European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2320

19.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2320 ÓN gCOIMISIÚN

an 18 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Allmhairí glútamáite monasóidiam (‘MSG’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise, tá siad faoi réir dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/84 ón gCoimisiún (2) agus arna gcoinneáil ar bun le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún (3) tar éis athbhreithniú éaga.

(2)

PT. Miwon Indonesia, cód breise TARIC (4) B962, cuideachta atá faoi réir dleachtráta frithdhumpála aonair 13.3 %, chuir sé an Coimisiún ar an eolas an 7 Eanáir 2025 gur athraigh sé a ainm go PT. Daesang Ingredients Indonesia.

(3)

D’iarr an chuideachta ar an gCoimisiún a dheimhniú nach ndéanfadh an t-athrú ainm aon difear do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta frithdhumpála aonair ab infheidhme maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe sin.

(4)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a soláthraíodh, agus ba é a chonclúid go raibh an t-athrú ar an ainm cláraithe i gceart leis na húdaráis ábhartha, agus nach raibh aon athrú nua ann dá bharr a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leibhéal na dleachta, amhail gaol nua le grúpa eile cuideachtaí nach ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu.

(5)

Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ainm sin difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/84 arna gcur ar bun le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún, agus go háirithe don dleachtráta frithdhumpála is infheidhme maidir leis an gcuideachta.

(6)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis an gcuideachta lena mbaineann chun a dheimhniú gurbh é an 7 Eanáir 2025 an dáta ábhartha don athrú ainm. Dheimhnigh an chuideachta, chun críoch éifeachtaí an athraithe ainm, gurbh iomchuí dáta an fhógra don Choimisiún.

(7)

An 19 Meán Fómhair 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige an t-athrú ainm a dheonú. Tugadh tréimhse don chuideachta lena mbaineann agus do thionscal an Aontais ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(8)

I bhfianaise a bhfuil sna haithrisí thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 a leasú chun ainm nua na cuideachta a léiriú, cuideachta ar sannadh cód breise TARIC B962 dó roimhe seo.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leasaítear Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 mar a leanas:

‘PT. Miwon Indonesia

B962’

cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin

‘PT. Daesang Ingredients Indonesia

B962’

2.   Cód breise TARIC B962 a sannadh roimhe seo do PT. Miwon Indonesia, beidh feidhm aige maidir le PT. Daesang Ingredients Indonesia, ón 7 Eanáir 2025. Aon dleacht chinntitheach a íocadh ar allmhairí táirgí arna monarú ag PT. Daesang Ingredients Indonesia de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 a mhéid a bhaineann le P.T. Miwon Indonesia, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/84 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí monasóidiam glútamáite de thionscnamh na hIndinéise agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 15, 22.1.2015, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/84/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/633 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí de ghlútamáit mhonasóidiam ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hIndinéise iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 132, 19.4.2021, lch. 63, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/633/oj).

(4)  Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2320/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)