|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2253 |
12.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2253 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Samhain 2025
lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(1) agus Airteagal 27 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sna leaganacha Eastóinise agus Gearmáinise d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2), tá earráid i bhFochuid B, Roinn 2, pointe FCL.140.A(c), an frása réamhráiteach, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le taithí dhéanach do shealbhóirí LAPL(A) ag a bhfuil pribhléidí d’eitleáin SEP, agus i bhFochuid H, Roinn 1, pointe FCL.710(d), an frása réamhráiteach, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais nach mór do phíolótaí a chomhlíonadh chun a bpribhléidí a choinneáil ar bun le haghaidh leagan eile aerárthaí. Leis an earráid, a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076 ón gCoimisiún (3), déantar difear do shubstaint na bhforálacha sin. |
|
(2) |
Ina theannta sin, sna leaganacha Laitvise agus Portaingéilise d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, tá earráid i bhFoscríbhinn 9, Roinn A, pointe 1e, a mhéid a bhaineann leis an maolú a leagtar amach san fhoráil sin. Leis an earráid, a tugadh isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076, déantar difear do shubstaint na forála sin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na leaganacha Eastóinise, Gearmáinise, Laitvise agus Portaingéilise de Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 a cheartú dá réir sin. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 127(1) de Rialachán (AE) 2018/1139, tuairim a cuireadh ar fáil sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2076 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann le soiléiriú na gceanglas maidir le comhphíolótaí fóirithinte cúrsála, nuashonruithe ar na ceanglais maidir le ceadúnú foirne eitilte agus deimhniú leighis, agus feabhsuithe maidir leis an eitlíocht ghinearálta (IO L, 2024/2076, 25.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2076/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2253/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)