|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2231 |
4.11.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2231 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a mhéid a bhaineann le liosta na gcriosanna ionfhabhtaithe chun Xylella fastidiosa (Wells et al.) a imshrianadh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún (2), is Rialachán é atá i bhfeidhm ó bhí Lúnasa 2020 agus é mar aidhm aige cosc a chur ar thabhairt isteach Xylella fastidiosa (Wells et al.) (‘an lotnaid shonraithe’) san Aontas agus ar a leathadh breise laistigh den Aontas. |
|
(2) |
Tar éis na suirbhéanna a rinneadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201, dheimhnigh an Fhrainc nach féidir an lotnaid shonraithe a dhíothú a thuilleadh i roinnt limistéir chríochaithe i réigiún Occitania, agus chuir sí liosta bardas ar fáil atá i gcomhthráth leis na limistéir chríochaithe sin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart an liosta sin de bhardais in Occitania a chur le liosta na gcriosanna ionfhabhtaithe ina gcuirtear bearta imshrianta i bhfeidhm a leagtar amach in Airteagail 13 go 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201, rud a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/2031/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2020 maidir le bearta chun cosc a chur ar thabhairt isteach Xylella fastidiosa (Wells et al.) san Aontas agus ar a leathadh laistigh den Aontas (IO L 269, 17.8.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1201/oj .
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1201:
‘CUID B
Crios ionfhabhtaithe sa Fhrainc
Áirítear an limistéar seo a leanas sa chrios ionfhabhtaithe sa Fhrainc:
|
1. |
Réigiún na Corsaice |
|
2. |
I réigiún Occitania:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2231/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)