|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2241 |
6.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2241 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann le cigireachtaí iarbháis ar bhó-ainmhithe, caoirigh agus gabhair
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(8), pointe (d),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (2), leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, agus maidir le bearta i leith táirgeadh na dtáirgí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625, lena n-áirítear i gcás cigireachtaí iarbháis. |
|
(2) |
In Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 déantar foráil maidir le nósanna imeachta cigireachta iarbháis le haghaidh bó-ainmhithe seachas iad siúd atá faoi bhun 8 mí d’aois agus le haghaidh bó-ainmhithe seachas iad siúd atá faoi bhun 20 mí d’aois má thógtar iad gan rochtain acu ar fhéarach ar feadh a saoil i mBallstát atá saor ó eitinn go hoifigiúil nó i gcriosanna de i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagal 19(1), pointe (f), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 go bhfuil na hainmhithe sin le dul faoi amharc-chigireacht ar an gconair ghastraistéigeach, ar an méiseintre, ar na nóid limfe ghastracha agus mhéiseintreacha (Lnn. gastrici, mesenterici, craniales agus caudales) agus faoi láimhsiú na nód limfe gastrach agus méiseintreach. |
|
(3) |
De réir tuairim eolaíoch ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir leis na guaiseacha don tsláinte phoiblí atá le cumhdach le cigireachtaí ar fheoil (bó-ainmhithe) (4), d’fhéadfadh riosca don tsláinte phoiblí a bheith ag baint le láimhsiú mar gheall ar thraséilliú féideartha le pataiginí bia-iompartha a d’fhéadfadh a bheith ar chonablaigh nó ar scairteach. Mar sin féin, moltar sa tuairim ó EFSA leanúint de láimhsiú agus gearrthacha a dhéanamh laistigh de chonair riospráide na n-ainmhithe chun faireachán a dhéanamh ar láithreacht na heitinne. Ós rud é nach bhfuil na nóid limfe ghastracha agus mhéiseintreacha suite sa chonair riospráide agus chun socruithe praiticiúla na cigireachta iarbháis a shimpliú, ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid láimhsiú a dhéanamh ar nóid limfe ghastracha agus mhéiseintreacha bó-ainmhithe le linn gnáthchigireachtaí iarbháis. Ba cheart Airteagal 19, mír 1, pointe (f), a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
Leis an tuairim eolaíoch ó EFSA maidir leis na guaiseacha don tsláinte phoiblí atá le cumhdach le cigireachtaí ar fheoil ó chaoirigh agus ó ghabhair (5), is féidir idirdhealú a dhéanamh idir socruithe praiticiúla maidir le cigireachtaí iarbháis ar chaoirigh agus ar ghabhair de réir aois na n-ainmhithe sin. Le hAirteagail 20(1) agus 21(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, leagtar síos nósanna imeachta cigireachta iarbháis maidir le caoirigh agus gabhair chlóis óga agus caoirigh agus gabhair intíre eile faoi seach. Tá na nósanna imeachta sin éagsúil óna chéile, ag brath ar aois na gcaorach, is é sin an bhfuil na caoirigh os cionn 12 mhí d’aois nó faoina bhun, nó an bhfuil a gclárfhiacla buana gearrtha tríd an drandal acu, agus ar na gabhair a bheith os cionn 6 mhí d’aois nó faoina bhun sin. Sna sonraí ó thorthaí cigireachtaí iarbháis i seamlais, léirítear go bhfuil guaiseacha don tsláinte phoiblí agus do shláinte ainmhithe a aimsíodh le linn cigireachtaí iarbháis cosúil le chéile i ngabhair faoi bhun 6 mhí d’aois agus i ngabhair idir 6 mhí agus 12 mhí d’aois. Ina theannta sin, sa seamlas, tá ábhar sonraithe riosca le baint de chonablaigh caorach agus gabhar ó 12 mhí d’aois ar aghaidh i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Chun an reachtaíocht a shimpliú, agus ós rud é nach mbeadh aon tionchar diúltach ar shábháilteacht bia, ba cheart an aois 12 mhí a úsáidtear mar bhonn chun a chinneadh ar cheart caoirigh a chur faoi réir na nósanna imeachta cigireachta iarbháis dá bhforáiltear in Airteagal 20 nó na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 21 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, ba cheart an aois sin a úsáid freisin chun a chinneadh cé na nósanna imeachta cigireachta iarbháis a mbeadh feidhm acu maidir le gabhair. Ba cheart Airteagail 20 agus 21 a leasú dá réir sin. |
|
(5) |
Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 21(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 maidir le nósanna imeachta cigireachta iarbháis le haghaidh caoirigh agus gabhair chlóis eile seachas caoirigh agus gabhair óga de réir tásca go bhféadfadh riosca a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do leas ainmhithe le linn na gnáthchigireachta tosaigh. Déantar foráil in Airteagal 21(2), pointe (b), maidir le gearradh a dhéanamh ar an éasafagas chun láithreacht paraisítí áirithe a fhíorú, ar paraisítí iad a bhfuil tábhacht sláinte poiblí dhiomaibhseach agus tábhacht sláinte ainmhithe dhiomaibhseach ag baint leo. D’fhéadfadh riosca ard traséillithe le pataiginí a d’fhéadfadh a bheith ann a bheith ag baint le gearradh an éasafagais. Ar na cúiseanna sin, ba cheart deireadh a chur leis an oibleagáid gearradh a dhéanamh ar an éasafagas. Ba cheart Airteagal 21(2), pointe (b), a leasú dá réir sin. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 19, mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún maidir le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/627/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/620 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais saor ó ghalair agus an stádais neamh-vacsaínithe atá ag Ballstát áirithe nó ag criosanna nó deighleoga díobh i ndáil le galair liostaithe áirithe agus formheas na gclár díothaithe le haghaidh na ngalar liostaithe sin (IO L 131, 16.4.2021, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/620/oj).
(4) Tuairim Eolaíoch maidir leis na guaiseacha don tsláinte phoiblí atá le cumhdach le cigireachtaí ar fheoil (bó-ainmhithe), EFSA Journal [Iris EFSA] 2013;11(6):3266.
(5) Tuairim Eolaíoch maidir leis na guaiseacha don tsláinte phoiblí atá le cumhdach le cigireachtaí ar fheoil ó chaoirigh agus ó ghabhair, EFSA Journal [Iris EFSA] 2013;11(6):3265.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/999/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2241/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)