European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2211

28.10.2025

CINNEADH (CBES) 2025/2211 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES (1).

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha a leagtar amach ann go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 4(2) de Chinneadh 2010/573/CBES, cuirtear an dáta ‘an 31 Deireadh Fómhair 2026’ in ionad an dáta ‘an 31 Deireadh Fómhair 2025’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 27 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. JENSEN


(1)  Cinneadh 2010/573/CBES ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive (IO L 253, 28.9.2010, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/573/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2211/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)