|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2285 |
10.11.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/2285 ÓN gCOMHAIRLE
an 4 Samhain 2025
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hOstaire, de Choiste na Réigiún
DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hOstaire,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Peter HANKE a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hOstaire Barbara NOVAK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Amtsführende Stadträtin von Wien (Comhairleoir Cathrach Feidhmiúcháin Rialtas Stáit Vín), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Barbara NOVAK, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í agus atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Amtsführende Stadträtin von Wien (Comhairleoir Cathrach Feidhmiúcháin Rialtas Stáit Vín), ina comhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
L. AAGAARD
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2285/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)