|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2308 |
13.11.2025 |
CINNEADH Ó ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE Uimh 117/25/COL
an 9 Iúil 2025
maidir le hOifigeach Éisteachta nua a ainmniú in imeachtaí iomaíochta áirithe [2025/2308]
TÁ ÚDARÁS FAIREACHÁIN CSTE, AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS,
AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS
Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 442/12/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 29 Samhain 2012maidir le feidhm agus téarmaí tagartha na nOifigeach Éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe; (1)
DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS
Ceapadh Michael Sánchez Rydelski mar dhuine de na hOifigigh Éisteachta faoi Chinneadh Uimh. 058/19/COL an 12 Iúil 2019. Tháinig deireadh le conradh fostaíochta an Uasail Rydelski le hÚdarás Faireacháin CSTE agus dá bhrí sin is iomchuí a cheapachán ina Oifigeach Éisteachta a fhoirceannadh agus Oifigeach Éisteachta nua a cheapadh le teacht ina ionad.
Tá na cáilíochtaí agus an taithí is gá ag Johanne Førde, Comhairleoir Dlí na Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin, chun dul i mbun dhualgais an Oifigigh Éisteachta in éineacht le Maria Moustakali, arna cheapadh de bhun Chinneadh Uimh. 094/23/COL an 5 Iúil 2023, a leanann ar aghaidh sa phost.
Tá oibriú na nOifigeach Éisteachta agus an chaoi is fearr a bhfuil siad in ann a bhfeidhmeanna a fheidhmiú faoi athbhreithniú faoi láthair.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Oifigeach Éisteachta nua a cheapadh
Ceaptar Johanne Førde, oifigeach de chuid Údarás Faireacháin CSTE, ina hOifigeach Éisteachta chun críocha Chinneadh Uimh. 442/12/COL ó Údarás Faireacháin CSTE.
Airteagal 2
An ceapachán roimhe seo a fhoirceannadh
Foirceanntar ceapachán Michael Sánchez Rydelski, a rinneadh de bhun Chinneadh Uimh. 058/19/COL an 12 Iúil 2019 maidir le hOifigigh Éisteachta nua a ainmniú in imeachtaí iomaíochta áirithe.
Airteagal 3
Foilsiú agus Faisnéis
Foilseofar ceapachán Johanne Førde ina hOifigeach Éisteachta, agus foirceannadh cheapachán Michael Sánchez Rydelski, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i bhForlíonadh LEE a ghabhann léi, agus ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE. Is le cóip den Chinneadh seo a chuirfear Stáit CSTE agus an Coimisiún Eorpach ar an eolas.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Is i mBéarla a bheidh an Cinneadh seo barántúil agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 9 Iúil 2025.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Iúil 2025.
Thar ceann Údarás Faireacháin CSTE,
Arne Røksund
Uachtarán
Stefan Barriga
Comhalta Coláiste
Árni Páll Árnason
Comhalta Coláiste Freagrach
Melpo-Menie Joséphidès
Ag comhshíniú mar Stiúrthóir
Gnóthaí Dlíthiúla agus Feidhmiúcháin
(1) IO L 190, 11.7.2013, lch. 93, agus Forlíonadh LEE Uimh. 40, 11.7.2013, lch. 3.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2308/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)