European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2223

5.11.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2223 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Samhain 2025

lena ndiúltaítear údarú a thabhairt do mhaíomh sláinte a dhéantar i leith bianna, seachas na maímh sin lena dtagraítear do laghdú riosca galair agus iad siúd lena dtagraítear d’fhorbairt agus do shláinte leanaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh chothúcháin agus shláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 18(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar i leith bianna ach amháin má tá siad údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus curtha ar liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe.

(2)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais chun maímh shláinte a chuimsiú i liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta de chuid Ballstáit. Tá iarratais bhailí le cur ar aghaidh ag an údarás inniúil náisiúnta chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) le haghaidh measúnú eolaíoch, agus chuig an gCoimisiún agus na Ballstáit chomh maith, chun iad a chur ar an eolas.

(3)

Tar éis don Údarás iarratas a fháil, tá tuairim le tabhairt aige ar an maíomh sláinte lena mbaineann.

(4)

Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt don mhaíomh sláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige.

(5)

Tar éis iarratas a fháil ó Edge Pharma Sp. z o.o. (‘an t-iarratasóir’), iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, bhí de cheangal ar an Údarás tuairim a thabhairt faoin mbunús eolaíoch atá le maíomh sláinte maidir le cíteacoilín agus tacaíocht don chuimhne (Ceist Uimh. EFSA-Q-2022-00411). Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: ‘Trí chíteacoilín a thomhailt, tacaítear le feidhmiú na cuimhne i ndaoine folláine meánaosta agus scothaosta a bhfuil lagú cuimhne a bhaineann le haois ag teacht orthu’.

(6)

An 4 Iúil 2024, d’fhoilsigh an tÚdarás tuairim eolaíoch (2) maidir leis an maíomh sin.

(7)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh faoina bhráid, nach bhfuil gaol cúise agus éifeachta suite idir tomhailt salainn inmheánaigh cíteacoilín (CDF-Coilín) agus feabhsú agus cothabháil na cuimhne nó laghdú ar dhíchuimhne i ndaoine fásta folláine atá meánaosta nó scothaosta agus a bhfuil lagú cuimhne suibiachtúil a bhaineann le haois ag teacht orthu. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh sláinte ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 lena chur le liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe, níor cheart é a údarú.

(8)

Chuir an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh ar aghaidh chuig an gCoimisiún, an t-iarratasóir agus na Ballstáit. Ar fhoilsiú na tuairime sin, ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ón iarratasóir ná ó bhaill den phobal de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ní chuirfear an maíomh sláinte a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo le liosta an Aontais de mhaímh shláinte cheadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Samhain 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 404, 30.12.2006, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1924/oj.

(2)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2024;22(7) :e8861.


IARSCRÍBHINN

Maíomh sláinte a diúltaíodh

Cur i bhfeidhm – Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh 1924/2006

Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bhia

Maíomh

Tagairt na tuairime ó EFSA

Airteagal 13(5), maíomh sláinte atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nuafhorbartha agus/nó lena n-áirítear iarraidh ar chosaint sonraí dílseánaigh

Salann inmheánach cíteacoilín (CDF- Coilín)

Cuireann cíteacoilín le feabhsú nó cothabháil na cuimhne, nó le laghdú ar dhíchuimhne i ndaoine fásta folláine atá meánaosta nó scothaosta agus a bhfuil lagú cuimhne suibiachtúil a bhaineann le haois ag teacht orthu

Q-2022-00411


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2223/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)