European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2298

17.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2298 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe Salix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 42(4), an chéad fhomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú riosca, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo.

(2)

Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, liostaíodh 34 ghéineas agus aon speiceas amháin de phlandaí le haghaidh plandú de thionscnamh tríú tíortha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 go sealadach mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo. Tá an géineas Salix L. ar an liosta sin.

(3)

An 7 Lúnasa 2023 chuir an Ríocht Aontaithe (3) dhá iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na nithe seo a leanas a onnmhairiú chuig an Aontas: plandaí síolchillín Salix caprea agus Salix cinerea atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 1 cm an trastomhas acu, gearrthóga/beangán nódaithe Salix caprea agus Salix cinerea atá suas le 2 bhliain d’aois agus nach mó ná 12 mm an trastomhas acu, plandaí Salix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú atá suas le 7 mbliana d’aois, iad fréamhlom, agus nach mó ná 40 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais, agus plandaíSalix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois agus nach mó ná 140 mm an trastomhas acu ag bonn an ghais (‘na plandaí ábhartha’). Cuireadh na sainchomhaid theicniúla ábhartha isteach leis na hiarrataí sin.

(4)

An 28 Márta 2025 ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch maidir le measúnú riosca na bplandaí ábhartha (4). Shainaithin an tÚdarás Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha), Entoleuca mammata agus Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaidí atá ábhartha do na plandaí sin, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca a thuairiscítear sna sainchomhaid theicniúla agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht go mbeadh na plandaí ábhartha saor ó na lotnaidí sin.

(5)

Liostaítear Phytophthora ramorum (aonraígh nach aonraígh de chuid an Aontais iad) mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (5), agus liostaítear Bemisia tabaci (daonraí Eorpacha) agusEntoleuca mammata mar lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(6)

Ar bhonn na tuairime ón Údarás, meastar go bhfuil an riosca fiteashláintíochta a eascraíonn ó na plandaí ábhartha a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais laghdaithe go leibhéal inghlactha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais allmhairiúcháin lena mbaineann arna leagan amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072.

(7)

Ós rud é go meastar go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó phlandaí móra Salix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú i ndamhna fáis atá suas le 15 bliana d’aois a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais laghdaithe go leibhéal inghlactha, tá údar maith ann, le teacht ar an gconclúid go bhfuil an riosca fíteashláintíochta ó gach planda Salix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú a thabhairt isteach san Aontas laghdaithe go leibhéal inghlactha, gan beann ar a méid, a n-aois, iad a bheith fréamhlom nó i ndamhna fáis nó de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.

(8)

Dá bhrí sin, níor cheart a mheas a thuilleadh gur plandaí a mbaineann ardriosca leo atá i bplandaí Salix caprea agus Salix cinerea le haghaidh plandú. Dá bhrí sin, ba cheart iad a bhaint den liosta plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/2019/oj).

(3)  I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha an Rialacháin seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.

(4)  Painéal EFSA maidir le Sláinte Plandaí (2025). Measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Salix caprea agus Salix cinerea ón Ríocht Aontaithe. EFSA Journal [Iris EFSA], 23(4), e9384. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9384.

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta in aghaidh lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/2072/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019, sa tábla i bpointe 1, sa dara colún ‘Tuairisc’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála ‘ Salix L.’:

Salix L., seachas plandaí Salix caprea agus Salix cinerea, le haghaidh plandú, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2298/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)