|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2205 |
5.11.2025 |
TREOIR (AE) 2025/2205 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Deireadh Fómhair 2025
maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In 2017, d’aontaigh an Chomhairle Iompair neamhfhoirmiúil i Málta gur mórfhadhb shochaíoch é líon ard leanúnach na mbásanna ar bhóithre agus na ngortuithe tromchúiseacha mar thoradh ar thionóiscí tráchta ar bhóithre, agus chinn sí go mbeadh sé mar sprioc líon na ngortuithe tromchúiseacha san Aontas a laghdú faoina leath faoi 2030. Le Dearbhú Vaileite maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a ghlac Airí Iompair Bhallstáit an Aontais an 29 Márta 2017, iarradh ar an gCoimisiún beartas neartaithe de chuid an Aontais um shábháilteacht ar bhóithre agus creat dlíthiúil neartaithe de chuid an Aontais a ullmhú do na 10 mbliana ag tosú ó 2020 i leith, ina n-áirítear an sprioc uaillmhianach fhadtéarmach líon na mbásanna ar bhóithre atá gar do nialas a bhaint amach faoi 2050, agus lena bhfeabhsaítear cosaint d’úsáideoirí bóithre, go háirithe úsáideoirí soghonta bóithre, arb iad is minice a bhíonn ina n-íospartaigh i dtionóiscí tráchta ar bhóithre. Mar thoradh ar na hiarrachtaí a rinne na húdaráis phoiblí roimhe seo, tháinig laghdú ar líon na mbásanna i dtionóiscí tráchta ar bhóithre ó 51 400 duine in 2001 go 19 800 in 2021. Mar sin féin, bhí na figiúirí sin faoi bhun sprioc an Aontais, is é sin laghdú 75 % ar líon na mbásanna i dtionóiscí tráchta ar bhóithre idir 2001 agus 2020, agus ní rabhthas in ann leanúint den dul chun cinn a bhí déanta sa chéad deich mbliana, ó thaobh líon na mbásanna sin a laghdú faoina leath, ina dhiaidh sin. Tá an tAontas tiomanta do líon na n-íospartach i dtionóiscí tráchta ar bhóithre a bheith chomh gar do nialas agus is féidir faoi 2050. Leagtar amach an straitéis ‘Fís Nialais’ i ndáil leis an sprioc sin i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí] (‘an Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste’). |
|
(2) |
Is eilimintí fíor-riachtanacha den chomhbheartas iompair iad na rialacha maidir le ceadúnais tiomána, rannchuidíonn siad le feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre agus éascaíonn siad saorghluaiseacht daoine a théann chun cónaí i mBallstát seachas an Ballstát a eisíonn an ceadúnas tiomána. I bhfianaise a thábhachtaí atá modhanna iompair an duine aonair, déantar saorghluaiseacht agus saoirse bunaíochta daoine a chur chun cinn agus a éascú ach ceadúnas tiomána atá aitheanta go cuí ag Ballstát óstach a bheith ag an duine. Ar an gcaoi chéanna, má fhaightear an ceadúnas sin nó an ceart tiomána ar bhealach mídhleathach, nó má chailltear, de bharr iompar neamhdhleathach, ceadúnas tiomána a fuarthas go dleathach, bíonn éifeacht aige sin ní hamháin ar an mBallstát ina ndearnadh sáruithe den sórt sin ach ar an tsábháilteacht ar bhóithre ar fud an Aontais freisin. |
|
(3) |
Ba cheart an creat a bunaíodh le Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a thabhairt cothrom le dáta ionas go mbeidh sé oiriúnach don ré nua agus go mbeidh sé inbhuanaithe, cuimsitheach, cliste agus athléimneach. Ba cheart a chur san áireamh an gá atá le hastaíochtaí agus tomhaltas fuinnimh ón iompar a laghdú, lena n-áirítear trí mhéadú úsáid na bhfeithiclí breosla mhalartaigh, tríd an digitiú, trí threochtaí déimeagrafacha agus trí fhorbairtí teicneolaíochta, chun iomaíochas gheilleagar an Aontais a threisiú. Go háirithe, maidir le feithiclí breosla mhalartaigh áirithe, ar mó a mais i gcomparáid le gnáthfheithiclí, ba cheart é sin a chur san áireamh i raon feidhme chatagóirí na gceadúnas tiomána. Tá sé tábhachtach nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus a dhigitiú, chun na bacainní atá fós ar shaorghluaiseacht daoine ar tiománaithe iad agus a théann chun cónaí i mBallstát seachas an Ballstát a eisíonn an ceadúnas, amhail an t-ualach riaracháin, a bhaint. Ba cheart idir cheadúnais tiomána fhisiceacha agus cheadúnais tiomána dhigiteacha (ceadúnais tiomána ‘mhóibíleacha’) araon a chuimsiú i ngach catagóir i gcreat comhchuibhithe ceadúnas tiomána de chuid an Aontais, agus ba cheart foráil a dhéanamh dá n-aithint fhrithpháirteach, i gcás inar eisíodh go cuí iad i gcomhréir leis an Treoir seo. |
|
(4) |
Thug an Comhphobal Eorpach isteach an chéad cheadúnas tiomána fisiceach de ‘shamhail an Chomhphobail’ an 4 Nollaig 1980. Ó shin i leith, tá na rialacha a bhaineann le samhail an Chomhphobail mar bhunchloch ag na struchtúir is mó tús cadhnaíochta ar domhan do cheadúnais tiomána, lena gcumhdaítear níos mó ná 250 milliún tiománaí. Leis an Treoir seo, ba cheart tógáil ar an taithí agus ar an obair fhónta a rinneadh go dtí seo agus rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le caighdeáin an Aontais le haghaidh ceadúnais tiomána fhisiceacha. Go háirithe, le ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisítear san Aontas, ba cheart ardleibhéal cosanta ar chalaois agus ar bhrionnú a chur ar fáil, trí bhíthin bearta i gcoinne an bhrionnaithe, agus ba cheart a bheith in ann micrishliseanna agus cóid QR a ionchorprú iontu. |
|
(5) |
Ba cheart creat cosanta sonraí an Aontais a chomhlíonadh le haon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar chun an Treoir seo a chur chun feidhme, go háirithe Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(6) |
Bunaítear leis an Treoir seo bunús dlí chun tacar éigeantach sonraí pearsanta a stóráil i gceadúnais tiomána fhisiceacha agus ina micrishliseanna nó a gcóid QR, agus i gceadúnais tiomána mhóibíleacha, chun ceart tiomána duine agus céannacht duine a chruthú agus a fhíorú, chun ardleibhéal sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú ar fud an Aontais. Ba cheart na sonraí sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun ceart tiomána duine a chruthú, chun an duine sin a shainaithint agus chun cearta tiomána agus céannacht an duine a fhíorú. Le stóráil na sonraí sin agus próiseáil eile a dhéantar ar na sonraí sin, ní mór Airteagal 6(1), pointe (e), go háirithe, agus, i ndáil le sonraí bithmhéadracha, Airteagal 9(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2016/679 a chomhlíonadh. Déantar foráil sa Treoir seo freisin maidir le coimircí breise chun a áirithiú go gcosnófar aon sonraí pearsanta a nochtar d’fhíoraitheoir agus a choinníonn an fíoraitheoir sin le linn an phróisis fíorúcháin. Go háirithe, níor cheart don fhíoraitheoir a bheith in ann na sonraí sin a choinneáil ach amháin má údaraítear é sin a dhéanamh le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta; mar shampla, d’fhéadfaí póilín a údarú chun sonraí ceadúnais tiomána a áireamh i dtuarascáil de chuid na bpóilíní, nó d’fhéadfaí cuideachta cíosa a údarú chun sonraí ceadúnais tiomána a líonadh isteach i gconradh cíosa feithicle. |
|
(7) |
Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil agus chun aistriú gan uaim a áirithiú idir an Treoir seo agus Treoir 2006/126/CE, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann sonraí pearsanta breise a stóráil ar mhicrishlis, má dhéantar foráil dó sin sa dlí náisiúnta a chomhlíonann Rialachán (AE) 2016/679. Ní sholáthraítear leis an Treoir seo, áfach, bunús dlí chun sonraí breise den sórt sin a áireamh. |
|
(8) |
Os a choinne sin, leis an gcód QR atá le bunú leis an Treoir seo, ba cheart a bheith in ann barántúlacht na faisnéise a phriontáiltear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú. Mar sin féin, níor cheart a bheith in ann leis faisnéis bhreise a stóráil ar an gceadúnas tiomána fisiceach. |
|
(9) |
Ní sholáthraítear leis an Treoir seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a choinneáil ar bun ar an leibhéal náisiúnta chun sonraí bithmhéadracha a stóráil sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é, dlí nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Thairis sin, ní sholáthraítear leis an Treoir seo bunús dlí chun bunachar sonraí láraithe de shonraí bithmhéadracha a chur ar bun nó a choinneáil ar bun ar leibhéal an Aontais. |
|
(10) |
Tá an t-aistriú digiteach ar cheann de thosaíochtaí an Aontais. I gcás iompar de bhóthar, rannchuidíonn sé leis na bacainní riaracháin atá fós ann ar shaorghluaiseacht daoine a bhaint, amhail na bacainní a bhaineann leis an am a thógann sé ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisiúint. Dá bhrí sin, ba cheart caighdeán ar leithligh de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisítear laistigh den Aontas. Chun an digitiú a éascú, is iad ceadúnais tiomána mhóibíleacha an fhormáid réamhshocraithe ba cheart a eisiúint d’iarratasóirí, le héifeacht ó dháta 54 mhí ó dháta glactha an chéad cheann de na ngníomhartha cur chun feidhme is gá chun ceadúnais tiomána mhóibíleacha a thabhairt isteach, gan dochar do cheart an iarratasóra an ceadúnas tiomána a fháil i bhformáid fhisiceach nó sa dá fhormáid tríd an aon iarratas amháin ag an am céanna. Is féidir leis na Ballstáit ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisiúint roimh an dáta a bheidh an fhormáid dhigiteach mar fhormáid réamhshocraithe. |
|
(11) |
I gcomhréir le sprioc an chlaochlaithe dhigitigh nach bhfágfaí aon saoránach ar lár, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú Eorpach 2023 maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, tá sé ríthábhachtach go leanfaidh saoránaigh den cheart a bheith acu ceadúnas tiomána a iarraidh i bhformáid fhisiceach sa bhreis ar an gceadúnas tiomána i bhformáid dhigiteach. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit an ceadúnas tiomána a sholáthar d’iarratasóir i bhformáid fhisiceach, arna iarraidh sin don iarratasóir, gan moill mhíchuí agus go ginearálta laistigh de 3 seachtaine, i gcás ina bhfuil formáid dhigiteach de cheadúnas tiomána de chuid an Bhallstáit sin ag an iarratasóir cheana féin lena bhfianaítear cearta tiomána an iarratasóra. Thairis sin, i gcásanna práinneacha, ina ndéanfaí díobháil dhíréireach don iarratasóir dá bhfaigheadh sé nó sí an ceadúnas tiomána fisiceach go déanach, moltar do na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir úsáid a bhaint as nós imeachta éigeandála, ina n-eiseofaí an ceadúnas tiomána fisiceach laistigh de chúpla lá mar mhalairt ar mhéadú comhréireach ar na táillí riaracháin ábhartha. |
|
(12) |
Ní hamháin gur cheart an fhaisnéis a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a bheith ar an gceadúnas tiomána móibíleach ach, chomh maith leis sin, faisnéis lenar féidir barántúlacht na sonraí sin a fhíorú. Mar sin féin, ba cheart a áirithiú, fiú agus fíorú á dhéanamh, go mbeidh an méid sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil teoranta don mhéid a thuairisceofaí ar an gceadúnas tiomána fisiceach agus don mhéid a mbeadh fíorghá leis chun barántúlacht na sonraí sin a fhíorú. Thairis sin, ach amháin má cheadaítear sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, níor cheart na sonraí is gá don fhíorú a choinneáil tar éis an fíorú a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ceadúnais tiomána fhisiceacha agus mhóibíleacha a eisítear don duine céanna coibhéiseach a mhéid a bhaineann leis na cearta agus na coinníollacha faoina bhfuil an duine sin údaraithe tiomáint, agus a mhéid a bhaineann le fad bhailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána, mar a leagtar amach sa Treoir seo. |
|
(13) |
Tá d’inniúlacht ag na Ballstáit a rialacha náisiúnta féin a bhunú lena gceanglaítear táille a íoc le go ndéanfar ceadúnas tiomána a eisiúint. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige go cuí gan tionchar a imirt ar shaor-rogha na saoránach maidir le formáidí na gceadúnas tiomána trí tháillí riaracháin díréireacha a bhunú lena dtugtar tús áite go míchuí d’fhormáid amháin thar fhormáid eile. |
|
(14) |
Ba cheart do na Ballstáit oibriú le chéile chun úsáid dhomhanda agus aithint fhrithpháirteach na gceadúnas tiomána móibíleach a chur chun cinn. D’fhéadfadh leasuithe ar Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Mótariompar an 24 Aibreán 1926, ar Choinbhinsiún na Ginéive um Thrácht ar Bhóithre an 19 Meán Fómhair 1949, agus ar Choinbhinsiún Vín um Thrácht ar Bhóithre an 8 Samhain 1968 a bheith i gceist leis sin. Is é an Coimisiún is fearr atá in ann cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i ndáil leis sin, go háirithe maidir le coinníollacha idir-inoibritheachta lena bhféadfaí ceadúnais tiomána mhóibíleacha an Aontais a aithint go forleathan. Mar an gcéad chéim sa phróiseas sin, ba cheart don Choimisiún na forbairtí ábhartha i dtríú tíortha a chur san áireamh agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh i ndáil le ceadúnais tiomána mhóibíleacha. |
|
(15) |
Sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste, leagtar amach fís don Aontas chun feabhas suntasach a chur ar inbhuanaitheacht na soghluaisteachta agus an iompair. Áirítear ar na hastaíochtaí ó earnáil an iompair de bhóthar astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin aeir, fuaim agus micreaphlaistigh ó chaitheamh bonn agus bóithre. Bíonn tionchar ag stíl tiomána ar chainníocht na n-astaíochtaí sin, astaíochtaí a mbíonn tionchair dhiúltacha acu ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Dá bhrí sin, le tástálacha tiomána, ba cheart a ráthú go gcuirtear ar chumas tiománaithe tríd an oiliúint a fhaigheann siad a dtionchar i ndáil le hastaíochtaí a laghdú, lena n-áirítear trí thiomáint éiceolaíoch, agus go n-ullmhaítear iad chun feithiclí astaíochtaí nialasacha nó feithiclí astaíochtaí ísle a thiomáint. |
|
(16) |
Ionas go mbeidh saoránaigh agus cónaitheoirí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin neamhriachtanach breise a bheith orthu, déantar foráil i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) maidir le rochtain ar nósanna imeachta ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear d’úsáideoirí trasteorann. An fhaisnéis faoi cheadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan, tá sí cumhdaithe cheana féin in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun a áirithiú go mbainfidh úsáideoirí a thugann faoi nós imeachta riaracháin a bhaineann le ceadúnais tiomána tairbhe as nósanna imeachta atá go hiomlán ar líne. |
|
(17) |
Ba cheart ceadúnais tiomána a rangú de réir na gcineálacha feithiclí a dtugann siad an ceart tiomána ina leith. Ba cheart an rangú sin a dhéanamh ar bhealach soiléir comhleanúnach, agus lánurraim á tabhairt do shaintréithe teicniúla na bhfeithiclí lena mbaineann agus do na scileanna is gá chun iad a thiomáint. |
|
(18) |
I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 13 Nollaig 2006, a bhfuil an tAontas ina Pháirtí ann ón 21 Eanáir 2011, ba cheart forálacha sonracha a ghlacadh chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas feithiclí a thiomáint. Ina theannta sin, moltar do na Ballstáit freastal ar riachtanais speisialta daoine faoi mhíchumas agus deiseanna a éascú dóibh chun ceadúnas tiomána a fháil, gan na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht chun tiomána agus scileanna tiomána a leagtar amach sa Treoir seo a ísliú. Chuige sin, le réamhthoiliú ón gCoimisiún, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cineálacha sonracha feithiclí cumhacht-tiomáinte a eisiamh ó chur i bhfeidhm na rialacha maidir le catagóirí na gceadúnas tiomána faoin Treoir seo. |
|
(19) |
Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit leanúint de chineálacha feithiclí arna n-úsáid ag na fórsaí armtha agus ag comhlachtaí cosanta sibhialta, nó atá faoina smacht, a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, i bhfianaise chineál sonrach na n-oibríochtaí a dhéanann fórsaí agus comhlachtaí den sórt sin agus i bhfianaise chineál sonrach na bhfeithiclí a úsáidtear. |
|
(20) |
Ba cheart aoiseanna íosta na n-iarratasóirí ar chatagóirí éagsúla ceadúnas tiomána a shocrú ar leibhéal an Aontais. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit teorainn aoise níos airde a shocrú chun catagóirí áirithe feithiclí a thiomáint, chun an tsábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn a thuilleadh. I gcás catagóirí áirithe agus ar bhonn eisceachtúil, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit aoiseanna íosta níos ísle a shocrú chun imthosca náisiúnta a chur san áireamh, go háirithe a mhéid a bhaineann le tiomáint feithiclí briogáide dóiteáin, cosanta sibhialta agus tarrthála, agus feithiclí a úsáidtear chun an tsábháilteacht phoiblí agus an t-ord poiblí a choinneáil ar bun. |
|
(21) |
D’fhéadfaí saintréithe ar leith, amhail a bheith is troime mar gheall ar threalamh speisialta, a bheith ag baint le feithiclí éigeandála, eadhon feithiclí a úsáidtear chun an tsábháilteacht phoiblí agus an t-ord poiblí a choinneáil ar bun, lena n-áirítear trí chúnamh a chur ar fáil láithreach le linn éigeandálaí nádúrtha nó éigeandálaí de dhéantús an duine, amhail feithiclí póilíneachta, otharcharranna, feithiclí cosanta sibhialta agus tarrthála, nó feithiclí a úsáidtear i gcomhrac dóiteán, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh maoluithe áirithe ó na rialacha ginearálta maidir le ceadúnas tiomána den chatagóir B ag teastáil ina leith sin chun go mbeidís in ann freagairt go héifeachtúil ar ghéarchéimeanna agus ar riachtanais tarrthála. Ina theannta sin, chun bacainní a d’fhéadfadh a bheith ar chúrsaíocht trasteorann feithiclí den sórt sin a sheachaint agus iad á n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann i réigiúin éagsúla laistigh den Aontas, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann údarú a thabhairt, go sealadach nó go ceann tréimhse éiginnte, do na feithiclí éigeandála sin atá á dtiomáint ar a gcríocha le ceadúnas tiomána de chatagóir B. I ndáil leis an méid sin, moltar do na Ballstáit bearta náisiúnta a chéile a aithint go frithpháirteach, ionas nach gcuirfear bac ná pionós ar oibríochtaí éigeandála trasteorann. |
|
(22) |
Chun riachtanais soghluaisteachta chónaitheoirí óga na mBallstát a chur san áireamh, amhail an gá le hachair fhada a thiomáint i limistéir atá tearc ar dhaonra agus easpa modhanna malartacha soghluaisteachta pearsanta acu, ba cheart do na Ballstáit, tar éis réamhthoiliú a fháil ón gCoimisiúin, a bheith in ann an aois íosta chun ceadúnais tiomána atá teoranta dá gcríocha féin chun cineálacha áirithe feithiclí i gcatagóir B1 a thiomáint a ísliú go 15 bliana d’aois. Tá sé tábhachtach nach mbeadh tionchar diúltach ar an tsábháilteacht ar bhóithre dá ndéanfaí an aois íosta a ísliú mar sin. Dá bhrí sin, sula gcomhaontódh sé leis sin, ba cheart don Choimisiún measúnú cuí a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag ísliú sin na haoise íosta ar an tsábháilteacht ar bhóithre, agus aon fhaisnéis ábhartha arna soláthar ag saineolaithe na mBallstát á cur san áireamh. |
|
(23) |
Leis an teaglaim d’aois íosta leordhóthanach le haghaidh ceadúnais tiomána i ngach catagóir lena n-éascaítear neamhspleáchas soghluaisteachta tiománaithe óga agus a rochtain thráthúil ar an tiomáint ghairmiúil araon, chomh maith le coinníollacha níos déine do thiománaithe nuacheadúnaithe, inter alia, maidir le halcól a ól agus feithicil á tiomáint, d’fhéadfadh an teaglaim sin dul chun tairbhe na sábháilteachta ar bhóithre. Níor cheart na haoiseanna íosta a laghdú ar chostas na sábháilteachta ar bhóithre. |
|
(24) |
Ba cheart córas céimnithe, is é sin le rá an teidlíocht a bhunú chun ceadúnas tiomána a shealbhú i gcatagóir shonrach mar réamhriachtanas chun go mbeadh an t-iarratasóir incháilithe catagóirí áirithe eile ceadúnas tiomána a bheith aige nó aici, agus coibhéisí idir catagóirí a bhunú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, íostréimhse taithí roimh incháilitheacht den sórt sin. Ba cheart córas den sórt sin a bheith ina cheangal ar na Ballstáit uile, gan dochar don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit coibhéisí áirithe a chur i bhfeidhm eatarthu féin ina gcríocha faoi seach. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit coibhéisí áirithe a bhunú atá teoranta laistigh dá gcríoch féin. |
|
(25) |
Tá an méadú ar líon na bhfeithiclí breosla mhalartaigh atá ann ríthábhachtach don aistriú glas. Ba cheart a chur san áireamh sa Treoir seo go bhféadfadh sé go mbeidh samhlacha nua ar mó a mais ar fáil i gceadúnais tiomána de chatagóirí B agus BE. Dá bhrí sin, ba cheart cead a bheith ag sealbhóirí ceadúnais tiomána de chatagóir B nó BE, faoi réir na taithí tiomána atá acu sa chatagóir atá faighte acu, mótarfheithiclí a thiomáint, chun daoine agus earraí a thiomáint, arna gcumhachtú go hiomlán nó go páirteach le breoslaí malartacha, a bhfuil uasmhais údaraithe is mó ná 3 500 kg acu. |
|
(26) |
Is ráthaíocht ar shaoirse gluaiseachta é an ceart chun ceadúnais tiomána, agus éascaítear leis rannpháirtíocht sa saol eacnamaíoch agus sóisialta, rud atá thar a bheith tábhachtach i gceantair thuaithe agus i gceantair thearc-uirbithe nach bhfuil ach gréasán teoranta iompair phoiblí iontu. I gcás daoine scothaosta, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe nó daoine faoi mhíchumas, tá an t-iompar aonair ríthábhachtach chun tacú lena soghluaisteacht. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar bhonn critéir shonracha ar oiriúnacht tiománaí tiomáint go sábháilte, agus, go háirithe, riocht sláinte an tiománaí de réir torthaí oibiachtúla scrúduithe agus, i gcás inarb iomchuí, tástálacha á cur san áireamh. Cinntí maidir le ceadúnais tiomána a chur ar ceal, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a shrianadh, ba cheart iad a dhéanamh ar bhonn aonair agus níor cheart idirdhealú, go háirithe ar fhoras aoise, a bheith mar thoradh orthu. |
|
(27) |
Chun críocha na sábháilteachta ar bhóithre, is gá na híoscheanglais chomhchuibhithe atá le comhlíonadh ag an iarratasóir a thabhairt cothrom le dáta sular féidir ceadúnas tiomána a eisiúint. Ba cheart a áireamh ar an méid sin an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht a bhaineann le feithiclí cumhacht-tiomáinte a thiomáint, an tástáil tiomána, agus na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach chun feithiclí den sórt sin a thiomáint. |
|
(28) |
I bhfianaise infhaighteacht agus úsáid mhéadaitheach ardchóras cúnta tiománaithe agus córas tiomána uathoibrithe, is gá ceanglais a bhaineann leis na córais sin a áireamh i dtástálacha teoirice chun a áirithiú go mbeidh eolas ginearálta ag tiománaithe ar na buntáistí, na teorainneacha agus na rioscaí a bhaineann le córais den sórt sin. Leis an gceanglas eolais sin, ba cheart a chumhdach, go háirithe, réimse úsáide na gcóras tiomána uathoibrithe, go mbíonn iarrataí táthcheangail ó na córais tiomána uathoibrithe ann, agus oibleagáidí eile a leanann de bheith ar an tiománaí agus na córais tiomána uathoibrithe gníomhach. |
|
(29) |
Ba cheart cruthúnas a sholáthar ar chomhlíonadh caighdeán íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach tráth eisiúna an cheadúnais tiomána agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin. Leis an bhfaireachán tráthrialta sin, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta maidir le comhlíonadh caighdeán íosta, rannchuidítear le saorghluaiseacht daoine, seachnaítear saobhadh ar an iomaíocht agus cuirtear freagracht na dtiománaithe san áireamh. Ba cheart scrúdú leighis tráth eisiúna agus athnuachana ceadúnais tiomána a bheith sna rialacha náisiúnta maidir le comhlíonadh caighdeán íosta. D’fhéadfadh cleachtóirí ginearálta nó aon údarás liachta inniúil eile nó aon ghairmí eile san earnáil sláinte an scrúdú sin a dhéanamh, mar a bhunaítear faoi dhlí gach Ballstáit. |
|
(30) |
Coinníoll fíor-riachtanach is ea radharc na súl leordhóthanach chun oiriúnacht coirp chun tiomána a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart measúnú iomchuí a dhéanamh ar gach iarratasóir ar cheadúnas tiomána chun a áirithiú go bhfuil géire amhairc leordhóthanach acu, lena n-áirítear, i gcás inar gá, scrúdú breise ar an réimse radhairc á dhéanamh ag gairmí inniúil radhairc a údaraítear leis an dlí náisiúnta. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cur leis an gceanglas sin, trína cheangal go n-úsáidfí an nós imeachta céanna agus ceadúnais tiomána á n-athnuachan. Leis an nodaireacht dheachúil le haghaidh géire amhairc, soláthraítear caighdeán inchomparáideachta do radharc na súl arna aithint go hidirnáisiúnta. |
|
(31) |
Chun catagóirí áirithe ceadúnas tiomána a eisiúint nó a athnuachan, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a cheangal, in ionad scrúdú leighis, go gcuirfeadh an t-iarratasóir nó an sealbhóir ceadúnais tiomána féinmheasúnú ar fáil i scríbhinn nó trí mheán leictreonach, agus d’fhéadfadh dearadh an fhéinmheasúnaithe sin a bheith riosca-dhírithe. Mar sin féin, is é an socrú ab inmhianaithe go n-áireodh na Ballstáit scrúduithe leighis mar chuid den chéad nós imeachta eisiúna ceadúnas tiomána, ar a laghad, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo agus sa dlí náisiúnta. |
|
(32) |
Tar éis ceadúnas tiomána a bheith eisithe, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann, seachas a cheangal go ndéanfaí scrúdú leighis nó féinmheasúnú tráth na hathnuachana, córas a bhunú chun a áirithiú go bhfreagrófaí ar athruithe ar oiriúnacht coirp nó meabhrach shealbhóir an cheadúnais tiomána. Agus aitheantas á thabhairt don éagsúlacht in eagrú na gcóras agus na gcleachtas sláinte náisiúnta maidir lena gcomhordú éifeachtach leis na húdaráis cheadúnúcháin um eisiúint agus athnuachan, d’fhéadfadh an córas sin a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, agus is é an príomhphrionsabal gur cheart d’údaráis liachta nó d’údaráis cheadúnúcháin nasc a bhunú idir riochtaí sláinte sealbhóirí ceadúnais tiomána agus a gcumas tiomána agus a gcead tiomána. D’fhéadfadh an fhreagairt sin ó údaráis leighis nó ó údaráis cheadúnúcháin a bheith bunaithe freisin ar mheasúnú ar dhearbhuithe ó shealbhóir ceadúnais tiomána ar bhonn oibleagáid ghinearálta a chuirtear ar gach sealbhóir ceadúnais tiomána a stádas sláinte a dhearbhú atá ábhartha don tiomáint, as a n-eascródh atreorú chuig speisialtóir, toirmeasc tiomána arna chur in iúl ag liachleachtóir, nó, ar deireadh, tarraingt siar, cur ar fionraí nó srianadh an cheadúnais tiomána. |
|
(33) |
Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit freisin bearta den sórt sin a chomhcheangal ar mhaithe lena n-éifeachtúlacht a mhéadú, agus caighdeáin maidir le hoiriúnacht chun tiomána a chur i bhfeidhm atá níos déine ná na caighdeáin íosta a leagtar amach sa Treoir seo. |
|
(34) |
Leis an dul chun cinn a rinneadh le déanaí sa teicneolaíocht leighis, cuireadh feabhas ar an tsábháilteacht ar bhóithre trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le daoine a bheith ag tiomáint agus riochtaí sláinte áirithe orthu. A bhuí le nuálaíochtaí amhail córais faireacháin leanúnaigh ar ghlúcós i gcás daoine a bhfuil diaibéiteas orthu, is féidir bainistiú éifeachtach fíor-ama a dhéanamh ar a riocht, rud a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann le bheith ag tiomáint. Tá na teicneolaíochtaí sin ag athrú go tapa, rud a áirithíonn rialú níos fearr ar fhadhbanna leighis agus a chuireann tuilleadh feabhais ar an tsábháilteacht ar bhóithre. |
|
(35) |
I bhfianaise staidéir atá á ndéanamh ar phaiteolaíochtaí éagsúla lena mbaineann riosca de róchodlatacht, ba cheart don Choimisiún tús a chur le hathbhreithniú ar fhorálacha na Treorach seo a bhaineann le siondróm aipnia chodlata toirmeascach, nuair a bheidh líon leordhóthanach staidéar curtha i gcrích agus ar fáil don phobal eolaíochta. I bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch atá déanta maidir leis an lagú radhairc a chóireáil, ba cheart don Choimisiún tús a chur freisin le hathbhreithniú ar fhorálacha na Treorach seo a bhaineann leis an lagú radhairc. |
|
(36) |
Chun a áirithiú gur aonfhoirmeach na cearta ar fud an Aontais, gan dochar do cheisteanna sábháilteachta ar bhóithre, ba cheart bailíocht riaracháin 15 bliana a bheith ag ceadúnais tiomána de chatagóirí AM, A1, A2, A, B1, B agus BE, agus ba cheart bailíocht riaracháin 5 bliana a bheith ag ceadúnais tiomána de chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E. Mar sin féin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tréimhse bhailíochta 10 mbliana seachas 15 bliana a chur i bhfeidhm má úsáidtear an ceadúnas tiomána mar dhoiciméad aitheantais phearsanta freisin. De réir an chreata atá i bhfeidhm cheana féin, lena gcuirtear ar chumas na mBallstát athnuachan níos minice a éileamh de réir mar a théann tiománaithe in aois, d’fhéadfaí an fad bailíochta ginearálta a laghdú ar bhonn tosca oibiachtúla a bhfuil nasc ginearálta acu le gnáthdhálaí fisiciúla agus meabhracha tiománaithe, amhail aois, agus ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit tréimhsí bailíochta níos giorra ná na tréimhsí dá bhforáiltear sa Treoir seo a shainiú i gcásanna eisceachtúla, mar a leagtar amach sa Treoir seo. |
|
(37) |
Le cúrsaí athnuachana do thiománaithe a bhfuil taithí acu, is féidir feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre trí fheasacht a mhúscailt agus trí cheangal a chur ar thiománaithe taithí bhreise a fháil le teicneolaíochtaí nua, amhail ardchórais cúnta tiománaithe agus córais tiomána uathoibrithe. Sa chomhthéacs sin, agus i gcomhthéacs oiliúint na dtiománaithe sula n-eiseofar ceadúnas tiomána, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach leas a bhaint as ionsamhlóirí chun scileanna tiomána tábhachtacha a fheabhsú, amhail freagairt do dhálaí díobhálacha agus do chásanna éigeandála. |
|
(38) |
I gcomhthéacs an digitithe agus an uathoibrithe atá ag dul ar aghaidh de réir a chéile, i gcomhthéacs na gceanglas laghdaithe astaíochtaí atá ag éirí níos déine ná riamh i ndáil leis an iompar de bhóthar, agus i gcomhthéacs an dul chun cinn theicneolaíoch leanúnaigh atá á dhéanamh i ndáil le feithiclí cumhacht-tiomáinte, is gá na tiománaithe uile a choinneáil ar an eolas faoi theicneolaíochtaí nua, faoin tsábháilteacht ar bhóithre agus faoin inbhuanaitheacht. Má dhéanann na Ballstáit oiliúint ar feadh an tsaoil do thiománaithe a chur chun cinn, mar shampla trí chúrsaí tiomána sábháilte a thairiscint ina dtabharfaí aiseolas, is féidir rannchuidiú le soghluaisteacht níos uilechuimsithí. Is féidir leis an oiliúint sin ar feadh an tsaoil a bheith ríthábhachtach chun scileanna tiománaithe a bhfuil taithí acu a choinneáil cothrom le dáta maidir le sábháilteacht ar bhóithre, maidir le teicneolaíochtaí nua agus maidir le hathruithe ar mhais na bhfeithiclí, rud a fheabhsaíonn éifeachtúlacht breosla agus a laghdaíonn astaíochtaí, agus maidir le bainistíocht luais. |
|
(39) |
Chun gur féidir leis na Ballstáit agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, leis an Aontas ina iomláine freagairt ar ghéarchéimeanna a fhágann nach féidir leis na húdaráis náisiúnta ceadúnais tiomána a athnuachan, ar ceadúnais iad a rachadh in éag murach sin, ba cheart é a bheith indéanta síneadh a chur le bailíocht riaracháin na gceadúnas sin. Níor cheart é a bheith indéanta síneadh den sórt sin a dhéanamh ach amháin ar feadh tréimhse lena bhfuil géarghá. |
|
(40) |
Ba cheart cosc a chur ar aon duine níos mó ná ceadúnas tiomána amháin a bheith aige nó aici leis an bprionsabal ‘sealbhóir amháin - ceadúnas amháin’. Ba cheart an prionsabal a leathnú freisin chun sainiúlachtaí teicniúla na gceadúnas tiomána móibíleach a chur san áireamh, ós rud é go bhféadfadh sealbhóir a iarraidh go n-eiseofaí ceadúnas tiomána fisiceach in ionad ceadúnas tiomána móibíleach, nó in éineacht leis, agus go bhféadfadh sé nó sí ceadúnas tiomána móibíleach a thaispeáint ar roinnt gléasanna leictreonacha. |
|
(41) |
Ar chúiseanna a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a bhforálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le cur ar ceal, tarraingt siar, cur ar fionraí agus athnuachan ceadúnais tiomána i gcás gach sealbhóra ceadúnais tiomána a bhfuil gnáthchónaí ar a gcríoch bainte amach aige nó aici. |
|
(42) |
Na tiománaithe a bhfuil ceadúnas tiomána acu a d’eisigh an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu tar éis dóibh ceadúnas tiomána arna eisiúint ag tríú tír a mhalartú, ba cheart dóibh a bheith i dteideal tiomáint ar fud an Aontais amhail is dá mba rud é go bhfuair siad a gceadúnas san Aontas ar dtús. Cuireann sin le saorghluaiseacht daoine san Aontas. |
|
(43) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas gur féidir leis tríú tíortha a shainaithint a áirithíonn leibhéal sábháilteachta ar bhóithre atá inchomparáide lena bhfuil san Aontas agus go dtugtar, ar an gcaoi sin, an deis do shealbhóirí ceadúnas tiomána arna n-eisiúint ag na tríú tíortha sin a gceadúnais tiomána a mhalartú, faoi réir coinníollacha ábhartha, ar cheart iad a bheith mionsonraithe agus dea-shainithe do gach catagóir ceadúnais tiomána lena mbaineann, ar théarmaí atá comhchosúil leis na téarmaí sin a mbeadh feidhm acu dá mba Bhallstát a d’eisigh na ceadúnais tiomána. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(44) |
A mhéid a bhaineann le ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag tríú tíortha nach sainaithnítear i ngníomh cur chun feidhme mar thríú tíortha ag a bhfuil leibhéal sábháilteachta ar bhóithre atá inchomparáide lena bhfuil san Aontas, nó arna n-eisiúint ag tríú tíortha ar ina leith nach n-údaraítear nó nach dtoirmeasctar go sainráite le gníomh cur chun feidhme den sórt sin ceadúnas tiomána den sórt sin a mhalartú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit na ceadúnais tiomána a mhalartú i gcomhréir lena rialacha náisiúnta, ar choinníoll go n-úsáideann siad cód nó cóid ábhartha an Aontais ar an gceadúnas arna eisiúint. I gcás ina n-athraíonn sealbhóir ceadúnais tiomána den sórt sin a áit chónaithe nó a háit chónaithe go Ballstát nua, níor cheart a cheangal ar an mBallstát eile sin prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm maidir leis an gceadúnas tiomána sin. |
|
(45) |
Ba cheart breathnú ar an gcreat nua chun ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag tríú tíortha a mhalartú mar uirlis chun aghaidh a thabhairt freisin ar an nganntanas tiománaithe gairmiúla, ós rud é go bhfuil sé beartaithe leis na rialacha saorghluaiseacht sealbhóirí ceadúnas tiomána i gcatagóirí éagsúla a éascú. Ós rud é go bhféadfadh tiomáint arna déanamh ag náisiúnaigh tríú tíortha, atá fostaithe ag gnóthas atá bunaithe i mBallstát atá ag gabháil d’iompar de bhóthar laistigh den Aontas nó atá ag obair dó, a bheith faoi réir ceanglas breise cáilíochtaí arna bhfianú le Deimhniú ar Inniúlacht Ghairmiúil (CPC), ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na héifeachtaí dearfacha a mheastar a bheidh ag an gcreat nua i ndáil le doiciméid tiomána eile, gan dochar don sprioc fhoriomlán go gcuirfí feabhas ar an tsábháilteacht ar bhóithre san Aontas. |
|
(46) |
Is feiniméan forleathan é ‘turasóireacht na gceadúnas tiomána’, is é sin an cleachtas áit chónaithe a athrú chun ceadúnas tiomána nua a fháil, chun, inter alia, dul timpeall ar na héifeachtaí a bhaineann le ceart tiomána tiománaí feithicle cumhacht-tiomáinte, ceadúnas tiomána an tiománaí nó an t-aitheantas a tugadh do bhailíocht cheadúnas tiomána an tiománaí a chur ar ceal, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a shrianadh, a forchuireadh i mBallstát eile, agus bíonn tionchar diúltach aige sin ar shábháilteacht ar bhóithre. Níor cheart tiománaithe a dhíolmhú, díreach mar gur athraigh siad a n-áit chónaithe, ó cheanglais arna bhforchur orthu chun a gceadúnas tiomána, aitheantas do bhailíocht an cheadúnais tiomána nó an ceart tiomána a aisghabháil. Ag an am céanna, ba cheart a shoiléiriú nár cheart toirmeasc a chur ar thiomáint ar feadh tréimhse éiginnte mar thoradh ar aon iompraíocht de chuid na saoránach, nó ar easpa oiriúnachta coirp nó meabhrach chun tiomána, ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis. Ba cheart coinníollacha a leagan amach do Bhallstáit seachas an Ballstát a d’fhorchuir cur ar ceal, tarraingt siar, cur ar fionraí nó srianadh ceadúnais tiomána, le go mbeidís in ann ceadúnas tiomána a eisiúint don duine sin mar sin féin, má mheastar é a bheith iomchuí bunaithe ar chinneadh feasach, agus i gcás ina bhfuil bailíocht an cheadúnais tiomána arna eisiúint teoranta do chríoch na mBallstát nár fhorchuir toirmeasc ar feadh tréimhse éiginnte. |
|
(47) |
Ba cheart scéim tiomána tionlactha uile-Aontais a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí áirithe ceadúnas tiomána, chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht ar bhóithre. Le rialacha na scéime sin, ba cheart an deis a thabhairt d’iarratasóirí ceadúnais tiomána a fháil sna catagóirí ábhartha sula sroichtear an aois íosta is gá. Ba cheart, áfach, úsáid na gceadúnas tiomána sin a bheith faoi réir tiománaí a bhfuil taithí aige nó aici, mar shampla duine den teaghlach, a bheith i dtionlacan an tsealbhóra. I gcásanna den sórt sin, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit, ar chúiseanna sábháilteachta ar bhóithre, coinníollacha agus rialacha níos déine a shainiú laistigh dá gcríoch maidir leis na ceadúnais tiomána atá eisithe acu. |
|
(48) |
Leis an scéim tiomána tionlactha, gan dochar dá sprioc fhoriomlán an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, d’fhéadfaí rannchuidiú le go mbeadh gairm an tiománaí trucailí níos inrochtana agus níos tarraingtí do na glúnta óga, chun a gcuid féidearthachtaí ceirde a leathnú, agus chun cabhrú le dul i ngleic leis an nganntanas tiománaithe san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit an scéim sin a chur i bhfeidhm maidir le ceadúnais tiomána de chatagóirí C1, C1E agus C chomh maith le ceadúnais tiomána de chatagóir B, agus ba cheart aitheantas frithpháirteach a thabhairt do na ceadúnais tiomána a eisítear dá réir sna Ballstáit sin a chuireann an raon feidhme níos mó sin i bhfeidhm maidir leis an scéim. |
|
(49) |
Níor cheart don scéim tiomána tionlactha srian a chur ar roghanna reatha na mBallstát an aois íosta do chatagóir B a ísliú ná coinníollacha gaolmhara a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(50) |
Ba cheart simpliú a dhéanamh ar na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i dTreoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) maidir le bus de chatagóir D nó DE a thiomáint ó aois áirithe tar éis cáilíocht ghairmiúil a fháil, gan an tsábháilteacht ar bhóithre a chur i mbaol. |
|
(51) |
Moltar do na Ballstáit dlús a chur le comhpháirtíochtaí idir comhlachtaí oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear ollscoileanna agus gairmscoileanna, agus cuideachtaí iompair agus lóistíochta, chun dul i ngleic leis an nganntanas tiománaithe gairmiúla san Aontas. Le forbairt printíseachtaí, tréimhsí oiliúna agus tairiscintí oideachais comhchosúla sna comhpháirtíochtaí sin agus trí thacaíocht a thabhairt dóibh, ba cheart an deis a thabhairt do thiománaithe gairmiúla amach anseo a bheith níos eolaí ar thairbhí agus dúshláin na gairme, feabhas a chur ar a scileanna oibríochtúla agus eagraíochtúla agus taithí a fháil, agus ardteicneolaíochtaí agus ardteicnící á n-úsáid ag an am céanna. Moltar don Choimisiún tacú le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí idir gairmscoileanna agus cuideachtaí lóistíochta agus iompair chun infhaighteacht tiománaithe gairmiúla agus infhaighteacht a scileanna a fheabhsú, trí úsáid a bhaint as cláir de chuid an Aontais amhail Erasmus+. |
|
(52) |
Agus breithniú á dhéanamh ar na foinsí ioncaim atá ann chun cabhrú leis an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as ioncam a ghintear ó phionóis airgeadais le haghaidh cionta tráchta a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) chun an tsábháilteacht ar bhóithre a mhéadú agus chun trédhearcacht na mbeart sábháilteachta ar bhóithre a áirithiú. |
|
(53) |
Ba cheart a áirithiú nach gcuirfidh tiománaithe a fhaigheann ceadúnas tiomána den chéad uair an tsábháilteacht ar bhóithre i mbaol. I gcás na dtiománaithe nuacheadúnaithe sin, ba cheart tréimhse phromhaidh 2 bhliain ar a laghad a bheith i gceist, ar cheart feidhm a bheith ag rialacha nó smachtbhannaí níos déine lena linn maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil, gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát iompraíocht na dtiománaithe a rialáil. D’fhéadfaí a áireamh ar na rialacha níos déine sin oiliúint shonrach do thiománaithe nuacheadúnaithe ina bhfaighidís tuilleadh teagaisc maidir le feasacht ar rioscaí agus ina ndéanfaidís machnamh ar a n-iompraíocht. Ba cheart bearta speisialta a bhunú freisin chun a áirithiú go laghdófar an tiomáint faoi thionchar drugaí i measc tiománaithe nuacheadúnaithe, agus lena spreagadh chun na córais sábháilteachta riachtanacha a úsáid mar is cuí. D’fhéadfaí rialacha nó smachtbhannaí níos déine a áireamh ar na bearta sin. I gcás ina n-úsáidtear smachtbhannaí, ba cheart dóibh a bheith éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach, agus d’fhéadfaí dícháiliú tiomána a áireamh leo, chomh maith le hoiliúint shonrach do thiománaithe nuacheadúnaithe maidir le feasacht ar rioscaí. Ar na bearta speisialta sin, d’fhéadfaí iarrachtaí spriocdhírithe forfheidhmiúcháin agus feachtais a áireamh. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rialacha breise a chur i bhfeidhm gan srian ina gcríoch féin maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, amhail an dara tréimhse phromhaidh le haghaidh catagóir bhreise de cheadúnas tiomána chun na rioscaí agus na scileanna riachtanacha éagsúla a bhaineann leis an gcatagóir nua a chur san áireamh. |
|
(54) |
Léiríodh gur modh éifeachtach chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú iad na scéimeanna ginearálta neamhfhulaingthe i leith na tiomána faoi thionchar an óil, ar scéimeanna iad atá mar chuid den fhorfheidhmiú spriocdhírithe. Meastar go coitianta gurb é an tomhas is éifeachtaí chun básanna agus gortuithe ar bhóithre a laghdú teorainn nialais ar alcól, gan nochtadh de thaisme ná nochtadh nach bhfuil aon tionchar aige ar an bhfeidhmíocht tiomána a chur san áireamh. Tá beartais neamhfhulaingthe ar thiomáint faoi thionchar drugaí á dtabhairt isteach freisin. Moltar do na Ballstáit scéimeanna ginearálta neamhfhulaingthe den sórt sin a choinneáil agus a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta, agus ba cheart scéim na tréimhse promhaidh a bheith ina beart comhlántach dóibh lena ndírítear ar ró-ionadaíocht tiománaithe nuacheadúnaithe, daoine óga den chuid is mó, i dtionóiscí tráchta ar bhóithre a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil agus úsáid drugaí. |
|
(55) |
Moltar do na Ballstáit oiliúint aoisoiriúnach ar rialacha maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre agus feasacht ar rioscaí tráchta a áireamh mar chuid dá gcuraclaim bhunscoile agus mheánscoile, rud a bheadh ar aon dul freisin leis an tóir mhéadaithe ar ghléasanna soghluaisteachta pearsanta amhail rothair leictreacha agus scútair leictreacha. Má fhoghlaimítear na rialacha bunúsacha maidir leis an tsábháilteacht ar bhóithre ag aois óg, is féidir cabhrú le tionóiscí tráchta ar bhóithre a chosc, trí fheasacht agus iompraíocht fhreagrach a chothú, agus ar an gcaoi sin é a chur ar chumas saoránach ó aois óg cinntí sábháilte a dhéanamh ar bhonn eolas láidir ar na rialacha is infheidhme agus ar na rioscaí. Moltar don Choimisiún é a chur ar chumas na mBallstát agus a n-údarás dea-chleachtais a mhalartú eatarthu féin agus tacú le malartú na ndea-chleachtas sin, lena n-áirítear trí thacaíocht airgeadais. |
|
(56) |
Ba cheart caighdeáin íosta a bhunú maidir le rochtain ar ghairm an scrúdaitheora tiomána agus maidir leis na ceanglais oiliúna do scrúdaitheoirí tiomána chun feabhas a chur ar eolas agus scileanna na scrúdaitheoirí, lena n-áirítear tástáil ar bhrath guaiseacha, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfaí meastóireacht níos oibiachtúla ar iarratasóirí ar cheadúnais tiomána agus go ndéanfaí comhchuibhiú níos fearr ar na tástálacha tiomána. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na caighdeáin íosta sin a leasú, chun iad a oiriúnú d’aon fhorbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha sa réimse sin, lena n-áirítear ardchórais cúnta tiománaithe agus córais tiomána uathoibrithe, i gcás inar gá sin. |
|
(57) |
Ba cheart coincheap an ghnáthchónaithe a bhunú ar bhealach lenar féidir fadhbanna a thagann chun cinn a réiteach i gcás nach féidir an gnáthchónaí a bhunú ar bhonn naisc cheirde nó phearsanta. Maidir leis an riail nach féidir ach Ballstát an ghnáthchónaithe ceadúnais tiomána a eisiúint, d’fhéadfadh an riail sin a bheith ina bacainn dhíréireach teanga i gcásanna áirithe. Dá bhrí sin, i gcásanna nach dtugann Ballstát an ghnáthchónaithe an deis tástálacha a dhéanamh i dteanga oifigiúil an Bhallstáit dar saoránach an t-iarratasóir, ba cheart don iarratasóir a bheith in ann an tástáil teoirice nó phraiticiúil, nó an dá thástáil, a dhéanamh i mBallstát shaoránacht an iarratasóra. Níor cheart don mhaolú sin cosc a chur ar na Ballstáit gníomhú in aghaidh mí-úsáid nó calaois a d’fhéadfadh teacht chun cinn de bharr na solúbthachta nua. Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos do thaidhleoirí agus dá dteaghlaigh, i gcás ina mbíonn ar thaidhleoirí, mar gheall ar a n-oibleagáidí gairmiúla, cónaí thar lear ar feadh tréimhse fhada ama. |
|
(58) |
Ba cheart do na Ballstáit cúnamh a thabhairt dá chéile maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. A mhéid is féidir, ba cheart dóibh líonra an Aontais um cheadúnais tiomána dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2006/126/CE a úsáid chun an cúnamh sin a sholáthar. Is é is aidhm do líonra an Aontais um cheadúnais tiomána a ráthú go n-aithneofar doiciméid agus cearta faighte de thionscnamh na mBallstát, calaois doiciméad agus an tiomáint gan údarú a chomhrac, eisiúint ilcheadúnas tiomána a sheachaint, agus forfheidhmiú dícháiliú tiomána a éascú. Go háirithe, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit a fhíorú go córasach nach ann a thuilleadh do na cúiseanna ba chúis le cur ar ceal, tarraingt siar, cur ar fionraí nó srianadh a forchuireadh roimhe sin. Níor cheart a cheadú go n-úsáidfí líonra an Aontais um cheadúnais tiomána chun gníomhartha eile de chuid an Aontais a chur chun feidhme ach amháin ar choinníoll go bhforáiltear go soiléir do na húsáidí sin sa Treoir seo. |
|
(59) |
Chun a áirithiú go mbeifear in ann tuarascálacha fóinteacha a ullmhú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na gceadúnas tiomána idir fhisiciúil agus mhóibíleach a eisiatar, a athnuaitear, a athsholáthraítear, a tharraingítear siar agus a mhalartaítear, le haghaidh gach catagóire. Ba cheart staidreamh a chur ar fáil don Choimisiún freisin maidir le tionóiscí tromchúiseacha tráchta ar bhóithre a bhfuil baint ag tiománaithe 17 mbliana d’aois atá rannpháirteach i scéim tiomána tionlactha leo, mar chuid den bhailiú sonraí ginearálta maidir le tionóiscí tráchta ar bhóithre a bhfuil baint ag tiománaithe gairmiúla leo. I bhfianaise ullmhú na dtuarascálacha sin, chúnamh frithpháirteach na mBallstát maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, agus iarrachtaí comhpháirteacha na mBallstát an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú i gcoitinne, moltar do na Ballstáit faisnéis a chomhroinnt eatarthu féin agus leis an gCoimisiún go tráthrialta maidir lena ndea-chleachtais i ndáil le bearta sábháilteachta ar bhóithre a bhaineann le tiománaithe, mar shampla oiliúint maidir le feasacht ar rioscaí, scéimeanna le haghaidh tiománaithe nuacheadúnaithe, aird ar úsáideoirí soghonta bóithre, oiliúint ar feadh an tsaoil, agus faireachán ar a oiriúnaí atá an tiománaí chun tiomána. Is féidir an chomhroinnt sin a bheith mar chuid d’obair thionscadail, amhail an Fhaireachlann Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Malartán Sábháilteachta ar Bhóithre an Aontais Eorpaigh, nó de chruinnithe tráthrialta grúpaí saineolaithe. Is foinse luachmhar don fhoghlaim fhrithpháirteach agus do mhalartú na ndea-chleachtas iad na difríochtaí i modhanna, cleachtais agus saintréithe náisiúnta idir na Ballstáit. |
|
(60) |
Leanann forbairtí agus nuálaíochtaí teicneolaíochta i bhfeithiclí breosla mhalartaigh, a dhéanann difear do mhais feithiclí, de thionchar a bheith acu ar an gcreat rialála lena rialaítear ceadúnais tiomána. Ós rud é go bhfuil an creat sin casta ó thaobh na teicneolaíochta de, ba cheart é a fhorbairt ar bhealach lena n-áirithítear an deimhneacht dhlíthiúil agus lena gcloítear le prionsabal na neodrachta teicneolaíche, lena n-áirithítear nach bhfuil na rialacha i bhfabhar nó i gcoinne teicneolaíochtaí sonracha, mura bhfuil údar cuí leis sin, agus ina ionad sin go ndéanann siad creat cothrom a chur ar fáil a sheasann an aimsir. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn teicneolaíoch arna dhéanamh i bhfeithiclí breosla mhalartaigh, agus measúnú a dhéanamh ar a thionchar ar chéimniú agus coibhéisí idir catagóirí ceadúnas tiomána, chun creat rialála soiléir, cothrom agus cothrom le dáta a áirithiú lena gcosnaítear an tsábháilteacht ar bhóithre gan srian a chur leis an nuáil. |
|
(61) |
Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, agus go háirithe chun na hIarscríbhinní a ghabhann léi a choigeartú d’aon fhorbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar na codanna de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo lena rialaítear na sonraíochtaí do cheadúnais tiomána fhisiceacha; leasú a dhéanamh ar an gcuid sin de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo lena leagtar síos na sonraíochtaí do cheadúnais tiomána mhóibíleacha; leasú a dhéanamh ar an gcuid sin de na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo lena rialaítear na rialacha maidir leis na cóid náisiúnta agus cóid an Aontais is infheidhme; leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir seo lena sonraítear íoscheanglais áirithe maidir le heisiúint, bailíocht agus athnuachan ceadúnas tiomána; agus leasú a dhéanamh ar na hIarscríbhinní lena leagtar síos na caighdeáin íosta do scrúdaitheoirí tiomána. Ba cheart an chumhacht sin a dheonú go ceann 5 bliana, ós rud é go dtarlaíonn forbairtí teicniúla, oibríochtúla agus eolaíocha go minic a mbíonn éifeacht acu ar na hábhair a rialaítear leis na hIarscríbhinní sin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(62) |
Ba cheart don Choimisiún grúpa saineolaithe tiomnaithe a bhunú maidir le ceadúnais tiomána agus ábhair ghaolmhara, chun go mbeidh sé in ann, nuair is gá, raon ábhartha saineolais a cheadú chun a chumhacht a fheidhmiú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus chun an malartú a éascú agus a spreagadh ar leibhéal an Aontais idir páirtithe leasmhara agus saineolaithe na mBallstát maidir le gach ábhar a bhaineann le ceadúnais tiomána, nósanna imeachta ceadúnúcháin, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus bacainní riaracháin a bhaint a chuireann srian ar shaoránaigh nó ar fhiontair. Go háirithe, ba cheart don ghrúpa saineolaithe malartú na ndea-chleachtas a éascú maidir le ceanglais aoise agus oiriúnachta d’iarratasóirí ar cheadúnais tiomána, maidir leis na tairbhí a bhaineann le córais cheadúnúcháin chéimnithe agus foghlaim ar feadh an tsaoil, maidir le héifeachtaí teicneolaíochtaí nua amhail an ceadúnas tiomána móibíleach agus an tiomáint uathoibrithe nó chuidithe, maidir le baint na mbacainní ar shaorghluaiseacht shealbhóirí na gceadúnas tiomána sin nach bhfuil aitheanta go frithpháirteach a éascú, amhail na ceadúnais sin le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, agus maidir le rialacha a bhaineann le hoiliúint agus tástáil tiománaithe nua. |
|
(63) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Treoir seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir le gnéithe idir-inoibritheachta na gcód QR a ionchorpraítear i gceadúnais tiomána fhisiceacha, agus na bearta slándála atá le comhlíonadh ag na cóid QR sin, agus forálacha a bhaineann le dreach fisiceach, idir-inoibritheacht, tástáil, caighdeáin i ndáil le nuashonrú sonraí agus taifead, agus slándáil ceadúnas tiomána móibíleach, bearta eagraíochtúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint, agus na caighdeáin theicniúla agus slándála do mhalartú ceadúnas tiomána móibíleach agus liostaí iontaofa na n-eisitheoirí iontaofa chun ceadúnais tiomána mhóibíleacha a fhíorú, lena n-áirítear gnéithe fíorúcháin agus an comhéadan le córais náisiúnta, a mhéid is féidir, agus an creat ginearálta agus na sonraíochtaí teicniúla is gá chun go n-aithneoidh údaráis tríú tír na ceadúnais tiomána sin á gcur san áireamh freisin; agus tacar coiteann rialacha a leagan síos lena rialaítear oibriú líonra an Aontais um cheadúnais tiomána, lena n-áirítear na ceanglais mhionsonraithe oibríochtúla, chomhéadain agus theicniúla, chun go n-áiritheofar idir-inoibritheacht idir na córais náisiúnta atá nasctha le líonra an Aontais um cheadúnais tiomána, cosaint sonraí pearsanta a mhalartaítear trí líonra an Aontais um cheadúnais tiomána agus oibriú leordhóthanach fheidhmiúlachtaí uile an líonra sin a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. |
|
(64) |
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse bailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána ar fud an Aontais, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne a bhaineann le géarchéim. |
|
(65) |
Ar mhaithe le comhsheasmhacht, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1724 agus Treoir (AE) 2022/2561, ina dtugtar aghaidh ar ábhair áirithe a chumhdaítear leis an Treoir seo, a leasú. |
|
(66) |
Ba cheart Treoir 2006/126/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún (12) a aisghairm. |
|
(67) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon líon na n-íospartach i dtionóiscí tráchta ar bhóthair san Aontas a laghdú go mór agus saorghluaiseacht saoránach a éascú trí fhoráil a dhéanamh do rialacha aonfhoirmeacha maidir leis an gceart tiomána agus ceadúnais tiomána a eisiúint agus a athnuachan agus maidir lena n-aithint fhrithpháirteach, ós rud é go n-eascródh ceanglais as na rialacha náisiúnta lena rialaítear eisiúint, athnuachan, athsholáthar agus malartú ceadúnas tiomána, ceanglais a bheadh chomh héagsúil sin nach bhféadfaí leibhéal na sábháilteachta ar bhóithre agus na saorghluaiseachta saoránach a sholáthraítear leis na rialacha comhchuibhithe, agus, de bharr chineál trasteorann agus uile-Aontais an tráchta ar bhóithre agus an ghá atá le híoscheanglais chomhchoiteanna a leagan síos, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(68) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus thug an Maoirseoir tuairim an 25 Aibreán 2023 (14). |
|
(69) |
I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (15), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. A mhéid a bhaineann leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar le doiciméid den sórt sin a tharchur, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
samhlacha, caighdeáin agus catagóirí ceadúnas tiomána; |
|
(b) |
eisiúint, bailíocht, athnuachan agus aithint fhrithpháirteach ceadúnas tiomána; |
|
(c) |
gnéithe áirithe de mhalartú, athsholáthar, cur ar ceal, tarraingt siar, cur ar fionraí agus srianadh ceadúnas tiomána; |
|
(d) |
gnéithe áirithe is infheidhme maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe, go háirithe maidir le scéim tiomána tionlactha agus tréimhse phromhaidh. |
2. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
innealra soghluaiste nach innealra bóthair é mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); agus |
|
(b) |
feithiclí cumhacht-tiomáinte a ghluaiseann ar rothaí nó ar ráillí, ag a bhfuil dhá acastóir ar a laghad, agus a mbaineann a bpríomhfheidhm lena gcumhacht tarraingthe, iad deartha go speisialta chun uirlisí, innealra nó leantóirí áirithe a tharraingt, a bhrú, a iompar nó a oibriú, ar rudaí iad a úsáidtear i ndáil le hoibríochtaí talmhaíochta nó foraoiseachta, agus gur feidhm thánaisteach agus feidhm thánaisteach amháin é iad a úsáid chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána’ doiciméad, agus é i bhformáid fhisiciúil nó i bhformáid dhigiteach, nó sa dá fhormáid, lena ndeimhnítear an ceart feithiclí cumhacht-tiomáinte a thiomáint agus ina sonraítear na coinníollacha faoina bhfuil an sealbhóir údaraithe tiomáint; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána fisiceach’ ceadúnas tiomána atá i bhformáid fhisiceach; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘ceadúnas tiomána móibíleach’ ceadúnas tiomána atá i bhformáid dhigiteach; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘feithicil chumhacht-tiomáinte’ aon fheithicil fhéinghluaiste bhóthair, seachas feithicil ráille-iompartha; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘feithicil dhá roth’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17); |
|
(6) |
ciallaíonn ‘feithicil trí roth’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘cuadrothar éadrom’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘gluaisrothar’ feithicil dhá roth le carr cliathánach nó gan carr cliathánach, dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (c) agus (d), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘trírothach cumhachtaithe’ feithicil ag a bhfuil trí roth agus iad leagtha amach go siméadrach, dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (e), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘mótarfheithicil’ aon fheithicil chumhacht-tiomáinte a úsáidtear de ghnáth chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí a úsáidtear chun daoine nó earraí a iompar a tharraingt ar an mbóthar, agus áirítear busanna tralaí leis; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘bus tralaí’ aon fheithicil ar féidir í a nascadh le seoltóir leictreach agus nach feithicil rianbhunaithe í; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘cuadrothar trom’ feithicil dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘mótarcharbhán’ feithicil shainchuspóireach de chatagóir M dá dtagraítear in Airteagal 4 agus pointe 5.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. |
|
(14) |
ciallaíonn ‘géarchéim’ teagmhas eisceachtúil, gan choinne, tobann, é nádúrtha nó de dhéantús an duine, de chineál agus scála neamhghnách a tharlaíonn laistigh nó lasmuigh den Aontas, ag a bhfuil tionchair shuntasacha dhíreacha nó indíreacha ar réimse an iompair de bhóthar agus a chuireann cosc freisin ar an bhféidearthacht atá ag sealbhóirí ceadúnas tiomána nó ag na húdaráis náisiúnta ábhartha na nósanna imeachta riachtanacha a chur i gcrích lena n-athnuachan nó a chuireann isteach go suntasach ar an bhféidearthacht sin. |
Airteagal 3
Sonraíochtaí caighdeánacha an Aontais maidir le ceadúnais tiomána agus aithint fhrithpháirteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-eisítear a gceadúnais tiomána náisiúnta i gcomhréir leis an Treoir seo, agus go gcomhlíonann siad sonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, agus critéir eile de bhun an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
Airteagal 4, i gcás ceadúnais tiomána fhisiceacha; |
|
(b) |
Airteagal 5, i gcás ceadúnais tiomána mhóibíleacha. |
2. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ceadúnais tiomána fhisiceacha agus mhóibíleacha a eisítear don duine céanna go hiomlán coibhéiseach a mhéid a bhaineann leis na cearta agus na coinníollacha faoina bhfuil an duine sin údaraithe tiomáint, agus a mhéid a bhaineann lena mbailíocht riaracháin.
3. Gan dochar do láimhseáil ceadúnas tiomána atá ann cheana i gcásanna malartaithe nó athsholáthair, i gcomhréir le hAirteagal 13(3) agus (4), ní éileoidh na Ballstáit, mar réamhriachtanas, ceadúnas tiomána fisiceach nó móibíleach a bheith ag an iarratasóir agus ceadúnas tiomána á eisiúint, á athsholáthar, á athnuachan nó á mhalartú san fhormáid eile.
4. Le héifeacht ón dáta 54 mhí ón dáta a ghlactar an chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 5(7), áiritheoidh na Ballstáit go n-eisítear ceadúnais tiomána mhóibíleacha mar fhormáid réamhshocraithe an cheadúnais tiomána, gan dochar do cheart an iarratasóra an ceadúnas tiomána a fháil i bhformáid fhisiceach nó sa dá fhormáid tríd an aon iarratas amháin ag an am céanna. Tar éis ceadúnas tiomána a eisiúint i bhformáid amháin, beidh sé de cheart i gcónaí ag sealbhóir ceadúnais tiomána a iarraidh go n-eiseofar ceadúnas tiomána san fhormáid eile, lena n-áirítear nuair nach bhfuil ceadúnas tiomána an tsealbhóra sin imithe in éag go fóill.
5. Féadfaidh na Ballstáit ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisiúint roimh an dáta dá dtagraítear i mír 4.
6. Déanfar ceadúnais tiomána a eisíonn na Ballstáit a aithint go frithpháirteach. Mar sin féin, ní dhéanfar ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a aithint go frithpháirteach ach amháin tar éis an dáta a leagtar síos i mír 4 den Airteagal seo.
Airteagal 4
Ceadúnais tiomána fhisiceacha
1. Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána fhisiceacha ar bhonn shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
2. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun gach riosca a sheachaint go ndéanfaí ceadúnais tiomána a bhrionnú, lena n-áirítear ceadúnais tiomána a eisíodh roimh an 19 Eanáir 2013. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a rinneadh.
Déanfar ceadúnais tiomána fhisiceacha a chosaint ar bhrionnú, ar a laghad, trí bhíthin shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Cuid A2. Féadfaidh na Ballstáit gnéithe slándála breise a thabhairt isteach.
3. I gcás ina dtéann sealbhóir ceadúnais tiomána fhisicigh bhailí nach ngabhann tréimhse bailíochta riaracháin leis chun gnáthchónaí i mBallstát seachas an Ballstát eisiúna, féadfaidh an Ballstát óstach na tréimhsí bailíochta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 10(2) a chur i bhfeidhm ar an gceadúnas, tríd an gceadúnas tiomána a athnuachan, amhail ó 2 bhliain ón dáta a chuaigh an sealbhóir chun gnáthchónaí ar a chríoch.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh gach ceadúnas tiomána fisiceach arna eisiúint nó i gcúrsaíocht ceanglais uile na Treorach seo faoin 19 Eanáir 2033.
5. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh micrishlis a ionchorprú mar chuid den cheadúnas tiomána fisiceach. I gcás ina gcinneann Ballstát micrishlis a ionchorprú mar chuid dá cheadúnas tiomána fisiceach, féadfaidh sé, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh lena dhlíthe náisiúnta a bhaineann le ceadúnais tiomána, a chinneadh freisin sonraí a stóráil ar an micrishlis atá sa bhreis ar na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn I, Cuid D.
I gcás ina bhforálann na Ballstáit do mhicrishlis mar chuid den cheadúnas tiomána fisiceach, cuirfidh siad na ceanglais theicniúla ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Codanna B go B4, i bhfeidhm ar a laghad. Féadfaidh na Ballstáit gnéithe slándála breise a thabhairt isteach.
I gcás ina nglacann na Ballstáit cinneadh micrishlis a ionchorprú sna ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisíonn siad, nó i gcás ina leasaíonn siad an cinneadh sin ina dhiaidh sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas laistigh de 3 mhí ón dáta a ghlactar an cinneadh ábhartha. Na Ballstáit a bhfuil micrishlis ionchorpraithe acu ina gceadúnais tiomána fhisiceacha cheana féin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin faoin 26 Feabhra 2026..
6. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cód QR a ionchorprú, in ionad na micrishlise nó in éineacht léi, sa spás a áirithítear don mhicrishlis sna ceadúnais tiomána fhisiceacha a eisíonn siad. Leis an gcód QR, beifear in ann barántúlacht na faisnéise a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon bheart a bhfuil sé mar aidhm leis cód QR a thabhairt isteach ar a gceadúnais tiomána agus faoi aon leasuithe ina dhiaidh sin ar bheart den sórt sin, laistigh de 3 mhí tar éis a ghlactha.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe a bhaineann leis na gnéithe idir-inoibritheachta agus na bearta slándála atá le comhlíonadh ag cóid QR a ionchorpraítear i gceadúnais tiomána fhisiceacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
7. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoinneoidh an fíoraitheoir na sonraí pearsanta is gá chun an fhaisnéis a thuairiscítear ar an gceadúnas tiomána fisiceach a fhíorú, ach amháin má údaraítear iad a choinneáil le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus áiritheoidh siad nach dtabharfar fógra don údarás a d’eisigh an ceadúnas tiomána faoin bhfíorú.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun Iarscríbhinn I, Codanna A1 agus A2, B go B4 agus D, a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 5
Ceadúnais tiomána mhóibíleacha
1. Eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána mhóibíleacha ar bhonn shonraíochtaí caighdeánacha an Aontais a leagtar síos in Iarscríbhinn I, Cuid C.
2. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na ceadúnais tiomána mhóibíleacha a eisíonn sé infhaighte go leictreonach saor in aisce ag na sealbhóirí.
Eiseofar ceadúnais tiomána mhóibíleacha chuig sealbhóirí lena n-úsáid le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití mar ríomhdhearbhuithe saintréithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sonraí sna ceadúnais tiomána mhóibíleacha sa bhreis ar na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid D, agus nach bpróiseálfaidh an fíoraitheoir, chun críche fíorúcháin, sonraí pearsanta seachas na sonraí sin is gá chun cearta tiomána an tsealbhóra a fhíorú.
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcoinneoidh an fíoraitheoir na sonraí pearsanta is gá chun cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána mhóibíligh a fhíorú, ach amháin má údaraítear iad a choinneáil le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
5. Cuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún liosta d’eisitheoirí ceadúnas tiomána móibíleach, agus coinneoidh siad an liosta sin cothrom le dáta. Cuirfidh an Coimisiún na liostaí sin ar fáil don phobal trí chainéal slán agus i bhfoirm ríomhshínithe nó ríomhshéalaithe a bheidh oiriúnach do phróiseáil uathoibrithe.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun Iarscríbhinn I, Cuid C, a leasú, i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
7. Faoin 26 Samhain 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos forálacha mionsonraithe a bhaineann le dreach fisiceach, idir-inoibritheacht, tástáil, caighdeáin i ndáil le nuashonrú sonraí agus taifead, agus slándáil ceadúnas tiomána móibíleach, bearta eagraíochtúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint, agus na caighdeáin theicniúla agus slándála do mhalartú ceadúnas tiomána móibíleach agus liostaí iontaofa na n-eisitheoirí iontaofa chun ceadúnais tiomána mhóibíleacha a fhíorú, lena n-áirítear gnéithe fíorúcháin agus an comhéadan le córais náisiúnta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, a mhéid is féidir, an creat ginearálta agus na sonraíochtaí teicniúla is gá chun go n-aithneoidh údaráis tríú tíortha na ceadúnais tiomána sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
Airteagal 6
Catagóirí ceadúnas tiomána
1. Leis an gceadúnas tiomána, beidh an sealbhóir i dteideal feithiclí cumhacht-tiomáinte a thiomáint de réir na gcatagóirí seo a leanas:
|
(a) |
móipéidí: catagóir AM:
|
|
(b) |
gluaisrothair agus trírothaigh chumhachtaithe:
Féadfar leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta nach mó ná leath mheáchan mhais gan ualach na feithicle tarraingthe a chónascadh le feithiclí cumhacht-tiomáinte sna catagóirí dá dtagraítear i bpointe (a) agus sa phointe seo. Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir leis na ceadúnais tiomána a eisíonn siad, bunaithe ar cheisteanna sábháilteachta ar bhóithre. |
|
(c) |
mótarfheithiclí:
|
2. Féadfaidh na Ballstáit cineálacha sonracha áirithe feithiclí cumhacht-tiomáinte, lena n-áirítear feithiclí speisialta do dhaoine faoi mhíchumas, a eisiamh ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, faoi réir réamhthoiliú ón gCoimisiún, a bheidh bunaithe ar mheasúnú ar thionchar an eisiaimh atá beartaithe ar shábháilteacht ar bhóithre.
Féadfaidh na Ballstáit cineálacha feithiclí arna n-úsáid ag na fórsaí armtha agus ag comhlachtaí cosanta sibhialta, nó atá faoina smacht, a eisiamh ó chur i bhfeidhm na Treorach seo. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.
Airteagal 7
Aoiseanna íosta
1. Is mar seo a leanas a bheidh aois íosta iarratasóra ar féidir ceadúnas tiomána a eisiúint dó nó di:
|
(a) |
16 bliana i gcás chatagóirí AM, A1 agus B1; |
|
(b) |
18 mbliana i gcás chatagóirí A2, B, BE, C1 agus C1E; |
|
(c) |
maidir le catagóir A:
|
|
(d) |
21 bhliain i gcás chatagóirí C, CE, D1 agus D1E; |
|
(e) |
18 mbliana i gcás chatagóirí C agus CE ar choinníoll go bhfuil deimhniú ar inniúlacht ghairmiúil (CPC) dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2022/2561 ag an tiománaí; |
|
(f) |
24 bliana i gcás chatagóirí D agus DE; |
|
(g) |
21 bhliain i gcás chatagóirí D agus DE ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó (2) de Threoir (AE) 2022/2561 ag an tiománaí. |
2. Féadfaidh na Ballstáit an aois íosta dá n-eisítear ceadúnas tiomána a ardú nó a ísliú mar a leanas:
|
(a) |
i gcás chatagóir AM, síos go 14 bliana d’aois nó suas go 18 mbliana d’aois; |
|
(b) |
i gcás chatagóir B1, suas go 18 mbliana d’aois; Mar sin féin, i gcás chatagóir B1, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir réamhthoiliú ón gCoimisiún, an aois íosta dá n-eisítear ceadúnas tiomána atá teoranta dá gcríoch a ísliú go 15 bliana, i gcás na bhfeithiclí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), pointe (c), agus faoi na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 6(1), pointe (c)(i), agus in Airteagal 9(4), pointe (c); |
|
(c) |
i gcás chatagóir A1, suas go 18 mbliana d’aois, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
|
|
(d) |
i gcás chatagóirí B agus BE, síos go 17 mbliana d’aois; |
|
(e) |
i gcás chatagóirí D1, D1E, D agus DE, síos go 18 mbliana, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(f) |
i gcás chatagóirí D agus DE, síos go 20 bliain, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir (AE) 2022/2561 ag an tiománaí. |
3. Féadfaidh na Ballstáit an aois íosta do chatagóir C a ísliú go 18 mbliana d’aois agus an aois íosta do chatagóir D a ísliú go 21 bhliain d’aois i ndáil leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
feithiclí éigeandála cumhacht-tiomáinte a úsáidtear chun an tsábháilteacht phoiblí agus an t-ord poiblí a choinneáil ar bun, lena n-áirítear trí chúnamh a chur ar fáil láithreach le linn éigeandálaí nádúrtha nó éigeandálaí de dhéantús an duine, amhail feithiclí póilíneachta, otharcharranna, feithiclí cosanta sibhialta agus tarrthála, nó feithiclí briogáide dóiteáin; |
|
(b) |
feithiclí atá ag dul faoi thástálacha bóthair chun críoch deisiúcháin nó cothabhála. |
4. Ceadúnais tiomána a eisítear i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, ní bheidh siad bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit eisiúna go dtí go mbeidh an aois íosta a leagtar amach i mír 1 bainte amach ag sealbhóir an cheadúnais tiomána, agus ina dhiaidh sin beidh siad bailí ar fud an Aontais.
Féadfaidh na Ballstáit bailíocht ceadúnas tiomána arna n-eisiúint do thiománaithe faoi na haoiseanna íosta a leagtar amach i mír 1 a aithint ar a gcríoch. Mar sin féin, ní aithneoidh siad bailíocht ceadúnas tiomána arna n-eisiúint faoi mhír 2, pointí (b), (e) agus (f).
Féadfaidh na Ballstáit bailíocht na gceadúnas tiomána arna n-eisiúint do thiománaithe faoi na haoiseanna íosta a leagtar amach i mír 3, pointe (a), a aithint go frithpháirteach ar a gcríocha faoi seach.
Airteagal 8
Coinníollacha agus srianta
1. I gcás ina n-eisíonn na Ballstáit ceadúnas tiomána faoi réir coinníollacha, léireoidh siad na coinníollacha sin ar an gceadúnas tiomána, trí bhíthin chóid ábhartha an Aontais, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E. Féadfaidh siad cóid náisiúnta a úsáid freisin chun coinníollacha a léiriú nach gcumhdaítear le hIarscríbhinn I, Cuid E. I gcás ina ndéanann siad amhlaidh, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas go tráthúil agus soláthróidh siad sonraí dó faoi na cóid náisiúnta agus na cásanna ina n-úsáidtear iad, ar theacht i bhfeidhm na Treorach seo agus i gcás ina gcuirtear leis na cóid náisiúnta sin ina dhiaidh sin nó ina ndéantar modhnuithe ar na cóid náisiúnta sin.
Más rud é, de bharr mhíchumas fisiciúil an tiománaí, nach n-eisítear ceadúnas tiomána don tiománaí ach amháin i leith cineálacha áirithe feithiclí nó i leith feithiclí atá oiriúnaithe chun an míchumas fisiciúil sin a chúiteamh, tabharfar faoin tástáil scileanna agus iompraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) i bhfeithicil den sórt sin. Glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun a chur ar chumas daoine atá faoi mhíchumas fisiciúil tabhairt faoin tástáil i bhfeithicil atá oiriúnaithe dá míchumas fisiciúil.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun Iarscríbhinn I, Cuid E, a leasú, i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 9
Céimniú agus coibhéisí idir na catagóirí
1. Ní eiseofar ceadúnais tiomána de chatagóir BE, C1, C1E, C, CE, D1, D1E, D ná DE ach amháin do thiománaithe atá i dteideal feithiclí i gcatagóir B a thiomáint cheana féin.
2. Is mar a leanas a chinnfear bailíocht ceadúnas tiomána:
|
(a) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóir C1E, CE, D1E nó DE bailí freisin do chónaisc feithiclí i gcatagóir BE; |
|
(b) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóir CE bailí freisin do chatagóir DE, mas rud é go bhfuil sealbhóirí na gceadúnas tiomána sin i dteideal feithiclí i gcatagóir D a thiomáint; |
|
(c) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóir C1E nó CE bailí freisin do chatagóir D1E, más rud é go bhfuil sealbhóirí na gceadúnas tiomána sin i dteideal feithiclí i gcatagóir D1 a thiomáint; |
|
(d) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóirí CE agus DE bailí freisin do chatagóirí C agus C1, agus D agus D1, faoi seach; |
|
(e) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóirí CE agus DE bailí freisin do chónaisc feithiclí i gcatagóirí C1E agus D1E faoi seach; |
|
(f) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóirí C1E agus D1E bailí freisin do chatagóirí C1 agus D1, faoi seach; |
|
(g) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint d’aon chatagóir bailí freisin d’fheithiclí cumhacht-tiomáinte i gcatagóir AM. Mar sin féin, maidir le ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ar a chríoch, féadfaidh Ballstát na coibhéisí do chatagóir AM a theorannú do cheadúnais tiomána do chatagóirí A1, A2 agus A, más rud é go bhforchuireann an Ballstát sin tástáil phraiticiúil mar choinníoll chun ceadúnas tiomána a fháil do chatagóir AM; |
|
(h) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóir A2 bailí freisin do chatagóir A1 freisin; |
|
(i) |
beidh ceadúnais tiomána arna n-eisiúint do chatagóir A, B, C nó D bailí freisin do chatagóirí A1 agus A2; B1; C1; D1, faoi seach; |
|
(j) |
2 bhliain tar éis do cheadúnas tiomána de chatagóir B a bheith eisithe den chéad uair, beidh sé bailí freisin chun mótarfheithiclí a thiomáint, lena n-áirítear feithiclí éigeandála cumhacht-tiomáinte a úsáidtear chun an tsábháilteacht phoiblí agus an t-ord poiblí a choinneáil ar bun, lena n-áirítear trí chúnamh a chur ar fáil láithreach le linn éigeandálaí nádúrtha nó éigeandálaí de dhéantús an duine, amhail feithiclí póilíneachta, otharcharranna, feithiclí cosanta sibhialta agus tarrthála, nó feithiclí briogáide dóiteáin, arna gcumhachtú go hiomlán nó go páirteach le breoslaí malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 96/53/CE, agus a fhormheastar faoi Rialachán (AE) 2018/858, ag a bhfuil mais údaraithe uasta is mó ná 3 500 kg ach nach mó ná 4 250 kg. I gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), den Treoir seo, féadfar leantóir a chónascadh leis na feithiclí sin, ar choinníoll nach mó mais údaraithe uasta an chónaisc ná 5 000 kg. Ní chumhdófar mótarcharbháin leis an gcoibhéis dá dtagraítear sa phointe seo; |
|
(k) |
2 bhliain tar éis do cheadúnas tiomána de chatagóir BE a bheith eisithe den chéad uair, beidh sé bailí freisin chun cónasc a thiomáint atá comhdhéanta de mhótarfheithicil, arna cumhachtú go hiomlán nó go páirteach le breoslaí malartacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 96/53/CE, agus a fhormheastar faoi Rialachán (AE) 2018/858, ag a bhfuil mais údaraithe uasta is mó ná 3 500 kg, ach nach mó ná 4 250 kg, mar fheithicil tarraingthe, agus de leantóir nó leathleantóir de chatagóir maise O1 nó O2 a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/858. |
3. Chun tiomáint ar a gcríocha féin faoi seach, féadfaidh na Ballstáit na coibhéisí seo a leanas a dheonú:
|
(a) |
trírothaigh chumhachtaithe faoi cheadúnas tiomána do chatagóir B, i gcás trírothaigh chumhachtaithe ag a bhfuil glanchumhacht uasta is mó ná 15 kW ar choinníoll go bhfuil sealbhóir an cheadúnais tiomána do chatagóir B 21 bhliain d’aois ar a laghad; |
|
(b) |
gluaisrothair de chatagóir A1 faoi cheadúnas tiomána do chatagóir B. |
Na coibhéisí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit a dheonaigh iad iad a aithint go frithpháirteach.
Léireoidh na Ballstáit ar an gceadúnas tiomána go bhfuil sealbhóir i dteideal na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thiomáint trí bhíthin chóid ábhartha an Aontais, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, agus tríothu sin amháin.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan mhoill maidir leis na coibhéisí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dheonaítear ar a gcríocha, lena n-áirítear aon chóid náisiúnta ghaolmhara a úsáideadh roimh an 25 Samhain 2025. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit.
4. Féadfaidh na Ballstáit a údarú gur féidir na catagóirí feithiclí seo a leanas a thiomáint ar a gcríoch:
|
(a) |
feithiclí de chatagóir D1 ag a bhfuil mais údaraithe uasta de 3 500 kg, cé is moite d’aon trealamh speisialaithe atá beartaithe lena úsáid chun paisinéirí faoi mhíchumas a iompar, á dtiomáint ag sealbhóirí os cionn 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B, 2 bhliain ar a laghad tar éis don cheadúnas tiomána sin a bheith eisithe don tiománaí den chéad uair agus ar choinníoll go bhfuil na feithiclí in úsáid ag eintitis neamhthráchtála chun críoch sóisialta agus go soláthraíonn an tiománaí a sheirbhísí nó a seirbhísí ar bhonn deonach; |
|
(b) |
feithiclí ag a bhfuil mais údaraithe uasta is mó ná 3 500 kg á dtiomáint ag tiománaithe os cionn 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B, 2 bhliain ar a laghad tar éis an ceadúnas tiomána sin a bheith eisithe don tiománaí den chéad uair, ar choinníoll go gcomhlíonann na feithiclí gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
|
(c) |
feithiclí de chatagóir B ag a bhfuil mais údaraithe uasta is mó ná 2 500 kg agus luas uasta atá teoranta trí mhodhanna teicniúla do 45 km/h, á dtiomáint ag tiománaithe faoi bhun 21 bhliain d’aois ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B1, a eisíodh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c)(i), an dara fomhír, agus, más ábhartha, Airteagal 7(2), pointe (b); |
|
(d) |
feithiclí cumhacht-tiomáinte a úsáidtear chun an tsábháilteacht phoiblí agus an t-ord poiblí a choinneáil ar bun, lena n-áirítear trí chúnamh a chur ar fáil láithreach le linn éigeandálaí nádúrtha nó éigeandálaí de dhéantús an duine, amhail feithiclí póilíneachta, otharcharranna, feithiclí cosanta sibhialta agus tarrthála, nó feithiclí briogáide dóiteáin, ag a bhfuil mais údaraithe uasta is mó ná 3 500 kg ach nach mó ná 5 000 kg, a bhféadfaí a chónascadh le leantóir nuair nach mó an mhais údaraithe uasta ná 5 000 kg, á dtiomáint ag tiománaithe a bhfuil 20 bliain d’aois slánaithe acu agus a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B ina seilbh acu, tar éis dóibh an oiliúint nó an tástáil, nó an dá rud, a dhéanamh mar a cheanglaítear faoi Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), agus atá ag tiomáint chun na críche sin a bhfuil an fheithicil éigeandála beartaithe lena haghaidh, agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear an tiomáint riachtanach chothabhála agus tástála. |
I gcás ina léiríonn na Ballstáit ar an gceadúnas tiomána go bhfuil sealbhóir i dteideal na feithiclí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), a thiomáint, déanfaidh siad é sin trí bhíthin na gcód náisiúnta ábhartha agus tríothu sin amháin.
Féadfaidh na Ballstáit, go sealadach nó ar feadh tréimhse éiginnte, bailíocht na gceadúnas tiomána arna n-eisiúint faoin gcéad fhomhír, pointe (d), a aithint go frithpháirteach ar a gcríocha faoi seach.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear i gcomhréir leis an mír seo.
5. Beidh na Ballstáit i dteideal a údarú gur féidir le sealbhóirí ceadúnais tiomána a eisítear do chatagóir C feithiclí de chatagóir D nó D1 a thiomáint ar a gcríocha, ar choinníoll nach n-iompraítear aon duine eile san fheithicil agus ar choinníoll gur duine é nó í an tiománaí:
|
(a) |
a bhfuil tástáil ródacmhainneachta á déanamh aige nó aici i gcomhréir le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), laistigh de gha 5 km ón lárionad tástála; nó |
|
(b) |
ar meicneoir é nó í de chuid ceardlann deisithe feithiclí a bhfuil tiomáint tástála á déanamh aige nó aici, laistigh de gha 5 km ón gceardlann, tar éis don fheithicil a bheith deisithe, nó chun críoch cothabhála nó iniúchta, faoi seach. |
Agus é nó í ag fágáil an ionaid tástála nó na ceardlainne, beidh sealbhóir an cheadúnais tiomána de chatagóir C in ann a chruthú le linn aon iniúchadh go bhfuil an fheithicil á tiomáint chun na críche tástála ródacmhainneachta dá dtagraítear i bpointe (a) nó le haghaidh tiomáint tástála dá dtagraítear i bpointe (b). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú a dheonaítear i gcomhréir leis an mír seo.
Airteagal 10
Eisiúint, bailíocht agus athnuachan
1. Ní eiseofar ceadúnais tiomána ach amháin d’iarratasóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
tá pas faighte acu i dtástáil scileanna agus iompraíochta agus i dtástáil teoirice, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, agus comhlíonann siad na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach don tiomáint, i gcomhréir le hIarscríbhinn III; |
|
(b) |
maidir le catagóir AM, tá pas faighte acu i dtástáil teoirice agus i dtástáil teoirice amháin; mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar iarratasóirí pas a fháil i dtástáil scileanna agus iompraíochta agus féadfaidh siad Airteagal 11 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcatagóir sin. Maidir le feithiclí trí roth agus cuadrothair laistigh den chatagóir sin, féadfaidh na Ballstáit tástáil shonrach scileanna agus iompraíochta a fhorchur. Maidir le difreáil feithiclí i gcatagóir AM, féadfar cód náisiúnta a chur isteach ar an gceadúnas tiomána; |
|
(c) |
maidir le catagóir A2 nó catagóir A, agus ar choinníoll go bhfuil taithí 2 bhliain ar a laghad faighte acu ag tiomáint gluaisrothair i gcatagóir A1 nó i gcatagóir A2 faoi seach:
|
|
(d) |
tá oiliúint déanta acu nó pas faighte acu i dtástáil scileanna agus iompraíochta, nó tá oiliúint déanta acu agus pas faighte acu i dtástáil scileanna agus iompraíochta de bhun Iarscríbhinn V maidir le catagóir B chun cónasc feithiclí, mótarcharbhán, feithicil éigeandála nó feithicil breosla mhalartaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (c)(ii), a thiomáint; |
|
(e) |
tá gnáthchónaí orthu ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas tiomána á eisiúint aige, nó tagann siad faoi réim na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 20(3) nó (4), nó is féidir leo fianaise a chur ar fáil go raibh siad, tráth a chuireann siad an t-iarratas isteach, ag staidéar ann ar feadh na 6 mhí roimhe sin ar a laghad. |
2. Is é seo a leanas fad bhailíocht riaracháin na gceadúnas tiomána a eisíonn na Ballstáit:
|
(a) |
15 bliana i gcás chatagóirí AM, A1, A2, A, B, B1 agus BE. Féadfaidh na Ballstáit an fad sin a laghdú go 10 mbliana i gcás ina gceadaítear leis an dlí náisiúnta go n-úsáidtear an ceadúnas tiomána mar dhoiciméad aitheantais phearsanta freisin; |
|
(b) |
5 bliana i gcás chatagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E. |
Nuair a dhéantar ceadúnas tiomána a athnuachan, féadfar tréimhse nua bailíochta riaracháin a bheith i gceist le haghaidh catagóir amháin nó níos mó a bhfuil an sealbhóir i dteideal í nó iad a thiomáint, a mhéid atá sé sin i gcomhréir leis an Treoir seo.
Ní bheidh láithreacht micrishlise nó cóid QR de bhun Airteagal 4(5) agus (6) faoi seach ina réamhriachtanas chun go mbeidh ceadúnas tiomána bailí. Ní bheidh tionchar ag caillteanas ná neamh-inléiteacht na micrishlise ná an chóid QR, ná damáiste ar bith eile dóibh, ar bhailíocht an cheadúnais tiomána.
Chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le tréimhse bailíochta riaracháin aon chatagóire de cheadúnais tiomána a eisítear do thiománaithe nuacheadúnaithe chun bearta sonracha a chur i bhfeidhm maidir le tiománaithe den sórt sin.
Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur leis an tréimhse bailíochta riaracháin atá ag ceadúnais tiomána aonair le haghaidh aon chatagóir más gá seiceálacha leighis, féinmheasúnuithe nó bearta sonracha eile a chur i bhfeidhm ar bhonn níos minice, lena n-áirítear srianta do dhaoine is cúis le sáruithe tráchta.
Cuirfidh na Ballstáit teorainn leis an tréimhse bailíochta riaracháin atá ag ceadúnais tiomána aonair i gcomhréir le hAirteagal 6(1), pointe (c)(i), an dara fomhír. Ceadúnas tiomána atá teoranta mar sin, ní bheidh sé in-athnuaite.
Féadfaidh na Ballstáit na tréimhsí bailíochta riaracháin a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú do cheadúnais tiomána de chuid sealbhóirí a bhfuil cónaí orthu ar a gcríoch agus a bhfuil aois 65 bliana slánaithe acu, chun a cheangal go ndéanfar seiceálacha leighis, féinmheasúnuithe nó bearta sonracha eile ar bhonn níos minice, lena n-áirítear cúrsaí athnuachana. Ní chuirfear tréimhse bailíochta riaracháin laghdaithe den sórt sin i bhfeidhm ach amháin nuair a dhéantar an ceadúnas tiomána a athnuachan.
Féadfaidh na Ballstáit an tréimhse bailíochta riaracháin a leagtar amach sa mhír seo a laghdú do cheadúnais tiomána na ndaoine ar deonaíodh cead cónaithe sealadach dóibh nó a thairbhíonn ar a gcríocha de chosaint shealadach, nó de chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta.
3. Beidh athnuachan ceadúnas tiomána ar dhul in éag a mbailíochta riaracháin faoi réir an dá choinníoll seo a leanas:
|
(a) |
leanann an t-iarratasóir ar an athnuachan de na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach don tiomáint a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh; |
|
(b) |
tá gnáthchónaí ar an iarratasóir ar an athnuachan ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an ceadúnas tiomána á eisiúint aige, nó tagann sé nó sí faoi réim na n-eisceachtaí a leagtar síos in Airteagal 20(3), nó tá fianaise ag an iarratasóir ar an athnuachan go raibh sé nó sí ag staidéar ann ar feadh na 6 mhí roimhe sin ar a laghad, tráth a chuireann sé nó sí a iarratas nó a hiarratas isteach. |
4. Gan dochar do na dlíthe náisiúnta coiriúla agus do na dlíthe náisiúnta póilíneachta, féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a bhaineann le coinníollacha seachas iad siúd a leagtar amach sa Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le heisiúint ceadúnas tiomána. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.
5. Ní bheidh cead ag aon duine níos mó ná ceadúnas tiomána amháin a bheith aige nó aici. Mar sin féin, féadfar ceadúnas tiomána móibíleach a thaispeáint go comhuaineach ar níos mó ná gléas leictreonach amháin.
Diúltóidh Ballstát ceadúnas tiomána a eisiúint má tá ceadúnas tiomána ag an iarratasóir cheana féin a d’eisigh Ballstát eile.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an dara fomhír a chur i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil ceadúnas tiomána eile ag an iarratasóir cheana féin, áireofar ar na bearta riachtanacha maidir le ceadúnas tiomána a eisiúint, a athsholáthar, a athnuachan nó a mhalartú, go ndéanfaí a fhíorú le Ballstáit eile an bhfuil ceadúnas tiomána eile ag an iarratasóir. Chuige sin, úsáidfidh na Ballstáit líonra an Aontais um cheadúnais tiomána.
Gan dochar d’Airteagal 3(6), cuirfidh Ballstát a bhfuil ceadúnas tiomána á eisiúint aige dícheall cuí i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonann duine na ceanglais a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, agus cuirfidh sé i bhfeidhm a fhorálacha náisiúnta maidir leis an gceadúnas tiomána sin nó an ceart tiomána a chur ar ceal má shuitear gur eisíodh ceadúnas tiomána ar leith gan na ceanglais sin a chomhlíonadh.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun Iarscríbhinní II, III, V agus VI a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 11
Comhlíonadh na gcaighdeán íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach
1. Sula n-eisítear ceadúnas tiomána den chéad uair, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh iarratasóirí faoi scrúdú leighis ina gcuirtear i bhfeidhm na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach lena gcumhdaítear na riochtaí sláinte uile a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Níl feidhm aige sin maidir le ceadúnais tiomána i gcatagóir AM a eisiúint ach amháin má cheanglaíonn an Ballstát atá i gceist amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b). Ceanglófar scrúdú leighis a dhéanamh, mar sin féin, i leith iarratais ar cheadúnais tiomána de chatagóir C, CE, C1, C1E, D, D1, DE nó D1E, gan beann ar cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh scrúdú leighis do chatagóir eile.
2. Sula n-athnuaitear ceadúnas tiomána, rachaidh iarratasóirí ar an athnuachan faoi scrúdú leighis lena gcumhdaítear na riochtaí sláinte a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Ní bheidh feidhm aige sin maidir le ceadúnais tiomána i gcatagóir AM a athnuachan ach amháin má cheanglaíonn an Ballstát atá i gceist amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b).
3. D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2, agus a mhéid nach bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn III, amhail i gcás measúnú iomchuí ar radharc na súl le haghaidh iarratasóirí ar cheadúnais tiomána i gcomhréir le hIarscríbhinn III, pointe 3, , féadfaidh na Ballstáit, i gcás chatagóirí AM, A, A1, A2, B, B1 agus BE, seachas a cheangal go ndéanfar scrúdú leighis, ceann amháin nó an dá cheann de na bearta malartacha seo a leanas a chur i bhfeidhm:
|
(a) |
a cheangal ar iarratasóir nó ar shealbhóir an cheadúnais tiomána foirm féinmheasúnaithe a líonadh isteach lena gcumhdaítear na riochtaí sláinte a leagtar amach in Iarscríbhinn III tráth a dhéantar iarratas ar cheadúnas tiomána a eisiúint nó a athnuachan; nó |
|
(b) |
córas náisiúnta measúnaithe oiriúnachta chun tiomána a bhunú chun a áirithiú go bhfreagrófar ar athruithe suntasacha ar an oiriúnacht coirp agus meabhrach chun na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chomhlíonadh, tar éis don cheadúnas tiomána a bheith eisithe don iarratasóir tar éis scrúdú leighis nó féinmheasúnú. |
4. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar chásanna nach gcomhlíontar an ceanglas foirm féinmheasúnaithe a líonadh isteach, nó ar chásanna ina dtugtar faisnéis go feasach san fhoirm féinmheasúnaithe atá mícheart nó neamhiomlán nó ar chásanna nach gcomhlíontar aon cheanglas arna bhunú i gcomhréir le mír 3, pointe (b).
5. Féadfaidh na Ballstáit an beart malartach a chur i bhfeidhm faoi mhír 3, pointe (b), sa chaoi gur féidir faireachán a dhéanamh ar an oiriúnacht chun tiomána le linn tréimhsí bailíochta riaracháin.
6. Más rud é, ar bhonn faisnéis a fuarthas de bhun na mbeart malartach éagsúil a leagtar amach i mír 3, gur léir gur dócha go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na riochtaí sláinte a liostaítear in Iarscríbhinn III ar an iarratasóir nó ar shealbhóir ceadúnais tiomána, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh an t-iarratasóir nó sealbhóir an cheadúnais tiomána faoi scrúdú leighis sula ndéanfaidh na Ballstáit an ceadúnas tiomána a eisiúint nó a athnuachan.
7. Leis an Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt san earnáil sláinte agus i measc sealbhóirí ceadúnais tiomána faoi na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach don tiomáint a leagtar amach in Iarscríbhinn III ná chun feabhas a chur ar an eolas atá ag an earnáil sláinte agus ag sealbhóirí ceadúnais tiomána ar na caighdeáin sin.
Má ghlacann na Ballstáit treoirlínte do liachleachtóirí chun cuidiú le sealbhóirí ceadúnais tiomána a shainaithint nach gcomhlíonann a thuilleadh na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach chun tiomána, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún na treoirlínte sin ar fáil do na Ballstáit eile.
Má fhorbraíonn na Ballstáit feachtais feasachta poiblí chun saoránaigh a chur ar an eolas faoi riochtaí meabhairshláinte nó riochtaí sláinte coirp a d’fhéadfadh cur isteach ar an oiriúnacht chun tiomána, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil do na Ballstáit eile.
8. Féadfaidh na caighdeáin arna leagan síos ag na Ballstáit maidir le ceadúnais tiomána a eisiúint nó aon athnuachan a dhéantar orthu ina dhiaidh sin a bheith níos déine ná na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Airteagal 12
Síneadh a chur le tréimhse bhailíochta i gcás géarchéime
1. I gcás géarchéime, féadfaidh na Ballstáit síneadh a chur le tréimhse bailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána sin a rachadh in éag murach sin, ar feadh uastréimhse 6 mhí. Féadfar an síneadh a athnuachan i gcás ina leanann an ghéarchéim ar aghaidh.
2. Beidh údar cuí le haon síneadh den sórt sin agus tabharfar fógra láithreach ina leith don Choimisiún. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin láithreach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas do bhailíocht na gceadúnas tiomána ar cuireadh síneadh lena dtréimhse bailíochta riaracháin faoin Airteagal seo.
3. Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngéarchéim dá dtagraítear i mír 1 agus a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh chun síneadh a chur le tréimhse bailíochta riaracháin chatagóirí uile na gceadúnas tiomána sin a rachadh in éag murach sin nó le tréimhse bailíochta riaracháin catagóirí áirithe díobh. Ní bheidh an síneadh sin níos faide ná 6 mhí agus féadfar é a athnuachan i gcás ina leanann an ghéarchéim ar aghaidh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(3).
4. I gcás nach ndéantar difear do Bhallstát, agus nach dócha go ndéanfar difear dó, mar gheall ar dheacrachtaí a d’fhág nach rabhthas in ann ceadúnais tiomána a athnuachan de dheasca na géarchéime lena ndéantar difear do dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit dá dtagraítear i mír 3, nó i gcás ina bhfuil bearta náisiúnta iomchuí déanta ag Ballstát chun tionchar na géarchéime sin a mhaolú, féadfaidh an Ballstát sin cinneadh a dhéanamh, tar éis dó an Coimisiún a chur ar an eolas, gan an síneadh a tugadh isteach leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas ina leith sin agus foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 13
Ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag na Ballstáit a mhalartú agus a athsholáthar
1. I gcás ina ndeachaigh sealbhóir ceadúnais tiomána bhailí a d’eisigh Ballstát amháin chun gnáthchónaí i mBallstát eile, féadfaidh an sealbhóir a iarraidh ar an mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi go ndéanfar ceadúnas tiomána an tsealbhóra a mhalartú ar cheadúnas tiomána coibhéiseach. Seiceálfaidh an Ballstát a n-iarrtar air an malartú a dhéanamh an chatagóir nó na catagóirí dá bhfuil an ceadúnas tiomána a n-iarrtar a mhalartú fós bailí.
2. Faoi réir phrionsabal chríochachas na ndlíthe coiriúla agus na ndlíthe póilíneachta, féadfaidh Ballstát an ghnáthchónaithe a fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le ceart tiomána sealbhóra ceadúnais tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile a chur ar ceal, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a shrianadh agus, más gá, féadfaidh sé an ceadúnas tiomána a mhalartú chun na críche sin.
3. An Ballstát a bhfuil ceadúnas tiomána fisiceach á mhalartú aige, cuirfidh sé an seancheadúnas tiomána ar ais chuig údaráis an Bhallstáit eisiúna, agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an malartú.
An Ballstát a bhfuil ceadúnas tiomána móibíleach á mhalartú aige, cuirfidh sé údaráis an Bhallstáit eisiúna ar an eolas agus tabharfaidh sé na cúiseanna atá leis an malartú. Áiritheoidh an Ballstát eisiúna nach féidir an seancheadúnas tiomána móibíleach a thaispeáint a thuilleadh tríd an ngléas leictreonach a úsáideann sealbhóir an cheadúnais tiomána chun na críche sin. Úsáidfidh na Ballstáit líonra an Aontais um cheadúnais tiomána chun críoch cumarsáide.
4. Ceadúnais tiomána fhisiceacha a ndearnadh damáiste dóibh nó ar cailleadh iad nó ar goideadh iad, agus ceadúnais tiomána fhisiceacha nó mhóibíleacha ar baineadh úsáid chalaoiseach astu, ní fhéadfar ceadúnais athsholáthair a fháil ina n-ionad sin ach ó údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar shealbhóir an cheadúnais tiomána, nó ó údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an ceadúnas tiomána má chuirtear Airteagal 20(3) i bhfeidhm. Soláthróidh na húdaráis sin an ceadúnas athsholáthair ar bhonn na faisnéise atá acu nó, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn fianaise ó údaráis inniúla an Bhallstáit a d’eisigh an ceadúnas tiomána bunaidh. Más rud é go ndearna Ballstát seachas an Ballstát a d’eisigh é ceadúnas tiomána a athsholáthar agus más rud é go bhfuil an seancheadúnas tiomána ina sheilbh fós ag sealbhóir an cheadúnais tiomána atá i gceist, nó i gcás inar féidir le sealbhóir an cheadúnais tiomána atá i gceist an seancheadúnas a thaispeáint, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 3.
Airteagal 14
An ceart chun tiomána a fhianú le linn an mhalartaithe nó an athsholáthair
Le linn do cheadúnas tiomána a bheith á athsholáthar nó á mhalartú, áiritheoidh an Ballstát a dhéanann an t-athsholáthar nó an malartú go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann bailíocht chearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána a fhíorú, go háirithe le linn seiceálacha cois bóthair. Chuige sin, soláthróidh an Ballstát gan mhoill i líonra an Aontais um cheadúnais tiomána an fhaisnéis riachtanach faoi cheadúnas tiomána a bheith á athsholáthar nó á mhalartú i gcás inar gá sin de bharr fhad nós imeachta an mhalartaithe nó an athsholáthair. I gcásanna den sórt sin, soláthróidh an Ballstát doiciméad do shealbhóir an cheadúnais tiomána lena mbaineann ina léirítear go ndearnadh iarraidh ar cheadúnas tiomána an tsealbhóra sin a athsholáthar nó a mhalartú.
Airteagal 15
Malartú ceadúnas tiomána arna n-eisiúint ag tríú tíortha
1. I gcás ina bhforálann Ballstát gur féidir ceadúnas tiomána a mhalartú, ar ceadúnas é arna eisiúint ag tríú tír do shealbhóir ceadúnais tiomána a ndeachaigh chun gnáthchónaí ar chríoch an Bhallstáit sin, déanfaidh an Ballstát an ceadúnas a mhalartú i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. I gcás ina ndéanann Ballstát ceadúnas tiomána a mhalartú, ar ceadúnas é arna eisiúint ag tríú tír nárbh ábhar í do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7 den Airteagal seo, déanfar an malartú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána arna eisiúint ag an mBallstát sin trí úsáid a bhaint as an gcód ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, agus déanfar an rud céanna maidir le haon athnuachan nó athsholáthar ina dhiaidh sin. Má aistríonn sealbhóir an cheadúnais tiomána sin a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí chuig Ballstát eile ina dhiaidh sin, féadfaidh an Ballstát eile sin a chinneadh gan prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a leagtar amach in Airteagal 3(6) a chur i bhfeidhm.
I gcás malartuithe den sórt sin, cuirfidh na Ballstáit a ndlí náisiúnta i bhfeidhm, i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear sa mhír seo.
3. I gcás ceadúnas tiomána arna eisiúint i gcatagóir agus ag tríú tír arbh ábhar í do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7, déanfar an malartú sin a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána arna eisiúint ag an mBallstát lena mbaineann trí úsáid a bhaint as an gcód ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E. Sna cásanna sin, déanfaidh na Ballstáit an ceadúnas tiomána a mhalartú i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme ábhartha.
4. I gcás inar malartaíodh ceadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát ar cheadúnas tiomána ó thríú tír, ní cheanglóidh na Ballstáit go gcomhlíonfar aon choinníollacha breise seachas na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 10(3), pointe (a), ná ní dhéanfaidh siad taifead ar aon fhaisnéis bhreise chun an ceadúnas tiomána sin ó thríú tír a mhalartú, a mhéid a bhaineann le catagóirí an cheadúnais tiomána tosaigh.
Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, i gcás ina n-iarrann iarratasóir ceadúnas tiomána a mhalartú atá bailí freisin do chatagóirí a bhfuair an t-iarratasóir an ceart tiomána ina leith i dtríú tír, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:
|
(a) |
má eisíodh an ceadúnas tiomána do chatagóir agus más tríú tír arbh ábhar í do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7 a d'eisigh é, beidh feidhm ag mír 3; |
|
(b) |
in éagmais gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7, beidh feidhm ag mír 2. |
5. Ní tharlóidh na malartuithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 ach amháin má tugadh suas an ceadúnas arna eisiúint ag an tríú tír d’údaráis inniúla an Bhallstáit a n-iarrtar air an malartú a dhéanamh.
6. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhfuil creat iompair de bhóthar ag tríú tír lena ráthaítear, go hiomlán nó go páirteach, leibhéal sábháilteachta ar bhóithre atá inchomparáide le leibhéal an Aontais, rud a fhágann gur féidir na ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag an tríú tír sin a mhalartú, más gá tar éis coinníollacha réamhshainithe áirithe a chomhlíonadh, i gcomhréir le mír 3.
I gcás ina ndéanann an Coimisiún an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh sé, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar chreat iompair de bhóthar an tríú tír. Tabharfaidh na Ballstáit a dtuairim maidir leis an gcreat iompair de bhóthar atá i bhfeidhm sa tríú tír atá sainaitheanta laistigh de thréimhse atá le leagan síos ag an gCoimisiún. 6 mhí ar a laghad a bheidh sa tréimhse sin agus ní bheidh sí níos faide ná 18 mí. Leanfaidh an Coimisiún ar aghaidh leis an measúnú a luaithe a gheobhaidh sé tuairim ó na Ballstáit uile nó a luaithe a bheidh an teorainn ama chun na tuairimí a sheoladh caite, cibé acu is túisce.
Agus measúnú á dhéanamh ar an gcreat iompair de bhóthar atá i bhfeidhm i dtríú tír, cuirfidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh:
|
(a) |
na ceanglais maidir le ceadúnú tiománaithe atá i bhfeidhm, amhail aicmiú catagóirí ceadúnais tiomána, ceanglais aoise íosta, ceanglais agus coinníollacha maidir le hoiliúint agus tástálacha tiomána, agus caighdeáin leighis chun an ceadúnas tiomána a eisiúint; |
|
(b) |
cibé acu a eisíonn nó nach n-eisíonn an tríú tír ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus, má eisíonn, na socruithe teicniúla agus struchtúracha is infheidhme chun an córas a oibriú; |
|
(c) |
a mhéid atá ceadúnais tiomána bhrionnaithe i gcúrsaíocht agus na bearta a dhéantar chun brionnú ceadúnas tiomána agus an t-éilliú i ndáil leis na ceadúnais sin a chosc; |
|
(d) |
tréimhse bailíochta riaracháin na gceadúnas tiomána arna n-eisiúint ag an tríú tír; |
|
(e) |
na dálaí tráchta sa tríú tír agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad inchomparáide leis na dálaí tráchta ar na gréasáin bóithre san Aontas; |
|
(f) |
feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre sa tríú tír; |
|
(g) |
cleachtas agus creat dlíthiúil an tríú tír maidir le ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag na Ballstáit a mhalartú. |
7. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an measúnú dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh agus trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh go bhfuil creat iompair de bhóthar i bhfeidhm ag tríú tír lena ráthaítear, go hiomlán nó go páirteach, leibhéal sábháilteachta ar bhóithre atá inchomparáide le leibhéal an Aontais, chun gur féidir na ceadúnais tiomána arna n-eisiúint ag an tríú tír sin a mhalartú i gcomhréir le mír 3.
Áireofar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a) |
catagóirí na gceadúnas tiomána dá dtagraítear in Airteagal 6, a fhéadfar malartú a dhéanamh ina leith i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo; |
|
(b) |
dátaí eisiúna na gceadúnas tiomána ón tríú tír a bhféadfar malartú a dhéanamh ina ndiaidh i gcomhréir le mír 3; |
|
(c) |
aon choinníollacha ginearálta atá le comhlíonadh chun barántúlacht an doiciméid oifigiúil atá le malartú a fhíorú; |
|
(d) |
aon choinníollacha ginearálta nach mór don iarratasóir a chomhlíonadh, roimh an malartú, chun a léiriú go gcomhlíonann an t-iarratasóir na caighdeáin íosta maidir le hoiriúnacht coirp agus meabhrach a leagtar síos in Iarscríbhinn III. |
I gcás nach bhfágann ceadúnas an iarratasóra le gur féidir leis an iarratasóir an dara fomhír, pointe (a) nó (b), den mhír seo a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an ceadúnas tiomána a mhalartú i gcomhréir le mír 2. I gcás nach féidir leis an iarratasóir an dara fomhír, pointe (c) nó (d), den mhír seo a chomhlíonadh, diúltóidh na Ballstáit an ceadúnas tiomána a mhalartú.
Le haon choinníoll breise a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, forálfar maidir le hinfheidhmeacht fhorálacha náisiúnta an Bhallstáit i gcomhréir le mír 2 nó maidir le malartú an cheadúnais tiomána a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíonann an t-iarratasóir coinníollacha den sórt sin.
Déanfar an gníomh cur chun feidhme faoin mír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
8. Leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun mhír 7, forálfar go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil, gach 4 bliana ar a laghad, ar staid na sábháilteachta ar bhóithre sa tríú tír lena mbaineann. Beidh an deis ag na Ballstáit a dtuairimí a thabhairt. Ag brath ar chonclúidí an athbhreithnithe, déanfaidh an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme sin a choinneáil ar bun, a leasú nó a chur ar fionraí, a mhéid is gá, nó déanfaidh sé é a aisghairm.
9. In Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, foilseoidh an Coimisiún liosta de na tríú tíortha arbh ábhair iad do ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 7, agus foilseoidh sé aon athruithe ábhartha a rinneadh i gcomhréir le mír 8.
10. Chun tacú le comhtháthú tiománaithe gairmiúla tríú tír i margadh inmheánach an Aontais, déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a chur chun cinn laistigh den ghrúpa saineolaithe maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe feithiclí áirithe bóthair a bunaíodh de bhun an cheanglais a leagtar síos in Airteagal 13(4) de Threoir (AE) 2022/2561.
Airteagal 16
Na héifeachtaí a bhaineann le ceart tiomána tiománaí feithicle cumhacht-tiomáinte, ceadúnas tiomána an tiománaí nó an t-aitheantas a tugadh do bhailíocht a cheadúnais tiomána nó a ceadúnais tiomána a chur ar ceal, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a shrianadh
1. Diúltóidh na Ballstáit ceadúnais tiomána a eisiúint d’iarratasóirí a bhfuil a gceadúnas tiomána curtha ar ceal, tarraingthe siar, curtha ar fionraí nó srianta i mBallstát eile.
2. Diúltóidh Ballstát aitheantas a thabhairt do bhailíocht aon cheadúnais tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile do dhuine a bhfuil a cheart tiomána nó a ceart tiomána, a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána, nó an t-aitheantas a tugadh do bhailíocht a cheadúnais tiomána nó a ceadúnais tiomána curtha ar ceal, tarraingthe siar, curtha ar fionraí nó srianta ar chríoch an chéad Bhallstáit sin.
3. Measfar an ceart tiomána, ceadúnas tiomána nó an t-aitheantas a tugadh dá bhailíocht a bheith curtha ar ceal, tarraingthe siar, curtha ar fionraí nó srianta chun críocha an Airteagail seo, go dtí go gcomhlíonfaidh an duine lena mbaineann aon choinníollacha arna bhforchur ag Ballstát, chun an ceart tiomána nó a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána, nó aitheantas do bhailíocht a cheadúnais tiomána nó a ceadúnais tiomána a aisghabháil, nó chun bheith in ann iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nua.
Aon choinníollacha a fhorchuireann na Ballstáit chun go mbeidh cead ag duine an ceart tiomána, a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána nó aitheantas do bhailíocht a cheadúnais tiomána nó a ceadúnais tiomána a aisghabháil, nó chun go mbeidh cead ag an duine iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nua, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coinníollacha sin comhréireach, neamh-idirdhealaitheach do shealbhóirí ceadúnas tiomána arna n-eisiúint ag aon Bhallstát eile, agus nach mbeidh siad ina gcúis, astu féin amháin, le diúltú ar feadh tréimhse éiginnte ceadúnas tiomána a eisiúint ná aitheantas a thabhairt do cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile.
4. I gcás ina bhfuil údar leis ar bhonn iompar nó oiriúnacht coirp nó meabhrach duine, féadfaidh na Ballstáit an duine sin a dhícháiliú chun tiomáint ar a gcríoch ar feadh tréimhse éiginnte gan an deis a thabhairt don duine sin an ceart tiomána, nó a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána nó aitheantas do bhailíocht a cheadúnais tiomána nó a ceadúnais tiomána a aisghabháil nó iarratas a dhéanamh ar cheadúnas tiomána nua.
De mhaolú ar mhír 1, maidir le Ballstát nár dhícháiligh an duine sin chun tiomáint, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ceadúnas tiomána a eisiúint don duine sin. Mar sin féin, féadfaidh an Ballstát a dhícháiligh an duine sin chun tiomáint diúltú, ar a chríoch agus ar feadh tréimhse éiginnte, aitheantas a thabhairt don cheadúnas tiomána arna eisiúint ag Ballstát eile.
Airteagal 17
Scéim tiomána tionlactha
1. D’ainneoin Airteagal 7(1), pointe (b), eiseoidh na Ballstáit ceadúnais tiomána, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), le haghaidh chatagóir B arna marcáil le cód 98.02 an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, d’iarratasóirí a bhfuil 17 mbliana d’aois slánaithe acu.
2. De mhaolú ar Airteagal 7(1), pointí (b) agus (d), faoi seach, féadfaidh na Ballstáit, chun tiomáint ar a gcríocha faoi seach, ceadúnais tiomána a eisiúint le haghaidh chatagóir C1, C1E nó C, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), ar choinníoll go bhfuil ag an iarratasóir CPC arna dhámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Threoir (AE) 2022/2561 le haghaidh chatagóir C nó i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir (AE) 2022/2561 le haghaidh chatagóirí C1 agus C1E, arna mharcáil le cód 98.02 an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, d’iarratasóirí a bhfuil 17 mbliana d’aois slánaithe acu.
Ceadúnais tiomána arna n-eisiúint i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh na Ballstáit a eisíonn ceadúnais tiomána den sórt sin iad a aithint go frithpháirteach.
3. Sealbhóirí ceadúnais tiomána arna mharcáil le cód 98.02 an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, nach bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe acu go fóill, ní thiomáinfidh siad ach amháin nuair a bheidh duine in éineacht leo, sa suíochán paisinéara tosaigh, atá ábalta treoir a chur ar fáil dóibh agus iad ag tiomáint. Comhlíonfaidh an duine tionlacain na rialacha maidir le bheith ag tiomáint faoi thionchar alcóil nó drugaí. Maidir leis an duine tionlacain:
|
(a) |
beidh sé nó sí 24 bliana d’aois ar a laghad; |
|
(b) |
beidh ceadúnas tiomána den chatagóir ábhartha aige nó aici a eisíodh san Aontas níos mó ná 5 bliana ó shin; |
|
(c) |
is duine a bheidh ann nach raibh faoi réir dícháiliú tiomána i mBallstát eisiúna an cheadúnais tiomána dá dtagraítear i bpointe (b) le 5 bliana anuas. |
Féadfaidh Ballstát seachas an Ballstát eisiúna dá dtagraítear i bpointe (c) a fhoráil go ndéanfar dícháiliú tiomána a fhorfheidhmiú laistigh dá chríoch, tar éis cion arna dhéanamh ar a chríoch, rud a d’fheadfadh a thabhairt le tuiscint nach bhfuil sé de chumas ag an duine sin gníomhú mar dhuine tionlacain faoin Airteagal seo.
4. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar na daoine tionlacain dá dtagraítear i mír 3 a shainaithint chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le líon na ndaoine tionlacain a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le tiománaí tionlactha ar leith. Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a chur i bhfeidhm ar a gcríoch atá le comhlíonadh ag an duine atá ag tionlacan sealbhóir ceadúnais tiomána arna eisiúint acu. Beidh coinníollacha den sórt sin comhréireach agus oiriúnach a mhéid a bhaineann le haidhmeanna na scéime tiomána tionlactha a bhaint amach. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na coinníollacha breise sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis na coinníollacha breise sin ar fáil don phobal.
I gcás duine atá ag tionlacan sealbhóir ceadúnais tiomána de chatagóir C, C1E nó C1, féadfar ceann de na ceanglais seo a leanas maidir leis an duine tionlacain, go háirithe, a áireamh sna ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
|
(a) |
go mbeidh an cháilíocht agus an oiliúint ábhartha a sholáthraítear i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2561 ag an duine sin; nó |
|
(b) |
go ndeachaigh an duine sin faoi chúrsa oiliúna tiomnaithe 7 n-uair an chloig ar a laghad, a fhéadfar a mhéadú go 14 uair an chloig, chun na scileanna riachtanacha gairmiúla agus oideolaíocha a fhoghlaim, mar chuid dá oiliúint thréimhsiúil CPC nó dá hoiliúint thréimhsiúil CPC. |
5. Ní chuirfidh an scéim tiomána tionlactha srian ar aon fhéidearthacht atá ag na Ballstáit cheana an aois íosta a ísliú d’iarratasóirí ar cheadúnais tiomána de chatagóir B mar a leagtar amach in Airteagal 7(2) ná coinníollacha gaolmhara a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta.
6. Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir le ceadúnas tiomána arna mharcáil le cód 98.02 an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E, a eisiúint d’iarratasóirí nach bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe acu go fóill. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
Airteagal 18
Tréimhse phromhaidh
1. Measfar gur ‘tiománaí nuacheadúnaithe’ sealbhóir ceadúnais tiomána a eisítear tar éis pas a fháil i dtástáil tiomána a cheanglaítear faoi Airteagal 10(1), pointe (a), agus beidh an duine sin faoi réir tréimhse phromhaidh. Is é an Ballstát a bhfuil an ceadúnas tiomána á eisiúint aige a chinnfidh fad na tréimhse promhaidh, agus ní bheidh sí níos lú ná 2 bhliain.
Má tá ceadúnas tiomána bailí ag an tiománaí nuacheadúnaithe cheana féin le haghaidh catagóir eile feithicle, ní áireofar sa tréimhse phromhaidh, i bprionsabal, ach an méid atá fágtha den tréimhse phromhaidh don cheadúnas tiomána atá ann cheana. Mar sin féin, i gcás tiománaithe nuacheadúnaithe nach bhfuil ach ceadúnas tiomána de chatagóir AM acu, beidh tréimhse phromhaidh nua le déanamh i gcónaí má fhaigheann siad ceadúnas de chatagóir nua. Féadfaidh na Ballstáit, i leith ceadúnais tiomána de chatagóirí seachas AM arna n-eisiúint acu féin, tréimhse phromhaidh bhreise nó fhorlíontach a cheangal, go háirithe chun na rioscaí éagsúla agus na scileanna riachtanacha a bhaineann leis an gcatagóir ceadúnais tiomána nua a chur san áireamh.
2. Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha nó smachtbhannaí, nó an dá rud, maidir le tiomáint faoi thionchar alcóil do thiománaithe nuacheadúnaithe, ar rialacha nó smachtbhannaí iad atá níos déine ná na rialacha nó na smachtbhannaí do thiománaithe nach tiománaithe nuacheadúnaithe iad, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. I gcás ina gcinneann na Ballstáit smachtbhannaí a leagan síos, beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach.
Ina theannta sin, déanfaidh na Ballstáit bearta chun an méid seo a leanas a laghdú:
|
(a) |
tiomáint faoi thionchar drugaí i measc tiománaithe nuacheadúnaithe; |
|
(b) |
neamhchomhlíonadh na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin lena dtrasuitear Treoir 91/671/CEE ón gComhairle (20) maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí. |
3. Ní chuirfidh aon ní san Airteagal seo cosc ar na Ballstáit forálacha neamhfhulaingthe a thabhairt isteach ina ndlí náisiúnta lena gcuirtear cosc ar alcól nó drugaí a úsáid do gach tiománaí roimh thiomáint. I gcás ina dtugann na Ballstáit forálacha neamhfhulaingthe den sórt sin isteach ina ndlí náisiúnta, déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a ndlí náisiúnta a ailíniú leis na bearta arna ndéanamh faoi mhír 2.
4. Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a bhunú a bheidh infheidhme ar a gcríocha maidir le tiománaithe nuacheadúnaithe chun an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.
5. Má chinneann údarás inniúil de chuid Bhallstát an ghnáthchónaithe tréimhse phromhaidh an tiománaí a fhadú mar gheall ar aon iompar neamhdhleathach a rinne an duine sin, áiritheoidh an Ballstát sin go ndéanfar an tréimhse phromhaidh nua a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána.
6. Ceadúnais tiomána a eisítear le linn tréimhse phromhaidh, déanfaidh na Ballstáit iad a mharcáil le cód ábhartha an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E.
Airteagal 19
Scrúdaitheoirí
1. Comhlíonfaidh scrúdaitheoirí tiomána na caighdeáin íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.
Scrúdaitheoirí tiomána a bhí ag obair sa cháil sin roimh an 19 Eanáir 2013, is faoi réir na gceanglas a bhaineann le dearbhú cáilíochta agus bearta oiliúna tréimhsiúla tráthrialta a leagtar síos san Iarscríbhinn sin, agus faoi réir na gceanglas sin amháin, a bheidh siad.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 25, chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá chun forbairtí teicniúla, oibríochtúla nó eolaíocha a chur san áireamh.
Airteagal 20
Gnáthchónaí
1. Measfar gurb í an áit ghnáthchónaithe an áit ina bhfuil cónaí ar dhuine go hiondúil, is é sin ar feadh 185 lá ar a laghad den 365 lá roimhe, mar gheall ar cheangail phearsanta agus ghairme, nó, i gcás duine nach bhfuil aon cheangail ghairme aige nó aici, mar gheall ar cheangail phearsanta lena léirítear go bhfuil dlúthnasc ag an duine sin leis an áit ina bhfuil cónaí ar an duine sin.
Mar sin féin, i gcás áit ghnáthchónaithe duine nach ionann an áit a bhfuil ceangail ghairme an duine sin agus an áit a bhfuil ceangail phearsanta an duine sin, agus a chónaíonn, dá dhroim sin, idir áiteanna éagsúla atá lonnaithe in dhá Bhallstát nó i níos mó ná dhá Bhallstát, measfar gurb é an áit ina bhfuil ceangail phearsanta an duine sin é, ar choinníoll go bhfilleann an duine sin ar an áit sin go tráthrialta. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an duine sin an coinníoll sin a chomhlíonadh má tá an duine sin ina chónaí nó ina cónaí i mBallstát chun cúram a chur i gcrích lena mbaineann tréimhse chinnte. Ní mheasfar go mbeidh athrú gnáthchónaithe i gceist toisc duine a bheith ag freastal ar ollscoil nó ar scoil.
2. Chun críocha Airteagal 10(3), pointe (b), agus Airteagal 13(4), maidir le háit ghnáthchónaithe fhoireann sheirbhísí taidhleoireachta an Aontais, is é sin le rá oifigigh ó ranna ábhartha Ardrúnaíocht na Comhairle agus an Choimisiúin, chomh maith le baill foirne ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus aon fhostaí nó conraitheoir eile atá ag obair d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais i réimse na hionadaíochta seachtraí agus ar daoine iad, chun a ndualgais chonarthacha a chomhlíonadh, a bhfuil cónaí orthu 181 lá ar a laghad laistigh de na 365 lá is déanaí lasmuigh den Aontas, nó foireann sheirbhísí taidhleoireachta a Bhallstát, nó baill dá dteaghlaigh ar cuid dá líon tí iad, atá creidiúnaithe do thríú tíortha, measfar gur ar chríoch Bhallstát eisiúna nó Bhallstáit eisiúna na gceadúnas tiomána atá á n-athnuachan nó á n-athsholáthar atá gnáthchónaí orthu.
3. I gcásanna eisceachtúla, nuair nach féidir le sealbhóir ceadúnais tiomána a áit ghnáthchónaithe nó a háit ghnáthchónaithe i mBallstát ar leith a chruthú faoi mhír 1, féadfaidh an sealbhóir a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána a athnuachan nó a athsholáthar sa Bhallstát eisiúna.
4. De mhaolú ar Airteagal 10(1), pointe (e), agus chun críche sonraí ceadúnas tiomána de chatagóir B a eisiúint den chéad uair, iarratasóir nach ionann Ballstát gnáthchónaithe an iarratasóra agus Ballstát saoránachta an iarratasóra, féadfaidh Ballstát na saoránachta a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána a eisiúint, i gcás nach féidir, i mBallstát an ghnáthchónaithe, an tástáil teoirice nó an tástáil phraiticiúil, nó an dá tástáil araon, a dhéanamh i dteanga oifigiúil de chuid Bhallstát saoránachta an iarratasóra ar teanga oifigiúil de chuid an Aontais í freisin, nó le hateangaire.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724, tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún rochtain d’úsáideoirí ar fhaisnéis faoi na teangacha a bhfuil aistriúchán nó ateangaireacht ar thástálacha teoirice agus praiticiúla á soláthar ina leith i ngach Ballstát.
Airteagal 21
Coibhéisí idir ceadúnais tiomána nach bhfuil de réir chaighdeán an Aontais
1. Na coibhéisí a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2016/1945 ón gCoimisiún (21), cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad idir teidlíochtaí a deonaíodh roimh an 19 Eanáir 2013 agus na catagóirí a leagtar amach in Airteagal 6 den Treoir seo.
2. Aon teidlíocht tiomána a deonaíodh roimh an 19 Eanáir 2013, ní bhainfear í ná ní dhéanfar í a cháiliú ar bhealach ar bith leis an Treoir seo.
Airteagal 22
Cúnamh frithpháirteach agus líonra an Aontais um cheadúnais tiomána
1. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile i gcur chun feidhme na Treorach seo. Malartóidh siad faisnéis le chéile faoi na ceadúnais tiomána atá eisithe, malartaithe, athsholáthartha, athnuaite, srianta, curtha ar fionraí, tarraingthe siar, curtha ar ceal nó cealaithe acu, agus maidir leis na dícháilithe tiomána a d’fhorchuir siad, nó, i gcás inarb ábhartha, a bhfuil sé beartaithe acu iad a fhorchur, agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile nuair atá foras réasúnach ann le bheith in amhras go bhfuil iarratasóir ar cheadúnas tiomána faoi réir dícháiliú tiomána i mBallstát eile. Úsáidfidh siad líonra an Aontais um cheadúnais tiomána chun faisnéis a mhalartú.
2. Féadfaidh na Ballstáit líonra an Aontais um cheadúnais tiomána a úsáid freisin chun faisnéis a mhalartú chun na gcríoch seo a leanas:
|
(a) |
chun é a chur ar a gcumas dá n-údaráis bailíocht agus barántúlacht ceadúnais tiomána a fhíorú, go háirithe le linn seiceálacha cois bóthair, le linn imscrúduithe nó mar chuid de bhearta i gcoinne an bhrionnaithe; |
|
(b) |
chun imscrúduithe a éascú i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/413; |
|
(c) |
chun Treoir (AE) 2022/2561 a fhorfheidhmiú, agus chun bailíocht agus barántúlacht ceadúnais tiomána a fhíorú agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) á fhorfheidhmiú. |
3. Beidh rochtain shlán ar líonra an Aontais um cheadúnais tiomána. Le líonra an Aontais um cheadúnais tiomána, beifear in ann faisnéis a mhalartú go sioncronach, is é sin i bhfíor-am, agus go haisioncronach, agus beifear in ann teachtaireachtaí slána, fógraí slána agus ceangaltáin shlána a sheoladh agus a fháil.
Déanfaidh na Ballstáit na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a mhalartaítear trí líonra an Aontais um cheadúnais tiomána cothrom le dáta.
Ní dheonóidh na Ballstáit rochtain ar líonra an Aontais um cheadúnais tiomána ach amháin do na húdaráis atá inniúil chun na gcríoch dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2.
4. Tabharfaidh na Ballstáit cúnamh dá chéile freisin chun an ceadúnas tiomána móibíleach a chur chun feidhme, go háirithe chun idir-inoibritheacht rianúil a ráthú idir na feidhmchláir agus na gnéithe fíorúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid C.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme faoin 6 Meitheamh 2026 lena leagtar síos tacar coiteann rialacha lena rialaítear oibriú líonra an Aontais um cheadúnais tiomána, lena n-áirítear na ceanglais mhionsonraithe oibríochtúla, chomhéadain agus theicniúla. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 26(2).
6. Féadfaidh na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile chun aon chealú, tarraingt siar nó fionraí nó aon srian a dhéantar ar an gceart tiomána nó ar cheadúnas tiomána, nó ar an aitheantas a tugadh do bhailíocht an cheadúnais tiomána, a fhorfheidhmiú, go háirithe i gcás ina bhfuil na bearta ábhartha teoranta do chatagóirí áirithe ceadúnas tiomána nó do chríocha Ballstát áirithe, go háirithe trí dhroimscríobh ar na ceadúnais tiomána a d’eisigh siad.
Airteagal 23
Tuairisciú ó na Ballstáit
1. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi líon na gceadúnas tiomána a eisítear, a athnuaitear, a athsholáthraítear, a tharraingítear siar agus a mhalartaítear, le haghaidh gach catagóire ceadúnais tiomána. Soláthrófar na sonraí le haghaidh ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus ceadúnais tiomána fhisiceacha ar leithligh.
2. Faoin 26 Samhain 2029, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, chun ullmhú na tuarascála ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 24 a éascú, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún staidreamh maidir le tionóiscí tráchta ar bhóithre ina ndéantar duine a ghortú nó a mharú, a bhaineann le tiománaithe atá i mbun gníomhaíocht ghairmiúil, go háirithe tiománaithe atá 17 mbliana d’aois atá rannpháirteach i scéim tiomána tionlactha dá dtagraítear in Airteagal 17(2).
3. Féadfaidh na Ballstáit sonraí a chomhroinnt go tréimhsiúil leis an gCoimisiún faoin dlí náisiúnta maidir le láimhseáil innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é agus faoi cheisteanna gaolmhara sábháilteachta ar bhóithre, agus féadfaidh siad faisnéis a sholáthar i gcás inar cúis imní é an tsaorghluaiseacht oibrithe.
Airteagal 24
Tuairisciú agus athbhreithniú arna ndéanamh ag an gCoimisiún
1. Faoin 26 Samhain 2030, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach seo. Mar chuid den tuarascáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
tionchar na Treorach ar an tsábháilteacht ar bhóithre, go háirithe:
|
|
(b) |
na héifeachtaí ar an tsábháilteacht ar bhóithre agus ar ghanntanas tiománaithe mar gheall ar chur chun feidhme na scéime tiomána tionlactha le haghaidh catagóirí ceadúnas tiomána gairmiúil, bunaithe ar na tuarascálacha a fuarthas ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 23(2). |
Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.
2. Mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhorbairtí teicneolaíochta nua le haghaidh feithiclí breosla mhalartaigh lena ndéantar difear do mhais na bhfeithiclí sin. Chuige sin, úsáidfidh an Coimisiún faisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua. Chun tacú lena mheasúnú, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar mhonaróirí feithiclí maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag forbairtí teicneolaíochta nua den sórt sin ar mhais na bhfeithiclí.
Ceanglófar ar mhonaróirí feithiclí na sonraí dá dtagraítear sa chéad fhomhír a sholáthar laistigh de thréimhse ama réasúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, faoin 26 Samhain 2026 nó díreach tar éis don chéad cheann de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 5(7) a bheith glactha, cibé acu is túisce, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé an dáta dá dtagraítear in Airteagal 3(4) a thabhairt chun cinn, agus soláthróidh sé tuarascáil ar a thorthaí. Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a mheasann siad a bheith ábhartha chun críocha an mheasúnaithe sin a sholáthar don Choimisiún, agus cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh.
Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí.
Airteagal 25
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(8), Airteagal 5(6), Airteagal 8(2), Airteagal 10(6) agus Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 25 Samhain 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(8), Airteagal 5(6), Airteagal8(2), Airteagal 10(6), agus Airteagal 19(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacann sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(8), Airteagal 5(6), Airteagal 8(2), Airteagal 10(6) nó Airteagal 19(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 26
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an coiste um cheadúnais tiomána a bunaíodh le Treoir 97/26/CE ón gComhairle (25) (‘an coiste’) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n-iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 27
Leasuithe ar Threoir (AE) 2022/2561
Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
|
(a) |
i mír 2, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
(*1) Treoir (AE) 2025/2205 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2025. maidir le ceadúnais tiomána, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún (IO L, 2025/2205, 5.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2205/oj).’;" |
|
(b) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. Tiománaithe feithicle a bheartaítear a úsáid i gcomhair iompar paisinéirí, féadfaidh siad feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána D agus D + E, nó feithicil i gcatagóirí ceadúnais tiomána D1 agus D1 + E, a thiomáint, ó 21 bhliain d’aois, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) nó (2) acu. Chun tiomáint shábháilte a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit scéim faireacháin a chur ar bun do thiománaithe faoi bhun 23 bliana d’aois a bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(2) acu. Má chuireann na Ballstáit de cheangal ar na tiománaithe sin freastal ar chúrsaí oiliúna tréimhsiúla ar ábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre sula mbeidh 23 bliana d’aois slánaithe acu, chun a n-inniúlacht sna hábhair sin a chomhdhlúthú agus a dheimhniú, áireofar an freastal sin mar chuid den cheanglas freastal ar 35 uair an chloig de chúrsaí oiliúna tréimhsiúla gach 5 bliana. Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí i gcatagóirí ceadúnais tiomána D1 agus D1 + E a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) ag an tiománaí. Féadfaidh Ballstát ar bith tiománaithe feithiclí i gcatagóirí ceadúnais tiomána D agus D+E a údarú na feithiclí sin a thiomáint ina chríoch ó 20 bliain d’aois ar aghaidh, ar choinníoll go bhfuil CPC dá dtagraítear in Airteagal 6(1) ag an tiománaí. Féadfar é sin a laghdú go dtí 18 mbliana d’aois chun na feithiclí sin a thiomáint gan phaisinéirí, nó chun paisinéirí a iompar ar sheirbhísí tráthrialta i gcás nach faide ná 50 ciliméadar an bealach.’. |
Airteagal 28
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
(a) |
sa dara colún, sa líne ‘Bogadh’, cuirtear an chill seo a leanas léi: ‘Ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan’; |
|
(b) |
sa tríú colún, sa líne ‘Bogadh’, cuirtear an chill seo a leanas léi: ‘Ceadúnais tiomána de chuid an Aontais a eisiúint, a mhalartú agus a athsholáthar’. |
Airteagal 29
Trasuí
1. Gan dochar do mhír 2, na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Samhain 2028. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Gan dochar do mhír 2, cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 26 Samhain 2029.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairt den sórt sin.
2. Na forálacha is gá chun Airteagal 9(2), pointí (j) agus (k), a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Samhain 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 26 Samhain 2027.
3. Na forálacha is gá chun Airteagal 17 a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 26 Samhain 2028. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 26 Samhain 2028.
4. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 30
Aisghairm
1. Aisghairtear Treoir 2006/126/CE le héifeacht ón 26 Samhain 2029, cé is moite d’Airteagal 6(4), pointe (c), di, a aisghairtear le héifeacht ón 26 Samhain 2027.
Déanfar tagairtí do Threoir 2006/126/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo.
2. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 le héifeacht ón 26 Samhain 2029.
Déanfar tagairtí do Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VII.
Airteagal 31
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 32
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 22 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BJERRE
(1) IO C 293, 18.8.2023, lch. 133.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Feabhra 2024 (IO C, C/2025/1355, 17.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1355/oj agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 29 Meán Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Treoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána (IO L 403, 30.12.2006, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2006/126/oj).
(4) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
(5) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(6) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).
(7) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1724/oj).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(9) Treoir (AE) 2022/2561 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le cáilíocht tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthar i gcomhair iompar earraí nó paisinéirí (IO L 330, 23.12.2022, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2561/oj).
(10) Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2015/413/oj).
(11) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le ceadúnais tiomána lena n-áirítear meán stórála (micrishlis) (IO L 120, 5.5.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/383/oj).
(13) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
(14) IO C 199, 7.6.2023, lch. 13.
(15) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(16) Rialachán (AE) 2025/14 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (IO L, 2025/14, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/14/oj).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/168/oj).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).
(19) Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar mhótarfheithiclí agus ar leantóirí mótarfheithiclí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/45/oj).
(20) Treoir 91/671/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí (IO L 373, 31.12.1991, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1991/671/oj).
(21) Cinneadh (AE) 2016/1945 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2016 maidir le coibhéisí idir catagóirí ceadúnas tiomána (IO L 302, 9.11.2016, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2016/1945/oj).
(22) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/561/oj).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/165/oj).
(24) Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/631/oj).
(25) Treoir 97/26/CE ón gComhairle an 2 Meitheamh 1997 lena leasaítear Treoir 91/439/CEE maidir le ceadúnais tiomána (IO L 150, 7.6.1997, lch. 41, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1997/26/oj).
IARSCRÍBHINN I
SONRAÍOCHTAÍ CAIGHDEÁNACHA FORÁLACHA MAIDIR LE CEADÚNAIS TIOMÁNA ARNA nEISIÚINT AG NA BALLSTÁIT
CUID A1: Sonraíochtaí ginearálta don cheadúnas tiomána fisiceach
|
(1) |
Beidh saintréithe an chárta ceadúnais tiomána fhisicigh i samhail an Aontais i gcomhréir le ISO/IEC 7810.
Beidh an cárta déanta de pholacarbónáit. Na modhanna a úsáidtear chun saintréithe cártaí ceadúnais tiomána a thástáil chun a dheimhniú go gcomhlíonann siad na caighdeáin idirnáisiúnta, beidh siad i gcomhréir le ISO/IEC 10373. |
|
(2) |
Beidh dhá thaobh ag an gcárta ceadúnais agus comhlíonfaidh sé an tsamhail i bhfigiúr 1.
Figiúr 1: Samhail cheadúnas tiomána an Aontais Téacs fhigiúr 1: 1. Sloinne 2. Céadainm 3. Dáta breithe agus áit bhreithe 4a. Dáta eisiúna 4b. Dáta éaga 4c. Arna eisiúint ag 5. Uimhir cheadúnais 10. Bailí ón 11. Bailí go dtí an 12. Cóid |
|
(3) |
Beidh an fhaisnéis seo a leanas a leagtar síos i gCuid D ar taispeáint ar an gcárta ceadúnais tiomána:
Beidh an méid seo a leanas ar taispeáint ar thaobh 1:
Beidh an méid seo a leanas ar taispeáint ar thaobh 2:
Más mian le Ballstát na hiontrálacha a dhéanamh i dteanga náisiúnta seachas ceann de na teangacha seo a leanas: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris, déanfaidh sé leagan dátheangach den cheadúnas tiomána a tharraingt suas ar a mbeidh ceann amháin de na teangacha thuasluaite, gan dochar d’fhorálacha eile na hIarscríbhinne seo. Coimeádfar spás ar an gceadúnas tiomána ionas go bhféadfaí micrishlis nó gléas TF comhchosúil a chur isteach, nó ionas go bhféadfaí cód QR a phriontáil air. Is mar seo a leanas a bheidh na tagairtí datha:
|
|
(4) |
Forálacha speisialta
|
CUID A2: Sonraíochtaí i gcoinne an bhrionnaithe don cheadúnas tiomána fisiceach
|
(1) |
Áirítear iad seo a leanas ar na bagairtí do shlándáil fhisiceach ceadúnas tiomána:
|
|
(2) |
Beidh an córas cosanta ar bhrionnú ina chuid lárnach de gach gné den chóras eisiúna foriomlán, lena n-áirítear an próiseas iarratais, tarchur slán sonraí, ábhar chorp an chárta, an teicníc mhonaraíochta, tacar íosta gnéithe slándála éagsúla, agus an próiseas pearsanaithe. |
|
(3) |
An t-ábhar a úsáidtear le haghaidh ceadúnais tiomána, déanfar é a dhíonadh ar bhrionnú trí úsáid a bhaint as na teicnící seo a leanas (gnéithe slándála éigeantacha):
|
|
(4) |
Ina theannta sin, déanfar an t-ábhar a úsáidtear le haghaidh ceadúnais tiomána a dhíonadh ar bhrionnú trí úsáid a bhaint as trí cinn ar a laghad de na teicnící seo a leanas (gnéithe slándála breise):
A mhéid is féidir, tabharfar tús áite do na teicnící a bhfuil réiltín leo ós rud é go gcuireann siad ar a gcumas d’oifigigh forfheidhmithe dlí bailíocht an chárta a sheiceáil gan dul i muinín aon mhodhanna speisialta. Féadfaidh na Ballstáit gnéithe slándála a thabhairt isteach seachas na gnéithe sin a liostaítear faoin bpointe seo. |
CUID B: Sonraíochtaí maidir le micrishliseanna atá i gceadúnais tiomána fhisiceacha
|
(1) |
An mhicrishlis agus na sonraí a choimeádtar ar an micrishlis, lena n-áirítear faisnéis bhreise dá bhforáiltear leis na dlíthe náisiúnta a bhaineann le ceadúnais tiomána, beidh siad i gcomhréir le Cuid B1. |
|
(2) |
Leagtar amach i gCuid B2 an liosta de na caighdeáin is infheidhme maidir le ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis. |
|
(3) |
Beidh ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis faoi réir nós imeachta um chineálcheadú an Aontais i gcomhréir le Cuid B3. |
|
(4) |
I gcás inar comhlíonadh forálacha ábhartha uile chineálcheadú an Aontais maidir le ceadúnas tiomána ina bhfuil micrishlis i gcomhréir le pointí (1), (2) agus (3), eiseoidh na Ballstáit deimhniú ar chineálcheadú an Aontais don mhonaróir nó dá ionadaí. |
|
(5) |
I gcás inar gá, go háirithe chun a áirithiú go gcomhlíontar an Chuid seo, féadfaidh Ballstát deimhniú ar chineálcheadú an Aontais atá eisithe aige a tharraingt siar. |
|
(6) |
Beidh deimhnithe ar chineálcheadú an Aontais agus an fógra maidir lena dtarraingt siar i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i gcuid B4. |
|
(7) |
Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi gach deimhniú ar chineálcheadú an Aontais a eisítear nó a aistarraingítear. I gcás tarraingt siar, soláthróidh an Ballstát a bhfuil an tarraingt siar á dhéanamh aige réasúnaíocht mhionsonraithe.
Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi tharraingt siar aon chineálcheadú de chuid an Aontais. |
|
(8) |
Tabharfar aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe ar chineálcheadú an Aontais a eisíonn na Ballstáit. |
|
(9) |
I gcás ina bhfaigheann Ballstát amach go bhfuil líon suntasach ceadúnas tiomána ann a bhfuil micrishlis iontu agus go suitear arís agus arís eile nach bhfuil siad i gcomhréir leis an gcuid seo den Iarscríbhinn seo, cuirfidh an Ballstát sin an méid sin in iúl don Choimisiún. Tabharfaidh sé uimhir ábhartha an deimhnithe ar chineálcheadú an Aontais a bhaineann leis na ceadúnais tiomána sin, chomh maith le tuairisc ar an neamh-chomhlíontacht. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoin méid a cuireadh in iúl dó i gcomhréir leis an bpointe seo. |
|
(10) |
Déanfaidh Ballstát eisiúna na gceadúnas tiomána dá dtagraítear i bpointe (9) imscrúdú ar an bhfadhb gan mhoill agus déanfaidh sé gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an deimhniú ar chineálcheadú an Aontais a tharraingt siar. |
CUID B1: Ceanglais ghinearálta maidir le ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis
Na ceanglais ghinearálta maidir le ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo, tá siad bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta, go háirithe caighdeáin na sraithe ISO/IEC 18013. Cumhdaítear leo an méid seo a leanas:
|
(a) |
na sonraíochtaí don mhicrishlis agus don struchtúr loighciúil sonraí ar an micrishlis; |
|
(b) |
na sonraíochtaí do shonraí comhchuibhithe agus aon sonraí breise atá le stóráil; |
|
(c) |
na sonraíochtaí a bhaineann le sásraí cosanta sonraí le haghaidh na sonraí a stóráiltear ar an micrishlis. |
Teideal 1
GIORRÚCHÁIN
|
Giorrúchán |
An chiall atá leis |
|
AID |
Application Identifier (Aitheantóir an Fheidhmchláir) |
|
BAP |
Basic Access Protection (Cosaint Bhunúsach Rochtana) |
|
DG |
Data Group (Grúpa Sonraí) |
|
EAL 4+ |
Evaluation Assurance Level 4 Augmented (Leibhéal Dearbhaithe Meastóireachta 4 Méadaithe) |
|
EF |
Elementary File (Comhad Bunúsach) |
|
EFID |
Elementary File Identifier (Aitheantóir Comhaid Bhunúsaigh) |
|
eMRTD |
Machine Readable Travel Documents (Doiciméad Leictreonach Taistil Meaisín-inléite) |
|
ICC |
Integrated Circuit Card (Cárta Ciorcad Iomlánaithe) |
|
ISO |
International Organisation for Standardisation (Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú) |
|
LDS |
Logical Data Structure (Struchtúr Loighciúil Sonraí) |
|
PICC |
Proximity Integrated Circuit Card (Cárta Neasachta Ciorcad Iomlánaithe) |
|
PIX |
Proprietary Application Identifier Extension (Breiseán Aitheantóir an Fheidhmchláir Dhílsithe) |
|
RID |
Registered Application Identifier (Aitheantóir Cláraithe an Fheidhmchláir) |
|
SOd |
Document Security Object (Oibiacht Slándála an Doiciméid) |
Teideal 2
SONRAÍ A STÓRÁILTEAR AR AN MICRISHLIS
(1) Sonraí comhchuibhithe éigeantacha agus roghnacha maidir le ceadúnais tiomána
Na sonraí comhchuibhithe maidir le ceadúnais tiomána a shonraítear i gcuid D, stórálfar iad ar an micrishlis. Má chinneann Ballstát míreanna sonraí atá marcáilte mar mhíreanna sonraí roghnacha i gCuid D a áireamh sa cheadúnas tiomána, stórálfar na míreanna sin ar an micrishlis freisin.
(2) Sonraí breise
Féadfaidh na Ballstáit na sonraí breise sin a stóráil ar an micrishlis dá bhforáiltear lena ndlíthe náisiúnta a bhaineann le ceadúnais tiomána. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.
Teideal 3
MICRISHLIS
(1) Cineál meáin stórála
Is é a bheidh sa mheán stórála le haghaidh sonraí maidir le ceadúnais tiomána micrishlis ag a bhfuil comhéadan tadhaill, éadadhaill, nó comhéadan comhcheangailte tadhaill agus éadadhaill (dé-chomhéadan), mar a shonraítear i gcuid B2, mír 1.
(2) Feidhmchláir
Déanfar na sonraí uile ar mhicrishlis a stóráil i bhfeidhmchláir leictreonacha. Déanfar gach feidhmchlár ar an micrishlis a shainaithint le cód uathúil ar a dtugtar Aitheantóir an Fheidhmchláir (AID), mar a shonraítear i gcuid B2, mír 2.
(a) Feidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais
Déanfar na sonraí éigeantacha agus roghnacha maidir le ceadúnais tiomána, dá dtagraítear i gCuid D, a stóráil i bhfeidhmchlár tiomnaithe um Cheadúnais Tiomána an Aontais. Is é seo a leanas AID Fheidhmchláir um Cheadúnais Tiomána an Aontais:
‘A0 00 00 04 56 45 44 4C 2D 30 31’,
arb é atá ann an dá chuid seo a leanas:
|
— |
Aitheantóir Cláraithe an Fheidhmchláir (RID) le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh: ‘A0 00 00 04 56’; |
|
— |
Breiseán Aitheantóir an Fheidhmchláir Dhílsithe (PIX) le haghaidh Fheidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais: ‘45 44 4C 2D 30 31’ (EDL-01). |
Déanfar sonraí a ghrúpáil i nGrúpaí Sonraí (DGanna) mar chuid de Struchtúr Loighciúil Sonraí (LDS).
Stórálfar DGanna mar Chomhaid Bhunúsacha (EFanna) i bhfeidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais, agus déanfar iad a chosaint i gcomhréir le cuid B2, mír 3.
(b) Feidhmchláir eile
Stórálfar aon sonraí breise i bhfeidhmchlár tiomnaithe amháin nó níos mó atá ar leithligh ó Fheidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais. Déanfar gach feidhmchlár eile den sórt sin a shainaithint trí AID uathúil.
Teideal 4
STRUCHTÚR LOIGHCIÚIL SONRAÍ LE hAGHAIDH MHICRISHLISEANNA FHEIDHMCHLÁR UM CHEADÚNAIS TIOMÁNA AN AONTAIS
(1) Struchtúr Loighciúil Sonraí
Déanfar Sonraí maidir le Ceadúnais Tiomána a stóráil ar an micrishlis i Struchtúr Loighciúil Sonraí (LDS) mar a shonraítear i gcuid B2, mír 4. Sonraítear sa phointe seo ceanglais bhreise le haghaidh DGanna éigeantacha agus breise.
Stórálfar gach Grúpa Sonraí i gComhad Bunúsach (EF) amháin. Sainaithneofar na EFanna a úsáidtear le haghaidh Fheidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais leis na hAitheantóirí Comhaid Bhunúsaigh (EFIDanna) agus gearr-EFIDanna mar a shonraítear i gcuid B2, mír 5.
(2) Grúpaí Sonraí Éigeantacha
Stórálfar na heilimintí sonraí éigeantacha agus roghnacha sna Grúpaí Sonraí seo a leanas:
|
DG 1: |
na heilimintí sonraí éigeantacha agus roghnacha uile mar a thaispeántar ar an doiciméad iad, seachas na híomhánna d’aghaidh agus síniú shealbhóir an cheadúnais tiomána; |
|
DG 5: |
íomhá de shíniú shealbhóir an cheadúnais tiomána; |
|
DG 6: |
íomhá d’aghaidh shealbhóir an cheadúnais tiomána. |
Déanfar sonraí DG 1 a struchtúrú mar a shonraítear i bpointe 6 den Chuid seo, agus mar a shonraítear i gCuid B2, mír 6. Déanfar na sonraí a choimeádtar in DG 5 agus DG 6 a stóráil i gcomhréir le sonraíochtaí chuid B2, mír 7.
(3) Grúpaí Sonraí Breise
Déanfar aon eilimintí sonraí breise dá bhforáiltear le dlí náisiúnta na mBallstát a bhaineann le ceadúnais tiomána a stóráil sna Grúpaí Sonraí seo a leanas:
|
DG 2: |
mionsonraí shealbhóir an cheadúnais tiomána, seachas sonraí bithmhéadracha; |
|
DG 3: |
mionsonraí an údaráis eisiúna; |
|
DG 4: |
íomhá portráide; |
|
DG 7: |
sonraí bithmhéadracha maidir le méarlorg nó méarloirg shealbhóir an cheadúnais tiomána; |
|
DG 11: |
mionsonraí eile, amhail ainm iomlán shealbhóir an cheadúnais tiomána i gcarachtair náisiúnta. |
Déanfar na sonraí a choimeádtar sna Grúpaí Sonraí sin a stóráil i gcomhréir le sonraíochtaí chuid B2, mír 8.
Teideal 5
SÁSRAÍ SLÁNDÁLA SONRAÍ
Úsáidfear sásraí iomchuí chun barántúlacht agus sláine na micrishlise agus na sonraí a choimeádtar uirthi a bhailíochtú, agus chun srian a chur ar rochtain ar shonraí maidir le ceadúnais tiomána.
Déanfar na sonraí a choimeádtar ar an micrishlis a chosaint i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar síos i gcuid B2, mír 3. Sonraítear sa Teideal seo ceanglais bhreise a chomhlíonfar.
(1) Fíorú Barántúlachta
(a) Fíordheimhniú Éighníomhach Éigeantach
Déanfar na Grúpaí Sonraí uile a stóráiltear i bhfeidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais a chosaint le fíordheimhniú éighníomhach.
Beidh na sonraí a bhaineann le fíordheimhniú éighníomhach i gcomhréir leis na ceanglais a shonraítear i gcuid B2, mír 9.
(b) Fíordheimhniú Gníomhach Roghnach
Cuirfear sásraí um Fhíordheimhniú Gníomhach Roghnach i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil micrishlis eile curtha in ionad na micrishlise bunaidh.
(2) Srianadh Rochtana
(a) Cosaint Bhunúsach Rochtana Éigeantach
Cuirfear an sásra um Chosaint Bhunúsach Rochtana (BAP) i bhfeidhm maidir leis na sonraí uile atá i bhfeidhmchlár um Cheadúnais Tiomána an Aontais. Ar mhaithe le hidir-inoibritheacht le córais atá ann cheana, ar nós na gcóras sin ina n-úsáidtear Doiciméid Taistil Meaisín-Inléite (eMRTD), tá sé éigeantach an Crios Meaisín-Inléite (MRZ) aonlíne a úsáid, mar a shonraítear i gcuid B2, mír 10.
Is as an MRZ aonlíne a ghintear an eochair doiciméid ‘Kdoc’ a úsáidtear chun an micrishlis a rochtain, eochair is féidir a chur isteach de láimh nó trí úsáid a bhaint as léitheoir Aitheanta Optúla Carachtar (OCR). Déanfar cumraíocht BAP 1 a shainítear le haghaidh MRZ aonlíne mar a shonraítear i gcuid B2, mír 10 a chur i bhfeidhm.
(b) Rialú Leathnaithe Rochtana Coinníollach
I gcás ina stóráiltear sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar an micrishlis, déanfar rochtain ar na sonraí sin a chosaint le bearta breise.
Beidh na sásraí um Rialú Leathnaithe Rochtana i gcomhréir le sonraíochtaí chuid B2, mír 11.
(c) Bonneagar Eochrach Poiblí (PKI) le haghaidh ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis
Bunóidh na Ballstáit na socruithe náisiúnta is gá maidir le bainistiú Eochrach Poiblí, i gcomhréir le hIarscríbhinn A a ghabhann le caighdeán ISO/IEC 18013_3.
Teideal 6
CUR I LÁTHAIR SONRAÍ
(1) Formáidiú na sonraí in DG 1
|
Clib |
L |
Luach |
Ionchódú |
O/F |
||||
|
61 |
V |
Eilimintí sonraí DG1 (neadaithe) |
|
|
||||
|
|
|
Clib |
L |
Luach |
|
|
||
|
|
|
5F 01 |
V |
Uimhir an chineálcheadaithe |
ans |
M |
||
|
|
|
5F 02 |
V |
Oibiacht sonraí chomhstruchtúraithe na n-eilimintí sonraí déimeagrafacha |
|
M |
||
|
|
|
|
|
Clib |
L |
Luach |
|
|
|
|
|
|
|
5F 03 |
3 |
Ballstát Eisiúna |
a3 |
M |
|
|
|
|
|
5F 04 |
V |
Sloinne (Sloinnte) an tsealbhóra |
as |
M |
|
|
|
|
|
5F 05 |
V |
Ainm(neacha) eile an tsealbhóra |
as |
M |
|
|
|
|
|
5F 06 |
4 |
Dáta breithe (llmmbbbb) |
n8 |
M |
|
|
|
|
|
5F 07 |
V |
Áit bhreithe |
ans |
M |
|
|
|
|
|
5F 08 |
3 |
Náisiúntacht |
a3 |
O |
|
|
|
|
|
5F 09 |
1 |
Inscne |
F/B/A |
O |
|
|
|
|
|
5F 0A |
4 |
Dáta eisiúna an cheadúnais tiomána (llmmbbbb) |
n8 |
M |
|
|
|
|
|
5F 0B |
4 |
Dáta éagtha an cheadúnais tiomána (llmmbbbb) |
n8 |
M |
|
|
|
|
|
5F 0C |
V |
Údarás eisiúna |
ans |
M |
|
|
|
|
|
5F 0D |
V |
Uimhir riaracháin (seachas uimhir an doiciméid) |
ans |
O |
|
|
|
|
|
5F 0E |
V |
Uimhir an doiciméid |
an |
M |
|
|
|
|
|
5F 0F |
V |
Áit chónaithe bhuan, nó seoladh poist |
ans |
O |
|
|
|
7F 63 |
V |
Oibiacht sonraí chomhstruchtúraithe na gcatagóirí feithiclí/srianta/coinníollacha |
|
M |
||
|
|
|
|
|
Clib |
L |
Luach (códaithe mar a shainítear thíos) |
|
|
|
|
|
|
|
02 |
1 |
Líon catagóirí/srianta/coinníollacha |
N |
M |
|
|
|
|
|
87 |
V |
Catagóir/srian/coinníoll |
ans |
M |
|
|
|
|
|
87 |
V |
Catagóir/srian/coinníoll |
ans |
O |
|
|
|
|
|
… |
… |
… |
… |
… |
|
|
|
|
|
87 |
V |
Catagóir/srian/coinníoll |
ans |
O |
(2) Formáid an taifid loighciúil
Tiomsófar na catagóirí maidir le feithiclí, srianta nó coinníollacha in oibiacht sonraí de réir an struchtúir a shonraítear sa tábla seo a leanas:
|
Cód na catagóire feithicle |
Dáta eisiúna |
Dáta éaga |
Cód |
Comhartha |
Luach |
agus:
|
(a) |
cuirfear cóid na gcatagóirí feithicle i láthair mar a shainítear in Airteagal 6 (amhail AM, A1, A2, A, B1, B, etc.); |
|
(b) |
cuirfear an dáta eisiúna i láthair san fhormáid LLMMBBBB (an lá ina dhá dhigit, an mhí ina dá dhigit ina dhiaidh sin, agus an bhliain ina ceithre dhigit ina dhiaidh sin) le haghaidh na catagóire feithicle; |
|
(c) |
cuirfear an dáta éaga i láthair san fhormáid LLMMBBBB (an lá ina dhá dhigit, an mhí ina dá dhigit ina dhiaidh sin, agus an bhliain ina ceithre dhigit ina dhiaidh sin) le haghaidh na catagóire feithicle; |
|
(d) |
tagraíonn cód, comhartha agus luach d’fhaisnéis bhreise nó do shrianta a bhaineann leis an gcatagóir feithicle nó leis an tiománaí. |
CUID B2: Liosta de chaighdeáin is infheidhme maidir le ceadúnais tiomána ina bhfuil meán stórála
|
Mír |
Ábhar |
Ceanglas |
Is infheidhme maidir le |
|
1 |
Comhéadan, eagrúchán agus orduithe an mheáin stórála |
Sraith ISO/IEC 7816 (tadhaill), sraith ISO/IEC 14443 (éadadhaill) dá dtagraítear in ISO/IEC 18013-2:2008, Iarscríbhinn C |
Cuid B1, pointe 3.(1) |
|
2 |
Aitheantóir an fheidhmchláir |
ISO/IEC 7816-5:2004 |
Cuid B1, pointe 3.(2) |
|
3 |
Sásraí slándála sonraí |
ISO/IEC 18013-3:2009 |
Cuid B1, pointe 3.(2) pointe (a) (1) Cuid B1, pointe 5 |
|
4 |
Struchtúr loighciúil sonraí |
ISO/IEC 18013-2:2008 |
Cuid B1, pointe 4.(1) |
|
5 |
Aitheantóirí comhaid bhunúsaigh |
ISO/IEC 18013-2:2008 Tábla C.2 |
Cuid B1, pointe 4.(1) |
|
6 |
Cur i láthair sonraí le haghaidh DG 1 |
ISO/IEC 18013-2:2008, Iarscríbhinn C.3.8 |
Cuid B1, pointe 4.(2) Cuid B1, pointe 6.(1) |
|
7 |
Cur i láthair éigeantach sonraí le haghaidh DG 5 agus DG 6 |
Beidh ISO/IEC 18013-2:2008, Iarscríbhinn C.6.6 agus Iarscríbhinn C.6.7, an íomhá den aghaidh agus íomhá an tsínithe le stóráil i bhformáid JPEG nó JPEG2000 |
Cuid B1, pointe 4.(2) |
|
8 |
Cur i láthair sonraí roghnacha agus sonraí breise |
ISO/IEC 18013-2:2008, Iarscríbhinn C |
Cuid B1, pointe 4.(3) |
|
9 |
Fíordheimhniú éighníomhach |
Déanfar sonraí ISO/IEC 18013-3:2009, mír 8.1, a stóráil in EF.SOd (Oibiacht Slándála an Doiciméid) sa LDS |
Cuid B1, pointe 5.(1), pointe (a) |
|
10 |
Srianadh bunúsach rochtana |
ISO/IEC 18013-3:2009 agus Leasú 1 air |
Cuid B1, pointe 5.(2), pointe (a) |
|
|
Cumraíocht an tsrianta bhunúsaigh rochtana |
ISO/IEC 18013-3:2009, Iarscríbhinn B.8 |
|
|
11 |
Srianadh leathnaithe rochtana |
Treoraíocht Theicniúil TR-03110, Sásraí Sárfhorbartha Slándála le haghaidh Doiciméid Taistil Meaisín-Inléite – Rialú Leathnaithe Rochtana (EAC), Leagan 1.11 |
Cuid B1, pointe 5.(2) pointe (b) |
|
12 |
Modhanna tástála |
ISO/IEC 18013-4:2011 |
Cuid B3, pointe 1 |
|
13 |
Deimhniú slándála |
Leibhéal Dearbhaithe Meastóireachta 4 méadaithe (EAL 4+) nó a choibhéis |
Cuid B3, pointe 2. |
|
14 |
Deimhniú feidhmiúil |
Tástáil cártaí cliste de réir shraith ISO/IEC 10373 |
Cuid B3, pointe 3 |
CUID B3: Nós imeachta um chineálcheadú an Aontais i leith ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis
Teideal 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Monaróirí a dhéanann iarratas ar chineálcheadú an Aontais i leith ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis, déanfaidh siad deimhniú slándála agus deimhniú feidhmiúil a thíolacadh.
Aon mhodhnú atá beartaithe ar an bpróiseas táirgthe, lena n-áirítear aon mhodhnuithe atá beartaithe ar bhogearraí, beidh sé faoi réir réamhfhógra a thabhairt don údarás a dheonaigh cineálcheadú an Aontais. Féadfaidh an t-údarás tuilleadh faisnéise agus tástálacha a éileamh sula nglacfaidh sé leis an modhnú.
Leanfaidh tástálacha na modhanna a leagtar síos i gcuid B2, mír 12.
Teideal 2
DEIMHNIÚ SLÁNDÁLA
Maidir leis an meastóireacht slándála, déanfar meastóireacht ar mhicrishliseanna atá le cur i gceadúnas tiomána i gcomhréir leis na critéir a shonraítear i gcuid B2, mír 13.
Ní dheonófar deimhniú slándála ach amháin nuair a dhéantar meastóireacht dhearfach ar chumas na micrishlise cur i gcoinne iarrachtaí ar shonraí a athrú go calaoiseach nó ar bhealach eile.
Teideal 3
DEIMHNIÚ FEIDHMIÚIL
Déanfar meastóireacht fheidhmiúil ar cheadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis faoi thástáil saotharlainne i gcomhréir leis na critéir a shonraítear i gcuid B2, mír 14.
Áiritheoidh na Ballstáit a chuireann micrishlis i gceadúnais tiomána go gcomhlíontar caighdeáin fheidhmiúla ábhartha agus ceanglais chuid B1.
Deonófar deimhniú feidhmiúil don mhonaróir má chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
is ann do dheimhniú slándála bailí le haghaidh na micrishlise; |
|
(b) |
léiríodh go bhfuil ceanglais chuid B2 á gcomhlíonadh; |
|
(c) |
fuarthas pas sna tástálacha feidhmiúla. |
Is é údarás ábhartha an Bhallstáit a bheidh freagrach as an deimhniú feidhmiúil a eisiúint. Léireofar sa deimhniú feidhmiúil céannacht an údaráis eisiúna, céannacht an iarratasóra, sainaithint na micrishlise, agus liosta mionsonraithe de na tástálacha agus torthaí na dtástálacha sin.
Teideal 4
DEIMHNIÚ AR CHINEÁLCHEADÚ AN AONTAIS
(1) Deimhniú caighdeánach
Deonóidh na Ballstáit deimhniú ar chineálcheadú an Aontais ar thabhairt ar aird na ndeimhnithe slándála agus feidhmiúla dá bhforáiltear san Iarscríbhinn seo. Beidh deimhnithe ar chineálcheadú an Aontais i gcomhréir leis an tsamhail i gcuid B4.
(2) Córas uimhriúcháin
Is é a bheidh i gceist leis an gcóras uimhriúcháin maidir le cineálcheadú an Aontais:
|
(a) |
an litir ‘e’ agus an uimhir seo a leanas ina diaidh lena sainaithnítear an Ballstát a dheonaigh cineálcheadú an Aontais:
|
|
(b) |
na litreacha ‘DL’ agus fleiscín rompu, agus an dá fhigiúr ina ndiaidh a léiríonn an tsraithuimhir a shanntar don Iarscríbhinn seo, nó don mhórleasú teicniúil is déanaí ar an Iarscríbhinn seo. Is é 00 an tsraithuimhir a shanntar don Iarscríbhinn seo; |
|
(c) |
uimhir aitheantais uathúil chineálcheadú an Aontais arna sannadh ag an mBallstát eisiúna. |
Seo a leanas sampla den chóras uimhriúcháin maidir le cineálcheadú an Aontais: ‘e50-DL00 12345’
Stórálfar uimhir an chineálcheadaithe ar an micrishlis in DG 1 i gcás gach ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis den sórt sin.
CUID B4: Samhail le haghaidh deimhniú ar chineálcheadú an Aontais a bhaineann le ceadúnais tiomána ina bhfuil micrishlis
Ainm an údaráis inniúil: …
Fógra maidir le (*):
|
— |
ceadú □ |
|
— |
ceadú a tharraingt siar □ |
i ndáil le Ceadúnas Tiomána de chuid an Aontais ina bhfuil micrishlis
Uimh. an cheadaithe: …
|
1. |
Branda nó trádmharc monaraíochta: … |
|
2. |
Ainm na samhla: … |
|
3. |
Ainm an mhonaróra nó ainm a ionadaí, i gcás inarb infheidhme: …
… |
|
4. |
Seoladh an mhonaróra nó seoladh a ionadaí, i gcás inarb infheidhme: …
… |
|
5. |
Tuarascálacha ar thástálacha saotharlainne: |
|
5.1 |
Uimh. an Deimhnithe Slándála: … Dáta: …
Arna eisiúint ag: … |
|
5.2 |
Uimh. an Deimhnithe Fheidhmiúil: … Dáta: …
Arna eisiúint ag: … |
|
6. |
Dáta an cheadaithe: … |
|
7. |
An dáta a tarraingíodh an ceadú siar: … |
|
8. |
Áit: … |
|
9. |
Dáta: … |
|
10. |
Doiciméid thuairisciúla san Iarscríbhinn: … |
|
11. |
Síniú: … |
(*) Cuir tic sa bhosca ábhartha.
CUID C: Sonraíochtaí don cheadúnas tiomána móibíleach
|
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití soláthrófar na gnéithe seo a leanas ar a laghad do dhaoine údaraithe:
|
|
(2) |
Leis na ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus córais ábhartha eile, comhlíonfar caighdeán ISO/IEC 18013-5 maidir le ceadúnais tiomána mhóibíleacha agus Rialachán (AE) Uimh. 910/2014. |
|
(3) |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní mheasfar sealbhóir ceadúnais tiomána mhóibíligh arna eisiúint i gcomhréir leis an Treoir seo a bheith mar úsáideoir údaraithe an cheadúnais tiomána ach amháin i gcás ina sainaithnítear an sealbhóir mar sin. |
|
(4) |
Ceadóidh na Ballstáit ceadúnas tiomána móibíleach a eisiúint do shealbhóir an cheadúnais tiomána sa Tiachóg Eorpach Céannachta Digití atá ag an sealbhóir.
Ceadófar go huathoibríoch nó arna iarraidh sin an ceadúnas tiomána móibíleach a thabhairt cothrom le dáta nó a eisiúint an athuair le Tiachóg Eorpach Céannachta Digití ina bhfuil an ceadúnas tiomána móibíleach. Le Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, ceadófar do shealbhóir ceadúnais tiomána mhóibíligh na sonraí uile nó cuid de na sonraí a choimeádtar ar an gceadúnas tiomána móibíleach a thaispeáint do thríú páirtí nó a tharchur chuig tríú páirtí. Tabharfar údarú d’údaráis inniúla na mBallstát na sonraí a choimeádtar ar cheadúnais tiomána mhóibíleacha a iarraidh ó Thiachóga Eorpacha Céannachta Digití ionas go mbeidh siad in ann cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána atá i gceist a fhionnadh (fíorú). Leis an bhfaisnéis a tharchuirtear go díreach ón ríomhdhearbhú den cheadúnas tiomána móibíleach a stóráiltear i dTiachóg Eorpach Céannachta Digití, beidh na húdaráis inniúla in ann cearta tiomána shealbhóir an cheadúnais tiomána mhóibíligh a chinneadh (fíorú), lena n-áirítear aon srianta is infheidhme san Aontas nó ar chríoch Ballstáit. Ní mheasfaidh na Ballstáit go bhfuil ceadúnas tiomána móibíleach bailí má tá sé imithe in éag ná má tá sé cúlghairthe. I gcás ina gcinneann Ballstát ceadúnas tiomána móibíleach a chúlghairm, cuirfidh sé faisnéis maidir leis an gcinneadh sin i liosta cúlghairme arna bhainistiú ag an mBallstát sin, nó tabharfaidh sé rochtain ar an bhfaisnéis sin, saor in aisce agus ar shlí inoibritheach, do Bhallstáit eile chun gur féidir é a fhíorú ar bhealach eile. Ballstát a fhorchuireann dícháiliú tiomána, murab ionann é agus an Ballstát eisiúna, tabharfaidh sé fógra láithreach don Bhallstát sin. |
CUID D: Sonraí atá le cur i gceadúnas tiomána an Aontais
|
(1) |
Is mar seo a leanas a bheidh sainchomharthaí na mBallstát a bhfuil an ceadúnas tiomána á eisiúint aige:
|
|
(2) |
Is mar seo a leanas a bheidh na focail ‘ceadúnas tiomána’ atá le taispeáint ar na ceadúnais tiomána i dteanga nó teangacha faoi seach na mBallstát:
|
|
(3) |
Is mar seo a leanas a bheidh an fhaisnéis a bhaineann go sonrach leis an gceadúnas tiomána aonair arna eisiúint:
|
|
(4) |
Is mar seo a leanas a bheidh an fhaisnéis a bhaineann go sonrach le catagóirí an cheadúnais tiomána arna eisiúint:
I gcás ina bhfuil feidhm ag cód a shonraítear i gCuid E maidir le gach catagóir dá n-eisítear an ceadúnas tiomána, féadfar é a thaispeáint faoi réimsí 9, 10 agus 11. |
|
(5) |
Is mar seo a leanas a bheidh an fhaisnéis a bhaineann go sonrach le riar an cheadúnais tiomána arna eisiúint:
|
CUID E: Cóid an aontais agus cóid náisiúnta
Is cóid chomhchuibhithe de chuid an Aontais Eorpaigh a bheidh i gCóid 01 go 99
Teideal 1
TIOMÁNAÍ (cúiseanna liachta)
|
01 |
|
Ceartú agus/nó cosaint radharc na súl |
|
|
01.01. |
Spéaclaí |
|
|
01.02. |
Lionsa(í) tadhaill |
|
|
01.05. |
Clúdach súile |
|
|
01.06. |
Spéaclaí nó lionsaí tadhaill |
|
|
01.07. |
Áis optúil shonrach |
|
02 |
|
Áis éisteachta/áis chumarsáide |
|
03 |
|
Próistéis/ortóis do na géaga |
|
|
03.01. |
Próistéis/ortóis géige uachtair |
|
|
03.02. |
Próistéis/ortóis géige íochtair |
Teideal 2
OIRIÚNAITHE FEITHICLE
|
10 |
|
Traiseoladh modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
10.02. |
Roghnú uathoibríoch cóimheasa giair |
||||||||||||||
|
|
10.04. |
Gléas rialaithe an traiseolta modhnaithe |
||||||||||||||
|
15 |
|
Crág mhodhnaithe |
||||||||||||||
|
|
15.01. |
Troitheán cráige modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
15.02. |
Crág lámhoibrithe |
||||||||||||||
|
|
15.03. |
Crág uathoibríoch |
||||||||||||||
|
|
15.04. |
Beart chun cosc a chur ar shrianadh nó ar ghníomhachtú throitheán na cráige |
||||||||||||||
|
20 |
|
Córais coscánaithe mhodhnaithe |
||||||||||||||
|
|
20.01. |
Troitheán coscáin modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
20.03. |
Troitheán coscáin oiriúnach lena úsáid leis an gcos chlé |
||||||||||||||
|
|
20.04. |
Troitheán coscáin sleamhnáin |
||||||||||||||
|
|
20.05. |
Troitheán coscáin claonta |
||||||||||||||
|
|
20.06. |
Coscán lámhoibrithe |
||||||||||||||
|
|
20.07. |
Feidhmiú coscáin le fórsa uasta … N (1) (mar shampla: ‘20.07(300N)’) |
||||||||||||||
|
|
20.09. |
Coscán láimhe oiriúnaithe |
||||||||||||||
|
|
20.12. |
Beart chun cosc a chur ar shrianadh nó ar ghníomhachtú throitheán an choscáin |
||||||||||||||
|
|
20.13. |
Coscán glúinoibrithe |
||||||||||||||
|
|
20.14. |
Oibriú an chórais coscánaithe le tacaíocht ó fhórsa seachtrach |
||||||||||||||
|
25 |
|
Córas luasaire modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
25.01. |
Troitheán an luasaire modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
25.03. |
Luasaire claonta |
||||||||||||||
|
|
25.04. |
Luasaire lámhoibrithe |
||||||||||||||
|
|
25.05. |
Luasaire glúinoibrithe |
||||||||||||||
|
|
25.06. |
Oibriú an luasaire le tacaíocht ó fhórsa seachtrach |
||||||||||||||
|
|
25.08. |
Luasaire ar chlé |
||||||||||||||
|
|
25.09. |
Beart chun cosc a chur ar shrianadh nó ar ghníomhachtú an luasaire |
||||||||||||||
|
31 |
|
Oiriúnaithe do throitheáin agus cosaintí troitheáin |
||||||||||||||
|
|
31.01. |
Tacar breise troitheán comhthreomhar |
||||||||||||||
|
|
31.02. |
Troitheáin ar an leibhéal céanna (nó gar dó) |
||||||||||||||
|
|
31.03. |
Beart chun cosc a chur ar shrianadh nó ar ghníomhachtú an luasaire agus throitheán an choscáin i gcás nach n-oibrítear na troitheáin leis an gcos |
||||||||||||||
|
|
31.04. |
Urlár ardaithe |
||||||||||||||
|
32 |
|
Comhchórais phríomhchoscáin agus luasaire |
||||||||||||||
|
|
32.01. |
Luasaire agus príomhchoscán mar chomhchóras a oibrítear le lámh amháin |
||||||||||||||
|
|
32.02. |
Luasaire agus príomhchoscán mar chomhchóras a oibrítear le fórsa seachtrach |
||||||||||||||
|
33 |
|
Comhchórais luasaire, príomhchoscáin agus stiúrtha |
||||||||||||||
|
|
33.01. |
Luasaire, príomhchoscán agus stiúradh mar chomhchóras a oibrítear le fórsa seachtrach le lámh amháin |
||||||||||||||
|
|
33.02. |
Luasaire, príomhchoscán agus stiúradh mar chomhchóras a oibrítear le fórsa seachtrach le dhá lámh |
||||||||||||||
|
35 |
|
Leaganacha amach rialaithe modhnaithe (lasca soilse, cuimilteoir/niteoir gaothscátha, bonnán, treotháscairí, etc.) |
||||||||||||||
|
|
35.02. |
Gléasanna rialaithe is féidir a oibriú gan an gléas stiúrtha a scaoileadh |
||||||||||||||
|
|
35.03. |
Gléasanna rialaithe is féidir a oibriú leis an lámh chlé gan an gléas stiúrtha a scaoileadh |
||||||||||||||
|
|
35.04. |
Gléasanna rialaithe is féidir a oibriú leis an lámh dheas gan an gléas stiúrtha a scaoileadh |
||||||||||||||
|
|
35.05. |
Gléasanna rialaithe is féidir a oibriú gan an gléas stiúrtha nó an luasaire agus meicníochtaí coscánaithe a scaoileadh |
||||||||||||||
|
40 |
|
Stiúradh modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
40.01. |
Stiúradh le fórsa uasta oibrithe de … N (1) (mar shampla ‘40.01(140N)’) |
||||||||||||||
|
|
40.05. |
Roth stiúrtha oiriúnaithe (roth stiúrtha níos mó/níos tibhe, trastomhas laghdaithe, etc.) |
||||||||||||||
|
|
40.06. |
Suíomh oiriúnaithe an rotha stiúrtha |
||||||||||||||
|
|
40.09. |
Stiúradh cos-oibrithe |
||||||||||||||
|
|
40.11. |
Gléas cúnta ag an roth stiúrtha |
||||||||||||||
|
|
40.14. |
Córas stiúrtha oiriúnaithe malartach arna oibriú le haon lámh/ghéag láimhe amháin |
||||||||||||||
|
|
40.15. |
Córas stiúrtha oiriúnaithe malartach arna oibriú le dhá lámh/ghéag láimhe |
||||||||||||||
|
42 |
|
Gléasanna modhnaithe amhairc siar/taoibh |
||||||||||||||
|
|
42.01. |
Gléas modhnaithe don amharc siar |
||||||||||||||
|
|
42.03. |
Gléas istigh breise lena gceadaítear amharc taoibh |
||||||||||||||
|
|
42.05. |
Gléas amhairc caochspota |
||||||||||||||
|
43 |
|
Ionad suí an tiománaí |
||||||||||||||
|
|
43.01. |
Airde suíocháin an tiománaí do ghnáthamharc agus i ngnáthfhad ón roth stiúrtha agus ó na troitheáin |
||||||||||||||
|
|
43.02. |
Suíochán an tiománaí oiriúnaithe do chruth na colainne |
||||||||||||||
|
|
43.03. |
Suíochán an tiománaí ag a bhfuil tacaíocht taoibh le haghaidh cobhsaíocht mhaith |
||||||||||||||
|
|
43.04. |
Suíochán an tiománaí a bhfuil taca sciatháin leis |
||||||||||||||
|
|
43.06. |
Oiriúnú crios sábhála |
||||||||||||||
|
|
43.07. |
Cineál crios sábhála ag a bhfuil tacaíocht le haghaidh cobhsaíocht mhaith |
||||||||||||||
|
44 |
|
Modhnuithe ar ghluaisrothair (tá úsáid an fho-chóid éigeantach) |
||||||||||||||
|
|
44.01. |
Coscán oibrithe aonair |
||||||||||||||
|
|
44.02. |
Coscán oiriúnaithe ar an roth tosaigh |
||||||||||||||
|
|
44.03. |
Coscán oiriúnaithe ar an roth deiridh |
||||||||||||||
|
|
44.04. |
Luasaire modhnaithe |
||||||||||||||
|
|
44.08. |
Airde suíocháin lena gcuirtear ar chumas an tiománaí, agus é nó í ina shuí, a dhá chos a chur ar an dromchla ag an am céanna agus an gluaisrothar a choinneáil cothrom nuair atá sé ag stopadh agus nuair nach bhfuil sé ag gluaiseacht. |
||||||||||||||
|
|
44.09. |
Fórsa uasta oibrithe choscán an rotha tosaigh … N (1) (mar shampla ‘44.09(140N)’) |
||||||||||||||
|
|
44.10. |
Fórsa uasta oibrithe choscán an rotha deiridh … N (1) (mar shampla ‘44.10(240N)’) |
||||||||||||||
|
|
44.11. |
Taca coise oiriúnaithe |
||||||||||||||
|
|
44.12. |
Greim láimhe oiriúnaithe |
||||||||||||||
|
45 |
|
Gluaisrothar a bhfuil carr cliathánach leis amháin |
||||||||||||||
|
46 |
|
Mótar-thrírothaigh amháin |
||||||||||||||
|
47 |
|
Teoranta d’fheithiclí ag a bhfuil níos mó ná dhá roth nach bhfuil gá le cothromaíocht an tiománaí lena dtosú, lena stopadh agus nuair nach bhfuil siad ag gluaiseacht |
||||||||||||||
|
50 |
|
Teoranta d’uimhir shonrach feithicle/fonnaidh (uimhir aitheantais feithicle, VIN) |
||||||||||||||
|
Litreacha a úsáidtear in éineacht le cóid 01 go 44 chun sonraíocht bhreise a léiriú:
|
||||||||||||||||
Teideal 3
CÓID AR ÚSÁID THEORANTA
|
60 |
|
Coibhéisí roghnacha (tá úsáid an fho-chóid éigeantach) |
|
|
60.01. |
Féadfaidh sealbhóir ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B agus atá 21 bhliain ar a laghad trírothaigh chumhachtaithe ag a bhfuil cumhacht is mó ná 15 kW a thiomáint |
|
|
60.02. |
Féadfaidh sealbhóir ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B gluaisrothair de chatagóir A1 a thiomáint |
|
|
60.03. |
Ní fhéadfaidh sealbhóir ag a bhfuil ceadúnas tiomána de chatagóir B1 ach feithiclí nach mó ná 2 500 kg a mais uasta agus ag a bhfuil uasluas atá teoranta go teicniúil do 45 km/h a thiomáint |
|
61 |
|
Teoranta d’aistir i rith an lae (mar shampla: idir uair an chloig tar éis éirí na gréine agus uair an chloig roimh dhul faoi na gréine) |
|
62 |
|
Teoranta d’aistir taobh istigh de … km ó áit chónaithe an tsealbhóra nó taobh istigh de chathair/réigiúin agus é sin amháin |
|
63 |
|
Tiomáint gan phaisinéirí |
|
64 |
|
Teoranta d’aistir nach mó an luas ná … km/h |
|
65 |
|
Níl tiomáint údaraithe ach amháin in éineacht le sealbhóir ceadúnais tiomána sa chatagóir choibhéiseach ar a laghad, seachas má tá an coinníoll cumhdaithe faoi chód 98.02. |
|
66 |
|
Ní cheadaítear leantóir |
|
67 |
|
Ní cheadaítear tiomáint ar mhótarbhealaí |
|
68 |
|
Ní cheadaítear alcól |
|
69 |
|
Teoranta do thiomáint feithiclí atá feistithe le córas comhghlasála i gcás meisce i gcomhréir le EN 50436. Tá sé de rogha dáta éaga a léiriú (mar shampla ‘69’ nó ‘69(01.01.2016)’) |
Teideal 4
CÚRSAÍ RIARACHÁIN
|
70 |
|
Malartú cheadúnas tiomána Uimh. … arna eisiúint ag … (sainchomhartha AE, mar shampla ‘70.0123456789.NL’, nó sainchomhartha NA i gcás tríú tír, mar shampla ‘70.0123456789.NO’) |
|
71 |
|
Dúblach de cheadúnas tiomána Uimh. … (sainchomhartha AE, mar shampla ‘71.987654321.HR’, nó sainchomhartha NA i gcás tríú tír, mar shampla ‘71.987654321.UK’) |
|
72 |
|
Malartú ceadúnas tiomána Uimh … arna eisiúint ag… (sainchomhartha NA i gcás tríú tír atá faoi réir cinneadh cur chun feidhme faoi Airteagal 15(7), mar shampla ‘72.0123456789.USA’) |
|
73 |
|
Teoranta d’fheithiclí de chatagóir B de chineál mótar-chuadrothair (B1) |
|
78 |
|
Teoranta d’fheithiclí ag a bhfuil traiseoladh uathoibríoch |
|
79 |
|
Teoranta d’fheithiclí a chomhlíonann na sonraíochtaí a léirítear idir lúibíní nó atá sonraithe i bhfo-chód, le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 21 den Treoir seo |
|
|
79.01. |
Teoranta d’fheithiclí dhá roth i dteannta carr cliathánach nó dá uireasa |
|
|
79.02. |
Teoranta d’fheithiclí de chatagóir AM de chineál trírothaigh nó cuadrothair éadroim |
|
|
79.03. |
Teoranta do thrírothaigh |
|
|
79.04. |
Teoranta do thrírothaigh i gcónasc le leantóir nach bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg aige |
|
|
79.05. |
Gluaisrothar de chatagóir A1 ag a bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan níos mó ná 0,1 kW/kg |
|
|
79.06. |
Feithicil de chatagóir BE i gcás inar mó mais údaraithe uasta an leantóra ná 3 500 kg |
|
80 |
|
Teoranta do shealbhóirí ceadúnais tiomána, nach bhfuil 24 bliana d’aois slánaithe acu, d’fheithicil de chatagóir A den chineál trírothach cumhachtaithe |
|
81 |
|
Teoranta do shealbhóirí ceadúnais tiomána, nach bhfuil 21 bhliain d’aois slánaithe acu, d’fheithicil de chatagóir A de chineál gluaisrothair dhá roth |
|
95 |
|
Tiománaí ag a bhfuil CPC lena gcomhlíontar an oibleagáid maidir le hinniúlacht ghairmiúil dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2022/2561 go dtí … (mar shampla ‘95(01.01.2028)’) |
|
96 |
|
Cóid a úsáidtear chun údarú a léiriú bunaithe ar oiliúint bhreise i gcatagóir |
|
|
96 |
Feithiclí de chatagóir B i gcónasc le leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta os cionn 750 kg, i gcás inar mó mais údaraithe uasta an chónaisc sin ná 3 500 kg ach nach mó í ná 4 250 kg |
|
|
96.01 |
Feithicil éigeandála arna tiomáint chun na gcríoch atá beartaithe di le ceadúnas tiomána de chatagóir B i gcás inar mó an mhais uasta ná 3 500 kg, ach nach mó í ná 5 000 kg, lena n-áirítear mais leantóra má úsáidtear é mar chónasc feithiclí |
|
|
96.02 |
Mótarcharbhán a thiomáintear le ceadúnas tiomána de chatagóir B i gcás inar mó an mhais uasta ná 3 500 kg, ach nach mó í ná 4 250 kg nó, i gcónasc le leantóir, nach mó í ná 5 000 kg. |
|
|
96.03 |
Feithiclí breosla mhalartaigh i gcónasc le leantóir, i gcás inar mó mais uasta údaraithe an chónaisc sin ná 4 250 kg ach nach mó í ná 5 000 kg. |
|
97 |
|
Gan a bheith údaraithe chun feithicil de chatagóir C1 a thiomáint a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. |
|
98 |
|
Cóid a úsáidtear chun críocha Airteagail 17 agus 18 (tá úsáid an fho-chóid éigeantach) |
|
|
98.01. |
Meastar gur tiománaí nuacheadúnaithe é nó í an tiománaí agus go bhfuil sé nó sí faoi réir choinníollacha na tréimhse promhaidh. I gcás ina ndéantar an ceadúnas a mhalartú, a athnuachan nó a athsholáthar, comhlánófar an cód le dáta deiridh na tréimhse promhaidh a ndearnadh taifeadadh air ar dtús (mar shampla 98.01.13.04.2028) |
|
|
98.02. |
Comhlíonfaidh an sealbhóir na coinníollacha a bhaineann leis an scéim tiomána tionlactha go dtí go mbíonn 18 mbliana d’aois slánaithe ag an sealbhóir |
Is éard a bheidh i gcód 100 agus os a chionn cóid náisiúnta nach bhfuil bailí ach do thiomáint ar chríoch an Bhallstáit eisiúna.
(1) Léiríonn sé sin an fórsa, i Niútain, is féidir leis an tiománaí a úsáid nó nach mór dó a úsáid chun an córas a oibriú.
IARSCRÍBHINN II
ÍOSCHEANGLAIS LE hAGHAIDH TÁSTÁLACHA TIOMÁNA AGUS EOLAS, SCILEANNA AGUS IOMPRAÍOCHT CHUN FEITHICIL CHUMHACHT-TIOMÁINTE A THIOMÁINT
Cuid I
ÍOSCHEANGLAIS LE hAGHAIDH TÁSTÁLACHA TIOMÁNA
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil an t-eolas agus na scileanna ag iarratasóirí ar cheadúnais tiomána agus go léiríonn siad an iompraíocht is gá chun feithicil chumhacht-tiomáinte a thiomáint. Ní mór a chuimsiú leis na tástálacha a thugtar isteach chuige sin:
|
(a) |
tástáil teoirice; |
|
(b) |
tar éis tástáil teoirice a dhéanamh, tástáil scileanna agus iompraíochta. |
Tá na coinníollacha faoina ndéantar na tástálacha sin leagtha amach thíos.
Teideal A
TÁSTÁIL TEOIRICE
1. Foirm
Áiritheofar leis an bhfoirm a roghnaítear go bhfuil an t-eolas riachtanach ag an iarratasóir ar na hábhair atá liostaithe i bpointí 2, 3 agus 4.
Aon iarratasóir ar cheadúnas tiomána i gcatagóir amháin a bhfuil pas faighte aige nó aici i dtástáil teoirice le haghaidh ceadúnas tiomána i gcatagóir eile, féadfar é a dhíolmhú ó fhorálacha coitianta phointí 2, 3 agus 4.
Féadfaidh na Ballstáit iarratasóirí a dhíolmhú ó na ceisteanna maidir leis an eolas bunúsach ar gharchabhair dá dtagraítear i bpointe 2, pointe (e), i gcás ina bhfuil oiliúint phraiticiúil gharchabhrach dheimhnithe déanta ag an iarratasóir, lena n-áirítear athbheochan chardascámhógach (ACS), tráth ar bith sula ndéantar an tástáil scileanna agus iompraíochta.
2. Ábhar na tástála teoirice a bhaineann le gach catagóir feithicle
Cuirfear ceisteanna maidir le gach ceann de na topaicí a liostaítear sna pointí seo a leanas, agus fágtar ábhar agus foirm na gceisteanna faoi rogha gach Ballstáit:
|
(a) |
rialacháin um thrácht ar bhóithre, go háirithe maidir le comharthaíocht bóthair, marcálacha agus comharthaí, cearta slí agus teorainneacha luais; |
|
(b) |
an tiománaí:
|
|
(c) |
an bóthar:
|
|
(d) |
úsáideoirí eile bóithre:
|
|
(e) |
rialacha ginearálta agus rialacháin ghinearálta agus cúrsaí eile:
|
|
(f) |
na réamhchúraimí is gá agus duine ag tuirlingt den fheithicil, lena n-áirítear a áirithiú go bhfuil sé sábháilte doras na feithicle a oscailt, agus nach gcruthóidh sé sin guais d’úsáideoirí eile bóthair, ar nós coisithe, rothaithe agus úsáideoirí micrea-shoghluaisteachta; |
|
(g) |
gnéithe meicniúla a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre; ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann na fabhtanna is coitianta a bhrath, go háirithe sna córais stiúrtha, crochta agus coscánaithe, sna boinn, soilse agus treotháscairí, frithchaiteoirí, scátháin siar, gaothscáth agus cuimilteoirí, córas sceite, criosanna sábhála agus feiste rabhaidh inchloiste; |
|
(h) |
trealamh sábháilteachta feithicle agus, go háirithe, úsáid criosanna sábhála, ceannbhac, trealamh sábháilteachta do leanaí; |
|
(i) |
feithiclí leictreacha a luchtú; |
|
(j) |
rialacha agus gnéithe maidir le húsáid feithiclí i ndáil leis an gcomhshaol, lena n-áirítear maidir le feithiclí leictreacha: úsáid iomchuí a bhaint as feistí rabhaidh inchloiste, ídiú réasúnta breosla nó fuinnimh, astaíochtaí a theorannú (astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailleáin aeir, torann agus micreacháithníní ó chaitheamh bonn, coscán agus bóithre etc.); |
|
(k) |
buntáistí, teorainneacha agus rioscaí a bhaineann le hardchórais cúnta tiománaithe agus córais tiomána uathoibrithe. An tábhacht a bhaineann leis na difríochtaí eatarthu agus lena n-úsáid shábháilte, oibleagáidí tiománaithe agus an chaoi ar féidir leis na córais tionchar a imirt ar fheasacht agus iompar an tiománaí. Áirítear leis sin réimse úsáide na gcóras, go bhféadfadh na córais iarrataí táthcheangail a ghiniúint agus na hoibleagáidí atá fós ar an tiománaí agus na córais sin gníomhach. |
3. Forálacha sonracha a bhaineann le catagóirí A1, A2 agus A
Seiceáil éigeantach ar an eolas ginearálta ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
úsáid feisteas cosanta, mar shampla lámhainní, buataisí, éadaí agus clogaid sábháilteachta; |
|
(b) |
infheictheacht gluaisrothaithe d’úsáideoirí eile bóthair; |
|
(c) |
tosca riosca a bhaineann le dálaí bóthair éagsúla mar a leagtar síos i bpointe 2, pointe (c), i dteannta aird bhreise ar chodanna sleamhna ar nós clúdaigh draenach, marcálacha bóthair, mar shampla línte agus saigheada, ráillí tram; |
|
(d) |
gnéithe meicniúla a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre mar a leagtar síos i bpointe 2, pointe (g), i dteannta aird bhreise ar an stoplasc éigeandála, na leibhéil ola agus an slabhra. |
4. Forálacha sonracha a bhaineann le catagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1, D1E
|
(1) |
Seiceáil éigeantach ar an eolas ginearálta ar an méid seo a leanas:
|
|
(2) |
Seiceáil éigeantach ar an eolas ginearálta ar na forálacha breise seo a leanas maidir le catagóirí C, CE, D agus DE:
|
Teideal B
TÁSTÁIL SCILEANNA AGUS IOMPRAÍOCHTA
5. An fheithicil agus a trealamh
(1) Traiseoladh na feithicle
|
(a) |
Ní bheidh cead ag tiománaí feithicil a thiomáint ag a bhfuil traiseoladh láimhe ach amháin má fhaigheann sé nó sí pas i dtástáil scileanna agus iompraíochta i bhfeithicil ag a bhfuil traiseoladh láimhe. Ciallaíonn ‘feithicil ag a bhfuil traiseoladh láimhe’ feithicil ag a bhfuil troitheán cráige (nó luamhán a oibrítear de láimh i gcás chatagóirí A, A2 agus A1) agus ar gá don tiománaí é a oibriú nuair a bhíonn an fheithicil á tosú nó a stopadh aige agus nuair a bhíonn giar á athrú aige. |
|
(b) |
Measfar go bhfuil traiseoladh uathoibríoch ag feithiclí nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos i bpointe 5.(1), pointe (a). Gan dochar do phointe 5.(1), pointe (c), má dhéanann iarratasóir tástáil scileanna agus iompraíochta ar fheithicil ag a bhfuil traiseoladh uathoibríoch, déanfar é sin a thaifeadadh ar aon cheadúnas tiomána a eisítear ar bhonn na tástála sin le cód ábhartha an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid E. Ní úsáidfear ceadúnais tiomána ar a bhfuil an léiriú sin ach amháin chun feithiclí ag a bhfuil traiseoladh uathoibríoch a thiomáint. Ní dhéanfar cód an Aontais, a ndéantar cur síos air sa dara fomhír, a thaifeadadh ar cheadúnas tiomána de chatagóir A1, A2, A, B1, B ná BE, nó bainfear é dá éis sin, má fhaigheann an t-iarratasóir nó an sealbhóir pas i dtástáil thiomnaithe scileanna agus iompraíochta nó má leanann sé nó sí agus má chríochnaíonn sé nó sí oiliúint thiomnaithe, oiliúint a d’fhéadfadh tarlú roimh an tástáil scileanna agus iompraíochta i bhfeithicil ag a bhfuil traiseoladh uathoibríoch. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
(c) |
Forálacha sonracha a bhaineann le catagóirí BE, C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach ndéanfar aon srian ar fheithiclí ag a bhfuil traiseoladh uathoibríoch a thaifeadadh ar an gceadúnas tiomána d’fheithicil de chatagóirí BE, C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 nó D1E dá dtagraítear i bpointe 5.(1), pointe (b), i gcás ina bhfuil ceadúnas tiomána ag an iarratasóir cheana féin gan an srian dá bhforáiltear i bpointe (b) i gceann amháin de na catagóirí seo a leanas ar a laghad: B, BE, C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 nó D1E, agus go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhfuil cur síos orthu i bpointe 8.(4) déanta aige le linn na tástála scileanna agus iompraíochta. |
(2) Na feithiclí a úsáidtear i dtástálacha scileanna agus iompraíochta, comhlíonfaidh siad na critéir íosta dá dtagraítear sa phointe seo. Féadfaidh na Ballstáit forálacha a dhéanamh maidir le critéir níos déine nó féadfaidh siad critéir eile a chur leo. Féadfaidh na Ballstáit lamháltas 5 cm3 faoin toilleadh sorcóra íosta is gá a chur i bhfeidhm maidir le feithiclí de chatagóirí A1, A2 agus A a úsáidtear sa tástáil scileanna agus iompraíochta.
|
(a) |
Catagóir A1: Gluaisrothar de chatagóir A1 gan carr cliathánach, nach bhfuil rátáil cumhachta níos mó ná 11 kW aige agus nach bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan níos mó ná 0,1 kW/kg aige, agus ar féidir leis luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh, beidh toilleadh sorcóra 120 cm3 ar a laghad ag an inneall. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag mótar leictreach, beidh cóimheas cumhachta le meáchan 0,08 kW/kg ar a laghad ag an bhfeithicil; |
|
(b) |
Catagóir A2: Gluaisrothar gan carr cliathánach, ag a bhfuil rátáil cumhachta 20 kW ar a laghad ach nach mó í ná 35 kW agus nach bhfuil cóimheas cumhachta le meáchan níos mó ná 0,2 kW/kg aige. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh, beidh toilleadh sorcóra 250 cm3 ar a laghad ag an inneall. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag mótar leictreach, beidh cóimheas cumhachta le meáchan 0,15 kW/kg ar a laghad ag an bhfeithicil; |
|
(c) |
Catagóir A: Gluaisrothar gan carr cliathánach, ag a bhfuil mais gan lódáil níos mó ná 180 kg, ag a bhfuil rátáil cumhachta 50 kW ar a laghad. Féadfaidh an Ballstát glacadh le lamháltas 5 kg faoin mais íosta riachtanach. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag inneall dócháin inmheánaigh, beidh toilleadh sorcóra 600 cm3 ar a laghad ag an inneall. Más rud é go bhfuil an gluaisrothar á chumhachtú ag mótar leictreach, beidh cóimheas cumhachta le meáchan 0,25 kW/kg ar a laghad ag an bhfeithicil. |
|
(d) |
Catagóir B: Feithicil ceithre roth de chatagóir B ar féidir léi luas 100 km/h ar a laghad a dhéanamh; |
|
(e) |
Catagóir BE: Cónasc, ina bhfuil feithicil tástála de chatagóir B agus leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta 1 000 kg ar a laghad, ar féidir leis luas 100 km/h ar a laghad a dhéanamh, nach dtagann faoi chatagóir B; is é a bheidh in urrann lastais an leantóra cabhail bosca dhúnta atá chomh leathan agus chomh hard leis an mótarfheithicil ar a laghad; de rogha air sin, d’fhéadfadh an chabhail bosca dhúnta a bheith beagán níos tanaí ná an mhótarfheithicil, ar choinníoll nach féidir amharc ar chúl ach amháin trí leas a bhaint as scátháin siar sheachtracha na mótarfheithicle; cuirfear an leantóir i láthair le fíormhais iomlán 800 kg ar a laghad; |
|
(f) |
Catagóir B1: Cuadrothar atá á chumhachtú ag mótar ar féidir leis luas 60 km/h ar a laghad a dhéanamh; nó, má údaraítear leis an gceadúnas tiomána feithiclí dá dtagraítear in Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, pointe (c), a thiomáint, comhlíonfaidh an fheithicil a úsáidtear i dtástálacha scileanna agus iompraíochta na coinníollacha a luaitear sa phointe sin. |
|
(g) |
Catagóir C: Feithicil de chatagóir C ag a bhfuil mais údaraithe uasta 12 000 kg ar a laghad, fad 8 m ar a laghad, leithead 2,40 m ar a laghad, agus ar féidir léi luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; feistithe le córas coscánaithe frithghlasála, a bhfuil trealamh taifeadta aici mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; is é a bheidh san urrann lastais cabhail bosca dhúnta atá chomh leathan agus chomh hard le hurrann an tiománaí ar a laghad; cuirfear an fheithicil i láthair le fíormhais iomlán 10 000 kg ar a laghad; |
|
(h) |
Catagóir CE: Feithicil altach nó cónasc d’fheithicil tástála de chatagóir C i dteannta leantóir atá 7,5 m ar fad ar a laghad; beidh ag an bhfeithicil altach agus ag an gcónasc araon mais údaraithe uasta 20 000 kg ar a laghad, fad 14 m ar a laghad agus leithead 2,40 m ar a laghad, féadfaidh siad luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh, beidh siad feistithe le coscáin frithghlasála, agus beidh trealamh taifeadta acu mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; is é a bheidh san urrann lastais cabhail bosca dhúnta atá chomh leathan agus chomh hard le hurrann an tiománaí ar a laghad; cuirfear an fheithicil altach agus an cónasc araon i láthair le fíormhais iomlán 15 000 kg ar a laghad; moltar, mar dhea-chleachtas, go mbeadh an fheithicil feistithe le cúigiú roth agus giarbhosca le hocht gcóimheas tosaigh ar a laghad; |
|
(i) |
Catagóir C1: Feithicil i gcatagóir C1 ag a bhfuil mais údaraithe uasta 4 000 kg ar a laghad, fad 5 m ar a laghad agus ar féidir léi luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; feistithe le coscáin frithghlasála, agus a bhfuil trealamh taifeadta aici mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; is é a bheidh san urrann lastais cabhail bosca dhúnta atá chomh leathan agus chomh hard le hurrann an tiománaí ar a laghad; i gcás nach mbeidh tástáil le déanamh ag an iarrthóir ar chumas an iarrthóra trealamh taifeadta a úsáid, ní gá an fheithicil a bheith feistithe le trealamh taifeadta; |
|
(j) |
Catagóir C1E: Cónasc ina bhfuil feithicil tástála i gcatagóir C1 agus leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta 1 250 kg ar a laghad; beidh an cónasc sin 8 m ar fad ar a laghad agus féadfaidh sé luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; is é a bheidh in urrann lastais an leantóra cabhail bosca dhúnta atá chomh leathan agus chomh hard le hurrann an tiománaí ar a laghad; de rogha air sin, d’fhéadfadh an chabhail bosca dhúnta a bheith beagán níos tanaí ná urrann an tiománaí ar choinníoll nach féidir amharc ar chúl ach amháin trí leas a bhaint as scátháin siar sheachtracha na mótarfheithicle; cuirfear an leantóir i láthair le fíormhais iomlán 800 kg ar a laghad; |
|
(k) |
Catagóir D: Feithicil de chatagóir D ag a bhfuil fad 10 m ar a laghad, leithead 2,40 m ar a laghad, agus ar féidir léi luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; feistithe le coscáin frithghlasála, agus a bhfuil trealamh taifeadta aici mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; |
|
(l) |
Catagóir DE: Cónasc ina bhfuil feithicil tástála de chatagóir D agus leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta 1 250 kg ar a laghad, leithead 2,40 m ar a laghad, agus ar féidir leis luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; is é a bheidh in urrann lastais an leantóra cabhail bosca dhúnta atá 2 m ar leithead agus 2 m ar airde ar a laghad; cuirfear an leantóir i láthair le fíormhais iomlán 800 kg ar a laghad; |
|
(m) |
Catagóir D1: Feithicil de chatagóir D1 ag a bhfuil mais údaraithe uasta 4 000 kg ar a laghad, fad 5 m ar a laghad agus ar féidir léi luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; feistithe le coscáin frithghlasála, agus a bhfuil trealamh taifeadta aici mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014; |
|
(n) |
Catagóir D1E: Cónasc ina bhfuil feithicil tástála de chatagóir D1 agus leantóir ag a bhfuil mais údaraithe uasta 1 250 kg ar a laghad agus ar féidir leis luas 80 km/h ar a laghad a dhéanamh; is é a bheidh in urrann lastais an leantóra cabhail bosca dhúnta atá 2 m ar leithead agus 2 m ar airde ar a laghad; cuirfear an leantóir i láthair le fíormhais iomlán 800 kg ar a laghad; |
6. Scileanna agus iompraíocht atá le tástáil maidir le catagóirí A1, A2 agus A
(1) Ullmhú na feithicle agus seiceáil theicniúil uirthi ina ndírítear ar an tsábháilteacht ar bhóithre
Léireoidh iarratasóirí go bhfuil sé ar a gcumas dóibh ullmhú le dul ar ghluaisrothar go sábháilte, trí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
an feisteas cosanta, ar nós lámhainní, buataisí, éadaí agus clogad sábháilteachta, a shocrú; |
|
(b) |
seiceálacha randamacha a dhéanamh ar an mbail atá ar na boinn, na coscáin, an stiúradh, an stoplasc éigeandála, más infheidhme, an slabhra, na leibhéil ola, na soilse, na frithchaiteoirí, na treotháscairí agus an feiste rabhaidh inchloiste. |
(2) Ionramhálacha speisialta atá le tástáil agus a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre:
|
(a) |
an gluaisrothar a chur ar a chicsheastán agus a bhaint de agus é a bhogadh, gan cabhair ón inneall, trí shiúl taobh leis an bhfeithicil; |
|
(b) |
an gluaisrothar a pháirceáil ar a chicsheastán; |
|
(c) |
dhá chineál ionramhála, ar a laghad, atá le déanamh ar luas mall, slalóm ina measc; leis sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar inniúlacht maidir le láimhseáil na scóige, an choscáin, cothromaíocht, treo amhairc agus suíomh ar an ngluaisrothar agus suíomh na gcos ar na tacaí coise; Má dhéantar an tástáil ar ghluaisrothar le tras-seoladh láimhe, déanfar é in éineacht le láimhseáil na cráige. |
|
(d) |
dhá chineál ionramhála, ar a laghad, atá le déanamh ar luas níos airde, a mbeidh ionramháil amháin díobh, ar a laghad, ag luas íosta 30 km/h, agus ionramháil amháin ina seachnaítear constaic ar luas íosta 50 km/h; leis sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar inniúlacht maidir le suíomh ar an ngluaisrothar, treo amhairc, cothromaíocht agus teicníc stiúrtha. Má dhéantar an tástáil ar ghluaisrothar le traiseoladh láimhe, déanfar é sa dara nó sa tríú giar; leis sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar inniúlacht maidir le teicníc athraithe giaranna; |
|
(e) |
coscánú: déanfar dhá ghníomh coscánaithe, ar a laghad, lena n-áirítear coscánú éigeandála ar luas íosta 50 km/h; leis sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar inniúlacht maidir le láimhseáil an choscáin tosaigh agus chúil, treo amhairc agus suíomh ar an ngluaisrothar; |
|
(f) |
U-chasadh a dhéanamh, más féidir. |
(3) Iompraíocht i dtrácht
Déanfaidh na hiarratasóirí na gníomhaíochtaí seo a leanas go léir i ngnáthdhálaí tráchta, ar bhealach iomlán sábháilte, agus na réamhchúraimí go léir is gá á nglacadh acu:
|
(a) |
tiomáint leo: tar éis páirceála, tar éis stopadh sa trácht; ag dul amach ó chabhsa; |
|
(b) |
tiomáint ar bhóithre díreacha; dul thar fheithiclí atá ag teacht ina dtreo, len n-áirítear i spásanna cúnga; |
|
(c) |
tiomáint timpeall cor; |
|
(d) |
crosbhóithre: dul suas go crosbhealaí agus acomhail agus iad a thrasnú; |
|
(e) |
treo a athrú, lena n-áirítear úsáid leordhóthanach táscairí; casadh ar chlé agus ar dheis; lánaí a athrú; |
|
(f) |
dul isteach ar mhótarbhealaí nó ar bhóithre comhchosúla, má tá fáil orthu), / imeacht uathu: dul isteach ón lána luasghéaraithe; dul amach ar an lána luasmhoillithe; |
|
(g) |
scoitheadh/dul thar fheithicil eile: úsáideoirí bóithre eile a scoitheadh, lena n-áirítear úsáideoirí soghonta bóithre, más féidir; tiomáint taobh le constaicí, mar shampla carranna páirceáilte; a bheith scoite ag trácht eile agus coinne a bheith acu le caochspotaí feithiclí eile, más iomchuí; |
|
(h) |
gnéithe speisialta bóthair, má tá fáil orthu: timpealláin; crosairí comhréidhe iarnróid, stadanna tram/bus, crosairí coisithe, lánaí rothar, agus aird chuí á tabhairt; tiomáint in aghaidh fána/le fána ar fhánaí fada; tolláin; |
|
(i) |
freagairt do dhálaí contúirte agus coinne a bheith acu leo; de mhaolú ar an oibleagáid na gníomhartha a dhéanamh i ngnáthstaideanna tráchta, ní dhéanfar na gníomhartha ach amháin i gcás ina dtagtar ar an staid ghuaiseach de thaisme; de rogha air sin, féadfar ionsamhlóirí a úsáid chun na scileanna sin a thástáil; |
|
(j) |
na réamhchúraimí is gá a ghlacadh le linn na tuirlingthe den fheithicil. |
7. Scileanna agus iompraíocht atá le tástáil maidir le catagóirí B, B1 agus BE
(1) Ullmhú na feithicle agus seiceáil theicniúil uirthi ina ndírítear ar an tsábháilteacht ar bhóithre
Léireoidh iarratasóirí go bhfuil sé ar a gcumas dóibh ullmhú le gluaisrothar a thiomáint go sábháilte trí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
an suíochán a oiriúnú de réir mar is gá chun teacht ar shuíomh ceart le suí; |
|
(b) |
scátháin siar, criosanna sábhála agus ceannbhaic a oiriúnú, má tá fáil orthu; |
|
(c) |
seiceáil go bhfuil na doirse dúnta; |
|
(d) |
seiceálacha randamacha a dhéanamh ar an mbail atá ar na boinn, an stiúradh, na coscáin, na sreabháin (mar shampla ola innill, fuarthán, sreabhán níocháin), na soilse, na frithchaiteoirí, na treotháscairí agus an feiste rabhaidh inchloiste; |
|
(e) |
na tosca sábháilteachta a bhaineann le lódáil feithicle a sheiceáil: cabhail, bileoga, doirse lastais, glasáil an chábáin, modh lódála, an t-ualach a dhaingniú (catagóir BE amháin); |
|
(f) |
an mheicníocht chúplála agus na naisc coscán agus leictreacha a sheiceáil (catagóir BE amháin). |
(2) Catagóirí B agus B1: ionramhálacha speisialta a thástáil a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre
Déanfar tástáil ar rogha de na hionramhálacha seo a leanas (dhá ionramháil, ar a laghad, do na ceithre phointe, lena n-áirítear ceann amháin sa ghiar cúlaithe):
|
(a) |
cúlú i líne dhíreach nó cúlú ar dheis nó ar chlé timpeall coirnéil gan imeacht ón lána tráchta ceart; |
|
(b) |
an fheithicil a chasadh sa treo eile, trí úsáid a bhaint as na giaranna ar aghaidh agus cúlaithe; |
|
(c) |
an fheithicil a pháirceáil agus imeacht ó spás páirceála (páirceáil chomhthreomhar, páirceáil ar uillinn nó páirceáil ingearach, ag dul chun tosaigh nó ar gcúl, ar thalamh chothrom, in aghaidh fána nó le fána); |
|
(d) |
coscánú go cruinn chun an fheithicil a stopadh; mar sin féin, tá sé roghnach stad éigeandála a dhéanamh. |
(3) Catagóir BE - ionramhálacha speisialta a thástáil a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre:
|
(a) |
leantóir agus a mhótarfheithicil a chúpláil nó a dhíchúpláil, nó a dhíchúpláil agus a chúpláil in athuair; ní mór é a bheith i gceist leis an ionramháil an fheithicil tarraingthe a pháirceáil taobh leis an leantóir, i.e. gan a bheith in aon líne amháin leis; |
|
(b) |
cúlú feadh cuair, agus tá sé de rogha ag na Ballstáit líne an chuair a chinneadh; |
|
(c) |
páirceáil go sábháilte le haghaidh lódála/dílódála. |
(4) Iompraíocht i dtrácht
Déanfaidh na hiarratasóirí na gníomhaíochtaí seo a leanas go léir i ngnáthdhálaí tráchta, ar bhealach iomlán sábháilte, agus na réamhchúraimí go léir is gá á nglacadh acu:
|
(a) |
tiomáint leo: tar éis páirceála, tar éis stopadh sa trácht; ag dul amach ó chabhsa; |
|
(b) |
tiomáint ar bhóithre díreacha; dul thar fheithiclí atá ag teacht ina dtreo, lena n-áirítear i spásanna cúnga; |
|
(c) |
tiomáint timpeall cor; |
|
(d) |
crosbhóithre: dul suas go crosbhealaí agus acomhail agus iad a thrasnú; |
|
(e) |
treo a athrú trí úsáid leordhóthanach a bhaint as táscairí: casadh ar chlé agus ar dheis; lánaí a athrú; |
|
(f) |
dul isteach ar mhótarbhealaí nó ar bhóithre comhchosúla, má tá fáil orthu, agus imeacht uathu: dul isteach ón lána luasghéaraithe; dul amach ar an lána luasmhoillithe; |
|
(g) |
scoitheadh agus dul thar fheithicil eile: úsáideoirí bóithre eile a scoitheadh, lena n-áirítear úsáideoirí soghonta bóithre, coinne a bheith acu le caochspotaí, más féidir; tiomáint taobh le constaicí, mar shampla carranna páirceáilte; ligean d’fheithiclí eile scoitheadh, más iomchuí; |
|
(h) |
tiomáint neamhspleách i ndiaidh comharthaí bóthair, más féidir; |
|
(i) |
gnéithe speisialta bóthair, má tá fáil orthu: timpealláin; crosairí comhréidhe iarnróid, stadanna tram/bus, crosairí coisithe, lánaí rothar, agus aird chuí á tabhairt; ag tiomáint in aghaidh fána agus le fána ar fhánaí fada; tolláin; |
|
(j) |
dul isteach san fheithicil agus tuirlingt aisti, lena n-áirítear a chinntiú go bhfuil sé sábháilte doras na feithicle a oscailt agus nach gcruthóidh sé sin guais d’úsáideoirí bóthair eile amhail coisithe, rothaithe agus úsáideoirí micrea-shoghluaisteachta, agus béim ar leith á leagan ar an doras a oscailt leis an láimh is faide uaidh; |
|
(k) |
freagairt do dhálaí contúirte agus coinne a bheith acu leo; de mhaolú ar an oibleagáid na gníomhartha a dhéanamh i ngnáthstaideanna tráchta, ní dhéanfar na gníomhartha ach amháin i gcás ina dtiocfar ar an staid ghuaiseach de thaisme; de rogha air sin, féadfar ionsamhlóirí a úsáid chun na scileanna sin a thástáil. |
8. Scileanna agus iompraíocht le tástáil maidir le catagóirí C, CE, C1, C1E, D, DE, D1 agus D1E
(1) Ullmhú na feithicle agus seiceáil theicniúil uirthi ina ndírítear ar an tsábháilteacht ar bhóithre
Léireoidh iarratasóirí go bhfuil sé ar a gcumas dóibh ullmhú le gluaisrothar a thiomáint go sábháilte trí na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:
|
(a) |
an suíochán a oiriúnú de réir mar is gá chun teacht ar shuíomh ceart le suí; |
|
(b) |
scátháin siar, criosanna sábhála agus ceannbhaic a oiriúnú má tá fáil orthu; |
|
(c) |
seiceálacha randamacha ar an mbail atá ar na boinn, an stiúradh, na coscáin, na soilse, na frithchaiteoirí, na treotháscairí agus an feiste rabhaidh inchloiste; |
|
(d) |
na córais coscánaithe chumhachtchúnta agus stiúrtha a sheiceáil; an bhail atá ar na rothaí, rothchnónna, pludghardaí, gaothscáth, fuinneoga agus cuimilteoirí, sreabháin (mar shampla ola innill, fuarthán, sreabhán níocháin) a sheiceáil; an painéal ionstraimí a sheiceáil agus a úsáid, lena n-áirítear an trealamh taifeadta mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014. Níl feidhm ag an gceanglas deiridh sin maidir leis na hiarratasóirí ar cheadúnas tiomána d’fheithicil de chatagóir C1 nó de chatagóir C1E nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin; |
|
(e) |
an t-aerbhrú, na humair aeir agus an crochadh a sheiceáil; |
|
(f) |
na tosca sábháilteachta a bhaineann le lódáil feithicle a sheiceáil: cabhail, bileoga, doirse lastais, meicníocht lódála, má tá sí ar fáil, glasáil an chábáin, má tá sí ar fáil, modh lódála, an t-ualach a dhaingniú (catagóirí C, CE, C1, C1E amháin); |
|
(g) |
an mheicníocht chúplála agus na naisc coscán agus leictreacha a sheiceáil (catagóirí CE, C1E, DE, D1E amháin); |
|
(h) |
a bheith in ann bearta speisialta sábháilteachta feithicle a ghlacadh; monatóireacht a dhéanamh ar an gcabhail, ar na doirse seirbhíse, ar an trealamh garchabhrach, ar na múchtóirí dóiteáin agus ar threalamh sábháilteachta eile (catagóirí D, DE, D1, D1E amháin); |
|
(i) |
(roghnach)léarscáil bóithre a léamh, pleanáil bealaigh, lena n-áirítear úsáid córas leictreonach loingseoireachta. |
(2) An fheithicil tarraingthe a thiomáint gan leantóir (catagóirí C1E, CE, D1E agus DE amháin).
Mura bhfuil an tiománaí i dteideal na feithiclí i gcatagóirí C1, C, D1 agus D, faoi seach, a thiomáint cheana féin, ní mór an inniúlacht maidir leis an bhfeithicil tarraingthe a thiomáint a áirithiú sula dtiomáineann sé i dtrácht le leantóir nasctha.
(3) Ionramhálacha speisialta atá le tástáil agus a bhfuil tionchar acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre:
|
(a) |
leantóir agus a mhótarfheithicil a chúpláil nó a dhíchúpláil, nó a dhíchúpláil agus a chúpláil in athuair; ní mór é a bheith i gceist leis an ionramháil an fheithicil tarraingthe a pháirceáil taobh leis an leantóir, i.e. gan a bheith in aon líne amháin leis (catagóirí CE, C1E, DE, D1E amháin); |
|
(b) |
cúlú feadh cuair, agus tá sé de rogha ag na Ballstáit líne an chuair a chinneadh; |
|
(c) |
casadh U a dhéanamh, más féidir; |
|
(d) |
páirceáil go sábháilte le haghaidh lódála/dílódála ag rampa/ardán lódála nó suiteáil chomhchosúil (catagóirí C, CE, C1, C1E amháin); |
|
(e) |
páirceáil chun ligean do phaisinéirí dul ar an mbus nó tuirlingt den bhus go sábháilte (catagóirí D, DE, D1, D1E amháin). |
(4) Iompraíocht i dtrácht
Déanfaidh na hiarratasóirí na gníomhaíochtaí seo a leanas go léir i ngnáthdhálaí tráchta, ar bhealach iomlán sábháilte, agus na réamhchúraimí go léir is gá á nglacadh acu:
|
(a) |
tiomáint ar shiúl: tar éis páirceála, tar éis stopadh sa trácht; ag dul amach ó chabhsa; |
|
(b) |
tiomáint ar bhóithre díreacha; dul thar fheithiclí atá ag teacht ina dtreo, lena n-áirítear i spásanna cúnga; |
|
(c) |
tiomáint timpeall cor; |
|
(d) |
crosbhóithre: dul suas go crosbhealaí agus acomhail agus iad a thrasnú; |
|
(e) |
treo a athrú: casadh ar chlé agus ar dheis; lánaí a athrú; |
|
(f) |
dul isteach ar mhótarbhealaí nó ar bhóithre comhchosúla, má tá fáil orthu, agus imeacht uathu: dul isteach ón lána luasghéaraithe; dul amach ar an lána luasmhoillithe; |
|
(g) |
scoitheadh agus dul thar fheithicil eile: úsáideoirí bóithre eile a scoitheadh, lena n-áirítear úsáideoirí soghonta bóithre, coinne a bheith acu le caochspotaí (más féidir); tiomáint taobh le constaicí, mar shampla carranna páirceáilte; ligean d’fheithiclí eile scoitheadh (más iomchuí); |
|
(h) |
gnéithe speisialta bóthair, má tá fáil orthu: timpealláin; crosairí comhréidhe iarnróid, stadanna tram/bus, crosairí coisithe, lánaí rothar, agus aird chuí á tabhairt; ag tiomáint in aghaidh fána agus le fána ar fhánaí fada; tolláin; |
|
(i) |
freagairt do dhálaí contúirte agus coinne a bheith acu leo; de mhaolú ar an oibleagáid na gníomhartha a dhéanamh i ngnáthstaideanna tráchta, ní dhéanfar na gníomhartha ach amháin i gcás ina dtagtar ar an staid ghuaiseach de thaisme; de rogha air sin, féadfar ionsamhlóirí a úsáid chun na scileanna sin a thástáil; |
|
(j) |
dul isteach san fheithicil agus tuirlingt di, lena n-áirítear a áirithiú go bhfuil sé sábháilte doras na feithicle a oscailt agus nach gcruthóidh sé sin guais d’úsáideoirí eile bóthair ar nós coisithe, rothaithe agus úsáideoirí micrea-shoghluaisteachta. |
(5) Tiomáint shábháilte agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de:
tiomáint ar bhealach lena n-áirithítear sábháilteacht agus lena laghdaítear ídiú breosla nó fuinnimh agus astaíochtaí le linn an luasghéaraithe, an luasmhoillithe, na tiomána in aghaidh fána agus le fána (tiomáint éiceolaíoch).
9. Marcáil na tástála scileanna agus iompraíochta
|
(1) |
Maidir le gach ceann de na cásanna tiomána a leagtar amach i bpointí 6, 7 agus 8, léireofar sa mheasúnú an éascaíocht a léiríonn an t-iarratasóir agus rialtáin na feithicle á láimhseáil ag an iarratasóir agus an cumas a léiríonn an t-iarratasóir tiomáint sa trácht ar bhealach iomlán sábháilte. Ní mór don scrúdaitheoir mothú sábháilte i rith na tástála ar fad. Gearrfar pionós ar earráidí tiomána nó ar iompar contúirteach lena gcuirtear sábháilteacht na feithicle tástála, a paisinéirí nó úsáideoirí eile bóthair i gcontúirt go díreach trí theip a thabhairt sa tástáil, gan beann ar cé acu is gá don scrúdaitheoir nó don duine tionlacain gníomhú nó nach gá. Mar sin féin, is faoin scrúdaitheoir a bheidh sé a chinneadh cé acu a chríochnófar an tástáil scileanna agus iompraíochta nó nach gcríochnófar.
Cuirfear oiliúint ar scrúdaitheoirí tiomána chun cumas na n-iarratasóirí tiomáint go sábháilte a mheasúnú i gceart. Déanfaidh comhlacht atá údaraithe ag an mBallstát agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, pointe 4.(1), pointe (e), faireachán agus maoirseacht ar obair scrúdaitheoirí tiomána chun feidhmiú ceart comhsheasmhach an mheasúnaithe ar fhabhtanna a áirithiú i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar síos san Iarscríbhinn seo. |
|
(2) |
Agus measúnú á dhéanamh acu, tabharfaidh scrúdaitheoirí tiomána aird ar leith ar cé acu atá nó nach bhfuil iompraíocht tiomána chosantach agus shóisialta á léiriú ag an iarratasóir. Léireofar leis sin stíl fhoriomlán na tiomána agus cuirfidh an scrúdaitheoir tiomána é sin san áireamh sa mheasúnú foriomlán ar thiomáint an iarratasóra. Áireofar leis sin tiomáint oiriúnaithe agus chinntitheach (i.e. tiomáint shábháilte) leis an méid a leanas á chur san áireamh: dálaí bóthair agus aimsire, trácht eile agus leasanna úsáideoirí eile bóithre, go háirithe úsáideoirí soghonta bóithre, agus cumas an iarratasóra coinne a bheith aige lena bhféadfadh tarlú. |
|
(3) |
Ina theannta sin, déanfaidh an scrúdaitheoir tiomána measúnú ar an iarratasóir maidir leis an méid seo a leanas:
|
10. Fad na tástála
Beidh fad na tástála agus an t-achar arna thaisteal leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna agus an iompraíocht a leagtar síos i dTeideal B den Iarscríbhinn seo. I gcás ar bith, ní bheidh an t-am a chaitear ag tiomáint ar an mbóthar níos lú ná 25 nóiméad, i gcás chatagóirí A, A1, A2, B, B1 agus BE, nó 45 nóiméad i gcás na gcatagóirí eile. Ní áireofar leis an am sin fáiltiú an iarratasóra, ullmhú na feithicle, an tseiceáil theicniúil ar an bhfeithicil ina ndírítear ar an tsábháilteacht ar bhóithre, na hionramhálacha speisialta, inniúlacht a áirithiú de réir phointe 8(2) nó fógairt thoradh na tástála praiticiúla.
11. Suíomh na tástála
Maidir leis an gcuid sin den tástáil ina ndéantar measúnú ar na hionramhálacha speisialta, féadfar an chuid sin a dhéanamh ar láthair thástála speisialta. Nuair is indéanta, déanfar an chuid sin den tástáil ina ndéantar measúnú ar an iompraíocht i dtrácht ar bhóithre lasmuigh de limistéir fhoirgnithe, ar luasbhealaí nó ar mhótarbhealaí (nó bóithre comhchosúla), chomh maith le gach cineál sráide uirbí (limistéir chónaithe, limistéir 30 km/h agus 50 km/h, luasbhealaí uirbeacha) ar limistéir iad a bheidh ina léiriú ar na cineálacha éagsúla deacrachta is dócha a bheidh le sárú ag tiománaithe. Tá sé inmhianaithe freisin go ndéanfar an tástáil i ndálaí éagsúla dlúis tráchta. Úsáidfear an t-am a chaitear ag tiomáint ar an mbóthar ar an mbealach is fearr is féidir chun measúnú a dhéanamh ar an iarratasóir sna limistéir éagsúla tráchta go léir a d’fhéadfadh a bheith ann, agus féachtar ar bhealach ar leith le hathrú ó limistéir go limistéir.
Cuid II
EOLAS, SCILEANNA AGUS IOMPRAÍOCHT CHUN FEITHICIL CHUMHACHT-TIOMÁINTE A THIOMÁINT
Beidh an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht a ndéantar tuairisc orthu faoi Chuid I, pointí 1 go 9 ag tiománaithe gach feithicle cumhacht-tiomáinte i gcónaí d’fhonn a bheith in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
contúirtí agus guaiseacha tráchta a aithint agus coinne a bheith acu leo, agus a dtromchúis a mheas; |
|
(b) |
ceannas leordhóthanach a bheith acu ar a bhfeithicil chun nach gcruthóidís dálaí contúirteacha agus go bhfreagróidís go hiomchuí dá dtiocfadh contúirt mar sin chun cinn; |
|
(c) |
na rialacháin um thrácht ar bhóithre a chomhlíonadh, go háirithe na rialacháin sin a bhfuil sé d’aidhm acu timpistí bóthair a chosc agus an sreabhadh tráchta a choinneáil ar bun; |
|
(d) |
aon mhórfhabht teicniúil ina bhfeithicil a bhrath, go háirithe na fabhtanna sin atá ina nguais sábháilteachta, agus na fabhtanna sin a chur ina gceart ar bhealach iomchuí; |
|
(e) |
na tosca go léir a mbíonn éifeacht acu ar iompraíocht an tiománaí (mar shampla alcól, tuirse, radharc lag na súl, úsáid gaireas leictreonach etc.) a chur san áireamh chun leanúint d'úsáid iomlán na gcumas is gá chun tiomáint go sábháilte; |
|
(f) |
cuidiú le sábháilteacht na n-úsáideoirí bóthair go léir a áirithiú, agus go háirithe sábháilteacht na n-úsáideoirí soghonta bóithre, trí urraim chuí a thabhairt do dhaoine eile; |
|
(g) |
eolas leordhóthanach a bheith acu ar thosca riosca a bhaineann le rothaithe, coisithe agus úsáideoirí micrea-shoghluaisteachta; |
|
(h) |
eolas leordhóthanach a bheith acu ar shábháilteacht a bhaineann le húsáid feithiclí breosla mhalartaigh; |
|
(i) |
eolas leordhóthanach a bheith acu ar úsáid ardchóras cúnta tiománaithe agus ar chórais tiomána uathoibrithe. |
Féadfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí a chur chun feidhme lena áirithiú gur féidir le tiománaithe nach léiríonn a thuilleadh an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht a ndéantar tuairisc orthu faoi Chuid I, pointí 1 go 9, an t-eolas agus na scileanna sin a fháil ar ais agus go leanfaidh siad den iompraíocht sin a léiriú atá riachtanach chun feithicil chumhacht-tiomáinte a thiomáint.
IARSCRÍBHINN III
CAIGHDEÁIN ÍOSTA OIRIÚNACHTA CHUN FEITHICIL CHUMHACHT-TIOMÁINTE A THIOMÁINT
SAINMHÍNITHE
|
1. |
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, déanfar tiománaithe a aicmiú in dhá ghrúpa:
Féadfar, leis an dlí náisiúnta, foráil a dhéanamh le go mbeidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo le haghaidh thiománaithe Ghrúpa 2 maidir le tiománaithe feithiclí de chatagóir B a mbeidh a gceadúnas tiomána in úsáid acu chun críoch ghairmiúil (tacsaithe, otharchairr, etc.). |
|
2. |
Déanfar iarratasóirí ar an gcéad cheadúnas tiomána nó ar athnuachan ceadúnais tiomána a aicmiú sa ghrúpa lena mbainfidh siad má eisíodh nó má athnuadh an ceadúnas tiomána a ndearnadh iarratas air. |
Teideal 1
RADHARC NA SÚL
|
3. |
Déanfar measúnú iomchuí ar gach iarratasóir ar cheadúnas tiomána lena áirithiú go bhfuil géire amhairc leordhóthanach acu chun feithiclí cumhacht-tiomáinte a thiomáint agus chun a féachaint an bhfuil gá le tuilleadh scrúdaithe ar an réimse radhairc. I gcás ina bhfuil cúis amhrais ann maidir le leordhóthanacht radharc an iarratasóra, déanfaidh gairmí inniúil atá údaraithe ag an dlí náisiúnta scrúdú air nó uirthi. Ag an scrúdú sin, tabharfar aird ar leith ar an méid seo a leanas: géire amhairc, réimse radhairc, radharc sa bhreacsholas, mothálacht i ndáil le dallrú agus codarsnacht, dioplóipe agus feidhmeanna amhairc eile a d’fhéadfadh cur isteach ar an tiomáint shábháilte.
I gcás thiománaithe Ghrúpa 1, féadfar ceadúnú i ‘gcásanna eisceachtúla aonair’ i gcás nach féidir an caighdeán maidir le réimse radhairc ná an caighdeáin maidir le géire amhairc a chomhlíonadh ach ina bhfuil cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcuirfí isteach ar an tsábháilteacht ar bhóithre dá n-eiseofaí ceadúnas tiomána don iarratasóir; sna cásanna sin, cuirfidh gairmí inniúil atá údaraithe ag an dlí náisiúnta scrúdú ar an tiománaí chun a léiriú nach bhfuil aon lagú eile ar an bhfeidhm amhairc, lena n-áirítear mothálacht i ndáil le dallrú agus codarsnacht agus radharc sa bhreacsholas. Ba cheart an tiománaí nó an t-iarratasóir a bheith faoi réir tástáil phraiticiúil dhearfach arna déanamh ag údarás inniúil freisin. Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 2
ÉISTEACHT
|
4. |
Féadfar ceadúnais tiomána a eisiúint nó a athnuachan d’iarratasóirí nó do thiománaithe i nGrúpa 2 a bhfuil lagú éisteachta acu faoi réir tuairim a fháil ó na húdaráis liachta inniúla bunaithe ar scrúdú leighis, agus tabharfar aird ar leith sa scrúdú leighis ar na féidearthachtaí cúitimh. |
Teideal 3
DAOINE FAOI MHÍCHUMAS FISICIÚIL
|
5. |
Ní dhéanfar ceadúnais tiomána a eisiúint ná a athnuachan d’iarratasóirí ná do thiománaithe a bhfuil tinnis nó laguithe orthu i dtaca lena gcóras gluaisluaile, a fhágann go bhfuil sé contúirteach feithicil chumhacht-tiomáinte a thiomáint.
Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 4
GALAIR CHARDASHOITHÍOCHA
|
6. |
D’fhéadfadh lagú tobann ar na feidhmeanna ceirbreacha, ar contúirt é don tsábháilteacht ar bhóithre, a bheith ina thoradh ar riochtaí cardashoithíocha nó galair chardashoithíocha. Forais atá sna riochtaí sin chun srianta sealadacha nó buana ar an tiomáint a bhunú.
|
Teideal 5
DIABETES MELLITUS
|
7. |
Chun críocha na bpointí seo a leanas, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 6
GALAR NÉAREOLAÍOCHA AGUS SIONDRÓM AIPNIA CHODLATA THOIRMEASCAIGH
|
8. |
Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratasóirí a bhfuil galair néareolaíocha agus siondróm aipnia chodlata thoirmeascaigh orthu. |
Teideal 7
GALAIR NÉAREOLAÍOCHA
|
(1) |
Ní dhéanfar ceadúnais tiomána a eisiúint ná a athnuachan d’iarratasóirí ná do thiománaithe a bhfuil galar néareolaíoch tromchúiseach orthu, mura bhfuil tuairim liachta dhearfach ó ghairmí liachta inniúil atá údaraithe ag gabháil leis an iarratas. Dá réir sin, maidir le suaití néareolaíocha a bhaineann le riochtaí forbartha, galair, gnáthamh leighis nó mháinliachta a mbíonn tionchar acu ar lárchóras na néaróg nó d’imeallchóras na néaróg, as a dtagann laguithe cognaíocha, iompraíochta, céadfacha nó luaileacha agus a mbíonn tionchar acu ar fheidhmíocht, ar chothromaíocht agus ar chomhordú, cuirfear san áireamh iad dá réir sin i ndáil lena n-éifeachtaí feidhmiúla ar thiomáint. Ní mór na rioscaí a bhaineann le dul chun cinn lagaithe agus easpa comhlíontachta le cóir leighis a chur san áireamh. Sna cásanna sin, féadfar eisiúint nó athnuachan an cheadúnais tiomána a bheith faoi réir measúnú tréimhsiúil i gcás riosca meatha. |
Teideal 8
SIONDRÓM AIPNIA CHODLATA THOIRMEASCAIGH
|
(2) |
Chun críocha na bpointí seo a leanas:
|
|
(3) |
Maidir le hiarratasóirí nó tiománaithe a meastar go bhfuil siondróm aipnia chodlata thoirmeascaigh mheasartha nó dhian orthu, cuirfear ar aghaidh iad chun comhairle liachta bhreise a fháil ó ghairmí liachta inniúil atá údaraithe sula ndéanfar ceadúnas tiomána a eisiúint nó a athnuachan. D’fhéadfaí a mholadh dóibh gan tiomáint go dtí go ndéanfar an diagnóis a dheimhniú. |
|
(4) |
Féadfar ceadúnais tiomána a eisiúint d’iarratasóirí nó do thiománaithe a bhfuil siondróm aipnia chodlata thoirmeascaigh measartha nó dian orthu a léiríonn smacht leordhóthanach ar a riocht agus a léiríonn go gcloíonn siad le cóir leighis iomchuí agus ar le tuairim liachta ó ghairmí liachta inniúil atá údaraithe a dheimhnítear feabhas, más ann dó, ar an gcodlatacht. |
|
(5) |
Iarratasóirí nó tiománaithe a bhfuil siondróm aipnia chodlata thoirmeascaigh measartha nó dian orthu agus a bhfuil cóir leighis á cur orthu, beidh siad faoi réir athbhreithniú liachta tréimhsiúil, ag eatraimh nach faide ná 3 bliana do thiománaithe i nGrúpa 1 agus aon bhliain amháin do thiománaithe i nGrúpa 2, d’fhonn a leibhéal comhlíontachta leis an gcóir leighis, an gá le leanúint leis an gcóir leighis, agus dea-fhaireachas leanúnach a dhearbhú. |
Teideal 9
TITIMEAS
|
9. |
Tá taomanna titimis nó suaití tobanna eile ar an staid chomhfheasa ina gcontúirt thromchúiseach don tsábháilteacht ar bhóithre má bhaineann siad le duine a bhfuil feithicil chumhacht-tiomáinte á tiomáint aige.
Chun críocha na bpointí seo a leanas:
Maidir le duine a dtagann an chéad taom nó taom aonair nó cailliúint comhfheasa air nó uirthi, molfar dó nó di gan tiomáint. Is gá tuairisc a fháil ó speisialtóir, ina ndearbhaítear an tréimhse ina bhfuil toirmeasc ar thiomáint agus na bearta leantacha arna n-iarraidh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéantar siondróm sonrach titimis an duine agus an cineál sonrach taoma a shainaithint ionas gur féidir meastóireacht cheart a dhéanamh ar shábháilteacht tiomána an duine, lena n-áirítear an riosca atá ann go dtarlóidh taomanna eile, agus an teiripe iomchuí a thionscnamh. Déanfaidh néareolaí an méid sin. Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 10
LAGUITHE MEABHRACHA
|
10. |
Baineann na rialacha seo a leanas le hiarratasóirí nó le tiománaithe a bhfuil lagú meabhrach nó intleachta orthu.
Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 11
ALCÓL
|
11. |
Contúirt mhór don tsábháilteacht ar bhóithre is ea alcól a ól. I bhfianaise mhéid na faidhbe, is gá do ghairm an leighis a bheith an-airdeallach.
Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 12
DRUGAÍ AGUS TÁIRGÍ ÍOCSHLÁINTE
|
12. |
Baineann na rialacha seo a leanas le drugaí agus táirgí leighis.
Mí-úsáid:
Úsáid thráthrialta: Grúpa 1:
Féadfaidh an t-údarás liachta inniúil ceanglais shealadacha agus, i gcás inarb iomchuí, srianta ar thiomáint a bhunú. Grúpa 2:
|
Teideal 13
NEAMHOIRD DHUÁNACHA
|
13. |
Tá feidhm ag na rialacha seo a leanas maidir le hiarratasóirí a bhfuil neamhoird dhuánacha orthu.
Grúpa 1:
Grúpa 2:
|
Teideal 14
FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA
Grúpa 1:
|
(1) |
Faoi réir tuairim liachta ó ghairmí liachta inniúil atá údaraithe agus, más gá, scrúduithe sláinte tráthrialta, féadfar ceadúnais tiomána a eisiúint nó a athnuachan d’iarratasóirí nó do thiománaithe a ndearnadh trasphlandú orgáin orthu nó a bhfuil ionchlannán saorga iontu a dhéanann difear don chumas tiomána. |
Grúpa 2:
|
(2) |
Tabharfaidh an t-údarás liachta inniúil aird ar leith ar na rioscaí agus na contúirtí breise a bhaineann le tiomáint feithiclí a chumhdaítear leis an sainiú ar an nGrúpa seo. |
Mar riail ghinearálta, i gcás ina bhfuil neamhord ar bith ar iarratasóirí nó ar thiománaithe nach luaitear san Iarscríbhinn seo ach a d’fhéadfadh a bheith ina éagumas feidhme a dhéanfadh difear do shábháilteacht tiomána agus iad ag tiomáint, nó a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagumas den sórt sin, ní dhéanfar ceadúnais tiomána a eisiúint ná a athnuachan mura bhfuil mar thaca ag an iarratas tuairim liachta ó ghairmí liachta inniúil atá údaraithe agus, más gá, tá an t-iarratasóir nó an tiománaí faoi réir scrúduithe sláinte tráthrialta.
IARSCRÍBHINN IV
CAIGHDEÁIN ÍOSTA DO DHAOINE A CHUIREANN TÁSTÁLACHA TIOMÁNA PRAITICIÚLA AR DHAOINE EILE
1. Inniúlachtaí atá de dhíth ar scrúdaitheoir tiomána
(1) Beidh eolas, scileanna agus tuiscint maidir leis na topaicí a liostaítear i bpointí (2) go (8) ag duine atá údaraithe chun measúnuithe praiticiúla a dhéanamh i bhfeithicil chumhacht-tiomáinte ar fheidhmíocht tiomána iarrthóra.
(2) Beidh na hinniúlachtaí atá ag scrúdaitheoir ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht iarrthóra a bhfuil an chatagóir teidlíochta ceadúnais tiomána á lorg aige nó aici a bhfuiltear ag tabhairt faoin tástáil tiomána ina leith.
(3) Eolas agus tuiscint ar thiomáint agus ar mheasúnú:
|
(a) |
teoiric na hiompraíochta tiomána; |
|
(b) |
brath guaiseacha agus seachaint timpistí; áirítear leis sin tuiscint a fháil ar leochaileacht úsáideoirí bóithre gan inneall agus úsáideoirí dé-rothach mótair agus aird a thabhairt ar leochaileacht na n-úsáideoirí sin; |
|
(c) |
an siollabas atá mar bhonn taca le caighdeáin na tástála tiomána; |
|
(d) |
ceanglais na tástála tiomána; |
|
(e) |
an dlí ábhartha um bóithre agus um thrácht, lena n-áirítear dlí agus treoirlínte léirmhíniúcháin ábhartha de chuid an Aontais agus dlí agus treoirlínte léirmhíniúcháin náisiúnta ábhartha; |
|
(f) |
teoiric agus teicnící an mheasúnaithe; |
|
(g) |
tiomáint chosantach. |
(4) Scileanna measúnaithe:
Beidh an scrúdaitheoir in ann an méid seo a dhéanamh:
|
(a) |
breathnú go grinn ar fheidhmíocht fhoriomlán an iarrthóra agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht sin, go háirithe:
|
|
(b) |
faisnéis a thuiscint go tapa agus príomhphointí a bhaint aisti; |
|
(c) |
féachaint chun tosaigh, fadhbanna féideartha a shainaithint, agus straitéisí a fhorbairt chun dul i ngleic leo; |
|
(d) |
an cumas aiseolas tráthúil cuiditheach a sholáthar. |
(5) Scileanna tiomána pearsanta:
Duine atá údaraithe chun tástáil phraiticiúil a chur ar dhaoine le haghaidh catagóir ceadúnais tiomána ar leith, beidh sé nó sí in ann an cineál ábhartha sin feithicle cumhacht-tiomáinte a thiomáint ar ardchaighdeán go comhsheasmhach.
(6) Cáilíocht na seirbhíse:
|
(a) |
an méid lenar féidir leis an iarrthóir a bheith ag súil i rith na tástála a leagan amach agus a chur in iúl; |
|
(b) |
é nó í féin a chur in iúl go soiléir, agus ábhar, stíl agus teanga a roghnú atá oiriúnach don spriocphobal agus don chomhthéacs, agus ceisteanna ó iarrthóirí a láimhseáil; |
|
(c) |
aiseolas soiléir ar thoradh na tástála a sholáthar; |
|
(d) |
caitheamh le hiarrthóirí le hurraim agus gan idirdhealú. |
(7) Eolas ar theicníc agus ar fhisic feithicle, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
|
(a) |
eolas ar theicneolaíocht feithicle, mar shampla stiúradh, boinn, coscáin, soilse, go háirithe i gcás gluaisrothar agus feithiclí troma; |
|
(b) |
eolas ar shábháilteacht lódála; |
|
(c) |
eolas ar fhisic feithicle, amhail luas, frithchuimilt, dinimic agus fuinneamh. |
(8) Tiomáint ar bhealach atá tíosach ar bhreosla nó ar fhuinneamh agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
2. Coinníollacha ginearálta
(1) Scrúdaitheoir tiomána do chatagóir B:
|
(a) |
beidh ceadúnas tiomána de chatagóir B aige nó aici ar feadh 3 bliana ar a laghad; |
|
(b) |
beidh 23 bliana d’aois ar a laghad slánaithe aige nó aici; |
|
(c) |
beidh an cháilíocht tosaigh dá bhforáiltear i bpointe 3 faighte go rathúil aige nó aici agus beidh na socruithe maidir le dearbhú cáilíochta agus le hoiliúint thréimhsiúil dá bhforáiltear i bpointe 4 déanta aige nó aici dá éis sin; |
|
(d) |
beidh deireadh curtha aige nó aici le gairmoideachas, a bhfuil de thoradh air go gcuirtear cúrsa leibhéal 3 ar a laghad i gcrích mar a leagtar amach san Aicmiú Idirnáisiúnta Caighdeánach ar an Oideachas UNESCO (ISCED); |
|
(e) |
ní bheidh sé nó sí gníomhach mar theagascóir tiomána tráchtála i gcomhthráth le bheith gníomhach mar scrúdaitheoir tiomána. |
(2) Scrúdaitheoir tiomána do na catagóirí eile:
|
(a) |
beidh ceadúnas tiomána aige nó aici sa chatagóir lena mbaineann nó beidh eolas coibhéiseach aige trí cháilíocht ghairmiúil leordhóthanach; |
|
(b) |
beidh an cháilíocht tosaigh dá bhforáiltear i bpointe 3 faighte go rathúil aige nó aici agus beidh na socruithe maidir le dearbhú cáilíochta agus le hoiliúint thréimhsiúil dá bhforáiltear i bpointe 4 déanta aige nó aici dá éis sin; |
|
(c) |
beidh sé nó sí ina scrúdaitheoir cáilithe tiomána do chatagóir B ar feadh 3 bliana ar a laghad; d’fhéadfaí an ceanglas sin a tharscaoileadh ar choinníoll go bhféadfadh an scrúdaitheoir atá i gceist fianaise a sholáthar ar an méid seo a leanas:
|
|
(d) |
beidh deireadh curtha aige nó aici le gairmoideachas, a bhfuil de thoradh air go gcuirtear cúrsa leibhéal 3 ar a laghad i gcrích mar a leagtar amach san ISCED; |
|
(e) |
ní bheidh sé nó sí gníomhach mar theagascóir tiomána tráchtála i gcomhthráth le bheith gníomhach mar scrúdaitheoir tiomána. |
(3) Caighdeán gairmiúil
Agus a gcúram á chomhlíonadh acu maidir le measúnuithe praiticiúla, fanfaidh scrúdaitheoirí saor ó thionchar seachtrach, bíodh sé díreach nó indíreach. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena ndualgais agus urramóidh siad oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht nuair a bheidh a gcúraimí á ndéanamh acu.
(4) Coibhéisí
|
(a) |
Féadfaidh na Ballstáit scrúdaitheoir a údarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine do chatagóirí AM, A1, A2 agus A nuair fhaigheann sé nó sí an cháilíocht tosaigh a cheanglaítear faoi phointe 3 do cheann amháin de na catagóirí sin a bhaint amach. |
|
(b) |
Féadfaidh na Ballstáit scrúdaitheoir a údarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine do chatagóirí C1, C, D1 agus D nuair a fhaigheann sé nó sí an cháilíocht tosaigh a cheanglaítear faoi phointe 3 do cheann amháin de na catagóirí sin a bhaint amach. |
|
(c) |
Féadfaidh na Ballstáit scrúdaitheoir a údarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine do chatagóirí BE, C1E, CE, D1E agus DE nuair a fhaigheann sé nó sí an cháilíocht tosaigh a cheanglaítear faoi phointe 3 do cheann amháin de na catagóirí sin a bhaint amach. |
3. Cáilíocht tosaigh
(1) Oiliúint tosaigh
|
(a) |
Sula bhféadfar duine a údarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine, leanfaidh an duine sin ar bhealach sásúil cibé clár oiliúna a d’fhéadfadh Ballstát a shonrú chun go mbeidh na hinniúlachtaí a leagtar amach i bpointe 1 aige. |
|
(b) |
Cinnfidh na Ballstáit cé acu do chatagóir ceadúnas tiomána amháin nó do níos mó ná catagóir amháin a bhainfidh ábhar aon chláir oiliúna ar leith le húdarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine. |
(2) Scrúduithe
|
(a) |
Sula bhféadfar duine a údarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine, léireoidh an duine sin caighdeán sásúil eolais, tuisceana, scileanna agus inniúlachta i leith na n-ábhar a liostaítear i bpointe 1. |
|
(b) |
Feidhmeoidh na Ballstáit próiseas scrúdaithe lena ndéantar measúnú, ar bhealach iomchuí ó thaobh na hoideolaíochta de, ar inniúlachtaí an duine mar a shainítear faoi phointe 1, go háirithe pointe 1.(4). Comhlíonfaidh an próiseas scrúdúcháin na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus áireofar ann gné theoirice agus gné phraiticiúil araon. Féadfar measúnú bunaithe ar ríomhaire a úsáid i gcás inarb iomchuí. Faoi na Ballstát iad féin a bheidh sé a shocrú cé na mionsonraí maidir le cineál agus fad aon tástálacha agus aon mheasúnuithe a bheidh sa scrúdú. |
|
(c) |
Cinnfidh na Ballstáit cé acu do chatagóir ceadúnas tiomána amháin, nó do níos mó ná catagóir amháin a bhainfidh ábhar aon scrúdaithe ar leith le húdarú chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine. |
4. Dearbhú cáilíochta agus oiliúint thréimhsiúil
(1) Dearbhú cáilíochta
|
(a) |
Beidh socruithe dearbhaithe cáilíochta i bhfeidhm ag na Ballstáit chun foráil a dhéanamh maidir le coimeád ar bun caighdeán scrúdaitheoirí tiomána. |
|
(b) |
Is é a bheidh i gceist le socruithe dearbhaithe cáilíochta maoirseacht ar scrúdaitheoirí ag an obair, a n-oiliúint bhreise agus a n-athchreidiúnú, a bhforbairt ghairmiúil leanúnach, agus athbhreithniú tréimhsiúil ar na tástálacha tiomána a chuir siad ar dhaoine. |
|
(c) |
Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfar maoirseacht bhliantúil ar gach scrúdaitheoir, ina n-úsáidfear na socruithe dearbhaithe cáilíochta a liostaítear i bpointe 4.(1), pointe (b). Thairis sin, forálfaidh na Ballstáit go ndéanfar breathnóireacht ar gach scrúdaitheoir agus é nó í i mbun tástálacha a chur ar dhuine uair amháin gach 5 bliana, ar feadh tréimhse íosta charnach leathlae ar a laghad, rud a d’fhágfadh gur féidir breathnóireacht a dhéanamh ar roinnt tástálacha. I gcás ina n-aithnítear fadhbanna, cuirfear gníomhaíocht cheartaitheach i bhfeidhm. Is é nó í an breathnóir an duine atá údaraithe ag an mBallstát chun na críche sin. |
|
(d) |
I gcás ina bhfuil scrúdaitheoir údaraithe chun tástálacha tiomána a dhéanamh i níos mó ná aon chatagóir amháin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcomhlíonfar an ceanglas breathnóra maidir le tástálacha le haghaidh níos mó ná aon chatagóir amháin má chomhlíontar an ceanglas maidir le maoirseacht ar thástálacha d’aon chatagóir amháin. |
|
(e) |
Déanfaidh comhlacht atá údaraithe ag an mBallstát faireachán agus maoirseacht ar obair scrúdaitheoirí tiomána chun feidhmiú ceart comhsheasmhach an mheasúnaithe a áirithiú. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhaltaí den chomhlacht sin a bhfuil sé de chúram orthu faireachán agus maoirseacht a dhéanamh neamhchlaonta agus neamhspleách ar idirghabháil sheachtrach nó ar bhrú polaitiúil agus a gcuid feidhmeanna á bhfeidhmiú acu. |
(2) Oiliúint thréimhsiúil
|
(a) |
Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh scrúdaitheoirí tiomána, gan beann ar an líon catagóirí dá bhfuil siad creidiúnaithe, an méid seo a leanas chun go leanfaidh siad de bheith údaraithe:
|
|
(b) |
Déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirtear oiliúint shonrach go pras ar na scrúdaitheoirí sin a bhfuarthas amach ina dtaobh leis an gcóras dearbhaithe cáilíochta atá i bhfeidhm nach leor, ar an iomlán, a bhfeidhmíocht. |
|
(c) |
Féadfaidh an oiliúint thréimhsiúil a bheith i bhfoirm mionteagaisc, oiliúint sa seomra ranga, foghlaim thraidisiúnta nó foghlaim ríomhbhunaithe, agus féadfar an oiliúint a dhéanamh ar bhonn duine aonair nó grúpa. Féadfar cibé athchreidiúnú caighdeán a mheasann na Ballstáit is iomchuí a chuimsiú leis. |
|
(d) |
I gcás ina bhfuil scrúdaitheoir údaraithe chun tástálacha tiomána a chur ar dhaoine i níos mó ná aon chatagóir amháin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le hoiliúint thréimhsiúil i ndáil le tástálacha do níos mó ná aon chatagóir amháin má chomhlíontar an ceanglas maidir le hoiliúint thréimhsiúil d’aon chatagóir amháin, ach an coinníoll a leagtar amach i bpointe 4.(2), pointe (e), a chomhlíonadh. |
|
(e) |
I gcás nach ndearna scrúdaitheoir tástálacha a chur ar dhuine do chatagóir laistigh de thréimhse 24 mhí, déanfar athmheasúnú iomchuí ar an scrúdaitheoir sula mbeidh de chead aige nó aici tástálacha tiomána a bhaineann leis an gcatagóir sin a chur ar dhaoine. Féadfar an t-athmheasúnú sin a dhéanamh mar chuid den cheanglas a leagtar amach i bpointe 4.(2), pointe (a). |
5. Cearta faighte
(1) Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do dhaoine atá údaraithe tástálacha tiomána a chur ar dhaoine go díreach roimh an 19 Eanáir 2013 leanúint de thástálacha tiomána a chur ar dhaoine, in ainneoin nach raibh siad údaraithe i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta i bpointe 2 ná leis an bpróiseas cáilíochta tosaigh a leagtar amach i bpointe 3.
(2) D’ainneoin sin, beidh na scrúdaitheoirí sin faoi réir na socruithe maidir le maoirseacht thráthrialta agus dearbhú cáilíochta a leagtar amach i bpointe 4.
(1) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/882/oj).
IARSCRÍBHINN V
ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE hOILIÚINT AGUS TÁSTÁIL TIOMÁNAITHE DO CHÓNAISC, LENA nÁIRÍTEAR FEITHICLÍ BREOSLA MHALARTAIGH, DO MHÓTARCHARBHÁIN, AGUS D’FHEITHICLÍ ÉIGEANDÁLA
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an oiliúint dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe(d), a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh orthu; nó, |
|
(b) |
an tástáil scileanna agus iompraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (d) a eagrú. |
Teideal A
CÓNAISC
1. Mairfidh oiliúint na dtiománaithe 7 n-uaire an chloig ar a laghad;
2. Ábhar oiliúint na dtiománaithe
Cumhdófar in oiliúint na dtiománaithe an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht a ndéantar tuairisc orthu in Iarscríbhinn II, pointí 2 agus 7. Tabharfar aird ar leith ar dhinimicí gluaiseachta feithiclí, ar chritéir sábháilteachta, ar fheithicil tarracóra agus leantóir (meicníocht chúpláilte), ar fhearais cheart lódála agus sábháilteachta.
Cuimseofar na ceachtanna seo a leanas i ngné phraiticiúil: luasghéarú, luasmhoilliú, cúlú, coscánú, achar stoptha, athrú lánaí, coscánú agus gníomhaíocht éalaithe, luascadh leantóra, leantóir a dhíchúpláil óna mhótarfheithicil agus a athchúpláil léi arís agus páirceáil.
Déanfaidh gach rannpháirtí san oiliúint an chuid phraiticiúil agus léireoidh sé nó sí a scileanna agus a iompraíocht nó a hiompraíocht ar bhóithre poiblí.
Maidir leis na cónaisc feithiclí a úsáidtear don oiliúint, tiocfaidh siad faoin gcatagóir cónasc feithiclí ar iarr an t-iarratasóir ceadúnas tiomána ina leith.
3. Fad agus ábhair na tástála scileanna agus iompraíochta
Beidh fad na tástála agus an t-achar arna thaisteal leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna agus an iompraíocht a leagtar amach i bpointe 2.
Teideal B
MÓTARCHARBHÁIN AGUS FEITHICLÍ ÉIGEANDÁLA
1. Mairfidh oiliúint na dtiománaithe 7 n-uaire an chloig ar a laghad agus féadfar í a eagrú ar bhóithre poiblí nó ar chiorcad iata.
2. Ábhar oiliúint na dtiománaithe
Cumhdófar in oiliúint na dtiománaithe an t-eolas, na scileanna agus an iompraíocht a ndéantar tuairisc orthu in Iarscríbhinn II, Teideal A, pointe 2 agus, a mhéid a bhaineann le catagóir C1, Iarscríbhinn II, Teideal B, pointe 8. Tabharfar aird ar leith ar dhinimicí gluaiseachta feithiclí, ar chritéir sábháilteachta, ar fhearais cheart lódála agus sábháilteachta.
Cuimseofar na ceachtanna seo a leanas i ngné phraiticiúil: luasghéarú, luasmhoilliú, cúlú, coscánú, achar stoptha, athrú lánaí, luascadh leantóra, leantóir a dhíchúpláil óna mhótarfheithicil agus a athchúpláil léi arís, coscánú agus gníomhaíocht éalaithe agus páirceáil. Maidir le feithiclí éigeandála, tabharfar aird ar leith ar a áirithiú go mbeidh na scileanna is gá ag an tiománaí chun déileáil i gceart le deacrachtaí breise a eascraíonn as tiomáint i gcás éigeandála.
Feithiclí a úsáidtear le haghaidh na hoiliúna, tiocfaidh siad faoin gcatagóir feithiclí ar iarr an t-iarratasóir ceadúnas tiomána ina leith.
3. Fad agus ábhar na tástála scileanna agus iompraíochta
Beidh fad na tástála agus an t-achar arna thaisteal leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna agus an iompraíocht a leagtar amach i bpointe 2.
IARSCRÍBHINN VI
ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE hOILIÚINT AGUS TÁSTÁIL TIOMÁNAITHE DO GHLUAISROTHAIR I gCATAGÓIR A (ROCHTAIN FHORCHÉIMNITHEACH)
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an oiliúint dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe(c), a fhormheas agus maoirseacht a dhéanamh orthu; nó, |
|
(b) |
an tástáil scileanna agus iompraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (c), a eagrú. |
2. Mairfidh oiliúint na dtiománaithe 7 n-uaire an chloig ar a laghad.
3. Ábhar oiliúint na dtiománaithe
Cumhdófar le hoiliúint na dtiománaithe na gnéithe ar fad a chumhdaítear in Iarscríbhinn II, pointe 6.
Déanfaidh gach rannpháirtí codanna praiticiúla na hoiliúna agus léireoidh sé nó sí a scileanna agus a iompraíocht nó a hiompraíocht ar bhóithre poiblí.
Gluaisrothair a úsáidtear le haghaidh na hoiliúna, tiocfaidh siad faoi chatagóir na ngluaisrothar ar iarr an t-iarratasóir ceadúnas tiomána ina leith.
4. Fad agus ábhair na tástála scileanna agus iompraíochta
Beidh fad na tástála agus an t-achar arna thaisteal leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar na scileanna agus an iompraíocht a leagtar amach i bpointe 3.
IARSCRÍBHINN VII
TÁBLA COMHGHAOIL
|
Treoir 2006/126/CE |
Rialachán (AE) Uimh. 383/2012 |
An Treoir seo |
|
— |
— |
Airteagal 1 |
|
— |
— |
Airteagal 2, pointí (1), (2), (3), (13) agus (14) |
|
Airteagal 1(1) |
— |
Airteagal 4(1) |
|
Airteagal 1(2), (3) agus (4) |
— |
Airteagal 4(5) agus (6) |
|
— |
— |
Airteagal 3(1) to (5) |
|
Airteagal 2(1) |
— |
Airteagal 3(6) |
|
Airteagal 2(2) |
— |
Airteagal 4(3) |
|
Airteagal 3(1) agus (2) |
— |
Airteagal 4(2) |
|
Airteagal 3(3) |
— |
Airteagal 4(4) |
|
— |
— |
Airteagal 4 (7) |
|
— |
— |
Airteagal 5(1) go (5) agus (7) |
|
Airteagal 4(1), an chéad abairt |
— |
Airteagal 6(1) |
|
Airteagal 4(1), an dara abairt |
— |
Airteagal 7(1) |
|
Airteagal 4(1), an tríú abairt |
— |
Airteagal 2, pointe (4) |
|
Airteagal 4(2) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (a) |
|
Airteagal 4(2), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 6(1), pointe (a), agus Airteagal 2, pointí (5), (6) agus (7) |
|
Airteagal 4(2) an dara fleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (a) |
|
Airteagal (3) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(3) an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 2, pointe (8) |
|
Airteagal 4(3) an dara fleasc |
— |
Airteagal 2, pointe (9) |
|
Airteagal 4(3), pointe (a), an chéad agus an dara fleasc |
— |
Airteagal 6(1), pointe (b)(i) |
|
Airteagal 4(3), pointe (a), an tríú fleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (a) |
|
Airteagal 4(3), pointe (b), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 6(1), pointe (b)(ii) |
|
Airteagal 4(3), pointe (b), an dara fleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(3), pointe (c)(i) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (b)(iii), an chéad fhleasc |
|
Airteagal 4(3), pointe (c)(i), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (c)(i) |
|
Airteagal 4(3), pointe (c)(ii) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (b)(iii), an dara fleasc |
|
Airteagal 4(3), pointe (c)(ii), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (c)(ii) |
|
Airteagal 4(4) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c) |
|
Airteagal 4(4), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 2, pointí (10) agus (11) |
|
Airteagal 4(4), an dara fleasc |
— |
Airteagal 1(2), pointe (b) |
|
Airteagal 4(4), pointe (a) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(i) |
|
Airteagal 4(4), pointe (a), an chéad fhleasc |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(i), an chéad fhomhír, agus Airteagal 2, pointe (12) |
|
Airteagal 4(4), pointe (a), an dara fleasc |
— |
Airteagal 7(1), pointe (a) |
|
Airteagal 4(4) pointe (a), an tríú fleasc |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(i), an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 4(4), pointe (b), seachas an abairt dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(ii) |
|
Airteagal 4(4), pointe (b), an abairt dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(4), pointe (c), seachas an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(iii) |
|
Airteagal 4(4), pointe (c), an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(4), pointe (d) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(iv) |
|
Airteagal 4(4), pointe (e), seachas an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(v) |
|
Airteagal 4(4), pointe (e), an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (b) |
|
Airteagal 4(4), pointe (f) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(vi) |
|
Airteagal 4(4) pointe (g), seachas an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(vii) |
|
Airteagal 4(4) pointe (g), an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (d) |
|
Airteagal 4(4), pointe (h) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(viii) |
|
Airteagal 4(4), pointe (i), seachas an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(ix) |
|
Airteagal 4(4), pointe (i), an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (d) |
|
Airteagal 4(4), pointe (j) |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(x) |
|
Airteagal 4(4), pointe (k), seachas an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 6(1), pointe (c)(xi) |
|
Airteagal 4(4), pointe (k), an fhleasc dheireanach |
— |
Airteagal 7(1), pointe (f) |
|
Airteagal 4(5) |
— |
Airteagal 6(2) |
|
Airteagal 4(6), an chéad fhomhír, pointe (a) |
— |
Airteagal 7(2), pointe (a) |
|
Airteagal 4(6), an chéad fhomhír, pointe (b) |
— |
Airteagal 7(2), pointe (b) |
|
Airteagal 4(6), an chéad fhomhír, pointe (c) |
— |
Airteagal 7(2), pointe (c) |
|
Airteagal 4(6), an chéad fhomhír, pointe (d) |
— |
Airteagal 7(2), pointe (d) |
|
Airteagal 4(6), an dara fomhír |
— |
Airteagal 7(3) |
|
Airteagal 4(6), an tríú agus an ceathrú fomhír |
— |
Airteagal 7(4) |
|
Airteagal 4(7), an chéad fhomhír |
— |
Airteagal 7(1), pointí (e) agus (g) |
|
Airteagal 4(7), an dara fomhír |
— |
Airteagal 7(2), pointí (e) agus (f) |
|
Airteagal 5 |
— |
Airteagal 8 |
|
Airteagal 6(1) |
— |
Airteagal 9(1) |
|
Airteagal 6(2), pointe (a) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (a) |
|
Airteagal 6(2), pointe (b) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (b) |
|
— |
— |
Airteagal 9(2), pointe (c) |
|
— |
— |
Airteagal 9(2), pointe (d) |
|
Airteagal 6(2), pointe (c) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (e) |
|
— |
— |
Airteagal 9(2), pointe (f) |
|
Airteagal 6(2), pointe (d) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (g) |
|
Airteagal 6(2), pointe (e) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (h) |
|
Airteagal 6(2), pointe (f) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (i) |
|
Airteagal 6(3) |
— |
Airteagal 9(3) |
|
Airteagal 6(4), pointí (a) agus (b) |
— |
Airteagal 9(4), pointí (a) agus (b) |
|
— |
— |
Airteagal 9(4), an chéad fhomhír, pointí (c) agus (d), agus an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 6(4), pointe (c) |
— |
Airteagal 9(2), pointe (j) |
|
— |
— |
Airteagal 9(2), pointe (k) |
|
Airteagal 7(1) |
— |
Airteagal 10(1) |
|
Airteagal 7(2) |
— |
Airteagal 10(2), an chéad, an dara agus an tríú fomhír |
|
Airteagal 7(3), an chéad fomhír |
— |
Airteagal 10(3) |
|
Airteagal 7(3), an dara fomhír |
— |
— |
|
Airteagal 7(3), an tríú fomhír |
— |
Airteagal 10(2), an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 7(3), an ceathrú fomhír |
— |
Airteagal 10(2), an ceathrú fomhír |
|
Airteagal 7(3), an cúigiú fomhír |
— |
Airteagal 10(2), an cúigiú fomhír |
|
— |
— |
Airteagal 10(2), an séú fomhír |
|
Airteagal 7(3), an séú fomhír |
— |
Airteagal 10(2), an seachtú fomhír |
|
— |
— |
Airteagal 10(2), an t-ochtú fomhír |
|
Airteagal 7(4) |
— |
Airteagal 10(4) |
|
Airteagal 7(5) |
— |
Airteagal 10(5) |
|
— |
— |
Airteagal 12 |
|
Airteagal 8 |
— |
Airteagal 4(8), Airteagal 5(6), Airteagal 8(2), Airteagal 10(6), Airteagal 19(2) agus Airteagal 25 |
|
Airteagal 9 |
— |
Airteagal 26 |
|
Airteagal 10 |
— |
Airteagal 19 |
|
Airteagal 11(1), (2) agus (3) |
— |
Airteagal 13(1), (2) agus (3) |
|
Airteagal 11(4) |
— |
Airteagal 16(1) agus (2) |
|
Airteagal 11(5) |
— |
Airteagal 13(4) |
|
— |
— |
Airteagal 14 |
|
— |
— |
Airteagal 15(1), (3), (4) agus (6) go (10) |
|
Airteagal 11(6) |
— |
Airteagal 15(2) agus (5) |
|
— |
— |
Airteagal 16(3) agus (4) |
|
— |
— |
Airteagal 17 |
|
— |
— |
Airteagal 18 |
|
Airteagal 12 |
— |
Airteagal 20(1) |
|
— |
— |
Airteagal 20(2), (3) agus (4) |
|
Airteagal 13 |
— |
Airteagal 21 |
|
Airteagal 14 |
— |
Airteagal 24 |
|
Airteagal 15(1) |
— |
Airteagal 22(1) |
|
Airteagal 15(2) agus (3) |
— |
Airteagal 22(2) |
|
Airteagal 15(4) |
— |
Airteagal 22(3) |
|
— |
— |
Airteagal 22(4), (5) agus (6) |
|
— |
— |
Airteagal 23 |
|
— |
— |
Airteagal 27 |
|
— |
— |
Airteagal 28 |
|
Airteagal 16 |
— |
Airteagal 29 |
|
Airteagal 17 |
— |
Airteagal 30 |
|
Airteagal 18 |
Airteagal 8 |
Airteagal 31 |
|
Airteagal 19 |
— |
Airteagal 32 |
|
Iarscríbhinn I |
— |
Iarscríbhinn I, Codanna A1, A2, D agus E |
|
— |
Airteagal 1 |
— |
|
— |
Airteagal 2(1) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (1) |
|
— |
Airteagal 2(2) |
— |
|
— |
Airteagal 2(3) |
— |
|
— |
Airteagal 3 |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (2) |
|
— |
Airteagal 4 |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (3) |
|
— |
Airteagal 5(1) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (4) |
|
— |
Airteagal 5(2) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (5) |
|
— |
Airteagal 5(3) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (6) |
|
— |
Airteagal 5(4) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (7) |
|
— |
Airteagal 5(5) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (8) |
|
— |
Airteagal 6 |
— |
|
— |
Airteagal 7(1) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (9) |
|
— |
Airteagal 7(2) |
Iarscríbhinn I, Cuid B, pointe (10) |
|
— |
Iarscríbhinn I |
Iarscríbhinn I, Cuid B1 |
|
— |
Iarscríbhinn II |
Iarscríbhinn I, Cuid B2 |
|
— |
Iarscríbhinn III |
Iarscríbhinn I, Cuid B3 |
|
— |
Iarscríbhinn IV |
Iarscríbhinn I, Cuid B4 |
|
Iarscríbhinn II |
— |
Iarscríbhinn II |
|
Iarscríbhinn III, seachas pointí 3, 4 agus 5 |
— |
Iarscríbhinn III |
|
Iarscríbhinn III, pointí 3, 4 agus 5 |
— |
Airteagal 11 |
|
Iarscríbhinn IV |
— |
Iarscríbhinn IV |
|
Iarscríbhinn V |
— |
Iarscríbhinn V, Teideal A |
|
— |
— |
Iarscríbhinn V, Teideal B |
|
Iarscríbhinn VI |
— |
Iarscríbhinn VI |
|
Iarscríbhinn VII |
— |
— |
|
Iarscríbhinn VIII |
— |
Iarscríbhinn VII |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2025/2205/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)