bhfuil céannacht nua, ó rialacha den sórt sin de bharr mionmhodhnuithe nó modhnuithe atá go hiomlán foirmiúil, is é sin athruithe ar struchtúr rialachais nó ar raon feidhme gníomhaíochtaí. |
|
(8) |
Chun trédhearcacht iomlán an phróisis deimhniúcháin a áirithiú, ba cheart príomhfhaisnéis maidir le rialachas agus feidhmiú na scéimeanna deimhniúcháin a chur ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin agus, nuair a bhunaítear í, ar chlárlann an Aontais. |
|
(9) |
Chun deimhniúchán stóinseach a áirithiú, ba cheart a cheangal go mbeidh leibhéal réasúnach dearbhaithe ann, i leith comhlachtaí deimhniúcháin, le go mbeifear in ann teacht ar an gconclúid go bhfuil an plean gníomhaíochta, an plean faireacháin nó an tuarascáil faireacháin saor ó earráidí ábhartha agus easnaimh nó ó mhíráiteas, tar éis fhíorú na sonraí arna dtíolacadh ag oibreoirí nó grúpaí oibreoirí. Ba cheart iarratais ar dheimhniúchán comhlíontachta a sheiceáil go críochnúil ar bhonn dearbhaithe réasúnach sular féidir tús a chur leis an ngníomhaíocht. Ba cheart iniúchtaí athdheimhniúcháin a dhéanamh ar leibhéal dearbhaithe réasúnach freisin. |
|
(10) |
Is iondúil gur oibreoirí beaga a dhéanann feirmeoireacht carbóin a bhféadfadh an t-ualach riaracháin agus na costais a bhaineann le ceanglais fíorúcháin tríú páirtí a bheith ina mbacainn mhór ar dheimhniú ina leith. D’fhonn simpliú a dhéanamh, agus fíorú stóinseach foriomlán a áirithiú ag an am céanna, ba cheart iniúchadh grúpa a cheadú, i gcás oibreoirí feirmeoireachta carbóin, de réir sraith rialacha rioscabhunaithe comhchuibhithe. Ba cheart na rialacha sin a dhearadh sa chaoi go mbeidh siad inrochtana agus soláimhsithe d’oibreoirí beaga, agus na teicneolaíochtaí atá ann cheana á ngiaráil acu, chun rialú comhlíontachta a shimpliú. |
|
(11) |
Is príomhghníomhaithe sa phróiseas deimhniúcháin iad comhlachtaí deimhniúcháin. Dá bhrí sin, na scéimeanna deimhniúcháin arna gceapadh (i.e. formheas) ag na comhlachtaí deimhniúcháin, ní mór dóibh a bheith creidiúnaithe ag comhlacht náisiúnta creidiúnaithe faoi chaighdeáin theicniúla ábhartha de chuid an Aontais nó a aithníonn údarás inniúil náisiúnta ar bhonn ceanglais íosta inniúlachta choitianta, chun a áirithiú go mbeidh na scileanna teicniúla uile agus an taithí iniúchóireachta is gá ag iniúchóirí an chomhlachta deimhniúcháin chun na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a dhéanamh. Is iomchuí freisin do na Ballstáit agus don Choimisiún faireachán a dhéanamh, más gá, ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha uile maidir le deimhniúchán, lena n-áirítear iniúchtaí deimhniúcháin, athdheimhniúcháin agus faireacháin. |
|
(12) |
Go dtí go mbunófar clárlann an Aontais faoi 2028, ba cheart do scéimeanna deimhniúcháin a áirithiú go gcomhlíonann a gclárlanna sraith ceanglas íosta, chun comhaireamh dúbailte a sheachaint agus chun cásanna a bhfuil eisiúint mhícheart nó chalaoiseach aonad deimhnithe i gceist leo a láimhseáil ar bhealach éifeachtach. Chun aistriú rianúil chuig clárlann an Aontais a éascú, féadfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a eisiúint maidir le feidhmiú na gclárlann deimhniúcháin agus maidir leis an nascadh le clárlann an Aontais. |
|
(13) |
Is iomchuí an nós imeachta a leagan amach maidir le haithint scéimeanna deimhniúcháin ag an gCoimisiún, ar scéimeanna deimhniúcháin iad a d’fhéadfadh iarratas a dhéanamh ar aitheantas in aghaidh modheolaíocht deimhniúcháin amháin nó níos mó. Ba cheart an próiseas aitheantais a bheith bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar chomhlíonadh na rialacha ag an scéim, ar rialacha iad a leagtar amach sna modheolaíochtaí deimhniúcháin ábhartha agus sa Rialachán seo. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Athrú Aeráide, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
ÁBHAR, SAINMHÍNITHE AGUS PLEANANNA GNÍOMHAÍOCHTA AGUS FAIREACHÁIN
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) 2024/3012 a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla an phlean gníomhaíochta agus an phlean faireacháin atá le cur faoi bhráid comhlacht deimhniúcháin ag oibreoir nó ag grúpa oibreoirí agus struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na dtuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin, athdheimhniúcháin agus faireacháin atá le heisiúint ag comhlacht deimhniúcháin, de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/3012; |
|
(b) |
an struchtúr, an fhormáid, na mionsonraí teicniúla agus an próiseas is gá chun scéimeanna deimhniúcháin a oibriú, chun faisnéis maidir le hiniúchóireacht neamhspleách a fhíorú agus chun faisnéis maidir le comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh a fhoilsiú de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/3012; |
|
(c) |
struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na gclárlann deimhniúcháin agus thaifeadadh, choinneáil nó úsáid na n-aonad deimhnithe de bhun Airteagal 12(3), mír 3, de Rialachán (AE) 2024/3012; |
|
(d) |
struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla phróisis aitheantais agus fógartha scéimeanna deimhniúcháin de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/3012; |
|
(e) |
struchtúr, formáid agus mionsonraí teicniúla na dtuarascálacha atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin ag na scéimeanna deimhniúcháin de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/3012. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘iniúchadh faireacháin’ iniúchadh arna dhéanamh ag comhlacht deimhniúcháin le linn na tréimhse faireacháin chun an faireachán ar an gcarbón stóráilte agus aon aisiompú a d’fhéadfadh a bheith tarlaithe a fhíorú; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘deimhniú foirceannta’ deimhniú a cuireadh ar ceal go deonach le linn dó a bheith fós bailí; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘deimhniú aistarraingthe’ deimhniú a chuir an comhlacht deimhniúcháin nó an scéim deimhniúcháin ar ceal go buan; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘deimhniú a chuaigh in éag’ deimhniú nach bhfuil bailí a thuilleadh; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘iniúchadh grúpa’ próiseas inar féidir an cur chuige i leith gníomhaíochtaí iniúchóireachta a shainiú ar leibhéal grúpa; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘neamhchomhréireacht’ mainneachtain ag oibreoir nó ag comhlacht deimhniúcháin na rialacha agus na nósanna imeachta, arna mbunú leis an scéim deimhniúcháin, a bhfuil siad ina gcomhaltaí di nó faoina n-oibríonn siad, a chomhlíonadh. |
Airteagal 3
Plean gníomhaíochta, plean faireacháin, agus tuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus iniúchóireachta athdheimhniúcháin
1. An plean gníomhaíochta atá le cur isteach ag oibreoir nó ag grúpa oibreoirí de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2024/3012, áireofar ann na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. An plean faireacháin atá le cur isteach ag oibreoir nó ag grúpa oibreoirí de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2024/3012, áireofar ann na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
3. Áireofar sa tuarascáil iniúchóireachta deimhniúcháin agus an tuarascáil iniúchóireachta athdheimhniúcháin atá le heisiúint ag an gcomhlacht deimhniúcháin de bhun Airteagal 9(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2024/3012 na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL II
OIBRIÚ SCÉIMEANNA DEIMHNIÚCHÁIN, COMHLACHTAÍ INIÚCHÓIREACHTA AGUS DEIMHNIÚCHÁIN
ROINN 1
oibriú scéimeanna deimhniúcháin
Airteagal 4
Struchtúr rialachais
1. Bunóidh scéimeanna deimhniúcháin struchtúr stóinseach rialachais lena n-áiritheofar go mbeidh an inniúlacht dhlíthiúil agus theicniúil, an neamhchlaontacht agus an neamhspleáchas is gá ag an scéim chun a cuid dualgas a chomhlíonadh. Áireofar sa struchtúr rialachais sin Bord ar a mbeidh comhaltaí neamhspleácha a ghlacann freagracht mhuiníneach as an eagraíocht chucu agus a oibríonn de réir nósanna imeachta trédhearcacha. Ag brath ar a raon feidhme deimhniúcháin, bunóidh scéimeanna deimhniúcháin coiste teicniúil, nó córas coibhéiseach tacaíochta saineolaithe teicniúla, ina n-áireofar na geallsealbhóirí ábhartha uile, más féidir, chun comhairle a sholáthar do lucht bainistíochta na scéime maidir le saincheisteanna teicniúla. Rachaidh scéimeanna deimhniúcháin i mbun comhairliúcháin thrédhearcacha le geallsealbhóirí maidir le haon leagan nua nó aon nuashonrú mór ar cheanglais ghinearálta, ar phróisis agus ar threoirlínte na scéime.
2. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin rialacha agus nósanna imeachta ar bun chun coinbhleachtaí leasa sa chinnteoireacht a sheachaint. Mar chaighdeán íosta, déanfaidh siad córas srianta agus ceartúchán a fhorfheidhmiú chun a áirithiú nach bhféadfaidh aon gheallsealbhóir aonair, a bhfuil leas dílsithe aige i dtoradh cinnidh, tionchar cinntitheach a imirt ar an gcinneadh sin. Déanfar daoine a bhfuil coinbhleacht fhéideartha leasa acu a eisiamh ón gcinnteoireacht sna scéimeanna deimhniúcháin. Cuirfidh na scéimeanna deimhniúcháin nósanna imeachta iomchuí agus rian iniúchóireachta i bhfeidhm chun cásanna den sórt sin a shainaithint agus a dhoiciméadú, agus déanfar athbhreithniú tráthrialta orthu mar chuid dá gcóras rialaithe inmheánaigh.
Airteagal 5
Faireachán inmheánach, nós imeachta gearáin agus córas bainistíochta doiciméadachta
1. Bunóidh scéimeanna deimhniúcháin córas faireacháin inmheánaigh chun comhlíontacht oibreoirí a fhíorú leis na rialacha agus na nósanna imeachta a chuireann an scéim i bhfeidhm agus chun cáilíocht na hoibre a dhéanann iniúchóirí na gcomhlachtaí deimhniúcháin a áirithiú. Déanfar faireachán inmheánach uair sa bhliain ar a laghad nó de réir na minicíochta céanna ar a laghad a bhaineann le hiniúchtaí chun raon feidhme deimhniúcháin na scéime agus, chomh maith leis sin, leibhéal riosca na ngníomhaíochtaí a dhéanann na hoibreoirí, a léiriú. Mar chuid den fhaireachán inmheánach, ceanglóidh scéimeanna deimhniúcháin ar chomhlachtaí deimhniúcháin tuarascálacha uile an iniúchta deimhniúcháin, an iniúchta athdheimhniúcháin nó an iniúchta faireacháin (‘iniúchadh’) a sholáthar dóibh. Cumhdófar leis an bhfaireachán inmheánach sampla randamach rioscabhunaithe de na tuarascálacha iniúchóireachta sin ó gach comhlacht deimhniúcháin.
2. Bunóidh scéimeanna deimhniúcháin nósanna imeachta chun gearáin in aghaidh oibreoirí nó comhlachtaí deimhniúcháin a thaisceadh agus a láimhseáil. Leis na nósanna imeachta sin, beifear in ann gearáin a sheoladh go leictreonach agus áiritheofar cosaint do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a thuairiscíonn sáruithe, nó a thaisceann gearáin, de mheon macánta i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
3. Coimeádfaidh scéimeanna deimhniúcháin clár de na gearáin uile. Arna iarraidh sin don Choimisiún nó don Bhallstát inar taisceadh an gearán, déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin na doiciméid uile a bhaineann le gearán agus le láimhseáil an ghearáin sin a sholáthar don iarrthóir.
4. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin go ndéanfar obair leantach éifeachtach ar thorthaí an fhaireacháin inmheánaigh agus ar láimhseáil na ngearán agus, i gcás inar gá, na bearta feabhsúcháin ábhartha agus na smachtbhannaí ábhartha a chur i bhfeidhm maidir le neamhchomhréireacht ag oibreoirí de bhun na rialacha agus na nósanna imeachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 6(1). I gcás inar gá, déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin bearta ceartaitheacha maidir lena struchtúr rialachais nó maidir lena bpróiseas faireacháin inmheánaigh.
5. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin córas bainistíochta doiciméadachta ar bun, ar córas é lena dtugtar aghaidh ar gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
(a) |
doiciméid ghinearálta scéime, e.g. lámhleabhair, beartais, sainiú freagrachtaí; |
|
(b) |
córas rialaithe inmheánaigh na ndoiciméad deimhniúcháin agus na dtaifead deimhniúcháin; |
|
(c) |
athbhreithniú ar an gcóras bainistíochta doiciméadachta; |
|
(d) |
iniúchóireacht agus faireachán inmheánach; |
|
(e) |
nósanna imeachta chun neamhchomhlíonadh a chosc, a shainaithint agus a bhainistiú. |
6. Coinneofar an doiciméadacht a liostaítear i mír 5 ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse faireacháin.
Airteagal 6
Neamhchomhréireachtaí ag oibreoirí
1. Déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin córas cuimsitheach a chur ar bun chun déileáil le neamhchomhréireachtaí ag oibreoirí a bhíonn rannpháirteach i scéimeanna deimhniúcháin. Mar chaighdeán íosta, beidh aicmiú soiléir neamhchomhréireachtaí sa chóras sin, bunaithe ar a dhéine atá an neamhchomhréireacht i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 go 5. Maidir le gach cineál neamhchomhréireachta, déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin sraith thrédhearcach rialacha agus nósanna imeachta a chur ar bun chun forfheidhmiú tráthúil na mbeart feabhsúcháin agus na smachtbhannaí a liostaítear in Airteagal 7 a áirithiú.
2. Déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin neamhchomhréireachtaí a shainaithnítear le linn iniúchta a aicmiú mar neamhchomhréireachtaí de chineál criticiúil, mór nó mion.
3. Is é a bheidh i neamhchomhréireacht chriticiúil sárú ar rialacha nó ar nósanna imeachta na scéime deimhniúcháin amhail calaois, neamhchomhréireacht dho-aisiompaithe, nó sárú a chuireann sláine na scéime deimhniúcháin i mbaol.
Áireofar ar na neamhchomhréireachtaí criticiúla an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
neamhchomhlíonadh na gcritéar cáilíochta a leagtar amach in Airteagail 4 go 7 de Rialachán (AE) 2024/3012 agus na modheolaíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán sin; |
|
(b) |
míráiteas d’aon ghnó maidir leis an tuairisc ar an ngníomhaíocht; |
|
(c) |
falsú sonraí gás ceaptha teasa (GCT). |
4. Is éard a bheidh i gceist le mór-neamhchomhréireacht sárú ar rialacha nó ar nósanna imeachta na scéime deimhniúcháin a d’fhéadfadh a bheith in-aisiompaithe agus a dhéantar arís agus arís eile agus a nochtann fadhbanna córasacha, nó gnéithe a bhféadfadh cliseadh bunúsach sistéamach a bheith mar thoradh orthu ina n-aonar nó in éineacht le neamhchomhréireachtaí breise.
Áireofar ar na mór-neamhchomhréireachtaí an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
fadhbanna córasacha le sonraí GCT a tuairiscíodh, amhail doiciméadacht mhícheart a sainaithníodh i níos mó ná 10 % de na héilimh a áirítear sa sampla ionadaíoch; |
|
(b) |
neamhghníomh ar thaobh oibreora nó grúpa oibreoirí maidir lena rannpháirtíocht i scéimeanna deimhniúcháin eile aistrithe carbóin a dhearbhú le linn an phróisis deimhniúcháin; |
|
(c) |
mainneachtain faisnéis ábhartha a sholáthar don chomhlacht deimhniúcháin, amhail an fhaisnéis is gá chun críoch iniúchta. |
5. Is é a bheidh i mion-neamhchomhréireacht sárú ar rialacha nó ar nósanna imeachta na scéime deimhniúcháin, ar sárú é a bhfuil tionchar teoranta aige, arb é atá ann dul i léig aonarach nó sealadach, agus nach mbeidh cliseadh bunúsach sistéamach mar thoradh air mura gceartaítear é.
Airteagal 7
Bearta feabhsúcháin agus smachtbhannaí i gcás neamhchomhréireachtaí
1. I gcás neamhchomhréireachtaí, beidh feidhm ag na bearta feabhsúcháin agus ag na smachtbhannaí a leagtar síos i míreanna 2 go 7 maidir le hoibreoirí nó le grúpaí oibreoirí.
2. i gcás neamhchomhréireachtaí criticiúla, ní eiseofar deimhniú d’oibreoirí a bhfuil iarratas ar dheimhniú á dhéanamh acu.
3. Féadfaidh oibreoirí nár eisíodh deimhniú dóibh i gcomhréir le mír 2 iarratas a dhéanamh arís ar dheimhniúchán tar éis tréimhse shocraithe ama, arna chinneadh ag an scéim deimhniúcháin de réir shaintréithe na gníomhaíochta.
4. Mar thoradh ar neamhchomhréireachtaí criticiúla a shainaithnítear le linn iniúchtaí athdheimhniúcháin nó iniúchtaí faireacháin, nó trí phróiseas faireacháin inmheánaigh nó gearán scéime deimhniúcháin, déanfar an deimhniú a tharraingt siar láithreach agus ní dhéanfar aonaid dheimhnithe eile a eisiúint.
5. i gcás mór-neamhchomhréireachtaí, ní eiseofar deimhniú d’oibreoirí a bhfuil iarratas ar dheimhniú á dhéanamh acu.
6. Mar thoradh ar mhór-neamhchomhréireachtaí a shainaithnítear le linn iniúchtaí athdheimhniúcháin nó iniúchtaí faireacháin, nó trí phróiseas faireacháin inmheánaigh nó gearán scéime deimhniúcháin, cuirfear an deimhniú ar fionraí láithreach. I gcás nach gcuirfidh oibreoirí an ghníomhaíocht feabhsúcháin chun feidhme laistigh de 90 lá ón bhfógra maidir leis an bhfionraíocht, déanfar an deimhniú a tharraingt siar.
7. I gcás mion-neamhchomhréireachtaí, saineoidh scéimeanna deimhniúcháin an tréimhse chun na bearta feabhsúcháin a chur chun feidhme, ar tréimhse í nach faide ná 12 mhí tar éis fógra faoi na neamhchomhréireachtaí a fháil.
Airteagal 8
Babhtáil scéim deimhniúcháin ag oibreoirí nó grúpaí oibreoirí
1. Ceanglóidh scéimeanna deimhniúcháin ar oibreoir nó ar ghrúpa oibreoirí an fhaisnéis seo a leanas a nochtadh ina n-iarratas ar dheimhniúchán:
|
(a) |
cé acu atá siad féin nó a réamhtheachtaí i dteideal rannpháirteach i scéim deimhniúcháin eile faoi láthair nó nach bhfuil nó cé acu a bhí siad rannpháirteach i scéim deimhniúcháin eile le 5 bliana anuas nó nach raibh; |
|
(b) |
na tuarascálacha iniúchóireachta a bhaineann leis an dá iniúchadh athdheimhniúcháin is déanaí i scéim deimhniúcháin eile, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, liosta mionsonraithe na dtorthaí ó chomhlachtaí deimhniúcháin, agus aon chinneadh a ndeimhnithe a chur ar fionraí nó a tharraingt siar le 5 bliana anuas; |
|
(c) |
ar tharraing siad siar ó scéim deimhniúcháin roimhe sin roimh an gcéad iniúchadh athdheimhniúcháin. |
2. Déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin oibreoirí nó grúpaí oibreoirí a eisiamh ón scéim sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás nár nochtadh an fhaisnéis a liostaítear i mír 1; |
|
(b) |
i gcás inar theip ar oibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí nó ar a réamhtheachtaithe i dteideal san iniúchadh deimhniúcháin faoi scéim eile; |
|
(c) |
i gcás inar tharraing oibreoirí nó grúpa oibreoirí nó a réamhtheachtaithe i dteideal siar ó scéim eile roimh an gcéad iniúchadh athdheimhniúcháin. |
3. Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointe (b) i gcás ina ndearnadh iniúchadh deimhniúcháin faoi scéim eile níos mó ná 3 bliana roimh an iarratas ar dheimhniúchán nó má scoir an scéim eile dá gníomhaíochtaí deimhniúcháin idir an dá linn, agus, dá bharr sin, go raibh cosc ar an oibreoir nó ar an ngrúpa oibreoirí iarratas a dhéanamh arís ar an scéim. Sa chás sin, coigeartófar raon feidhme an iniúchta deimhniúcháin chun gach saincheist ábhartha a chumhdach agus díreoidh sé ar na heasnaimh a sainaithníodh san iniúchadh deimhniúcháin agus ar ina leith a theip ar oibreoirí nó ar ghrúpa oibreoirí nó ar a réamhtheachtaithe i dteideal sa scéim eile.
4. Ní bheidh feidhm ag mír 2, pointe (c) i gcás ina gcruthóidh an t-oibreoir nó an grúpa oibreoirí go raibh cúis bhailí aige, ar choinníoll go raibh tarraingt siar ó scéim eile dosheachanta nó riachtanach. Ní bheidh mar chúis leis an tarraingt siar sin aon neamhchomhréireacht chriticiúil ná mhór-neamhchomhréireacht ná faillí ar thaobh an oibreora maidir le ceanglais na scéime deimhniúcháin a chur chun feidhme.
5. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin go ndéanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a mhalartú go héifeachtúil agus go tráthúil eatarthu.
Airteagal 9
Foilsiú faisnéise ag scéimeanna deimhniúcháin agus ábhar íosta a dtuarascáil bhliantúil ar oibríochtaí
1. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV, ar a laghad, ar fáil go poiblí agus saor in aisce ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí ar chlárlann an Aontais.
2. Ar chlárlanna na scéimeanna deimhniúcháin, liostófar na hoibreoirí sin a bhfuil deimhniú atá tarraingthe siar acu, a bhfuil deimhniú foirceanta acu nó a bhfuil deimhniú a chuaigh in éag acu, ar feadh 36 mhí ar a laghad tar éis dháta tharraingt siar, fhoirceannadh nó dhul in éag an deimhnithe. Déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin aon athrú ar stádas deimhniúcháin oibreoirí a chur ar fáil go poiblí gan mhoill.
3. Cumhdóidh an tuarascáil bhliantúil ar oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(1), an chéad fhomhír de Rialachán (AE) 2024/3012 an bhliain féilire roimhe sin agus leanfaidh sí an struchtúr agus beidh an t-ábhar inti mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
ROINN 2
Iniúchóireacht
Airteagal 10
An próiseas iniúchta agus leibhéil dearbhaithe
1. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin de cheangal ar oibreoirí nó ar ghrúpaí oibreoirí pas a fháil in iniúchóireacht deimhniúcháin a dhéanfaidh comhlacht deimhniúcháin a roghnófar ó liosta comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh ag an scéim deimhniúcháin, sula gceadófar dóibh a bheith rannpháirteach sa scéim. Beidh an t-iniúchadh sin ar an láthair i gcónaí agus soláthróidh sí, ar a laghad, dearbhú réasúnach maidir le héifeachtacht a próiseas inmheánach.
2. Beidh oibreoirí deimhnithe nó grúpaí oibreoirí deimhnithe faoi réir iniúchtaí athdheimhniúcháin agus faireacháin tráthrialta, a leagtar amach a minicíocht sna modheolaíochtaí deimhniúcháin ábhartha, arna nglacadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/3012. Féadfar an t-iniúchadh deimhniúcháin agus an chéad iniúchadh athdheimhniúcháin a dhéanamh an tráth céanna, arna iarraidh sin do na hoibreoirí. I gcás iniúchtaí grúpa, féadfaidh na hiniúchtaí sampla de chomhaltaí an ghrúpa a chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo. Beidh athbhreithneoir teicniúil an chomhlachta deimhniúcháin freagrach as torthaí na n-iniúchtaí a bhailíochtú.
3. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin treoraíocht mhionsonraithe ar bun ina leagfar amach an chaoi a ndéantar iniúchtaí a phleanáil agus a dhéanamh agus an chaoi a ndéantar tuarascálacha iniúchóireachta a tharraingt suas. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin go ndéanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin iniúchtaí i gcomhréir le EN ISO/IEC 17021-1 i gcomhar le EN ISO/IEC 19011 nó a gcoibhéis. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin go ndéanfar faisnéis iniúchóireachta a mhalartú go héifeachtúil agus go tráthúil eatarthu chun tacú le hullmhú éifeachtach agus le cur i gcrích éifeachtach an iniúchta.
4. Cumhdóidh iniúchtaí deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
sainaithint na gníomhaíochta a dhéanann an t-oibreoir, ar gníomhaíocht í atá ábhartha do rialacha na scéime deimhniúcháin; |
|
(b) |
sainaithint chórais rialaithe ábhartha an oibreora agus a eagrúcháin fhoriomláin i ndáil le rialacha agus seiceálacha na scéime deimhniúcháin maidir le cur chun feidhme éifeachtach na gcóras rialaithe ábhartha; |
|
(c) |
anailís ar na rioscaí a bhféadfadh míráiteas ábhartha a bheith mar thoradh orthu, bunaithe ar eolas gairmiúil an iniúchóra agus ar an bhfaisnéis a chuireann an t-oibreoir isteach; |
|
(d) |
plean bailíochtaithe nó fíorúcháin a chomhfhreagraíonn don anailís riosca agus do raon feidhme agus do chastacht ghníomhaíocht an oibreora, agus lena sainítear na modhanna samplála a bheidh le húsáid i ndáil le gníomhaíocht an oibreora sin; |
|
(e) |
an plean bailíochtaithe nó fíorúcháin a chur chun feidhme trí fhianaise a bhailiú i gcomhréir leis na modhanna samplála arna sainiú, chomh maith leis an bhfianaise ábhartha bhreise uile ar a mbunófar conclúid an iniúchóra; |
|
(f) |
iarraidh ón gcomhlacht deimhniúcháin ar an oibreoir aon eilimint de rianta iniúchóireachta atá in easnamh, míniú ar athruithe, nó athbhreithniú ar éilimh nó ar ríomhanna, a sholáthar sula dtagtar ar chonclúidí iniúchóireachta críochnaitheacha; |
|
(g) |
cruinneas na sonraí arna dtaifeadadh ag an oibreoir a fhíorú; |
|
(h) |
Chun críocha phointe (c), cuirfear próifíl riosca fhoriomlán na gníomhaíochta san áireamh san anailís ar rioscaí, agus sin ag brath ar leibhéal riosca an oibreora. Déanfar déine nó raon feidhme an iniúchta, nó an dá rud sin, a oiriúnú do leibhéal na n-ítimí riosca foriomlána. |
5. Ní dheimhneoidh scéimeanna deimhniúcháin oibreoirí nó grúpaí oibreoirí ach amháin i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a) |
go bhfuil córas bainistíochta doiciméadachta acu; |
|
(b) |
go bhfuil córas in-iniúchta acu chun an fhianaise ar fad a bhaineann leis na héilimh a dhéanann siad nó a mbraitheann siad orthu a shlánchoimeád agus a athbhreithniú; |
|
(c) |
go gcoinníonn siad an fhianaise uile is gá chun an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2024/3012 a chomhlíonadh ar feadh 5 bliana ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse faireacháin, nó ar feadh tréimhse níos faide ná sin má iarrtar sin sa reachtaíocht náisiúnta; |
|
(d) |
freagracht a ghlacadh as aon fhaisnéis a ullmhú a bhaineann le hiniúchadh na fianaise sin. |
Airteagal 11
Iniúchadh ar aistriú carbóin agus ar ríomhanna astaíochtaí ithreach
1. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin de cheangal ar oibreoirí an plean gníomhaíochta agus an plean faireacháin, mar aon leis na tuarascálacha faireacháin ábhartha, a sholáthar do na comhlachtaí deimhniúcháin roimh na hiniúchtaí deimhniúcháin nó na hiniúchtaí faireacháin.
2. Chun críocha na n-iniúchtaí athdheimhniúcháin, áireofar sa tuarascáil faireacháin an fhaisnéis riachtanach a bhaineann le ríomh na glantairbhe aistrithe carbóin nó na glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach, i gcomhréir leis an modheolaíocht deimhniúcháin ábhartha, agus aon fhaisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh na gcritéar dliteanais agus inbhuanaitheachta ag an ngníomhaíocht, ar critéir iad a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme.
3. Chun críocha na n iniúchtaí faireacháin, áireofar sa tuarascáil faireacháin an fhaisnéis is gá a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar an gcarbón stóráilte, agus ar aon chás aisiompaithe.
4. Arna iarraidh sin, tabharfaidh scéimeanna deimhniúcháin rochtain don Choimisiún ar na tuarascálacha iniúchóireachta faoi seach agus ar na deimhnithe comhlíontachta agus tabharfaidh siad an rochtain sin do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí deimhniúcháin.
Airteagal 12
Iniúchadh grúpa le haghaidh feirmeoireacht carbóin
1. Ceadóidh scéimeanna deimhniúcháin iniúchadh grúpa arna iarraidh sin do ghrúpa oibreoirí le haghaidh gníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin sna cásanna seo a leanas amháin:
|
(a) |
cásanna ina bhfuil na limistéir ina ndéantar na gníomhaíochtaí atá le deimhniú suite in áiteanna atá gar dá chéile go geografach, agus ina bhfuil saintréithe peidichlíomacha comhchosúla acu, amhail dálaí aeráide nó ithreach; |
|
(b) |
chun aistrithe carbóin agus laghduithe astaíochtaí ithreach a ríomh, cásanna ina bhfuil próisis chomhchosúla agus nósanna imeachta comhchosúla ag na gníomhaíochtaí; |
|
(c) |
cásanna ina gcuireann comhaltaí uile an ghrúpa an mhodheolaíocht deimhniúcháin ábhartha chéanna arna glacadh de bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2024/3012 i bhfeidhm; |
|
(d) |
cásanna ina bhfuil córas bunaithe ag an ngrúpa oibreoirí le haghaidh rialuithe inmheánacha ina gcuimsítear tacar doiciméadaithe gníomhaíochtaí agus nósanna imeachta rialaithe rioscabhunaithe ar i gcomhréir leo atá duine nó comhlacht sainaitheanta (bainisteoir grúpa) freagrach as comhlíontacht gach comhalta den ghrúpa leis an modheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme a fhíorú. |
2. Déanfaidh grúpa oibreoirí a bhfuil iarratas á dhéanamh aige ar iniúchadh grúpa bainisteoir grúpa a ainmniú, a dhéanfaidh ionadaíocht dhlíthiúil thar ceann an ghrúpa oibreoirí agus a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann gach oibreoir an mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme.
3. Féadfaidh comhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil iniúchadh grúpa á dhéanamh acu na gníomhaíochtaí uile lena mbaineann a fhíorú ar bhonn sampla de chomhaltaí an ghrúpa. Leagfaidh scéimeanna deimhniúcháin amach treoirlínte maidir le hiniúchadh grúpa a chur chun feidhme, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
ról bhainisteoir an ghrúpa, lena n-áirítear a ról maidir leis an gcóras bainistíochta inmheánaí agus nósanna imeachta cigireachta inmheánaigh grúpa agus minicíocht na nósanna imeachta sin; |
|
(b) |
méid shampla na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, arna cinneadh i gcomhréir le mír 5. |
4. Déanfar sampla ina bhfuil líon comhaltaí grúpa atá coibhéiseach le fréamh chearnach líon iomlán chomhaltaí an ghrúpa a iniúchadh go haonarach ag minicíocht a leagtar amach sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme. Déanfar an líon sin a mhéadú i gcás leibhéal níos airde riosca a bheith ann.
5. Maidir le hiniúchadh grúpa, má shainaithnítear neamhchomhréireacht chriticiúil nó mór-neamhchomhréireacht in oibreoir amháin den sampla tosaigh de chomhaltaí an ghrúpa, déanfar iniúchadh ar shampla breise de chomhaltaí grúpa den mhéid chéanna. Mar thoradh ar neamhchomhréireacht shistéamach comhaltaí grúpa ar fud an tsampla ar fad, cuirfear an deimhniú grúpa iomlán ar fionraí nó déanfar é a tharraingt siar, de réir mar is infheidhme. Bunóidh scéimeanna deimhniúcháin critéir chun an leibhéal ginearálta riosca sna réimsí a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an ghrúpa agus iarmhairtí an leibhéil riosca sin don chur chuige iniúchóireachta a chinneadh. Beidh an sampla ionadaíoch ar an ngrúpa ar fad agus cinnfear é trí roghnú atá bunaithe ar riosca agus roghnú randamach araon. Is é a bheidh sa roghnú randamach 25 % ar a laghad de chomhaltaí an tsampla agus 25 % ar a laghad den achar iomlán a chumhdaítear le gníomhaíochtaí an tsampla. Beidh na comhaltaí a roghnófar don iniúchadh grúpa éagsúil i gcás gach fíorúcháin, agus leagtar amach an mhinicíocht sa mhodheolaíocht deimhniúcháin is infheidhme. Maidir le neamhchomhréireachtaí criticiúla nó mór-neamhchomhréireachtaí comhaltaí grúpa aonair a shainaithnítear le linn an iniúchta, rachfar i ngleic leo i gcomhréir le hAirteagal 7, míreanna 2 go 6, de réir mar is infheidhme.
6. Déanfar iniúchtaí ar bhainisteoir an ghrúpa ar an láthair i gcónaí. Féadfaidh iniúchtaí ar chomhaltaí grúpa a bheith ina n-iniúchtaí deisce, ar choinníoll go mbeidh iniúchtaí deisce in ann leibhéal dearbhaithe a sholáthar atá inchomparáide leis an leibhéal dearbhaithe a sholáthraítear trí iniúchadh ar an láthair a dhéanamh. Cinnfear le scéimeanna deimhniúcháin cén fhianaise is gá a bheith ann chun iniúchtaí deisce a dhéanamh. Ní mheasfar gur fianaise leordhóthanach iad féindearbhuithe ó oibreoirí.
ROINN 3
comhlachtaí deimhniúcháin
Airteagal 13
Comhlachtaí deimhniúcháin a cheapadh
1. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin maidir le comhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh chun gníomhaíochtaí iniúchóireachta a dhéanamh, lena n-áirítear iniúchtaí deimhniúcháin (bailíochtú), agus iniúchtaí athdheimhniúcháin agus faireacháin (fíorúchán), go gcomhlíonann siad na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo, cé is moite de mhíreanna 2, 3 agus 4 i gcás comhlachtaí deimhniúcháin a aithníonn údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2024/3012.
2. Déanfar comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú i gcomhréir le EN ISO/IEC 17065. Nuair a dhéanann comhlacht deimhniúcháin gníomhaíochtaí fíorúcháin lena acmhainní inmheánacha nó le hacmhainní eile atá faoina rialú díreach, comhlíonfaidh sé ceanglais is infheidhme EN ISO/IEC 17029 agus EN ISO 14065 freisin. Ní úsáidfidh comhlachtaí deimhniúcháin acmhainní eile le haghaidh iniúchtaí ach amháin acmhainní a bhfuil an t-eolas, an taithí, na scileanna agus an acmhainn is gá acu chun na gníomhaíochtaí iniúchóireachta uile is gá a dhéanamh go héifeachtach, lena n-áirítear bailíochtú agus fíorúchán.
3. Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta na comhlachtaí deimhniúcháin a chreidiúnú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus cumhdófar leis raon feidhme sonrach dheimhniúchán na scéimeanna i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/3012. Agus cáilíochtaí comhlachta deimhniúcháin á measúnú chun críoch mhír 2 ag an gcomhlacht creidiúnaithe náisiúnta, cuirfidh sé san áireamh aon chreidiúnú a fuarthas roimhe sin don ghrúpa gníomhaíochta ábhartha i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún (4) nó le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún (5), chun feirmeoireacht carbóin nó buanaistrithe carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí a dheimhniú, faoi seach.
4. Roghnóidh agus ceapfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin an fhoireann iniúchóireachta i gcomhréir le EN ISO/IEC 17021-1 i gcomhar le EN ISO/IEC 19011, agus an inniúlacht is gá chun cuspóirí an iniúchta a bhaint amach á cur san áireamh. Beidh an t-eolas, an taithí, na scileanna agus an acmhainn is gá ag an bhfoireann iniúchóireachta chun an t-iniúchadh a dhéanamh go héifeachtach. I gcás nach mbeidh ach aon iniúchóir amháin ann, beidh an t-eolas, na scileanna, an taithí, an oiliúint agus an acmhainn is gá ag an iniúchóir freisin chun dualgais ceannaire foirne iniúchóireachta is infheidhme maidir leis an iniúchadh sin a dhéanamh.
5. Comhlíonfaidh iniúchóirí arna roghnú ag comhlachtaí deimhniúcháin na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
beidh siad neamhspleách ar an ngníomhaíocht atá á hiniúchadh; |
|
(b) |
beidh siad saor ó choinbhleacht leasa, mar shampla gan a bheith páirteach i sainchomhairleoireacht leis an oibreoir céanna le 3 bliana anuas roimh an iniúchadh; |
|
(c) |
beidh an t-eolas, an taithí, na scileanna agus an acmhainn is gá acu chun an t-iniúchadh a bhaineann le raon feidhme na scéime deimhniúcháin a dhéanamh go héifeachtach, lena n-áirítear:
|
|
(d) |
i gcás iniúchadh grúpa, beidh taithí acu ar iniúchtaí grúpa a dhéanamh. |
6. Áiritheofar le córas rialachais an chomhlachta deimhniúcháin neamhspleáchas bhreithiúnas na n-iniúchóirí ar an leibhéal is airde is féidir trí phrionsabail maidir le huainíocht na n-iniúchóirí nó dea-chleachtais eile atá sa réimse cheana a chur i bhfeidhm.
7. Maidir le comhlachtaí deimhniúcháin nach bhfuil i dteideal iniúchóireacht a dhéanamh a thuilleadh faoi scéim deimhniúcháin, liostófar iad ar feadh 24 mhí ar a laghad ar shuíomh gréasáin na scéime tar éis an iniúchta is déanaí lena ngabhann tásc chuige sin.
Airteagal 14
Oiliúint comhlachtaí deimhniúcháin
1. Bunóidh scéimeanna deimhniúcháin cúrsaí oiliúna stóinseacha d’iniúchóirí na gcomhlachtaí deimhniúcháin arna gceapadh ag an scéim, lena gcumhdófar gach gné atá ábhartha do raon feidhme na scéime. Beidh scrúdú mar chuid de na cúrsaí chun a léiriú go gcomhlíonann na rannpháirtithe na ceanglais oiliúna sa réimse teicniúil nó sna réimsí teicniúla ina bhfuil siad gníomhach. Beidh iniúchóirí rannpháirteach sna cúrsaí oiliúna, sula ndéanfaidh siad iniúchtaí thar ceann na scéime deimhniúcháin.
2. Cuirfidh scéimeanna deimhniúcháin córas chun feidhme chun faireachán a dhéanamh ar stádas oiliúna iniúchóirí agus chun a áirithiú go nglacann iniúchóirí páirt in oiliúint ar bhonn tráthrialta. Déanfaidh scéimeanna deimhniúcháin an treoraíocht is gá a sholáthar freisin do chomhlachtaí deimhniúcháin maidir le gnéithe atá ábhartha don phróiseas deimhniúcháin, lena n-áirítear nuashonruithe ar an gcreat rialála nó torthaí ábhartha ó phróiseas faireacháin inmheánaigh na scéime deimhniúcháin.
Airteagal 15
Maoirseacht ar chomhlachtaí deimhniúcháin ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún
1. Ceanglóidh scéimeanna deimhniúcháin ar chomhlachtaí deimhniúcháin a dhéanann iniúchtaí faoin scéim agus, chomh maith leis sin, ar oibreoirí atá rannpháirteach sa scéim, oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún agus le húdaráis inniúla náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear rochtain a thabhairt ar áitribh oibreoirí i gcás ina n-iarrtar sin agus, chomh maith leis sin, an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh faoi Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2024/3012, a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát. Déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin an méid seo a leanas:
|
(a) |
an fhaisnéis a sholáthar is gá do na Ballstáit chun maoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2024/3012; |
|
(b) |
an fhaisnéis a sholáthar a theastaíonn ón gCoimisiún chun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/3012 a chomhlíonadh; |
|
(c) |
cruinneas na faisnéise a iontráladh sa chlárlann deimhniúcháin ábhartha agus i gClárlann an Aontais de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/3012 a fhíorú. |
2. Féadfaidh na Ballstáit maoirseacht ar chomhlachtaí deimhniúcháin a tharmligean chuig na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
3. I gcomhthéacs na maoirseachta dá bhforáiltear in Airteagal 10(4) de Rialachán (AE) 2024/3012, féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta a bhunú lena gceadófar do chomhlachtaí deimhniúcháin a aithníonn údarás inniúil náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2024/3012, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil a gceannoifig suite ina mBallstát, clárú le haghaidh maoirseachta agus chun an mhaoirseacht a dhéanamh.
4. Malartóidh na Ballstáit faisnéis agus comhroinnfidh siad dea-chleachtais maidir le conas maoirseacht a dhéanamh ar oibriú na gcomhlachtaí deimhniúcháin i gcomhthéacs creat foirmiúil comhair. I gcás ina ndéanann comhlachtaí deimhniúcháin deimhniú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le haistrithe carbóin, feirmeoireacht carbóin agus stóráil carbóin i dtáirgí i níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann creat comhchoiteann a chur ar bun chun maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí deimhniúcháin sin, lena n-áirítear Ballstát amháin a cheapadh mar phríomhmhaoirseoir iniúchóireachta.
5. Beidh an príomhmhaoirseoir iniúchóireachta freagrach, i gcomhar leis na Ballstáit eile lena mbaineann, as faisnéis faoi thoradh na maoirseachta ar na comhlachtaí deimhniúcháin a chomhdhlúthú agus a chomhroinnt.
6. I gcás ina mbeadh amhras réasúnach ar Bhallstát faoi chumas comhlachta shonraigh deimhniúcháin a chuid oibre iniúchóireachta a dhéanamh, roinnfidh sé an fhaisnéis sin leis na Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus leis an scéim deimhniúcháin faoina n-oibríonn an comhlacht deimhniúcháin. Déanfaidh an scéim deimhniúcháin lena mbaineann imscrúdú láithreach ar an gcás. Nuair a bheidh a himscrúdú críochnaithe, cuirfidh an scéim deimhniúcháin na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas faoi thoradh an imscrúdaithe agus faoi aon ghníomh ceartaitheach a rinneadh.
7. Maidir le hoibreoirí agus comhlachtaí deimhniúcháin a mhainníonn, nó nach bhfuil toilteanach, na ceanglais a leagtar amach i míreanna 1 go 5 a chomhlíonadh, eisiafar iad, faoi seach, ó pháirt a ghlacadh i scéimeanna deimhniúcháin agus ó iniúchtaí a dhéanamh thar ceann scéimeanna deimhniúcháin.
CAIBIDIL III
CLÁRLANNA DEIMHNIÚCHÁIN
Airteagal 16
Clárlanna deimhniúcháin
1. Áiritheoidh scéimeanna deimhniúcháin go gcomhlíonann a gclárlanna deimhniúcháin na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
céannacht na n-oibreoirí deimhnithe agus na ndeimhnithe comhlíontachta ábhartha a chlárú agus a rianú; |
|
(b) |
cosc a chur ar chlárú aon ghníomhaíochta atá cláraithe faoi scéim deimhniúcháin eile um aistriú carbóin nó um laghdú astaíochtaí ithreach; |
|
(c) |
cosc a chur ar aonaid dheimhnithe a eisiúint le haghaidh gníomhaíocht ar leith agus tréimhse dheimhniúcháin ar leith i gcás inar eisigh scéim deimhniúcháin eile aonaid dheimhnithe don ghníomhaíocht chéanna agus don tréimhse deimhniúcháin chéanna agus nár cuireadh na haonaid dheimhnithe sin ar ceal; |
|
(d) |
cosc a chur ar aonaid dheimhnithe a bheith curtha i gcuntas ag tairbhí, nó thar ceann tairbhí, (curtha as feidhm) nó atá scriosta go cinntitheach ó chlárlann gan cuntasaíocht (curtha ar ceal) nuair a bheidh siad curtha as feidhm nó curtha ar ceal cheana féin; |
|
(e) |
a cheangal go sainaithneofar an tairbhí dá dtagraítear i bpointe (d) agus an cuspóir ar lena aghaidh a cuireadh an t-aonad as feidhm nó ar ceal; |
|
(f) |
aghaidh a thabhairt ar eisiúint earráideach nó chalaoiseach aonad deimhnithe trí bhearta feabhsúcháin; |
|
(g) |
áireofar ar na bearta feabhsúcháin dá dtagraítear i bpointe (f), ar a laghad, cuntas an oibreora a chur ar fionraí agus, i gcás inarb ábhartha, an cúiteamh dá bharr sin as eisiúint iomarcach aonad deimhnithe. Déanfar an cúiteamh sin trí líon comhfhreagrach na n-aonad deimhnithe eisithe i gcuntas an oibreora a chealú ag na scéimeanna deimhniúcháin, nó trí líon coibhéiseach aonad deimhnithe a chur in ionad líon coibhéiseach aonad deimhnithe ag an oibreoir, agus cealú á dhéanamh láithreach orthu ina dhiaidh sin. |
2. Comhlíonfaidh an córas slándála TF atá mar bhonn taca leis na clárlanna deimhniúcháin na ceanglais seo a leanas:
|
(a) |
beidh sé bunaithe ar phrionsabail na dlíthiúlachta, na trédhearcachta, na comhréireachta agus na cuntasachta; |
|
(b) |
cuirfear san áireamh é le linn phróiseas iomlán fhorbairt shaolré an chórais; |
|
(c) |
áiritheofar na leibhéil iomchuí barántúlachta, infhaighteachta, rúndachta, iomláine, neamhshéanta, cosanta sonraí pearsanta agus rúndachta gairmiúla; |
|
(d) |
beidh sé bunaithe ar phróiseas um bainistíocht riosca; |
|
(e) |
saineoidh sé róil agus freagrachtaí na n-úsáideoirí éagsúla go soiléir; |
|
(f) |
áireoidh sé na ceanglais slándála agus spleáchais chórais aon chórais TF nó aon seirbhíse TF eile; |
|
(g) |
déanfar achoimre air i bplean slándála TF agus i bplean cur chun feidhme maidir le slándáil TF; |
|
(h) |
beidh plean cur chun feidhme ann maidir le slándáil TF ina saineofar na tionscadail agus na próisis is gá chun rioscaí a laghdú go leibhéal iomchuí agus ar chostas comhréireach, agus beidh sé comhlíontach le caighdeán slándála TF a aithnítear go maith. |
CAIBIDIL IV
SCÉIMEANNA DEIMHNIÚCHÁIN A AITHINT
Airteagal 17
Scéimeanna deimhniúcháin a aithint
1. Ní bheidh ach scéimeanna deimhniúcháin a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/3012, na modheolaíochtaí deimhniúcháin ábhartha agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo incháilithe maidir le haitheantas ón gCoimisiún.
2. Áireoidh scéim deimhniúcháin an fhaisnéis seo a leanas ina hiarratas ar aitheantas:
|
(a) |
ainm, seoladh agus faisnéis teagmhála; |
|
(b) |
forléargas ar raon feidhme agus ar ghníomhaíochtaí beartaithe na scéime deimhniúcháin; |
|
(c) |
an tagairt don mhodheolaíocht deimhniúcháin nó do na modheolaíochtaí deimhniúcháin ar ina leith atá iarratas ar aitheantas á dhéanamh ag an scéim deimhniúcháin; |
|
(d) |
na rialacha agus na nósanna imeachta lena léirítear comhlíonadh na modheolaíochta nó na modheolaíochtaí deimhniúcháin ábhartha ar ina leith atá iarratas á dhéanamh ag an scéim; |
|
(e) |
na rialacha agus na nósanna imeachta lena léirítear comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo. |
3. Ní dhéanfaidh an Coimisiún measúnú ach ar iarratais atá comhlánaithe go hiomlán. I gcás inar gá, iarrfaidh an Coimisiún tuilleadh faisnéise ar an scéim deimhniúcháin ábhartha. Déanfar torthaí an mheasúnaithe a dhoiciméadú i dtuarascáil measúnaithe theicniúil.
4. Mar chuid den mheasúnú ginearálta ar scéimeanna deimhniúcháin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhar Eorpach don Chreidiúnú, ar cé acu atá nó nach bhfuil rialacha agus prótacail na scéimeanna deimhniúcháin oiriúnach do chreidiúnú comhlachtaí deimhniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán seo. Áireofar conclúid an mheasúnaithe sin sa tuarascáil measúnaithe theicniúil, dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
5. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh síneadh a chur le bailíocht an chinnidh aitheantais arna ghlacadh de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/3012, arna iarraidh sin don scéim deimhniúcháin.
6. Tabharfaidh scéimeanna deimhniúcháin fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon mhodhnú substaintiúil ar an scéim a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh an mheasúnaithe atá mar bhonn taca leis an gcinneadh aitheantais. Áireofar ar na modhnuithe substaintiúla an méid seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:
|
(a) |
modhnuithe ar na modheolaíochtaí deimhniúcháin ábhartha a chumhdaítear leis an scéim deimhniúcháin; |
|
(b) |
raon feidhme na scéime deimhniúcháin a leathnú thar an méid a dtugtar tuairisc air sa chinneadh aitheantais; |
|
(c) |
modhnuithe i gcomparáid leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. |
CAIBIDIL V
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 18
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/3012, 6.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/3012/oj.
(2) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17 ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/1937/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/996 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 i ndáil le rialacha chun critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus critéir maidir le riosca íseal i ndáil le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú (IO L 168, 27.6.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/996/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 maidir le fíorú sonraí agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 334, 31.12.2018, lch. 94, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2067/oj).
IARSCRÍBHINN I
Teimpléad caighdeánach le haghaidh an phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 3
Áireofar na ranna seo a leanas ar a laghad i bplean gníomhaíochta:
|
1. |
Tuairisc ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear tuairisc ar na heilimintí seo a leanas:
|
|
2. |
Tuairisc ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta nó na modheolaíochtaí deimhniúcháin, lena n-áirítear foranna ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
3. |
Aistrithe iomlána carbóin, astaíochtaí iomlána ithreach, agus astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa ionchasacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht. |
|
4. |
An ghlantairbhe aistrithe carbóin ionchasach nó an ghlantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach ionchasach, ar glantairbhí iad a ghinfear leis an ngníomhaíocht. |
|
5. |
I gcás grúpa oibreoirí, tuairisc ar an gcaoi a soláthraítear seirbhísí comhairleacha d’oibreoirí. |
|
6. |
I gcás grúpa oibreoirí a chuireann gníomhaíocht feirmeoireachta carbóin chun feidhme, tuairisc ar an gcóras rialaithe inmheánaigh arna bhunú ag an ngrúpa oibreoirí i gcomhréir le hAirteagal 12(1), pointe (d). |
(1) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2116/oj).
IARSCRÍBHINN II
Teimpléad caighdeánach le haghaidh an phlean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 3
Beidh na ranna seo a leanas, ar a laghad, sa phlean faireacháin:
|
1. |
Sonraí agus paraiméadair a bhfuil faireachán le déanamh orthu. |
|
2. |
Minicíocht faireacháin. |
|
3. |
Foinsí agus linnte astaíochtaí. |
|
4. |
Foinse sonraí. |
|
5. |
Modhanna agus nósanna imeachta tomhais, lena n-áirítear mionsonraí maidir le cruinneas agus calabrú. |
|
6. |
Measúnú cáilíochta nó nósanna imeachta rialaithe cáilíochta. |
|
7. |
Freagracht as bailiú agus cartlannú. |
IARSCRÍBHINN III
Ábhar íosta na dtuarascálacha iniúchóireachta deimhniúcháin agus athdheimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3
1.
Achoimre ar an tuarascáil iniúchóireachta.
2.
Faisnéis faoin oibreoir:|
(a) |
sonraí teagmhála (ainm agus seoladh); i gcás grúpdheimhniúchán, faisnéis teagmhála bhainisteoir an ghrúpa (ainm agus seoladh) agus liosta na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta carbóin atá faoi raon feidhme an deimhniúcháin (ainm agus seoladh oibreoirí na gníomhaíochta); |
|
(b) |
suíomhanna geografacha na gníomhaíochta nó na ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear comhordanáidí domhanfhaid agus domhanleithid; |
|
(c) |
raon feidhme an deimhniúcháin agus na modheolaíochta deimhniúcháin ábhartha a cuireadh i bhfeidhm (lena n-áirítear tagairt dlí); |
|
(d) |
uimhir thagartha an phlean gníomhaíochta agus an phlean faireacháin. |
3.
Faisnéis faoin ngníomhaíocht:|
(a) |
méid ionchasach (le haghaidh iniúchadh deimhniúcháin), fíoraithe (le haghaidh iniúchadh athdheimhniúcháin) na glantairbhe buanaistrithe carbóin, na glantairbhe aistrithe carbóin sealadaí nó na glantairbhe laghdaithe astaíochtaí ithreach a eascraíonn as an ngníomhaíocht; |
|
(b) |
comhthairbhí inbhuanaitheachta a bhaineann leis an ngníomhaíocht. |
4.
Faisnéis faoin gcomhlacht deimhniúcháin:|
(a) |
faisnéis teagmhála (ainm agus seoladh) agus lógó; |
|
(b) |
comhdhéanamh na foirne iniúchóireachta; |
|
(c) |
comhlacht náisiúnta creidiúnaithe agus raon feidhme agus dáta an chreidiúnaithe, nó údarás aitheantais náisiúnta agus raon feidhme agus dáta an aitheantais. |
5.
Faisnéis faoin bpróiseas iniúchóireachta:|
(a) |
dáta an iniúchta; |
|
(b) |
clár oibre agus fad an iniúchta (roinnte de réir an fhaid a chaitear ar an láthair agus go cianda – i gcás inarb ábhartha); |
|
(c) |
caighdeáin scéime arna n-iniúchadh/arna ndeimhniú (lena n-áirítear uimhir an leagain); |
|
(d) |
suíomhanna arna n-iniúchadh; |
|
(e) |
an modh iniúchóireachta (measúnú riosca agus bonn samplála, comhairliúchán leis na geallsealbhóirí); |
|
(f) |
deimhniú scéimeanna nó caighdeáin deimhniúcháin eile; |
|
(g) |
Cineál sonraí GCT. |
6.
Faisnéis maidir le torthaí iniúchóireachta:|
(a) |
uimhir nó cód (uathúil) an deimhnithe; |
|
(b) |
áit agus dáta eisiúna na tuarascála iniúchóireachta; |
|
(c) |
ceann amháin de na torthaí seo a leanas a bhaineann leis an iniúchadh:
|
|
(d) |
stampa agus/nó síniú an pháirtí eisiúna. |
IARSCRÍBHINN IV
An t-íosmhéid faisnéise atá le foilsiú ag scéimeanna deimhniúcháin ar a suíomh gréasáin mar a fhoráiltear in Airteagal 9
1.
Sonraí teagmhála na scéime, lena n-áirítear seoladh agus seoladh ríomhphoist.
2.
An leagan is déanaí de rialacha agus nósanna imeachta rialachais na scéime, lena n-áirítear róil na gcomhlachtaí ábhartha uile, mionsonraí maidir le struchtúr úinéireachta, comhdhéanamh agus taithí an Bhoird Stiúrthóirí, na Rúnaíochta agus an Choiste Theicniúil, nó a gcoibhéis, liosta na rannpháirtithe sa scéim, nósanna imeachta gearáin agus achomhairc, agus treoirlínte maidir le hiniúchtaí. Áireofar dáta agus uimhir leagain sna rialacha agus sna doiciméid nós imeachta agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar achoimre ar aon athrú a rinneadh i gcomparáid leis an leagan den doiciméad a bhí ann roimhe sin.
3.
Rialacha is bun le ríomh na dtáillí rannpháirtíochta sa scéim deimhniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/3012.
4.
Tuarascáil bhliantúil ar oibríochtaí.
5.
Nasc gréasáin chuig an gclárlann deimhniúcháin.
6.
Nasc gréasáin chuig an leathanach gréasáin ina dtugtar tuairisc ar thíolacadh agus measúnú na nósanna imeachta maidir le gearáin, lena n-áirítear nósanna imeachta achomhairc.
7.
Gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an scéim deimhniúcháin a dhéanamh mar thoradh ar ghearán.
IARSCRÍBHINN V
An fhaisnéis íosta atá le háireamh sa tuarascáil bhliantúil ar oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 9
1.
Fianaise ar chomhlíonadh Airteagal 9(1).
2.
Glacadh na scéime sa mhargadh, líon agus cineál na ngníomhaíochtaí deimhnithe (arna gcatagóiriú de réir na modheolaíochta is infheidhme), méid, cineál agus stádas na n-aonad deimhnithe arna mbainistiú ag an scéim, lena n-áirítear, mar shampla, cé acu atá siad eisithe, curtha as feidhm, dulta in éag, curtha ar ceal nó leithdháilte ar mhaolán, agus úsáid deiridh na n-aonad deimhnithe, agus na cineálacha eintitis a úsáideann na haonaid dheimhnithe.
3.
Forléargas ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an scéim deimhniúcháin i gcomhar leis na comhlachtaí deimhniúcháin chun feabhas a chur ar an bpróiseas deimhniúcháin foriomlán agus ar cháiliú agus neamhspleáchas na n-iniúchóirí, lena n-áirítear liosta de cheardlanna teicniúla nó de chineálacha eile gníomhaíochtaí lena n-éascaítear malartú taithí, eolais agus dea-chleachtas a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na modheolaíochtaí deimhniúcháin is infheidhme arna nglacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/3012.
4.
Forléargas ar an gcóras faireacháin inmheánaigh agus ar athbhreithniú tréimhsiúil an chórais sin, lena n-áirítear maidir le formhaoirseacht ar obair na gcomhlachtaí deimhniúcháin agus a n-iniúchóirí. Áireofar san fhorbhreathnú sin tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear cosc éifeachtach ar ghníomhaíochtaí calaoiseacha leis an gcóras trína áirithiú go ndéantar calaois amhrasta agus neamhrialtachtaí eile a bhrath go tráthúil, go dtéitear i ngleic leo agus go leantar á bhfiosrú agus i gcás inarb iomchuí, an líon cásanna calaoise nó neamhrialtachtaí arna mbrath.
5.
Forléargas ar na gníomhaíochtaí maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin phoiblí.
6.
Forléargas ar na gearáin a fuarthas agus, chomh maith leis sin, i gcás inarb ábhartha, ar bhearta feabhais nó athruithe is gá ar an gcóras rialachais mar chuid den fhaireachán inmheánach.
7.
Forléargas ar chásanna sainaitheanta neamhchomhréireachta ag oibreoirí nó ag comhlachtaí deimhniúcháin, ar líon na gcásanna inar sainaithníodh calaois, agus tuairisc orthu, lena n-áirítear plean gníomhaíochta chun aon ghearán a ardaíodh nó aon neamhchomhréireacht a sainaithníodh a réiteach.
8.
Critéir agus próiseas chun comhlachtaí deimhniúcháin a cheapadh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2358/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)