European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2279

14.11.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2279 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Samhain 2025

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14, 18 agus 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh é a bheith formheasta go dtí an 31 Lúnasa 2021 agus an 31 Eanáir 2022 faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

Thairis sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2013 ón gCoimisiún (3) formheasadh foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 go dtí an 30 Meitheamh 2025, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

An 26 Feabhra 2020 cuireadh isteach iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14, 18 agus 20 (‘na hiarratais’).

(4)

An 25 Bealtaine 2020 (i gcás na n-iarratas maidir le cineálacha táirgí 14 agus 18) agus an 16 Meitheamh 2020 (i gcás an iarratais maidir le cineál táirge 20), chuir údarás inniúil meastóireachta na Gearmáine an Coimisiún ar an eolas go raibh cinneadh déanta aige, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais uile. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(5)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(6)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún (4) cuireadh ar atráth go dtí an 31 Iúil 2024 dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais.

(8)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/732 ón gCoimisiún (5) cuireadh ar atráth arís, go dtí an 31 Eanáir 2026, dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 mar gheall ar mhoilleanna ar scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais.

(9)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/461 ón gCoimisiún (6) cuireadh ar atráth go dtí an 31 Eanáir 2026 dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20, chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas lena mbaineann.

(10)

An 8 Aibreán 2025 chuir an t-údarás inniúil meastóireachta an Coimisiún ar an eolas go raibh coinne aige go gcuirfidh sé na tuarascálacha maidir le measúnú ar athnuachan le haghaidh foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 14, 18 agus 20 faoi bhráid na Gníomhaireachta sa tríú ráithe de 2025.

(11)

Dá réir sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh na formheasanna in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena n-athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga na bhformheasanna a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir scrúdú na n-iarratas a thabhairt chun críche. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go ndéanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta an mheastóireacht, chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán na tuairimí uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach iad, agus an t-am a thógfaidh sé don Choimisiún cinneadh a dhéanamh an ndéanfar athnuachan ar na formheasanna maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14, 18 agus 20, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Iúil 2027 le haghaidh gach chineáil táirge lena mbaineann.

(12)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, agus lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2013,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Iúil 2027.

Airteagal 2

Dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2013, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Iúil 2027 é.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1034/2013 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2013 lena bhformheastar foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 (IO L 283, 25.10.2013, lch. 28, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/1034/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1284 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 14 agus 18 (IO L 279, 3.8.2021, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/ 2021/1284/oj).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/732 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2024 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfíd alúmanaim lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/732, 1.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/732/oj).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/461 ón gCoimisiún an 10 Márta 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/461, 11.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/461/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2279/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)