European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2293

11.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2293 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le heagraíochtaí atá faoi réir dearbhú agus lena gceartaítear Rialacháin (AE) Uimh 1178/2011, (AE) Uimh 748/2012, (AE) Uimh 965/2012, (AE) Uimh 139/2014, (AE) Uimh 1321/2014, (AE) Uimh 2015/340, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) pointe (b), Airteagal 27(1) pointe (a), Airteagal 31(1) pointe (b), Airteagal 43(1) pointe (b), Airteagal 53(1) pointe (a) agus Airteagal 62(15) pointe (c) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na ceanglais a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún (2), ceanglais is infheidhme maidir le heagraíochtaí atá faoi réir dearbhú agus ceanglais eile is infheidhme maidir leis na heagraíochtaí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán a leasú chun an formheas a bhfuil gá leis ina leith a bhaint.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, cuireadh pointe (g) le pointe ARA.GEN.300 d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (3). Sa phointe breise sin tá tagairt mhícheart, ar cheart í a cheartú.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, leasaíodh Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (4) trí pointe (g) a chur le pointe 21.B.221 den Iarscríbhinn sin. Tá tagairt mhícheart sa phointe nua. Ina theannta sin, cuireadh pointe nua (d) le pointe 21.B.431 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012. Tá tagairt mhícheart ann freisin. Ba cheart an dá tagairt sin a cheartú.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, cuireadh pointe (g) le pointe ARO.GEN.300 d’Iarscríbhinn II (Cuid-ARO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (5). Tá tagairt mhícheart sa phointe nua ar cheart í a cheartú.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, leasaíodh pointe ADR.AR.C.005 d’Iarscríbhinn II (Cuid-ADR.AR) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (6) trí pointe (f) a chur leis. Tá tagairt mhícheart sa phointe nua ar cheart í a cheartú.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, cuireadh pointe (g) freisin le pointe 145.B.300 d’Iarscríbhinn II (Cuid-145) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún (7). Tá tagairt mhícheart sa phointe nua. Ina theannta sin, cuireadh pointe (g) le pointe CAMO.B.300 d’Iarscríbhinn Vc (Cuid-CAMO). Tá tagairt mhícheart sa phointe nua. Ba cheart na tagairtí sin a cheartú.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 cuireadh pointe (f) le pointe ATCO.AR.C.001 d’Iarscríbhinn II (Cuid-ATCO.AR) a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún (8). Tá tagairt mhícheart sa phointe nua ar cheart í a cheartú.

(8)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203, leasaíodh Iarscríbhinn II (Cuid-ATM/ANS.AR) a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/373 ón gCoimisiún (9) trí pointe (d) a chur le pointe ATM/ANS.AR.C.010. Tá tagairt mhícheart sa phointe nua ar cheart í a cheartú.

(9)

Chun creat dlíthiúil comhleanúnach a áirithiú, ba cheart dáta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203.

(10)

Tá na beartais dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste maidir le rialacha comhchoiteanna sábháilteachta a chur i bhfeidhm i réimse na heitlíochta sibhialta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ceartaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 6

Leasaítear Iarscríbhinní II agus Vc a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/340 i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 22 Feabhra 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/203/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haerchriúnna eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le haeracmhainneacht agus deimhniú comhshaoil nó dearbhú comhlíontachta aerárthaí agus táirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara, fearas gaolmhar, aonad rialaithe agus faireacháin gaolmhar agus comhpháirteanna gaolmhara aonad rialaithe agus faireacháin, chomh maith le ceanglais maidir le cumas na n-eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/748/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2014 lena leagtar síos ceanglais agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le haeradróim de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 44, 14.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/139/oj).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, páirteanna, agus maidir le formheas na n-eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1321/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2015/340 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2015 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais agus deimhnithe rialtóirí aerthráchta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 923/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 805/2011 ón gCoimisiún (IO L 63, 6.3.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/340/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 ón gCoimisiún an 1 Márta 2017 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna le haghaidh soláthraithe seirbhísí bainistithe aerthráchta/seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna líonra eile a bhaineann le bainistiú agus maoirseacht an aerthráchta, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2011, (AE) Uimh. 1035/2011 agus (AE) 2016/1377 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 (IO L 62, 8.3.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/373/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203:

(1)

i bpointe IS.I.OR.250, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

Eisiúint tosaigh an ISMM, formheasfaidh an t-údarás inniúil é agus coinneoidh sé cóip de. Ní bheidh gá le formheas le haghaidh eagraíochtaí dearbhaithe. Leasófar an ISMM de réir mar is gá chun go mbeidh sé ina thuairisc a bheidh cothrom le dáta i gcónaí ar an ISMS na heagraíochta. Soláthrófar cóip d’aon leasú ar an ISMM don údarás inniúil.;

(c)

Déanfar leasuithe ar an ISMM a bhainistiú i nós imeachta a bhunóidh an eagraíocht. Aon leasú nach n-áirítear laistigh de raon feidhme an nós imeachta seo agus aon leasú a bhaineann leis na hathruithe dá dtagraítear i bpointe IS.I.OR.255(b), déanfaidh an t-údarás inniúil iad a fhormheas. Ní bheidh gá le formheas le haghaidh eagraíochtaí dearbhaithe.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe IS.I.OR.255:

IS.I.OR.255 Athruithe ar an gcóras bainistíochta faisnéise slándála

(a)

Féadfar athruithe ar ISMS a bhainistiú agus fógra a thabhairt fúthu don údarás inniúil i nós imeachta a fhorbróidh an eagraíocht. Déanfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta sin a fhormheas ach amháin i gcás eagraíochtaí dearbhaithe.

(b)

Maidir le hathruithe ar an ISMS nach gcumhdaítear leis an nós imeachta dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh an eagraíocht iarratas ar fhormheas a eiseoidh an t-údarás inniúil agus gheobhaidh sí an formheas sin, ach amháin i gcás eagraíochtaí a chuireann dearbhú isteach, nach gá formheas ina leith.

Maidir leis na hathruithe sin:

(1)

cuirfear an t-iarratas isteach sula dtarlóidh aon athrú den sórt sin chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíontacht leanúnach leis an Rialachán seo agus chun an deimhniú eagraíochta agus téarmaí gaolmhara an cheadaithe a ghabhann leis a leasú, más gá;

(2)

déanfaidh an eagraíocht aon fhaisnéis a iarrfaidh an t-údarás inniúil chun an t-athrú a mheas a chur ar fáil dó;

(3)

ní chuirfear an t-athrú chun feidhme go dtí go bhfaighfear formheas foirmiúil ón údarás inniúil, ach amháin i gcás eagraíochtaí dearbhaithe, a d’fhéadfadh an t-athrú a chur chun feidhme láithreach;

(4)

oibreoidh an eagraíocht faoi na coinníollacha a fhorordóidh an t-údarás inniúil le linn chur chun feidhme na n-athruithe sin.’.


IARSCRÍBHINN II

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad pointe ARA.GEN.300(g) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011:

‘(g)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe ORA.GEN.200A den Iarscríbhinn seo, i dteannta phointí (a) go (f) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 (*1) ón gCoimisiún tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.


(*1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar síos rialacha chun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm, a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú rioscaí a bhaineann le slándáil faisnéise lena ngabhann tionchar féideartha ar an tsábháilteacht eitlíochta le haghaidh eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus le haghaidh údaráis inniúla a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) 2015/340 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011, (AE) Uimh. 748/2012, (AE) Uimh. 965/2012, (AE) Uimh. 139/2014, (AE) Uimh. 1321/2014, (AE) 2015/340 ón gCoimisiún, agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 agus (AE) 2021/664 ón gCoimisiún (IO L 31, 2.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/203/oj).’.’


IARSCRÍBHINN III

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

(1)

i bpointe 21.B.221, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

‘(g)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe 21.A.139A, i dteannta phointí (a) go (f) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.D.OR.200(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún (*1) tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1645/oj).’;"

(2)

i bpointe 21.B.431, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe 21.A.239A den Iarscríbhinn seo, i dteannta phointí (a) go (c) an phointe seo, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.D.OR.200(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1645/oj).’;’


IARSCRÍBHINN IV

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012,cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARO.GEN.300(g):

‘(g)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe ORO.GEN.200A, i dteannta phointí (a) go (f) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


IARSCRÍBHINN V

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 139/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ADR.AR.C.005(f):

‘(f)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe ADR.OR.D.005A, i dteannta phointí (a) go (e) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.D.OR.200(e) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


IARSCRÍBHINN VI

Ceartaítear Iarscríbhinní II agus Vc a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 145.B.300(g):

‘(g)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe 145.A.200A, i dteannta phointí (a) go (f) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’;

(2)

in Iarscríbhinn Vc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe CAMO.B.300(g):

‘(g)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe CAMO.A.200A, i dteannta phointí (a) go (f) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


IARSCRÍBHINN VII

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/340, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATCO.AR.C.001(f):

‘(f)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe ATCO.OR.C.001A, i dteannta phointí (a) go (e) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


IARSCRÍBHINN VIII

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ATM/ANS.AR.C.010(d):

‘(d)

Maidir le deimhniú agus le formhaoirseacht chomhlíontacht na heagraíochta le pointe ATM/ ANS.OR.B.005A, i dteannta phointí (a) go (c) den phointe sin, a chomhlíonadh, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil aon fhormheas arna thabhairt faoi phointe IS.I.OR.200(e) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/203 tar éis an timthriall iniúchta formhaoirseachta is infheidhme agus cibé uair a chuirtear athruithe chun feidhme i raon feidhme oibre na heagraíochta.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2293/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)