|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2226 |
31.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2226 ÓN gCOIMISIÚN
an 29 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear den 351ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIL (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis a chumhdaítear leis an reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
|
(2) |
An 16 Deireadh Fómhair 2025, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rúin 1267(1999), 1989(2011) agus 2253(2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin i liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo a leasú. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Ard-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
(1) IO L 139, 29.5.2002, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/881/oj.
IARSCRÍBHINN
Déantar na sonraí aitheantais le haghaidh na n-iontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal ‘Daoine nádúrtha’ in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú mar a leanas:
‘Abu Mohammed Al-Jawlani (sa bhunchló: أبو محمد الجولاني) (Ainm bréige láidir (a) Abu Mohamed al-Jawlani, (b) Abu Muhammad al-Jawlani, (c) Abu Mohammed al-Julani, (d) Abu Mohammed al-Golani, (e) Abu Muhammad al-Golani, (f) Abu Muhammad Aljawlani, (g) Muhammad al-Jawlani, (h) Amjad Muzaffar Hussein Ali al-Naimi; Ainm bréige lag (a) شيخ الفاتح ، الفاتح، (b) Shaykh al-Fatih, (c) Al Fatih, (d) Abu Ashraf). Dáta breithe: (a) idir 1975 agus 1979; (b) 1980. Áit bhreithe: an tSiria. Náisiúntacht: Siriach. Seoladh: (a) Mosul, Souq al-Nabi Yunis; (b) Sa tSiria ó mhí an Mheithimh 2013 ar aghaidh. Faisnéis eile: Ainm na máthar: Fatma Ali Majour. Tuairisc: Snua dorcha. Airde: 1,70 m. Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2), pointe (i): 24.7.2013.’
cuirtear an méid seo a leanas in ionad ...:
‘Ahmad Hussain Al-Sharaa (sa bhunchló: احمد حسین الشرع) (ainm bréige láidir: (a) Abu Mohamed al-Jawlani (sa bhunchló: أبو محمد الجولاني), (b) Abu Muhammad al-Jawlani, (c) Abu Mohammed al-Julani, (d) Abu Mohammed al-Golani, (e) Abu Muhammad al-Golani, (f) Abu Muhammad Aljawlani, (g) Muhammad al-Jawlani (liostaithe tráth mar sin), (h) Amjad Muzaffar Hussein Ali al-Naimi (a rugadh in 1980 i bPoblacht Arabach na Siria, Ainm na máthar: Fatma Ali Majour. Seoladh: Mosul, Souq al-Nabi Yunis); ainm bréige lag: (a) شيخ الفاتح، الفاتح, (traslitrithe: (a) Shaykh al-Fatih, (b) Al Fatih; (aistriúchán: An Concaire) (Nom de guerre), (b) Abu Ashraf). Dáta breithe: (a) 29.10.1982; (b) 1980. Áit bhreithe: an tSiria. Náisiúntacht: Siriach. Seoladh: (a) Mosul, Souq al-Nabi Yunis; (b) Gníomhach sa tSiria ó mhí Eanáir 2025 ar aghaidh. Pasuimhir: D00000256 (Pas Siriach a eisíodh an 1.2.2025. Faisnéis eile: (a) Ainm na máthar: (a) Fatma Ali Majour, (b) Wedad; (b) Ainm an athar: Hussein. (c) Ó bhí mí Eanáir 2012 ann, is é Ceannaire Fhronta Al-Nusrah do Phobal na Leiveainte, ar grúpa é atá lonnaithe sa tSiria; (d) Tá baint aige le Aiman Muhammed Rabi al-Zawahiri; (e) Á lorg ag Fórsaí Slándála na hIaráice; (f) Tuairisc: Snua dorcha. Airde: 1,70 m. Grianghraf ar fáil lena chur san Fhógra Speisialta ó INTERPOL-Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2), pointe (i): 24.7.2013.’
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2226/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)