European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2262

20.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2262 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 chun sainmhínithe agus roinnt gnéithe de na coinníollacha tomhais a shoiléiriú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/2533 i ndáil leis an modheolaíocht chun an meánchion taise deiridh a ríomh, chun páirteanna spártha agus faisnéis faoi dheisiú a shainaithint agus a fháil i measc gnéithe eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (1), agus go háirithe Airteagal 15 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart an sainmhíniú ar ‘eilimint foirgnimh a oibrítear le mótar’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún (2) a athrú chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun ailíniú a sholáthar leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn II, pointe 6 mar eilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar.

(2)

Ba cheart sainmhíniú ar an téarma ‘aonad rialaithe’ a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar a mhéid a bhaineann le heilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar agus a chumhdaítear leis an Rialachán sin.

(3)

In Iarscríbhinn II, pointe 1, a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826 tá liosta d’fhearais arna ndearadh, arna dtástáil agus arna margú lena n-úsáid sa teach agus a bhfuil feidhm ag na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha maidir leo. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, an cineál meilteoirí dá ndéantar tagairt, ba cheart iad a shonrú ann.

(4)

Ba cheart Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826 lena socraítear na modhanna tomhais agus na ríomhanna a leasú ionas go mbeidh feidhm ag na coinníollacha tomhais a áirítear faoina phointe (d) maidir leis na cineálacha meaisíní caife tí uile a chumhdaítear leis an Rialachán sin, agus ní hamháin maidir leo siúd a mheastar a bheith ina dtrealamh líonraithe.

(5)

Raon feidhme an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn IV, pointe (c), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826 maidir le modhanna tomhais agus ríomhanna, ba cheart é a shoiléiriú.

(6)

Is gá cosc a chur ar chleachtais lena n-athraítear feidhmíocht táirgí go neamhdhleathach chun toradh níos fabhraí a bhaint amach. Tá feidhm ag míreanna 1 go 4 d’Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) lena n-áirithítear go dtéitear i ngleic ar bhealach cuimsitheach leis an gcosc ar imchéimniú, maidir le táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2023/2533 (4) ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, níl gá le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/2533 agus ba cheart é a scriosadh.

(7)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart sainmhíniú ar ‘mheánchion taise deiridh’ a chur le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533, agus ba cheart na sainmhínithe a bhaineann le móid ísealchumhachta a ailíniú leo siúd atá i Rialachán (AE) 2023/826.

(8)

Leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 5(1)(a), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 liosta de pháirteanna spártha ba cheart, ar a laghad, a chur ar fáil do dheisitheoirí gairmiúla. Tá an liosta sin ina bhonn taca freisin le roghnú na bpáirteanna tosaíochta a áiríodh i ríomh an innéacs indeisitheachta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún (5). Ba cheart an liosta a leasú chun ailíniú a áirithiú idir na páirteanna spártha a rialaítear faoi Rialachán (AE) 2023/2533 agus na páirteanna tosaíochta a rialaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534. Áirítear leis sin modhnú ar an ainm lena n-ainmnítear roinnt páirteanna spártha agus páirt spártha nua a chur leis atá ábhartha chun an t-innéacs indeisitheachta a ríomh.

(9)

Ba cheart Iarscríbhinn II, pointe 5(1)(b), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 a leasú ionas nach mbeidh faisnéis faoi dheisiú a bhaineann le páirteanna spártha a bhfuil a n-infhaighteacht teoranta do dheisitheoirí gairmiúla ar fáil don phobal i gcoitinne trí shuíomh gréasáin saor-rochtana.

(10)

Ceanglaítear le hIarscríbhinn II, pointe 5(1)(e), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533, go bhféadfar páirteanna spártha a athsholáthar le huirlisí atá ar fáil go coitianta. Tá an téarma ‘uirlisí atá ar fáil go coitianta’ débhríoch agus ní thugann sé léargas beacht ar na huirlisí lena mbaineann. Ina theannta sin, an fhoirmle chun an t-innéacs indeisitheachta a ríomh a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 áirítear ann critéar scóir a bhaineann leis na cineálacha uirlisí a úsáidtear chun páirt tosaíochta shonrach a dhíchóimeáil, an scór ag brath ar cé acu is uirlisí bunúsacha, uirlisí a sholáthraítear leis na páirteanna spártha nó uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála iad na huirlisí. Ar mhaithe le comhsheasmhacht idir an dá rialachán, ba cheart an téarma ‘uirlisí atá ar fáil go coitianta’ i Rialachán (AE) 2023/2533 a ionadú agus a ailíniú leis an téarmaíocht a úsáidtear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 i gcás inarb ábhartha. Dá réir sin, ba cheart sainmhínithe ar ‘uirlisí atá ar fáil ar bhonn tráchtála’, ar ‘uirlisí bunúsacha’ agus ar ‘uirlisí dílsithe’ a thabhairt isteach.

(11)

Ba cheart Iarscríbhinn II, pointe 6(2), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533 a leasú chun soiléiriú a dhéanamh ar na luachanna ba cheart do mhonaróirí, d’allmhaireoirí nó d’ionadaithe údaraithe a sholáthar le haghaidh na bparaiméadar éagsúil le haghaidh an éiceachláir agus le haghaidh cláir eile, nuair a bheidh siad ar fáil.

(12)

Le hIarscríbhinn III, pointe 1(f), a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2533, forchuirtear oibleagáid ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí an meánchion taise deiridh le haghaidh an éiceachláir a dhearbhú. Dá ndéanfaí cion taise deiridh 0 % den ualach a dhearbhú sa doiciméadacht theicniúil, arb é an luach a iarrtar sa Rialachán sin é, d’fhéadfadh triomú an níocháin os cionn a chion uisce nádúrtha a bheith i gceist, rud a d’fhágfadh go mbeadh éifeachtaí neamh-inmhianaithe ann amhail úsáid iomarcach fuinnimh agus damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do na teicstílí. Dá bhrí sin, is gá an meánchion taise deiridh a scriosadh ó na ceanglais faisnéise in Iarscríbhinn II agus ó na modhanna ríofa agus tomhais in Iarscríbhinn III. Ina ionad sin, ba cheart na modhanna tomhais agus na modhanna ríofa a áirítear sna caighdeáin chomhchuibhithe, lena ndéantar foráil maidir le lamháltais iomchuí, a úsáid chun an paraiméadar sin a ríomh.

(13)

Ba cheart inneachar Thábla 1 in Iarscríbhinn IV a roinnt ina dhá thábla éagsúla chun soiléireacht a áirithiú.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 19 de Threoir 2009/125/CE,

(15)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2023/826 agus (AE) 2023/2533 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/826

Leasaítear Iarscríbhinní I, II agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/826 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2023/2533

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2533 mar a leanas:

(1)

Scriostar Airteagal 6;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 maidir le teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm:

‘Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.’;

(3)

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus IV mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ceathrú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 285, 31.10.2009, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/125/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2023 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú leictreachais móid ‘as’, móid fuireachais, agus móid fuireachais líonra trealamh tí agus oifige leictreach agus trealamh tí agus oifige leictreonach de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 107/2009 ón gCoimisiún (IO L 103, 18.4.2023, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/826/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a shocrú, lena leasaítear Treoir (AE) 2020/1828 agus Rialachán (AE) 2023/1542 agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (IO L, 2024/1781, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1781/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2023/2533 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2023 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim tí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 ón gCoimisiún, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2533, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2533/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2534 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh triomadóirí rothlaim tí agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 392/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2023/2534, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2534/oj).


IARSCRÍBHINN

(1)   

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/826 mar a leanas:

(a)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘eilimint foirgnimh a oibrítear le mótar’ faoi phointe 21:

‘21.

ciallaíonn ‘eilimintí foirgnimh a oibrítear le mótar’ trealamh oscailte nó trealamh compoird lena úsáid i bhfoirgnimh nó i struchtúir ghaolmhara, seachas trealamh aerála, trealamh is féidir gluaiseacht nó rothlú, nó an dá rud, trí ionchur ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta a úsáid. Ionchorpraítear mótar leictreach nó gníomhróir agus aonad rialaithe san eilimint foirgnimh a oibrítear le mótar, agus is é an t-úsáideoir deiridh a oibríonn í, nó rialaítear í go uathoibríoch trí bhraiteoirí a úsáid;’;

(ii)

cuirtear isteach an sainmhíniú seo a leanas tar éis phointe 21:

‘22.

Ciallaíonn ‘aonad rialaithe’ aonad a fhaigheann comharthaí ón úsáideoir deiridh trí rialú (rialtáin) cáblaithe agus/nó gan sreang, trí líonra, nó ó bhraiteoirí, agus lena gcumasaítear oibriú riachtanach mhótar nó ghníomhróir na heiliminte foirgnimh a oibrítear le mótar. Meastar gur cuid den aonad rialaithe braiteoirí atá nasctha leis an aonad agus leis an gcumhacht ghlactha ón bpointe ionchuir príomhlíonra céanna leis an gcuid eile den eilimint foirgnimh a oibrítear le mótar;’;

(b)

In Iarscríbhinn II, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ochtú fleasc:

‘—

meilteoirí a úsáidtear sa chistin chun bia a phróiseáil;’;

(c)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(i)

cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

‘I gcás gach cineáil meaisíní caife tí, déanfar an tomhas tar éis an timthriall grúdaireachta deireanach a bheith curtha i gcrích, nó, más infheidhme, tar éis próiseas díscreimhe, próiseas féinghlanta nó aon oibríocht a dhéanann an t-úsáideoir, mura bhfuil aláram truiceartha lena n-éilítear idirghabháil an úsáideora chun aon damáiste nó tionóisc a d’fhéadfadh tarlú a chosc.’;

(ii)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: ‘Úsáidfear an nós imeachta seo a leanas chun ídiú fuinnimh sa mhód fuireachais líonra a thomhas le haghaidh na gceanglas éifeachtúlachta fuinnimh in Iarscríbhinn III, pointe 1(c), agus chun an fheidhm bainistíochta cumhachta a thástáil:’;

(iii)

scriostar pointe (d).

(2)   

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/2533 mar a leanas:

(a)

Leasaítear Iarscríbhinn I mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (10) agus (11):

‘(10)

ciallaíonn ‘mód as’ staid ina bhfuil an triomadóirí rothlaim tí nasctha leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta agus nach soláthraíonn sé aon fheidhm, nó staid ina soláthraíonn sé an méid seo a leanas amháin:

(a)

tásc maidir le stádas an mhóid ‘as’;

(b)

feidhmiúlachtaí atá ceaptha chun comhoiriúnacht leictreamaighnéadach a áirithiú faoi Threoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(11)

ciallaíonn ‘mód fuireachais’ staid ina bhfuil an triomadóirí rothlaim tí nasctha leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta, ina bhfuil an trealamh ag brath ar ionchur fuinnimh ón bhfoinse phríomhlíonra cumhachta chun oibriú mar a bhí beartaithe agus nach soláthraíonn sé ach ceann amháin nó níos na feidhmeanna seo a leanas a d’fhéadfadh feidhmiú ar feadh tréimhse éiginnte:

(a)

feidhm athghníomhachtúcháin;

(b)

feidhm athghníomhachtúcháin agus gan ach tásc ar fheidhm athghníomhachtaithe atá ar siúl;

(c)

taispeáint faisnéise nó stádais;’

(*1)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/30/oj).’ "

(ii)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(19)

ciallaíonn ‘meánchion taise deiridh’ an meánmhéid taise san ualach ag deireadh na dtimthriallta triomúcháin don éiceachlár ag lánualach agus ag ualach páirteach;

(20)

ciallaíonn ‘feidhm athghníomhachtúcháin’ feidhm lena soláthraítear lasc, trí chianrialú, braiteoir inmheánach nó uaineadóir, ón mód fuireachais go mód eile, lena n-áirítear mód gníomhach, agus lena soláthraítear feidhmeanna breise;

(21)

ciallaíonn ‘taispeáint faisnéise nó stádais’ feidhm leanúnach lena soláthraítear faisnéis nó lena léirítear stádas an trealaimh ar ghléas taispeána, lena n-áirítear cloig. Ní mheastar gur taispeáint stádais é táscaire solais simplí;

(22)

ciallaíonn ‘mód gníomhach’ stádas ina bhfuil an trealamh ceangailte leis an bhfoinse phríomhlíonra cumhachta agus inar gníomhachtaíodh ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna;

(23)

ciallaíonn ‘príomhfheidhm’ feidhm lena soláthraítear na príomhsheirbhísí ar dearadh, ar tástáladh agus ar margaíodh an trealamh ina leith, feidhm a chomhfhreagraíonn don úsáid atá beartaithe don trealamh;

(24)

ciallaíonn ‘uirlis atá ar fáil ar bhonn tráchtála’ uirlis atá ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne ach nach uirlis bhunúsach ná uirlis dílsithe í;

(25)

ciallaíonn ‘uirlisí bunúsacha’ scriúire le haghaidh cinn sliotánacha, scriúire le haghaidh scriúnna cros-chuais, scriúire le haghaidh cinn de chuas heicsea-mhaotháiníneach, eochair heicseagánach le haghaidh soicéid, rinse teaglama, greamairí teaglama, greamairí teaglama le haghaidh baint sreinge agus rocáil teirminéil, greamairí leath shoc-chiorclacha, gearrthóirí trasnánacha, greamairí ilghreamanna, greamairí glasála, luamhán bogtha, pionsúirín, gloine formhéadúcháin, uirlis slaite agus piocóid;

(26)

ciallaíonn ‘uirlis dílsithe’ uirlis nach bhfuil ar fáil lena ceannach ag an bpobal i gcoitinne nó uirlis nach bhfuil aon phaitinn is infheidhme ar fáil ar cheadúnas ina leith faoi théarmaí réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha.’;

(b)

leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:

(i)

leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(1)

leasaítear pointe (1) mar a leanas:

leasaítear pointe (a) mar a leanas:

cuirtear an méid seo a leanas in ionad earra (iii):

‘(iii)

caidéil uisce;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad earra (v):

‘(v)

tras-seoltaí idir mótar agus druma, amhail an crios druma;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad earra (vii):

‘(vii)

drumaí agus imthacaí druma;’;

cuirtear isteach an t-earra seo a leanas:

‘(xx)

toilleoir mótair;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

áiritheofar infhaighteacht na bpáirteanna spártha dá dtagraítear i bpointe (a) ar feadh íostréimhse dar tús an 1 Iúil 2025 ar a dhéanaí nó 2 bhliain tar éis an chéad aonad den mhúnla a chur ar an margadh, pé dáta acu sin is déanaí, agus dar críoch 10 mbliana ar a laghad tar éis an t-aonad deiridh den mhúnla lena mbaineann a bheith curtha ar an margadh. Chun na críche sin, beidh an liosta de pháirteanna spártha agus an nós imeachta um a n-ordú le fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an mhonaróra, an allmhaireora nó an ghníomhaire ghinearálta, ar suíomh é ar a bhfuil rochtain saor in aisce, le linn na tréimhse céanna ar a laghad agus ag tosú ar an dáta dá dtagraítear sa phointe seo;’;

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

áiritheoidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe triomadóirí rothlaim tí gur féidir na páirteanna spártha dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) a ionadú gan úsáid a bhaint as uirlisí nó trí úsáid a bhaint as uirlisí nach uirlisí dílsithe iad, agus gan damáiste buan a dhéanamh don triomadóir rothlaim tí;’

(2)

i bpointe (6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

áiritheoidh monaróirí, allmhaireoirí nó ionadaithe údaraithe go ndearfar triomadóirí rothlaim tí sa chaoi gur féidir na hábhair agus na comhpháirteanna dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) a bhaint den fhearas gan úsáid a bhaint as uirlisí nó trí úsáid a bhaint as uirlisí nach uirlisí dílsithe iad;’;

(*2)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 197, 24.07.2012, lgh. 38-71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/19/oj).’;"

(ii)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2):

‘(2)

Luachanna le haghaidh na bparaiméadar seo a leanas:

(a)

toilleadh in kg;

(b)

fad an chláir, arna shloinneadh in uaireanta an chloig agus nóiméid;

(c)

leictreachas, agus i gcás inarb infheidhme, ídiú gáis in kWh in aghaidh an timthrialla triomúcháin;

(d)

astaíocht fuaimthorainn aeriompartha an timthrialla triomúcháin.

I gcás an éiceachláir, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán agus ag ualach páirteach araon; ní sholáthrófar an luach le haghaidh an pharaiméadair faoi phointe (d) ach amháin ag ualach iomlán.

I gcás cláir seachas an t-éiceachlár, nuair a bheidh siad ar fáil, soláthrófar luachanna táscacha mar seo a leanas:

(a)

I gcás an chláir triomúcháin éadaí sintéiseacha, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán;

(b)

I gcás an chláir triomúcháin éadaí fíneálta/éadaí olla, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán;

(c)

I gcás an chláir triomúcháin/triomúcháin breise éadaí sintéiseacha, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán;

(d)

I gcás an chláir triomúcháin iarainn éadaí sintéiseacha, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán;

(e)

I gcás an chláir triomúcháin/triomúcháin breise éadaí olla, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán agus ag ualach páirteach;

(f)

I gcás an chláir triomúcháin iarainn cadáis, soláthrófar luachanna na bparaiméadar faoi phointí (a) go (c) ag ualach iomlán agus ag ualach páirteach araon;’;

(c)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(i)

sa chuid réamhráiteach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú agus an ceathrú mír:

‘Bainfear úsáid as an éiceachlár mar atá inaitheanta ar an roghnú cláir, ar an scáileán taispeána agus tríd an nasc líonra, ag brath ar na feidhmiúlachtaí a sholáthraíonn an triomadóir rothlaim tí, agus gan aon mhodhnú breise a dhéanamh ar an socrú maidir leis an gcion taise deiridh, chun EEI, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin, fad an chláir, agus na hastaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha a thomhas agus a ríomh. Déanfar an tomhaltas fuinnimh, an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin agus fad an chláir a thomhas i gcomhthráth.

Déanfar an tomhaltas ualaithe fuinnimh, fad ualaithe an chláir agus an éifeachtúlacht comhdhlúthúcháin a ríomh ar bhonn trí thimthriall triomúcháin ag ualach iomlán agus ceithre thimthriall triomúcháin ag ualach páirteach.’;

(ii)

i bpointe 1, scriostar pointe (f) maidir leis an meánchion taise deiridh a ríomh;

(d)

leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2:

‘1.

Na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 2, ní bhaineann siad ach le fíorú ag údaráis Ballstáit ar na luachanna fógartha agus ní úsáidfidh an monaróir, an t-allmhaireoir ná ionadaithe údaraithe iad mar lamháltas ceadaithe chun na luachanna sin a dheimhniú sa doiciméadacht theicniúil nó chun na luachanna sin a léirmhíniú d’fhonn comhlíontacht a bhaint amach nó chun feidhmíocht níos fearr a chur in iúl trí mheán ar bith.

2.

I gcás nach bhfuil múnla i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1781, measfar go bhfuil an múnla agus gach múnla coibhéiseach neamhchomhlíontach.’;

(ii)

i bpointe 3(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (v):

‘(v)

nuair a dhéanann údaráis na mBallstát tástáil ar aonad an mhúnla, comhlíonann na luachanna cinntithe, is é sin luachanna na bparaiméadar ábhartha arna dtomhas sa tástáil agus na luachanna arna ríomh ó na tomhais sin na nithe seo a leanas:

(a)

na critéir bhailíochta a leagtar amach i dTábla 1;

(b)

na lamháltais fíorúcháin faoi seach a leagtar amach i dTábla 2.’;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

‘7.

Measfar go gcomhlíonann an múnla na ceanglais is infheidhme más rud é, maidir leis na trí aonad dá dtagraítear i bpointe (5) go gcomhlíonann meán uimhríochtúil na luachanna cinntithe na lamháltais fíorúcháin faoi seach a leagtar amach i dTábla 2.’;

(iv)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11:

‘11.

Ní chuirfidh údaráis na mBallstát i bhfeidhm ach na critéir bhailíochta a leagtar amach i dTábla 1 agus na lamháltais fíorúcháin a leagtar amach i dTábla 2 agus ní úsáidfidh siad ach an nós imeachta a leagtar amach i bpointí (3) go (8) i dtaca leis na ceanglais dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo. I gcás na bparaiméadar i dTábla 1 agus i dTábla 2, ní chuirfear i bhfeidhm aon chritéar bailíochta ná lamháltas fíorúcháin eile, amhail na cinn sin a leagtar amach i gcaighdeáin chomhchuibhithe nó in aon mhodh tomhais eile.’;

(v)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:

Tábla 1 —

Critéir bhailíochta

Paraiméadar

Critéir bhailíochta

Meánchion taise deiridh an éiceachlár μt

Déanfar an luach cinntithe a thomhas agus a ríomh agus beidh sé níos ísle ná 1,5 %.’

(vi)

cuirtear isteach an tábla seo a leanas:

Tábla 2 –

Lamháltais fíorúcháin

Paraiméadar

Na lamháltais fíorúcháin

Etirim agus Etirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe (*3) thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Etirim agus Etirim½.

Egtirim agus Egtirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Egtirim agus Egtirim½. (*3)

Egtirim,a agus Egtirim½,a

Ní rachaidh an luach cinntithe thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Egtirim,a agus Egtirim½,a. (*3)

Ct

Ní bheidh an luach cinntithe níos lú ná 6 % faoi bhun luach Ct. (*3)

Ttirim agus Ttirim½

Ní rachaidh an luach cinntithe thar níos mó ná 6 % de luach fógartha Ttirim agus Ttirim½. (*3)

Po

Ní rachaidh cinntithe (*3) Po thar 0,10 W den luach fógartha.

Psm

Ní rachaidh luach cinntithe (*3) Psm thar 10 % os cionn an luacha fhógartha má tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Pds

Ní rachaidh luach cinntithe (*3) Pds thar 10 % os cionn an luacha fhógartha más tá an luach fógartha níos mó ná 1,00 W, ná ní rachaidh sé thar 0,10 W os cionn an luacha fhógartha i gcás ina bhfuil an luach fhógartha níos lú ná, nó cothrom le 1,00 W.

Astaíochtaí fuaimthorainn aeriompartha

Ní rachaidh an luach cinntithe (*3) thar 2 dB(A) os cionn an luacha fhógartha maidir le 1 pW.


(*1)  Treoir 2014/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le comhoiriúnacht leictreamaighnéadach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 79, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/30/oj).’

(*2)  Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (IO L 197, 24.07.2012, lgh. 38-71, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/19/oj).’;’


(*3)  I gcás ina ndéantar trí aonad breise a thástáil i gcomhréir le pointe (5), ciallaíonn an luach cinntithe meán uimhríochtúil na luachanna arna chinneadh le haghaidh na dtrí aonad breise sin.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2262/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)