European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2240

6.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2240 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1442 a mhéid a bhaineann leis na bearta idirthréimhseacha le haghaidh ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear le haigéad salaicileach nó le plúr adhmaid neamhchóireáilte nó snáithíní adhmaid neamhchóireáilte

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an dara fomhír, pointe (a), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos rialacha sonracha a mhéid a bhaineann le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia. Go háirithe, le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin bunaítear liosta an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a úsáid i monarú ábhar agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia.

(2)

Le Rialachán (AE) 2023/1442 ón gCoimisiún (3) cúlghairtear na húdaruithe le haghaidh na substaintí ‘plúr adhmaid agus snáithíní adhmaid, neamhchóireáilte’ (Uimh. FCM 96) agus ‘aigéad salaicileach’ (Uimh. FCM 121) ón 1 Lúnasa 2023 ar aghaidh. Cuireadh beart idirthréimhseach ar fáil chun go bhféadfadh ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 de réir mar is infheidhme roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1442 ón gCoimisiún, agus a cuireadh ar an margadh den chéad uair roimh an 1 Feabhra 2025 fanacht ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic. Thairis sin, cuireadh beart idirthréimhseach ar fáil freisin chun go bhféadfaí ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear leis na substaintí sin a chur ar an margadh tar éis an 1 Feabhra 2025, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Cuimsítear ar na coinníollacha sin an ceanglas gur cuireadh isteach iarratas ar údarú roimh an 1 Lúnasa 2024, agus gur mheas an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) go raibh an t-iarratas bailí roimh an 1 Feabhra 2025.

(3)

An t-aon iarratas a cuireadh isteach ar údarú le haghaidh ‘aigéad salaicileach’, dhearbhaigh an tÚdarás é a bheith bailí roimh an 1 Feabhra 2025. Maidir le ‘plúr adhmaid neamhchóireáilte nó snáithíní adhmaid neamhchóireáilte’ ó speiceas adhmaid ar leith, áfach, ní raibh aon duine de na hiarratasóirí in ann an fhaisnéis a chur isteach a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá mheasúnú riosca i gcomhréir lena threoraíocht riaracháin maidir le hiarratais a ullmhú i dtaca le substaintí a bhfuiltear lena n-úsáid in ábhair phlaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia (4).

(4)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1442, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil theicniúil (5) ina dtugtar tuairisc leathan ar phrionsabail a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an measúnú sábháilteachta ar úsáid meascán de thionscnamh nádúrtha, amhail adhmad. Bhí uainiú agus cineál na tuarascála ina gcúis le héiginnteacht maidir leis an bhfaisnéis a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá mheasúnú ar ‘phlúr adhmaid neamhchóireáilte agus snáithíní neamhchóireáilte’. Ina theannta sin, sonraíodh sa tuarascáil go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tástálacha anailíseacha i gcásanna áirithe, tástálacha a raibh sé deacair, i ngeall ar a bhfad, iad a chur i gcrích in am chun go bhféadfadh an tÚdarás a mheas an bhfuil na hiarratais bailí faoin 1 Feabhra 2025, mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2023/1442.

(5)

I bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann leis an bhfaisnéis a chur isteach in am, faisnéis a mheasann an tÚdarás a bheith riachtanach dá mheasúnú riosca agus ós rud é nach ann d’aon ábhar imní sábháilteachta láithreach a eascraíonn as ‘plúr adhmaid neamhchóireáilte agus snáithíní adhmaid neamhchóireáilte’ a úsáid in ábhair phlaisteacha agus in earraí plaisteacha mar a thuairiscítear sna hiarratais, is iomchuí leasú a dhéanamh ar an dáta faoina gcaithfidh an tÚdarás a mheas an t-iarratas a bheith bailí chun go mbeidh an idirthréimhse infheidhme, ionas go mbeidh tréimhse ama réasúnta ag iarratasóirí, cé go mbeidh teorainn léi, chun a n-iarratas a chur i gcrích agus, mar a bheartaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2023/1442, ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear le ‘plúr adhmaid neamhchóireáilte nó snáithíní adhmaid neamhchóireáilte’ a bhfuil iarratas curtha isteach ina leith de bhun na forála sin, go bhféadfar leanúint dá gcur ar an margadh den chéad uair go dtí go ndéanfar cinneadh.

(6)

Is iomchuí a shoiléiriú freisin go bhféadfar leanúint d’ábhair phlaisteacha agus d’earraí plaisteacha a thairbhíonn den idirthréimhse a chur ar an margadh den chéad uair agus fanacht ar an margadh go dtí go dtarraingeoidh an t-iarratasóir siar a iarratas nó go ndéanfar cinneadh maidir leis an iarratas sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1442 a leasú dá réir.

(8)

Ós rud é go gceadaítear leis an mbeart idirthréimhseach a leasaítear leis an Rialachán seo ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear le ‘haigéad salaicileach’ nó ‘plúr adhmaid neamhchóireáilte nó snáithíní adhmaid neamhchóireáilte’ a chur ar an margadh den chéad uair tar éis an 1 Feabhra 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin ar aghaidh chun an t-aistriú rianúil atá á lorg leis an mbeart idirthréimhseach sin a áirithiú.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/1442 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a mhonaraítear leis an tsubstaint aigéad salaicileach nó le plúr adhmaid neamhchóireáilte nó le snáithíní adhmaid neamhchóireáilte ó speiceas sonrach adhmaid, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh den chéad uair idir an 1 Feabhra 2025 agus an 31 Eanáir 2026 ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

gur cuireadh iarratas ar údarú na substainte faoi bhráid an údaráis inniúil i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 roimh an 1 Lúnasa 2024;

(b)

go bhfuil úsáid na substainte chun an t-ábhar plaisteach agus an t-earra plaisteach a mhonarú, agus úsáid na substainte sin, teoranta do na coinníollacha úsáide atá beartaithe agus a thuairiscítear san iarratas;

(c)

san fhaisnéis a sholáthraítear don Údarás i gcomhréir le hAirteagal 9(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, go bhfuil ráiteas á rá gur iarratas atá ann atá i gcomhréir leis an mír seo.

Ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chomhlíonann coinníollacha na chéad fhomhíre, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh den chéad uair tar éis an 31 Eanáir 2026 freisin ar choinníoll go measann an tÚdarás go bhfuil an t-iarratas dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír bailí faoin dáta sin.’

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfar ábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a chur ar an margadh den chéad uair i gcomhréir le mír 3 agus féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí go dtarraingeoidh an t-iarratasóir a iarratas siar nó go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndeonaítear nó lena ndiúltaítear an t-údarú chun aigéad salaicileach nó plúr adhmaid neamhchóireáilte nó snáithíní adhmaid neamhchóireáilte ó speiceas adhmaid sonrach a úsáid de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 338, 13.11.2004, lch. 4, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2004/1935/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1442 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia, a mhéid a bhaineann le hathruithe ar údaruithe substaintí agus substaintí nua a chur isteach, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE (IO L 177, 12.7.2023, lch. 45, ELI: https://data.europa.eu/eli/reg/2023/1442/oj).

(4)  Treoraíocht riaracháin maidir le hiarratais a ullmhú i dtaca le substaintí a bhfuiltear lena n-úsáid in ábhair phlaisteacha a bheartaítear lena dteacht i dteagmháil le bia (https://doi.org/10.2903/sp.efsa.2021.EN-6514).

(5)  Prionsabail a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis an measúnú sábháilteachta ar úsáid meascán de thionscnamh nádúrtha chun ábhair teagmhála bia a mhonarú, foilseachán tacaíochta EFSA, 3 Samhain 2023, https://www.efsa.europa.eu/en/supporting/pub/en-8409.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2240/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)