European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L

2025/2218

3.11.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2218 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 a mhéid a bhaineann le hathruithe riaracháin ar údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ agus lena gceartaítear an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 50(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 22 Feabhra 2023, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 ón gCoimisiún (2) deonaíodh údarú Aontais, faoi uimhir EU-0023657-0000, do Nutrition & Biosciences Netherlands B.V. chun an fhine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid. Soláthraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin an achoimre ar shaintréithe an táirge le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha sin.

(2)

Fuair an chuideachta MC (Netherlands) 1 B.V. an chuideachta Nutrition & Biosciences Netherlands B.V. sular glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 agus, dá bhrí sin, ba cheart tagairt a bheith déanta sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin do ‘MC (Netherlands) 1 B.V’ in Airteagal 1 de mar shealbhóir an údaraithe, mar a rinneadh i gceart san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(3)

An 17 Samhain 2023, an 17 Iúil 2024, an 13 Eanáir 2025 agus an 4 Iúil 2025, chuir MC (Netherlands) 1 B.V. fógraí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’), i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún (3), fógraí maidir le hathruithe riaracháin ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’, dá dtagraítear i dTeideal 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin. Rinneadh taifead de na fógraí faoi chás-uimhreacha BC-FM090134-40, BC-FX098836-92, BC-KB102361-71 agus BC-QG108678-28 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha (‘an Clár’). Baineann na hathruithe atá beartaithe ar an údarú sin agus ar tugadh fógra ina leith le trádainmneacha a scriosadh agus a chur leis, le dhá fhoirmleoir táirgí bithicídeacha a scriosadh agus trí fhoirmleoir táirgí bithicídeacha a chur leis, le hathrú ar sheoladh shealbhóir an údaraithe agus le monaróir na substainte gníomhaí a chur leis.

(4)

An 3 Eanáir 2024, an 19 Lúnasa 2024, an 18 Feabhra 2025 agus an 24 Iúil 2025, chuir an Ghníomhaireacht faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 11(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, tuairimí (4) maidir leis na hathruithe riaracháin ar tugadh fógra ina leith ar an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’, in éineacht le hachoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh. Sna tuairimí uaithi, is é conclúid na Gníomhaireachta maidir leis na hathruithe atá beartaithe gur athruithe riaracháin iad dá dtagraítear in Airteagal 50(3), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus a shonraítear i dTeideal 1, Roinn 1, agus i dTeideal 1, Roinn 2, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013, agus go gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 19 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 528/2012 go fóill tar éis na hathruithe sin a bheith curtha chun feidhme.

(5)

An 24 Iúil 2025 tharchuir an Ghníomhaireacht achoimre athbhreithnithe ar shaintréithe an táirge bhithicídigh maidir leis an údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ chuig an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, lena gcumhdaítear na hathruithe riaracháin uile ar cuireadh iarratas isteach ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 11(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013.

(6)

Comhaontaíonn an Coimisiún leis na tuairimí ón nGníomhaireacht agus dá bhrí sin, measann sé gurb iomchuí an t- údarú Aontais le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ a leasú chun na hathruithe riaracháin a d’iarr MC (Netherlands) 1 B.V a thabhairt isteach.

(7)

Ach amháin i gcás na leasuithe a bhaineann leis na hathruithe atá beartaithe, an fhaisnéis eile uile atá san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’, mar a leagtar amach í san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402, fanann sí gan athrú.

(8)

Chun soiléireacht a fheabhsú agus chun éascú a dhéanamh ar rochtain úsáideoirí agus páirtithe leasmhara ar an leagan comhdhlúite den achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá le foilsiú ag an nGníomhaireacht, ba cheart Iarscríbhinn iomlán nua a chur in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402. I ngeall ar athrú ar an bhformáid a úsáidtear chun an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a ghiniúint sa Chlár i mí Feabhra 2024, ba cheart roinnt mionathruithe eagarthóireachta agus mionathruithe ar an leagan amach a bheith san achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh atá san Iarscríbhinn sin freisin.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 a leasú dá réir sin.

(10)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 a cheartú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear Airteagal 1, an chéad mhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 mar a leanas:

‘Deonaítear údarú ón Aontas ag a bhfuil an uimhir údaraithe EU-0023657-0000 do MC (Netherlands) 1 B.V. maidir leis an bhfine táirgí bithicídeacha ‘CMIT-MIT SOLVENT BASED’ a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid i gcomhréir leis an achoimre ar shaintréithe an táirge bhithicídigh a leagtar amach san Iarscríbhinn.’

Airteagal 2

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/402 ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2023 lena ndeonaítear údarú ón Aontas le haghaidh na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’ i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 56, 23.2.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/402/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 354/2013 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2013 maidir le hathruithe táirgí bithicídeacha arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109, 19.4.2013, lch. 4; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2013/354/oj).

(4)  Tuairim Uimh. UAD-C-1703145-38-00/F ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 3 Eanáir 2024, Tuairim Uimh. UAD-C-1760130-45-00/F ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 19 Lúnasa 2024, Tuairim Uimh. UAD-C-1803042-40-00/F ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 18 Feabhra 2025 agus Tuairim Uimh. UAD-C-1843154-31-00/F ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 24 Iúil 2025 maidir leis an athrú riaracháin ar údarú Aontais na fine táirgí bithicídeacha ‘CMIT/MIT SOLVENT BASED’, https://echa.europa.eu/opinions-on-union-authorisation.

IARSCRÍBHINN

ACHOIMRE AR SHAINTRÉITHE AN TÁIRGE LE HAGHAIDH TACAR TÁIRGÍ BITHICÍDEACHA

CMIT/MIT SOLVENT BASED

Cineál nó cineálacha táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

Uimhir an údaraithe EU-0023657-0000

Uimhir sócmhainne R4BP EU-0023657-0000

CUID I.

AN CHÉAD LEIBHÉAL FAISNÉISE

Caibidil 1.   FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   Ainm an tacair

Ainm

CMIT/MIT SOLVENT BASED

1.2.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

1.3.   Sealbhóir an údaraithe

Ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe

Ainm

MC (Netherlands) 1 B.V.

Seoladh

Montrealweg 15 3197KH Botlek Rotterdam NL

Uimhir an údaraithe

EU-0023657-0000

Uimhir sócmhainne R4BP

EU-0023657-0000

Dáta an údaraithe

15.3.2023

Dáta éaga an údaraithe

28.2.2033

1.4.   Monaróir/monaróirí an táirge

Ainm an mhonaróra

Microbial Control (Switzerland) GmbH

Seoladh an mhonaróra

Hungerbüelstrasse 22 8500 Frauenfeld An Eilvéis

Suíomh na láithreán monaraíochta

Microbial Control (Switzerland) GmbH site 1 AD Productions BV, Markweg Zuid 27 4794 SN Heijningen An Ísiltír

Ainm an mhonaróra

Theseo Deutschland GmbH

Seoladh an mhonaróra

Kolpingstrasse 4 49835 Wietmarschen An Ghearmáin

Suíomh na láithreán monaraíochta

Theseo Deutschland GmbH site 1 Kolpingstrasse 4 49835 Wietmarschen An Ghearmáin

Ainm an mhonaróra

Fuelcare Limited

Seoladh an mhonaróra

Unit 13, Stadium Point Business Park, Oteley Road SY2 6NE Shrewsbury Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Suíomh na láithreán monaraíochta

Fuelcare Limited Unit 13, Stadium Point Business Park, Oteley Road SY2 6NE Shrewsbury Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

1.5.   Monaróir/monaróirí na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha

Substaint ghníomhach

C(M)IT/MIT (3:1)

Ainm an mhonaróra

Jiangsu FOPIA Chemicals Co., Ltd (Specialty Electronic Materials Switzerland GmbH)

Seoladh an mhonaróra

Touzeng Village, Binhuai Town 224555 Binhai County, Yancheng City, Jiangsu An tSín

Suíomh na láithreán monaraíochta

Jiangsu FOPIA Chemicals Co., Ltd (Specialty Electronic Materials Switzerland GmbH) site 1 Touzeng Village, Binhuai Town 224555 Binhai County, Yancheng City, Jiangsu An tSín

Substaint ghníomhach

C(M)IT/MIT (3:1)

Ainm an mhonaróra

Dalian Bio-chem Company Limited

Seoladh an mhonaróra

No 18, Mubai Road, Songmudao Chemical Industry Park, PuWan New District, Liaoning Province 116308 Dalian An tSín

Suíomh na láithreán monaraíochta

Dalian Bio-chem Company Limited site 1 No 18, Mubai Road, Songmudao Chemical Industry Park, PuWan New District, Liaoning Province 116308 Dalian An tSín

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH AGUS FOIRMLIÚ AN TACAIR TÁIRGÍ

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh an tacair

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

C(M)IT/MIT (3:1)

Reaction mass of 5-chloro-2-methyl-2h-isothiazol-3-one and 2-methyl-2h-isothiazol-3-one (3:1)

Substaint ghníomhach

55965-84-9

10,8 - 12,1 % (w/w)

Butyl carbitol

eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa)

Substaint neamhghníomhach

112-34-5

203-961-6

0 - 89,2 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL Aon leacht eile

CUID II.

AN DARA LEIBHÉAL FAISNÉISE MEITEA-SPC(ANNA)

Caibidil 1.   MEITEA-SPC 1 FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   MEITEA-SPC 1 aitheantóir

Aitheantóir

Meta SPC: Meta SPC KATHON FP

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-1

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH META SPC 1

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

C(M)IT/MIT (3:1)

Reaction mass of 5-chloro-2-methyl-2h-isothiazol-3-one and 2-methyl-2h-isothiazol-3-one (3:1)

Substaint ghníomhach

55965-84-9

10,8 - 12,1 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 1

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL Aon leacht eile

Caibidil 3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 1

Ráitis ghuaise

H314: Ina chúis le dónna tromchúiseacha craicinn agus le damáiste don tsúil.

H317: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn.

H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha.

EUH071: Creimneach don chonair riospráide.

Ráitis réamhchúraim

P260: Ná hanálaigh gala.

P272: Níor cheart éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre.

P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol.

P280: Caith lámhainní cosanta/ éadaí cosanta/ cosaint súl.

P321: Cóir leighis ar leith (féach Treoracha garchabhrach breise ar an lipéad seo).

P301+P330+P331: MÁ SHLOGTAR É: sruthlaítear an béal. NÁ spreagtar urlacan.

P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce.

P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh].

P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P310: Cuir glao láithreach ar Ionad nó dochtúir nimhe.

P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid.

P391: Bailigh doirteadh.

P333+P313: I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh comhairle.

P405: Stóráil faoi ghlas.

P501: Diúscair ábhar i ais faofa de réir rialachán áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Caibidil 4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2%

An cineál táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2%

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: fungais/caonaigh

Gnáthainm: caonaigh

Céim na forbartha: Cealla fásúla agus spóir

Ainm eolaíoch: fungais/giosta

Gnáthainm: giosta

Céim na forbartha: Cealla fásúla

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Cealla fásúla

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Moltar an fine táirgí bithicídeacha chun miocrorgánaigh in amhola dí-uiscithe agus i dtáirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2% a rialú.

Ná húsáidtear an fine táirgí bithicídeacha chun breoslaí eitlíochta, naftaí, ailcéiní/olaifíní agus cumhránaic (struchtúir shimplí agus struchtúir níos coimpléascaí) a chaomhnú.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Luchtú an táirge bhithicídigh isteach san umar cumaisc ina bhfuil amholaí dí-uiscithe nó táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime)

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cuirtear an táirge bithicíde mar dáileog amháin le linn am monaraithe, stórála nó seolta. Tabhair dáileog don táirge bithicíde chuig an leacht úsáide deiridh ag pointe a dhéanann meascadh sásúil a dheimhniú ag baint úsáide as caidéal méadraithe uathoibrithe nó doirteadh de láimh ag baint leas as córas sábháilte tomhais dháileoige. Níor chóir go mbeidh táirge bithicíde tugtha mar a sholáthraítear é isteach in umar breosla folamh. Ba chóir go mbeidh umair bhreosla atá á gcóireáil le táirge bithicíde ar a laghad 10% lán le dearbhú go bhfuil homaiginiú maith déanta ar an táirge bithicíde, a chuireann le héifeachtacht na cóireála. Ba chóir umair bhreosla agus sumpaí a dhraenáil go rialta. I ndiaidh cóireála, bain miocrorgánaigh mharbha agus smionagar eile ón mbreosla cóireáilte atá bailithe ag bun an umair. Ba chóir scagairí a sheiceáil agus a scrúdú go rialta chun a fhionnadh an bhfuil charnadh solad ar fuaidreamh orthu. Nuair a dhéantar cothabháil thréimhsiúil, ba chóir umair a sheiceáil chun a fhionnadh an bhfuil fás miocróbach orthu.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide: Leasú le haghaidh stóras meántéarmach agus fadtéarmach agus cóireáil íceach 50-100 ppm v/v de tháirge bithicídeach arna sholáthar. Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) agus amholaí dí-uiscithe - Breoslaí meándriogáite agus amholaí - Leasú meán/fad téarmach. 50 go 150 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é - Cóireáil íceach: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é. -

Airí uainithe:

Amholaí dí-uiscithe:

Leasú meán/fad téarmach:

50 go 150 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (0.75 - 2.25 ppm v/v CMIT/MIT), ní mór don am teagmhála a bheith 1 go 4 seachtain ag brath ar an dáileog úsáidte.

Cóireáil íceach::

Baictéir: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (3 - 6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Fungais (Giostaí/Caonaigh): 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime):

Athdhéan de réir mar is gá nuair atá truailliú aitheanta.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Fleascanna: 5L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Buicéid: 20L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Buicéid: 25L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Drumaí: 215L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Drumaí: 220L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Bulc-coimeádán idirmheánach (IBC): 1 000 L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha úsáide ginearálta.

Caibidil 5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 1

5.1.   Treoracha úsáide

Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid agus lean na treoracha uilig a ghabhann leis.

Bíodh meas agat ar choinníollacha úsáide an táirge (tiúchan, am teagmhála, teocht, pH, srl.)

Do leasú le linn stórála meán/fad téarmach, ní mór d’am teagmhála a bheith idir 1-4 seachtain, ag brath ar an dáileog úsáidte. Do chóireáil íceach, tá an éifeacht bithicíde bainte amach i ndiaidh 1-3 lá.

Níl táirgí le húsáid ach do stóráil meán nó fad téarmach nó cóireáil íceach. Níl éifeachtacht tástáilte i gcás córais athraithe arda. Ná húsáid i gcás córas le hardratá athraithe.

Déan seiceáil rialta ar an tiúchan iarmharach den substaint ghníomhach (sna céimeanna breosla agus uiscí) idir aistriú breosla le dearbhú nach ndéantar truailliú idir chóireálacha. Tá rogha na n-eatramh idir chóireálacha bunaithe ar sheiceáil na dtiúchan iarmharach substaint ghníomhaigh.

Caithfidh úsáideoir an táirge tástálacha micribhitheolaíocha a dhéanamh (sna céimeanna breosla agus uiscí) chun sásúlacht an chaomhnaithe a chruthú chun dáileog éifeachtach an leasaitheach don mhaitrís/suíomh/córas sonrach a dhearbhú. Más gá, téigh i gcomhairle le déantóir an táirge leasaitheach.

Níor údaraíodh é le úsáid i Ríocht na Danmhairge agus i Ríocht na Beilge.

Níl sé infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ach amháin sna cásanna seo a leanas: Ná húsáid na táirgí le haghaidh caomhnaithe breosla i gcás mhótarfheithiclí bóthar nach ritheann ar ráillí, ach amháin ar mhaithe le taighde, forbairt nó anailís.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Do leasú an dáileog de 6 ppm, is é 15 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte.

Do leasú an dáileog suas go 3 ppm, is é 35 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte.

Agus an táirge bithicídeach á láimhseáil:

Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán agus a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge) agus rabhlaer cosanta (cineál 6 EN13034 ar a laghad), le linn chéim láimhsithe an táirge.

Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166 le linn chéim láimhsithe an táirge.

Ba chóir na bearta teicniúla agus eagraíochta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

glanadh an trealaimh agus an limistéir oibre go rialta;.

caidéal dáileogach a úsáid le haghaidh luchtaithe láimhe;

Íoslaghdú de chéimeanna láimhe;

aeráil leordhóthanach agus an táirge á úsáid.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh do bhéal. NÁ déan iarracht caitheamh amach. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó dochtúir má airíonn tú tinn.

MÁ BHAINTEAR DEN CHRAICEANN: Nigh craiceann le huisce (nó cith). Bain na héadaí éillithe láithreach agus nigh iad sula gcaitheann tú arís iad.

MÁ BHAINTEAR DE NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce go cúramach feadh neart nóiméad. Bain lionsaí tadhaill má’s ann dóibh agus más furasta é. Lean ort ag sruthlú.

MÁ DHÉANTAR ANÁLÚ: Bain an té a bhaintear dó chuig aer úr agus coinnigh ar a shuaimhneas iad le bheith ag análú.

Má’s ann do ghreannú craicinn nó gríos: Faigh comhairle/cúram leighis.

Coinnigh an coimeádán nó an lipéad ar fáil.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná scaoil ach le ionad cóireála camrais tionsclaíoch (STP).

Faigh réidh le táirge nár úsáideadh, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile de réir na rialachán áitiúil.

Ná scaoil le táirge nár úsáideadh ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíopaí (e.g doirteal, leithris) nó síos na draenacha.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Seilfré: 24 mí

Caibidil 6.   FAISNÉIS EILE

-

Caibidil 7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 1

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm/trádainmneacha

KATHON FP 1.5 Biocide

Réimse margaidh: AE

T2642

Réimse margaidh: AE

XC85957

Réimse margaidh: AE

SPEC-AID 8Q700

Réimse margaidh: AE

Predator 9015

Réimse margaidh: AE

FuelClear M15

Réimse margaidh: AE

BIOC41770A

Réimse margaidh: AE

Bactron B1770

Réimse margaidh: AE

KATHON(TM) Fuel 15 Biocidean

Réimse margaidh: AE

Uimhir an údaraithe

EU-0023657-0001 1-1

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

C(M)IT/MIT (3:1)

Reaction mass of 5-chloro-2-methyl-2h-isothiazol-3-one and 2-methyl-2h-isothiazol-3-one (3:1)

Substaint ghníomhach

55965-84-9

11,3 % (w/w)

Caibidil 1.   MEITEA-SPC 2 FAISNÉIS RIARACHÁIN

1.1.   MEITEA-SPC 2 aitheantóir

Aitheantóir

Meta SPC: Meta SPC KATHON HP

1.2.   Iarmhír na huimhreach údaraithe

Uimhir

1-2

1.3.   Cineál nó cineálacha táirge

Cineál nó cineálacha táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

Caibidil 2.   COMHDHÉANAMH META SPC 2

2.1.   Faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil faoi chomhdhéanamh meitea-SPC 2

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

C(M)IT/MIT (3:1)

Reaction mass of 5-chloro-2-methyl-2h-isothiazol-3-one and 2-methyl-2h-isothiazol-3-one (3:1)

Substaint ghníomhach

55965-84-9

10,8 - 12,1 % (w/w)

Butyl carbitol

eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa)

Substaint neamhghníomhach

112-34-5

203-961-6

87,9 - 89,2 % (w/w)

2.2.   Cineál/cineálacha foirmlithe meitea-SPC 2

Cineál nó cineálacha foirmlithe

AL Aon leacht eile

Caibidil 3.   RÁITIS GHUAISE AGUS RÉAMHCHÚRAIM MEITEA-SPC 2

Ráitis ghuaise

H314: Ina chúis le dónna tromchúiseacha craicinn agus le damáiste don tsúil.

H317: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomh ailléirgeach craicinn.

H410: An-tocsaineach don saol uisceach, le héifeachtaí fadtréimhseacha.

EUH071: Creimneach don chonair riospráide.

Ráitis réamhchúraim

P260: Ná hanálaigh gala.

P272: Níor cheart éadaí éillithe oibre a ligean amach as an láthair oibre.

P280: Caith láimhainní cosanta a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 /éadaí cosanta de chineál 6 EN13034 ar a laghad/ Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166.

P321: Cóir leighis ar leith (féach Treoracha garchabhrach breise ar an lipéad seo).

P301+P330+P331: MÁ SHLOGTAR É: sruthlaítear an béal. NÁ spreagtar urlacan.

P302+P352: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN: Nigh le neart uisce.

P303+P361+P353: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS AN gCRAICEANN (nó le gruaig): Bain díot láithreach na héadaí éillithe go léir. Sruthlaítear an craiceann le huisce [nó glac cithfholcadh].

P304+P340: MÁ IONANÁLAÍTEAR É: Tabhair an duine amach faoin aer úr agus cinntigh go bhfuil an duine in ann análú go compordach.

P305+P351+P338: I gCÁS TEAGMHÁIL LEIS NA SÚILE: Sruthlaítear go faichilleach le huisce ar feadh roinnt nóiméad. Bain amach lionsaí tadhaill, má tá siad á gcaitheamh agus más féidir iad a bhaint amach go héasca. Lean leis an sruthlú.

P310: Cuir glao láithreach ar Ionad nó dochtúir nimhe.

P362+P364: Bain díot láithreach na héadaí éillithe agus nigh iad sula ndéanfar iad a athúsáid.

P363: Nigh éadaí éillithe sula ndéanfar iad a athúsáid.

P333+P313: I gcás greannú nó grís craicinn: Faigh comhairle.

P405: Stóráil faoi ghlas.

P501: Diúscair ábhar i ais faofa de réir rialachán áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

P273: Ná scaoiltear amach sa chomhshaol.

P391: Bailigh doirteadh.

Caibidil 4.   ÚSÁID/ÚSÁIDÍ ÚDARAITHE MEITEA-SPC

4.1.   Tuairisc úsáide

Tábla 1

Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2%

An cineál táirge

PT06: Leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil

I gcás inarb ábhartha, tuairisc bheacht ar an úsáid údaraithe

Leasú d’amhola dí-uiscithe agus de tháirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2%

Spriocorgánach (nó spriocorgánaigh) (lena n-áirítear céim na forbartha)

Ainm eolaíoch: Baictéir

Gnáthainm: Baictéir

Céim na forbartha: Cealla fásúla

Ainm eolaíoch: fungais/giosta

Gnáthainm: giosta

Céim na forbartha: Cealla fásúla

Ainm eolaíoch: fungais/caonaigh

Gnáthainm: caonaigh

Céim na forbartha: Cealla fásúla

Réimse (nó réimsí) úsáide

úsáid laistigh

Moltar an fine táirgí bithicídeacha chun miocrorgánaigh in amhola dí-uiscithe agus i dtáirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) le huasmhéid uisce de 2% a rialú.

Ná húsáidtear an fine táirgí bithicídeacha chun breoslaí eitlíochta, naftaí, ailcéiní/olaifíní agus cumhránaic (struchtúir shimplí agus struchtúir níos coimpléascaí) a chaomhnú.

Modh (nó modhanna) úsáide

Airí modha: Luchtú an táirge bhithicídigh isteach san umar cumaisc ina bhfuil amholaí dí-uiscithe nó táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime)

Tuairisc mhionsonraithe ar an airí:

Cuirtear an táirge bithicíde mar dáileog amháin le linn am monaraithe, stórála nó seolta. Tabhair dáileog don táirge bithicíde chuig an leacht úsáide deiridh ag pointe a dhéanann meascadh sásúil a dheimhniú ag baint úsáide as caidéal méadraithe uathoibrithe nó doirteadh de láimh ag baint leas as córas sábháilte tomhais dháileoige. Níor chóir go mbeidh táirge bithicíde tugtha mar a sholáthraítear é isteach in umar breosla folamh. Ba chóir go mbeidh umair bhreosla atá á gcóireáil le táirge bithicíde ar a laghad 10% lán le dearbhú go bhfuil homaiginiú maith déanta ar an táirge bithicíde, a chuireann le héifeachtacht na cóireála.Ba chóir umair bhreosla agus sumpaí a dhraenáil go rialta. I ndiaidh cóireála, bain miocrorgánaigh mharbha agus smionagar eile ón mbreosla cóireáilte atá bailithe ag bun an umair. Ba chóir scagairí a sheiceáil agus a scrúdú go rialta chun a fhionnadh an bhfuil charnadh solad ar fuaidreamh orthu. Nuair a dhéantar cothabháil thréimhsiúil, ba chóir umair a sheiceáil chun a fhionnadh an bhfuil fás miocróbach orthu.

Ráta (nó rátaí) agus minicíocht feidhmithe

Ráta úsáide: Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime) agus amholaí dí-uiscithe - Leasú meán/fad téarmach. 50 go 150 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é - Cóireáil íceach: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é.

Airí uainithe:

Amholaí dí-uiscithe:

Leasú meán/fad téarmach:

Baictéir: 33 go 200 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (0,5 - 3 ppm v/v CMIT/MIT),

Fungais (Giostaí/Caonaigh): 50 go 200 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (0.75 - 3 ppm v/v CMIT/MIT), ní mór don am teagmhála a bheith 1-4 seachtain ag brath ar an dáileog úsáidte.

Cóireáil íceach:

Baictéir: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (3 - 6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Fungais (Giostaí/Caonaigh): 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Táirgí scagtha (breoslaí driogáite láir agus éadroime):

Leasú meán/fad téarmach:

Baictéir: 33 go 200 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (0,5 - 3 ppm v/v CMIT/MIT), ní mór don am teagmhála a bheith 1-4 seachtain ag brath ar an dáileog úsáidte.

Fungais (Giostaí/Caonaigh): 50 go 200 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (0.75 - 3 ppm v/v CMIT/MIT), ní mór don am teagmhála a bheith 1-4 seachtain ag brath ar an dáileog úsáidte.

Cóireáil íceach:

Baictéir: 200 go 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (3 - 6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Fungais (Giostaí/Caonaigh): 400 ppm v/v de tháirge bithicíde mar a sholáthraíodh é (6 ppm v/v CMIT/MIT) is gá am teagmhála a bheith 1 go 3 lá, ag brath ar an dáileog a úsáidtear.

Athdhéan de réir mar is gá nuair atá truailliú aitheanta.

Catagóir (nó catagóirí) úsáideoirí

gairmiúil

Méideanna paca agus ábhar pacáistíochta

Fleascanna: 5L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Buicéid: 20L agus 25L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Drumaí: 215L agus 220L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

Bulc-coimeádán idirmheánach (IBC): 1 000 L ainmniúil, is poileitiléin ard-dlúis (PEAD) é an t-ábhar tógála

4.1.1.   Treoracha úsáidsonracha úsáide

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.2.   Bearta úsáidsonracha maolaithe riosca

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.3.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.4.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, na treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Féach treoracha úsáide ginearálta.

4.1.5.   I gcás ina mbaineann sé go sonrach le húsáid, coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Féach treoracha úsáide ginearálta.

Caibidil 5.   TREORACHA GINEARÁLTA ÚSÁIDE MAIDIR LE MEITEA-SPC 2

5.1.   Treoracha úsáide

Léigh an lipéad nó an bhileog i gcónaí roimh úsáid agus lean na treoracha uilig a ghabhann leis.

Bíodh meas agat ar choinníollacha úsáide an táirge (tiúchan, am teagmhála, teocht, pH, srl.)

Do leasú le linn stórála meán/fad téarmach, ní mór d’am teagmhála a bheith idir 1-4 seachtain, ag brath ar an dáileog úsáidte. Do chóireáil íceach, tá an éifeacht bithicíde bainte amach i ndiaidh 1-3 lá.

Níl táirgí le húsáid ach do stóráil meán nó fad téarmach nó cóireáil íceach. Níl éifeachtacht tástáilte i gcás córais athraithe arda. Ná húsáid i gcás córas le hardratá athraithe.

Déan seiceáil rialta ar an tiúchan iarmharach den substaint ghníomhach (sna céimeanna breosla agus uiscí) idir aistriú breosla le dearbhú nach ndéantar truailliú idir chóireálacha. Tá rogha na n-eatramh idir chóireálacha bunaithe ar sheiceáil na dtiúchan iarmharach substaint ghníomhaigh.

Caithfidh úsáideoir an táirge tástálacha micribhitheolaíocha a dhéanamh (sna céimeanna breosla agus uiscí) chun sásúlacht an chaomhnaithe a chruthú chun dáileog éifeachtach an leasaitheach don mhaitrís/suíomh/córas sonrach a dhearbhú. Más gá, téigh i gcomhairle le déantóir an táirge leasaitheach.

Níor údaraíodh é le úsáid i Ríocht na Danmhairge agus i Ríocht na Beilge.

Níl sé infheidhme i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine ach amháin sna cásanna seo a leanas: Ná húsáid na táirgí le haghaidh caomhnaithe breosla i gcás mhótarfheithiclí bóthar nach ritheann ar ráillí, ach amháin ar mhaithe le taighde, forbairt nó anailís.

5.2.   Bearta maolaithe riosca

Do leasú an dáileog de 6 ppm, is é 15 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte.

Do leasú an dáileog suas go 3 ppm, is é 35 000 m3 sa lá don suíomh an t-uasmhéid de amhola triomaithe nó táirgí scagtha draenáilte.

Agus an táirge bithicídeach á láimhseáil:

Caith lámhainní cosanta atá frithsheasmhach in aghaidh ceimiceán agus a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 374 (ní mór do shealbhóir an údarúcháin ábhar na lámhainní a shonrú laistigh den fhaisnéis faoin táirge) agus rabhlaer cosanta (cineál 6 EN13034 ar a laghad), le linn chéim láimhsithe an táirge.

Caith gloiní ceimiceacha a chomhlíonann ceanglais Chaighdeán Eorpach EN 166 le linn chéim láimhsithe an táirge.

Ba chóir na bearta teicniúla agus eagraíochta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

glanadh an trealaimh agus an limistéir oibre go rialta;.

caidéal dáileogach a úsáid le haghaidh luchtaithe láimhe;

Íoslaghdú de chéimeanna láimhe;

aeráil leordhóthanach agus an táirge á úsáid.

5.3.   Sonraí maidir le héifeachtaí díreacha nó indíreacha dóchúla, treoracha garchabhrach agus bearta éigeandála chun an comhshaol a chosaint

MÁ SHLOGTAR: Sruthlaigh do bhéal. NÁ déan iarracht caitheamh amach. Glaoigh ar IONAD NIMHE nó dochtúir má airíonn tú tinn.

MÁ BHAINTEAR DEN CHRAICEANN: Nigh craiceann le huisce (nó cith). Bain na héadaí éillithe láithreach agus nigh iad sula gcaitheann tú arís iad.

MÁ BHAINTEAR DE NA SÚILE: Sruthlaigh le huisce go cúramach feadh neart nóiméad. Bain lionsaí tadhaill má’s ann dóibh agus más furasta é. Lean ort ag sruthlú.

MÁ DHÉANTAR ANÁLÚ: Bain an té a bhaintear dó chuig aer úr agus coinnigh ar a shuaimhneas iad le bheith ag análú.

Má’s ann do ghreannú craicinn nó gríos: Faigh comhairle/cúram leighis.

Coinnigh an coimeádán nó an lipéad ar fáil.

5.4.   Treoracha chun an táirge agus a phacáistiú a dhiúscairt go sábháilte

Ná scaoil ach le ionad cóireála camrais tionsclaíoch (STP).

Faigh réidh le táirge nár úsáideadh, a phacáistíocht agus gach dramhaíl eile de réir na rialachán áitiúil.

Ná scaoil le táirge nár úsáideadh ar an talamh, isteach i gcúrsaí uisce, isteach i bpíopaí (e.g doirteal, leithris) nó síos na draenacha.

5.5.   Coinníollacha stórála agus seilfré an táirge de réir na ngnáthdhálaí stórála

Seilfré: 3 mí

Caibidil 6.   FAISNÉIS EILE

-

Caibidil 7.   AN TRÍÚ LEIBHÉAL FAISNÉISE: TÁIRGÍ AONAIR I MEITEA-SPC 2

7.1.   Trádainm (nó trádainmneacha), uimhir údaraithe agus comhdhéanamh sonrach gach táirge aonair

Trádainm/trádainmneacha

KATHON HP 120 Biocide

Réimse margaidh: AE

Uimhir an údaraithe

EU-0023657-0002 1-2

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Feidhm

Uimhir CAS

Uimhir CE

Cion (%)

C(M)IT/MIT (3:1)

Reaction mass of 5-chloro-2-methyl-2h-isothiazol-3-one and 2-methyl-2h-isothiazol-3-one (3:1)

Substaint ghníomhach

55965-84-9

11,3 % (w/w)

Butyl carbitol

eatánól2-(2-bútocsaid-eatocsa)

Substaint neamhghníomhach

112-34-5

203-961-6

88,7 % (w/w)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2218/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)