|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2341 |
20.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2341 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Samhain 2025
lena gcláraítear an tásc geografach ‘Boudin blanc de Liège’ (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, foilsíodh iarratas na Beilge ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Boudin blanc de Liège’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
|
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Boudin blanc de Liège’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha. |
|
(4) |
Le litir a fuarthas an 7 Feabhra 2025, chuir údaráis na Beilge an Coimisiún ar an eolas maidir le gnóthais áirithe atá cleamhnaithe leis an ‘Fédération de l’industrie de la transformation de la viande et autres protéines’, arna ghiorrú mar ‘FENAVIAN’, a bunaíodh ar a gcríoch lasmuigh den limistéar geografach lena mbaineann, go raibh táirge ar a bhfuil an t-ainm díolacháin ‘Boudin blanc de Liège’ margaithe go dleathach acu, agus go raibh an t-ainm sin á úsáid go leanúnach acu ar feadh breis agus 5 bliana, agus gur ardaíodh an pointe sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra. |
|
(5) |
Ós rud é go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 20(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1143, ba cheart idirthréimhse 5 bliana a dheonú chun go bhféadfaidh na gnóthais lena mbaineann leanúint den ainm ‘Boudin blanc de Liège’ a úsáid, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Boudin blanc de Liège’ (TGFC) a chlárú i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.
Airteagal 2
Maidir le gnóthais de chuid ‘Fédération de l’industrie de la transformation de la viande et autres protéines’, arna ghiorrú mar ‘FENAVIAN’, a raibh táirge faoin ainm ‘Boudin blanc de Liège’ nó ainm eile lena sáraítear Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2024/1143 margaithe acu ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad roimh dháta an fhoilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) den Rialachán sin, údarófar dóibh leanúint den ainm lena mbaineann a úsáid ar feadh idirthréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin,
Thar ceann an Uachtaráin,
Christophe HANSEN
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.
(2) IO C, C/2025/4080, 22.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4080/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2341/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)