European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2354

21.11.2025

CINNEADH (CBES) 2025/2354 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Samhain 2025

chun tacú le gníomhaíochtaí mhisean na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a bhaineann leis an tSiria agus leis an Úcráin a fheabhsú agus éifeachtacht oibríochtúil OPCW a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Nollaig 2003, ghlac an Chomhairle Eorpach Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (‘Straitéis an Aontais’), a bhfuil liosta de bhearta chun an leathadh sin a chomhrac i gCaibidil III di. Le Straitéis an Aontais, leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an gCoinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (CWC) agus ag an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) chun domhan a chruthú atá saor ó airm cheimiceacha.

(2)

An 22 Samhain 2004, ghlac an Chomhairle Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES (1). Tar éis don Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin dul in éag, tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle (2), agus ina dhiaidh sin arís tháinig Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle (3). Tar éis Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES, tháinig Cinntí 2009/569/CBES (4), 2012/166/CBES (5), 2013/726/CBES (6), (CBES) 2015/259 (7),(CBES) 2015/2215 (8), (CBES) 2017/2302 (9), (CBES) 2017/2303 (10), (CBES) 2019/538 (11), (CBES) 2021/1026 (12) agus (CBES) 2021/2073 (13) ón gComhairle.

(3)

Trí Chinneadh (CBES) 2017/2303 agus Cinneadh (CBES) 2021/2073 a chur chun feidhme, tá OPCW faoin tráth seo ag brath ar fhaisnéis uathúil arna cur ar fáil le hanailís íomhánna Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen) maidir le pleanáil misean agus anailís faisnéise araon. Dá bhrí sin, tá gá le cumas oibríochtúil OPCW a fheabhsú trí sholáthar leanúnach de tháirgí agus seirbhísí SatCen a áirithiú chun tacú le misin OPCW tar éis dheireadh thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/2073.

(4)

An 26 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1344 (14). Baineann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCinneadh (CBES) 2023/1344 go príomha le tacaíocht OPCW don tSiria, lena n-áirítear do mhisin neamhghnácha.

(5)

An 15 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1984 (15), lena ndírítear ar mhisin arna sainordú ag OPCW , amhail imscaradh, cuairteanna teicniúla, oiliúint agus trealamh a sholáthar d’údaráis ábhartha sa tSiria. Baineann na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCinneadh (CBES) 2024/1984 ón gComhairle go príomha le próiseáil sonraí agus aistriú eolais laistigh de OPCW,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Chun rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, leis an muinín agus leis an trédhearcacht, agus le cur chun feidhme straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí misin a bhaineann leis an tSiria agus leis an Úcráin chun freagairtí éifeachtacha ar na rioscaí a bhaineann le leathadh agus úsáid arm ceimiceach a áirithiú, tríd an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW), agus tabharfaidh sé de chumhacht freisin do na Stáit is Páirtithe sa Choinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (CWC) cuntasacht a áirithiú i gcásanna ina n-úsáidtear airm cheimiceacha, ar bhonn obair agus thuarascálacha OPCW. Le soláthar táirgí agus seirbhísí satailíte ag Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen), féachtar le hacmhainneacht na ngníomhaíochtaí sin arna sainordú ag OPCW maidir le cruinneas slándála agus fíoraithe a fheabhsú leis na cuspóirí seo a leanas:

(a)

rannchuidiú le deireadh iomlán arna fhíorú go hidirnáisiúnta a chur le clár arm ceimiceach na Siria agus na fíricí a shuí agus déantóirí na coire a bhaineann le húsáid arm ceimiceach a shainaithint, i gcomhréir le cinntí ábhartha forais déanta beartais OPCW;

(b)

cúnamh a chur ar fáil atá comhsheasmhach le CWC chun a chur ar chumas na hÚcráine na cumais theicniúla shibhialta is gá a bheith aici chun a áirithiú gur féidir léi freagairt go héifeachtach do theagmhais a bhaineann le hoibreáin cogaíochta ceimicí agus ceimiceáin thionsclaíocha thocsaineacha, lena n-áirítear ar an láthair chatha san Úcráin; agus

(c)

acmhainneachtaí oibríochtúla OPCW a leathnú trí anailís íomhánna, chun tacú le gníomhaíochtaí arna sainordú ag OPCW, go háirithe maidir leis an tSiria agus an Úcráin.

2.   Leagtar amach sa Doiciméad Tionscadail tuairisc mhionsonraithe ar ghníomhaíochtaí OPCW dá dtagraítear i mír 1 a fhaigheann tacaíocht ón Aontas.

Airteagal 2

1.   Beidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) freagrach as an gCinneadh seo a chur chun feidhme.

2.   Is í Rúnaíocht Theicniúil OPCW (‘an Rúnaíocht Theicniúil’) a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail a leagtar amach sa Doiciméad Tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1. Déanfaidh sí an cúram sin faoi fhreagracht agus rialú an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an Rúnaíocht Theicniúil.

Airteagal 3

1.   Is é EUR 4 447 748,18 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an ghníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme.

2.   Déanfar an caiteachas arna mhaoiniú leis an méid a leagtar amach i mír 1 a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.

3.   Déanfaidh an Coimisiún maoirseacht ar bhainistiú cuí an chaiteachais dá dtagraítear i mír 2. Chun na críche sin, tabharfaidh sé an comhaontú riachtanach i gcrích leis an Rúnaíocht Theicniúil. Sonrófar sa chomhaontú sin go n-áiritheoidh an Rúnaíocht Theicniúil infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí le méid na ranníocaíochta.

4.   Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a tugadh an comhaontú i gcrích.

Airteagal 4

1.   Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha tráthrialta arna n-ullmhú ag an Rúnaíocht Theicniúil. Beidh na tuarascálacha sin ón Ardionadaí ina mbonn don mheastóireacht a dhéanfaidh an Chomhairle.

2.   Soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi ghnéithe airgeadais an tionscadail a leagtar amach sa Doiciméad Tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.

Airteagal 5

1.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag 24 mhí ón dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Samhain 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/797/CBES ón gComhairle an 22 Samhain 2004 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 349, 25.11.2004, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2004/797/oj).

(2)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2005/913/CBES ón gComhairle an 12 Nollaig 2005 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 331, 17.12.2005, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2005/913/oj).

(3)  Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/185/CBES ón gComhairle an 19 Márta 2007 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 85, 27.3.2007, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/joint_action/2007/185/oj).

(4)  Cinneadh 2009/569/CBES ón gComhairle an 27 Iúil 2009 maidir le tacaíocht do ghníomhaíochtaí OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 197, 29.7.2009, lch. 96, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2009/569/oj).

(5)  Cinneadh 2012/166/CBES ón gComhairle an 23 Márta 2012 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 87, 24.3.2012, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2012/166(1)/oj).

(6)  Cinneadh 2013/726/CBES ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 lena dtacaítear le Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus EC-M-33/Dec 1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 10.12.2013, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/726/oj).

(7)  Cinneadh (CBES) 2015/259 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 43, 18.2.2015, lch. 14, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/259/oj).

(8)  Cinneadh (CBES) 2015/2215 ón gComhairle an 30 Samhain 2015 chun tacú le Rún 2235 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena mbunaítear sásra comhpháirteach imscrúdaitheach OPCW-NA chun déantóirí na n-ionsaithe ceimiceacha i bPoblacht Arabach na Siria a shainaithint (IO L 314, 1.12.2015, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2015/2215/oj).

(9)  Cinneadh (CBES) 2017/2302 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le gníomhaíochtaí OPCW chun cabhrú le hoibríochtaí glantacháin ag an iar-láithreán stórála arm ceimiceach sa Libia faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2302/oj).

(10)  Cinneadh (CBES) 2017/2303 ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 chun tacú le cur chun feidhme leanúnach Rún 2118 (2013) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cinneadh EC-M-33/DEC.1 ó Chomhairle Feidhmiúcháin OPCW maidir le díothú airm cheimiceacha na Siria, faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis AE i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 329, 13.12.2017, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/2303/oj).

(11)  Cinneadh (CBES) 2019/538 ón gComhairle an 1 Aibreán 2019 chun tacú le gníomhaíochtaí na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 93, 2.4.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/538/oj).

(12)  Cinneadh (CBES) 2021/1026 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 chun tacú le Clár Cibearshlándála agus Athléimneachta agus Dearbhaithe Faisnéise na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) faoi chuimsiú chur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta (IO L 224, 24.6.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/1026/oj).

(13)  Cinneadh (CBES) 2021/2073 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte (IO L 421, 26.11.2021, lch. 65, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2073/oj).

(14)  Cinneadh (CBES) 2023/1344 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú (IO L 168, 3.7.2023, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1344/oj).

(15)  Cinneadh (CBES) 2024/1984 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 chun tacú leis an bPleanáil Idirthréimhseach Institiúideach le haghaidh Misin Neamhghnácha agus Acmhainneachtaí Imscrúdaitheacha na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) (IO L, 2024/1984, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1984/oj).


IARSCRÍBHINN

DOICIMÉAD TIONSCADAIL

Gníomhaíocht chun Tacú le Gníomhaíochtaí Mhisean OPCW a bhaineann leis an tSiria agus leis an Úcráin agus Éifeachtacht Oibríochtúil OPCW a fheabhsú trí tháirgí agus seirbhísí Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SATCEN)

1.   CÚLRA AGUS RÉASÚNAÍOCHT

Is í an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (‘OPCW’) comhlacht cur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh, Stoc-Charnadh agus Úsáid Arm Ceimiceach agus maidir lena nDíothú (‘CWC’). Tháinig CWC i bhfeidhm an 29 Aibreán 1997 agus tá 193 Stát is Páirtithe ann faoi láthair a léiríonn ballraíocht nach mór uilíoch.

Is é misean OPCW airm cheimiceacha a dhíothú ón saol trí stoc-chairn arm ceimiceach dearbhaithe a scriosadh agus trí chosc a chur ar theacht chun cinn agus ar úsáid arm ceimiceach an athuair. Ó 1997 i leith, d’fhíoraigh OPCW scriosadh na n-arm ceimiceach stoc-charntha uile atá dearbhaithe ag tíortha ar fud an domhain, arb é 72 304 thona méadrach a meáchain iomlán.

Tá tacaíocht leanúnach faighte ag OPCW ón Aontas Eorpach (AE) trí bhuiséad an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála (CBES) ó 2004 i leith. Le Meabhrán Tuisceana AE-OPCW an 20 Feabhra 2024, treisíodh a thuilleadh an chomhpháirtíocht ríthábhachtach sin a bhí fíorthábhachtach chun príomhchuspóirí OPCW a chur chun cinn agus a chur chun feidhme, rud a chuireann leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta. Is léir ón méid a tharla le déanaí, mar shampla titim réimeas Assad sa tSiria agus an cogadh leanúnach san Úcráin, a thábhachtaí atá sainorduithe agus misin OPCW.

Sa tSiria, tá an Rúnaíocht ag feidhmiú ó mhí Dheireadh Fómhair 2013, nuair a chuaigh an tSiria isteach sa Choinbhinsiún, trí mhisin thiomnaithe inter alia – an Fhoireann um Measúnú ar Dhearbhuithe (DAT), an Misean Aimsithe Fíoras sa tSiria (FFM), agus an Fhoireann um Imscrúdú agus Sainaithint (IIT) – i gcomhréir le sainorduithe a fuarthas faoin gCoinbhinsiún agus trí chinntí orgáin déanta beartas OPCW agus rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ó thit réimeas Assad an 8 Nollaig 2024 agus ó bhí rialtas eatramhach ann atá toilteanach páirt a ghlacadh i sainchomhad arm ceimiceach na Siria, murab ionann agus na húdaráis a bhí ann roimhe seo, is gá, agus is féidir, rochtain a fháil ar an bhfaisnéis uile nár dhearbhaigh na húdaráis roimhe sin a bhaineann lena gclár arm ceimiceach, láithreáin arm ceimiceach agus a n-inneachar a dhaingniú, agus a áirithiú go scriosfaidh an tSiria aon ghné ábhartha agus go ndéanfaidh Rúnaíocht OPCW an méid sin a fhíorú. Tá deis ann freisin leanúint d’imscrúduithe a bhaineann le húsáid arm ceimiceach sa tSiria, lena n-áirítear déantóirí cionta a shainaithint, mar a chuir Uachtarán Eatramhach na Siria in iúl le linn an chruinnithe a bhí aige sa Damaisc le hArd-Stiúrthóir OPCW an 8 Feabhra 2025.

San Úcráin, is ann go fóill don bhagairt maidir le húsáid arm ceimiceach agus is bunriachtanach iad gníomhaíochtaí OPCW, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, arna iarraidh sin ag an Úcráin, idir threalamh cosanta agus braite a sholáthar agus oiliúint a chur ar na chéad fhreagróirí, agus meastóireacht a dhéanamh ar shamplaí a bhaineann le líomhaintí maidir le húsáid ceimiceán tocsaineach a fhaightear ar an láthair chatha san Úcráin.

Ó 2021 i leith, tá tacaíocht luachmhar curtha ar fáil ag an Aontas do OPCW trí tháirgí agus seirbhísí SatCen a sholáthar. Ar mhaithe le héifeachtacht oibríochtúil OPCW, tá sé tábhachtach go leanfar de thacaíocht a thabhairt do tháirgí agus do sheirbhísí SatCen, a luaithe a rachaidh Cinneadh (CBES) 2021/2073 ón gComhairle an 25 Samhain 2021  (1) in éag.

Dá bhrí sin, measfar an togra seo i gcomhar le Cinneadh (CBES) 2023/1344 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023  (2) agus leis na gníomhaíochtaí faoi Aschur 3 (‘Freagairtí éifeachtacha a thabhairt ar líomhaintí maidir le húsáid arm ceimiceach’), agus i gcomhar le Cinneadh (CBES) 2024/1984 ón gComhairle an 15 Iúil 2024  (3). Baineann gníomhaíochtaí i gCinneadh (CBES) 2023/1344 ón gComhairle go príomha le hoibríochtaí OPCW laistigh den cheanncheathrú, agus díríonn an togra seo ar oibríochtaí OPCW lasmuigh den cheanncheathrú (imscarthaí, cuairteanna teicniúla, oiliúint agus trealamh a sholáthar d’údaráis ábhartha sa tSiria agus san Úcráin). Baineann na gníomhaíochtaí i gCinneadh (CBES) 2024/1984 ón gComhairle go príomha le próiseáil sonraí agus aistriú eolais laistigh den Eagraíocht, agus díríonn an togra seo ar mhisin a imscaradh agus ar threalamh a sholáthar don tSiria agus don Úcráin.

2.   AN CUSPÓIR FORIOMLÁN

Is é cuspóir foriomlán na gníomhaíochta seo rannchuidiú leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta, leis an muinín agus leis an trédhearcacht, agus le cur chun feidhme straitéis an Aontais i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta trí thacú le gníomhaíochtaí misin a bhaineann leis an tSiria agus leis an Úcráin chun freagairtí éifeachtacha a áirithiú, trí OPCW, ar na rioscaí a bhaineann le leathadh agus úsáid arm ceimiceach, agus cumhacht á tabhairt freisin do na Stáit is Páirtithe an chuntasacht a áirithiú i gcásanna ina n-úsáidtear airm cheimiceacha, ar bhonn obair agus thuarascálacha arna ndéanamh ag OPCW. Trí tháirgí agus seirbhísí SatCen a sholáthar, feabhsaítear acmhainneachtaí na ngníomhaíochtaí sin arna sainordú ag OPCW chomh maith le cruinneas slándála agus fíoraithe.

3.   CUSPÓIRÍ SONRACHA

Seo a leanas cuspóirí sonracha na gníomhaíochta:

a.

páirt a ghlacadh i ndíothú iomlán chlár arm ceimiceach na Siria, atá fíoraithe go hidirnáisiúnta, agus na fíricí a shuí agus déantóirí cionta a bhaineann le húsáid arm ceimiceach a shainaithint, i gcomhréir leis na cinntí ábhartha arna ndéanamh ag orgáin déanta beartais OPCW;

b.

cúnamh a chur ar fáil atá comhsheasmhach le CWC chun a chur ar chumas na hÚcráine na cumais theicniúla shibhialta is gá a bheith aici chun a áirithiú gur féidir le muintir na hÚcráine freagairt go héifeachtach ar theagmhais a bhaineann le hoibreáin cogaíochta ceimicí agus ceimiceáin thionsclaíocha thocsaineacha, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar shamplaí a bhaineann le líomhaintí maidir le húsáid ceimiceán tocsaineach a fhaightear ar an láthair chatha san Úcráin;

c.

acmhainneachtaí oibríochtúla OPCW a leathnú trí tháirgí agus seirbhísí SatCen a sholáthar, chun tacú le gníomhaíochtaí arna sainordú ag OPCW.

4.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ AGUS ASCHUIR

a.

An tSiria:

i.

Gníomhaíocht: Imscaradh foirne teicniúla (mairfidh gach ceann díobh mí amháin) thar 2 bhliain chun cabhrú le húdaráis na Siria maidir leis an méid seo a leanas:

fardal mionsonraithe a chur ar fáil d’airm cheimiceacha, láithreáin arm ceimiceach (4), trealamh, muinisin agus comhpháirteanna eile de chlár arm ceimiceach na Siria. Meastar go mbeidh ar na foirne cuairt a thabhairt ar níos mó ná 100 láthair ar fud na Siria agus measúnú a dhéanamh orthu chun doiciméid a bhailiú, a aistriú, a fhíorú agus a anailísiú, agus chun agallamh a chur ar phearsanra ábhartha a raibh baint acu le clár arm ceimiceach iar-réimeas na Siria. Eiseoidh foireann theicniúil OPCW tuarascálacha de réir mar is gá chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht chomhlachtaí ceaptha beartas OPCW;

pleananna, módúlachtaí agus fardal mionsonraithe a fhorbairt le haghaidh scriosadh fíoraithe na n-arm ceimiceach atá fágtha sa tSiria, lena n-áirítear trealamh agus saoráidí gaolmhara a shainaithint;

úsáid ceimiceán tocsaineach mar airm a chinneadh agus déantóirí na gceimiceán sin a shainaithint. Eiseoidh foireann theicniúil OPCW tuarascálacha chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht agus faoi ghníomhaíochtaí comhlachtaí ceaptha beartas OPCW, údaráis na Siria, agus gníomhaithe idirnáisiúnta eile (mar shampla an Sásra Idirnáisiúnta, Neamhchlaonta agus Neamhspleách don tSiria).

Aschuir:

Dearbhú iomlán maidir le clár arm ceimiceach na Siria de bhun na hoibleagáide a cuireadh ar údaráis idirthréimhsigh na Siria faoin CWC;

Pleananna infhorghníomhaithe maidir le hairm cheimiceacha a dhíothú le breithniú go foirmiúil ag Comhairle Feidhmiúcháin OPCW;

Bunú bunáiteanna fianaiseacha d’úsáid arm ceimiceach sa tSiria le go bhfaighidh íospartaigh ceartas agus dtabharfar déantóirí coire chun cuntais.

Tugtar faoi deara: Beidh gá leis na saoráidí oibriúcháin riachtanacha (saoráidí oifigí slána, spás stórála, trealamh cumarsáide) a bhunú chun tacú le himscaradh sínithe, sábháilte, slán agus éifeachtach fhoirne teicniúla OPCW chomh maith le pearsanra tacaíochta atá fostaithe chun aschuir an tionscadail seo a bhaineann leis an tSiria a tháirgeadh chun a áirithiú go mbainfear amach go tráthúil agus go costéifeachtach na torthaí atá beartaithe.

Soláthrófar leis an mbuiséad líon uasta laethanta saineolaithe, per diem agus costais iompair a bheidh le leithdháileadh ar na gníomhaíochtaí imscartha sin. Cumhdóidh cuid den bhuiséad freisin aon seirbhís agus trealamh is gá chun na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích, lena n-áirítear costais ábhartha oifige tionscadail.

b.

An Úcráin:

i.

Gníomhaíocht 1: Oiliúint theicniúil shaincheaptha agus trealamh gaolmhar cosanta agus anailíseach a sholáthar san Úcráin agus lasmuigh den Úcráin ag saoráidí speisialaithe (mar shampla Lárionad Ceimice agus Teicneolaíochta OPCW) do chéadfhreagróirí, imscrúdaitheoirí agus saineolaithe ábhartha eile na hÚcráine i réimsí a bhaineann le freagairt ar theagmhais, bailiú fianaise, agus anailís:

Oiliúint: tá ceithre sheisiún oiliúna beartaithe do 20 rannpháirtí ón Úcráin le linn thréimhse gníomhaíochta an Aontais. Cumhdófar leis an oiliúint saineolas maidir le hairm cheimiceacha agus oibreáin cheimiceacha a bhrath, cosaint orthu, dí-éilliú, agus sampláil agus anailísiú.

Cineálacha trealaimh: soláthrófar an trealamh chun an oiliúint a chomhlánú, mar shampla ‘FirstDefender’ agus ábhair/feistí braite arm ceimiceach gaolmhara, cultacha cosanta, maisc chosanta, fearais chun oiriúint masc a thástáil, fearais dí-éillithe, fearais samplála agus anailíse, fearais chúnta d’uirlisí oibre allamuigh (e.g. GPS).

Aschur: Tá céadfhreagróirí, imscrúdaitheoirí agus saineolaithe ábhartha Úcránacha in ann, trí shaineolas agus ullmhacht fheabhsaithe, déileáil ar bhealach níos éifeachtaí le cásanna agus líomhaintí maidir le húsáid ceimiceán tocsaineach, bás agus gortú a chosc agus trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn.

ii.

Gníomhaíocht 2: Cuairteanna cúnaimh theicniúil (TAV) a sholáthar má iarrann agus nuair a iarrann an Úcráin iad chun samplaí a fháil agus a anailísiú, trí líonra de Shaotharlanna Ainmnithe OPCW atá neamhspleách agus deimhnithe go hidirnáisiúnta, arna mbailiú ag imscrúdaitheoirí na hÚcráine agus a bhaineann le líomhaintí maidir le ceimiceáin thocsaineacha a úsáid mar airm, lena n-áirítear i ndáil le líomhaintí maidir le húsáid oibreán smachtaithe círéibe ar an túslíne.

Aschuir: Tuarascálacha a chur ar fáil d’údaráis na hÚcráine le go mbeidh an Úcráin in ann cinneadh breise a dhéanamh maidir le conas na tuarascálacha sin a úsáid ina n-imscrúduithe náisiúnta ar úsáid ceimiceán tocsaineach mar airm, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar shamplaí a bhaineann le líomhaintí maidir le húsáid ceimiceán tocsaineach a fhaightear ar láthair chatha na hÚcráine, agus don chomhphobal idirnáisiúnta, agus iad ag tacú le cosaint CWC; agus le hiarrachtaí i ndáil le cuntasacht.

c.

SatCen (5):

i.

Gníomhaíocht: Táirgí agus seirbhísí SatCen (6) a sholáthar chun tacú le pleanáil oibríochtúil shábháilte agus éifeachtach fhoirne teicniúla OPCW atá ag ullmhú lena n-imscaradh chuig aon oibríochtaí teagmhasacha, chun imscrúduithe, oiliúint nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh mar atá sainordaithe faoin gCoinbhinsiún ag comhlachtaí ceaptha beartas OPCW nó arna iarraidh sin ag na Stáit is Páirtithe.

Aschur: Déantar foirne teicniúla OPCW a imscaradh leis an éifeachtúlacht, an tsábháilteacht agus an tslándáil is fearr is féidir; agus soláthraíonn táirgí agus seirbhísí tásca úsáideacha maidir le bunús a thabhairt le torthaí fianaiseacha arna dtuairisciú ag foirne teicniúla OPCW.

5.   NA TAIRBHITHE DEIRIDH

a.

Stáit is Páirtithe sa CWC;

b.

Oifigigh rialtais agus saineolaithe sa tSiria agus san Úcráin;

c.

Íospartaigh arm ceimiceach a úsáideadh sa tSiria agus san Úcráin;

d.

Pearsanra OPCW a imscartar ar mhisin teagmhais.

6.   FAD AMA

Meastar go mairfidh an ghníomhaíocht 24 mhí ar an iomlán.


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/2073 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú trí bhíthin íomhánna satailíte (IO L 421, 26.11.2021, lch. 65).

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1344 ón gComhairle an 26 Meitheamh 2023 chun tacú le héifeachtacht oibríochtúil na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) a fheabhsú (IO L 168, 3.7.2023, lch. 27).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/1984 ón gComhairle an 15 Iúil 2024 chun tacú leis an bPleanáil Idirthréimhseach Institiúideach le haghaidh Misin Neamhghnácha agus Acmhainneachtaí Imscrúdaitheacha na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) (IO L, 2024/1984, 16.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1984/oj).

(4)  Áirítear ar na láithreáin a bhfuil cuairt le tabhairt orthu na láithreáin uile a dhearbhaigh an tSiria, toisc nár dhearbhaigh iar-údaráis na Siria go hiomlán na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl ag na láithreáin sin – mar shampla táirgeadh lánscála arm ceimiceach. I gcásanna áirithe, níor dhearbhaigh an tSiria ach gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, cé go bhfuil fianaise ann a thugann le fios go raibh airm cheimiceacha á dtáirgeadh. Ina theannta sin, cumhdóidh na cuairteanna láithreáin a sainaithníodh i gcinntí chomhlachtaí ceaptha beartas OPCW, mar shampla aerpháirceanna agus saoráidí eile a raibh baint acu inter alia le táirgeadh saraine agus clóirín. Ina theannta sin, déanfar cigireacht freisin ar gach suíomh neamhdhearbhaithe a bhfuil amhras ann go raibh siad rannpháirteach i gclár arm ceimiceach na Siria. Is é an sprioc atá ann a chinneadh cad a táirgeadh, cathain, cén trealamh a úsáideadh, cé na cainníochtaí, agus cad a tharla do na hairm sin – chun leathadh na n-arm sin a chosc agus chun a áirithiú go bhfíorófar gur scriosadh iad.

(5)  Tá cur chun feidhme ghníomhaíochtaí Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh (SatCen) faoin tionscadal nua seo le tosú ón lá tar éis do Chinneadh (CBES) 2021/2073 ón gComhairle an 25 Samhain 2021 dul in éag.

(6)  Beidh cur chun feidhme ghníomhaíochtaí SatCen i gcomhréir iomlán le Cinneadh 2014/401/CBES ón gComhairle an 26 Meitheamh 2014 maidir le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus déanfar é faoi Airteagal 2.2(iii). Beidh sé gan dochar do ról an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus an Ardionadaí, mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chinneadh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2354/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)