European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2344

20.11.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2344 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Samhain 2025

lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh dasaimeit le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta go dtí an 31 Iúil 2022 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 26 Eanáir 2021 cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’). Is é údarás inniúil na Beilge a rinne meastóireacht ar an iarratas.

(3)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1289 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Eanáir 2025 dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Cuireadh an dáta éaga sin ar atráth arís go dtí an 31 Iúil 2026 le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún (4), chun go mbeadh dóthain ama ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2345 (5) ón gCoimisiún, rinneadh athnuachan ar an bhformheas maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, faoi réir na gcoinníollacha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, lena n-áirítear dáta éaga an fhormheasa. Dá bhrí sin, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1289 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2021/1289/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/2930, 2.12.2024; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2930/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2345 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2025 lena ndéantar athnuachan ar an bhformheas maidir le dasaimeit mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2345, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2345/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2344/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)