|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2321 |
19.11.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2321 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Samhain 2025
lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 7640)
(Is é an téacs Gearmáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia géinmhodhnaithe agus beatha ghéinmhodhnaithe (1), agus go háirithe Airteagal 8(6) agus Airteagal 20(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinntí 2007/305/CE (2), 2007/306/CE (3) agus 2007/307/CE ón gCoimisiún (4), leagtar síos na rialacha maidir le ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1) faoi seach a aistarraingt ón margadh, chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (‘ábhar GM’). |
|
(2) |
Déantar foráil leis na cinntí sin maidir le hidirthréimhse thosaigh de chúig bliana a gceadófaí lena linn bia agus beatha ina bhfuil ábhar GM, nó atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as, a chur ar an margadh i gcionmhaireacht nach airde ná 0,9 % agus ar choinníoll go mbeadh láithreacht an ábhair sin aidbhinteach nó dosheachanta go teicniúil. Ba é ba chuspóir don idirthréimhse a chur san áireamh go bhféadfadh mionrianta den ábhar GM sin a bheith i láthair, uaireanta, sna slabhraí bia agus beatha, fiú tar éis do shealbhóir an údaraithe, Bayer CropScience AG, stadadh de shíolta arna ndíorthú ó na horgánaigh ghéinmhodhnaithe a dhíol agus fiú dá ndéanfaí gach beart chun láithreacht an ábhair GM a sheachaint i mbia agus i mbeatha. |
|
(3) |
Ina theannta sin, i gCinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE, leagadh amach bearta a bhí le déanamh ag Bayer CropScience AG chun a áirithiú go ndéanfaí aistarraingt éifeacht ón margadh ar an ábhar géinmhodhnaithe agus cuireadh oibleagáidí tuairiscithe ar an seolaí. |
|
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/69/AE ón gCoimisiún (5), cuireadh síneadh leis an idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2016, agus laghdaíodh an láithreacht ábhair GM a raibh lamháltas ann ina leith i mbia agus i mbeatha go dtí 0,1 % de réir maischodáin. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2268 ón gCoimisiún (6), cuireadh síneadh breise leis an idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2019, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1562 ón gCoimisiún (7) go dtí an 31 Nollaig 2022 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/736 ón gCoimisiún (8) go dtí an 31 Nollaig 2025. |
|
(5) |
Thairis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1117 ón gCoimisiún (9), leasaíodh Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an seolaí, ó Bayer CropScience AG go BASF SE. |
|
(6) |
I mí na Samhna 2024, thuairiscigh BASF Belgian Coordination Center CommV, ar brainse de BASF SE é, in ainneoin na mbeart a rinneadh, gur braitheadh mionrianta den ábhar GM fós, i dtreocht a bhí ag laghdú a thuilleadh, i dtráchtearraí ráibe le blianta beaga anuas. D’fhéadfadh bitheolaíocht na ráibe míniú a thabhairt ar rianta den sórt sin a bheith fós i láthair, ós rud é gur féidir le síolta fanacht faoi shuan ar feadh tréimhsí fada, agus d’fhéadfadh na cleachtais feirmeoireachta a úsáideadh chun na síolta a shaothrú míniú eile a thabhairt mar go bhféadfadh sé gur tharla doirteadh timpisteach mar thoradh orthu, rud ba dheacair a leibhéal a mheas tráth a glacadh Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE, agus Cinntí Cur Chun Feidhme 2012/69/AE, (AE) 2016/2268, (AE) 2019/1562 agus (AE) 2022/736. |
|
(7) |
I bhfianaise an mhéid sin, is iomchuí an idirthréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2028 chun go bhféadfaidh na rianta den ábhar GM atá fágtha sa bhiashlabhra agus sa slabhra beathaithe laghdú a thuilleadh. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann athmheasúnú a dhéanamh ar an staid roimh an dáta sin, ba cheart do BASF SE tuairisciú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir inmheánaigh a cheanglaítear de bhun Chinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE agus maidir leis an bhfaisnéis bhailithe a bhaineann le hábhar GM a bheith i dtráchtearraí ráibe a allmhairítear isteach san Aontas ó Cheanada, an t-aon tír inar saothraíodh an t-ábhar GM chun críoch tráchtála. |
|
(8) |
Ba cheart do BASF SE leanúint ar aghaidh ag áirithiú go bhfuil ábhair thagartha fós ar fáil chun go mbeidh saotharlanna rialaithe ábalta a n-anailís a dhéanamh le linn na hidirthréimhse. |
|
(9) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Chinneadh 2007/305/CE
Leasaítear Cinneadh 2007/305/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír: ‘Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir sin agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.’; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ1-4 agus an teaglaim hibrideach de ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4, nó ábhar atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1), pointe (a), agus Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
|
(3) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 2a Áiritheoidh an seolaí go mbeidh an t-ábhar tagartha dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) fós ar fáil. (*1) Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh orgánach géinmhodhnaithe amach d’aon ghnó sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/18/oj).’ " |
Airteagal 2
Leasuithe ar Chinneadh 2007/306/CE
Leasaítear Cinneadh 2007/306/CE mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír: ‘Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir sin agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.’; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ4-7, ráib ACS-BNØØ2-5 agus an teaglaim hibrideach de ráib ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5, nó ábhar atá comhdhéanta díobh nó a tháirgtear astu, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1), pointe (a), agus Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
|
(3) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 2a Áiritheoidh an seolaí go mbeidh t-an ábhar tagartha dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle fós ar fáil.’ |
Airteagal 3
Leasuithe ar Chinneadh 2007/307/CE
Leasaítear Airteagal 1 de Chinneadh 2007/307/CE mar a leanas:
|
(1) |
i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír: ‘Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an seolaí don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an chláir sin agus maidir le láithreacht na n-orgánach géinmhodhnaithe sin sna lastais ráibe ó Cheanada a chuirtear chuig an Aontas.’; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Ábhar ina bhfuil ráib ACS-BNØØ7-1, nó ábhar atá comhdhéanta di nó a tháirgtear aisti, beidh lamháltas ann go dtí an 31 Nollaig 2028 maidir le láithreacht an ábhair sin i dtáirgí bia nó beatha faoina dtugtar fógra de réir Airteagal 8(1)(a) agus Airteagal 20(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, ar choinníoll go bhfuil an láithreacht sin:
|
|
(3) |
cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas: ‘Airteagal 2a Áiritheoidh an seolaí go mbeidh an t-ábhar tagartha dá dtagraítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle fós ar fáil.’ |
Airteagal 4
Seolaí
Dírítear an Cinneadh seo chuig BASF SE, Carl-Bosch-Str. 38, 67063 Ludwigshafen, an Ghearmáin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1829/oj.
(2) Cinneadh 2007/305/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/305/oj).
(3) Cinneadh 2007/306/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 20, ELI http://data.europa.eu/eli/dec/2007/306/oj).
(4) Cinneadh 2007/307/CE ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2007 maidir le ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1) agus a cuid táirgí díorthaithe a aistarraingt ón margadh (IO L 117, 5.5.2007, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2007/307/oj).
(5) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/69/AE ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2012 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 34, 7.2.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2012/69/oj).
(6) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2268 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1×Rf1 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1×Rf2 (ACS- BNØØ4-7×ACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 342, 16.12.2016, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2016/2268/oj).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1562 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1×Rf1 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1×Rf2 (ACS-BNØØ4-7×ACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 240, 18.9.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1562/oj).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/736 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a bhaineann leis an tréimhse lamháltais i gcás rianta de ráib hibrideach Ms1xRf1 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ1-4), de ráib hibrideach Ms1xRf2 (ACS-BNØØ4-7xACS-BNØØ2-5) agus de ráib Topas 19/2 (ACS-BNØØ7-1), chomh maith lena gcuid táirgí díorthaithe (IO L 136, 13.5.2022, lch. 108, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/736/oj).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1117 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2019 lena leasaítear Cinntí 2007/305/CE, 2007/306/CE agus 2007/307/CE a mhéid a mhéid a bhaineann le seolaí na gCinntí a athrú (IO L 176, 1.7.2019, lch. 59: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1117/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2321/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)