European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2198

31.10.2025

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2198 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Deireadh Fómhair 2025

maidir le cur chun feidhme nasc iarnróid ardluais Liospóin - Mhaidrid ar Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh i gcur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2025) 7130)

(Is iad na téacsanna Spáinnise agus Portaingéilise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 55(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Príomhchuspóir beartais de chuid an Aontais is ea an t-iompar a dhícharbónú, go háirithe trí na dálaí a chruthú le haghaidh aistriú módach uaillmhianach i dtrácht paisinéirí fadraoin chuig modhanna iompair atá tíosach ar fhuinneamh. Ina Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste (2), leagann an Coimisiún síos go sonrach an sprioc chun trácht ar iarnród ardluais a dhúbailt faoi 2030.

(2)

Is gá nasc iarnróid ardluais an chroíghréasáin idir Liospóin agus Maidrid a thabhairt chun críche faoi dheireadh 2030, i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1679 agus le hIarscríbhinn I a ghabhann leis.

(3)

Tar éis nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a bheith tugtha chun críche, ba cheart an deis a bheith ag oibreoirí iarnróid seirbhísí díreacha idir an dá phríomhchathair a thairiscint ar thart ar thrí uair an chloig. Agus an aidhm ann nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a chomhtháthú go hiomlán i líonra ardluais níos leithne na Spáinne agus na Fraince, is céim thábhachtach chun cinn é glacadh an leithéid rianta ainmniúil chaighdeánaigh Eorpaigh 1 435 mm. Neartóidh sé sin an t-iomaíochas i dtrácht paisinéirí fadraoin. Tríd an bPortaingéil agus an Spáinn a nascadh leis an bhFrainc, tá gné shoiléir thrasteorann agus Aontais ag baint le nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid.

(4)

Tá an tionscadal um nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid mar chuid de Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh. Leagtar béim sa 5ú Plean Oibre de Chonair an Atlantaigh (Iúil 2022) ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur le tabhairt chun críche an naisc iarnróid ardluais trasteorann sin, chun rogha mhalartach inmharthana a chur ar fáil ar an daichead eitilt laethúil sa dá threo idir Liospóin agus Maidrid.

(5)

Is tionscadal casta trasteorann é nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid, a bhfuil an Phortaingéil agus an Spáinn páirteach ann, a éilíonn codanna nua bonneagair a thógáil. Tá comhpháirteanna bonneagair uile an naisc riachtanach chun am taistil leordhóthanach a áirithiú le haghaidh seirbhísí ardluais díreacha thart ar 3 uair an chloig. Ina measc, tá an tríú droichead thar abhainn Tagus in Liospóin, chomh maith leis na stráicí líne ardluais ‘Liospóin-Évora’, ‘Évora-Caia’, ‘Caia-Badajoz’, ‘Badajoz-Talayuela’ agus ‘Talayuela-Maidrid’.

(6)

Dá bhrí sin, tá comhordú maith idir an Spáinn agus an Phortaingéil fíor-riachtanach. Chun tacú le cur chun feidhme comhordaithe tráthúil an tionscadail, is gá forálacha a ghlacadh lena leagtar síos tuairisc ar na gníomhaíochtaí is gá agus an tráthchlár dá gcur chun feidhme.

(7)

Tá sé tábhachtach freisin na gníomhaíochtaí is gá chun nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a chur i gcrích agus an tráthchlár chun é a chur chun feidhme a shainaithint go soiléir, agus infhaighteacht cistiúcháin agus maoinithe ón Aontas, cistiúcháin agus maoinithe náisiúnta agus réigiúnach agus maoiniú príobháideach a phleanáil agus a bharrfheabhsú go hiomlán. D’fhéadfadh éifeacht ghiarála ard a bheith ag cómhaoiniú ón Aontas ar an gcinnteoireacht náisiúnta agus réigiúnach maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí.

(8)

Tá gníomhaíochtaí suntasacha déanta ag an bPortaingéil agus ag an Spáinn cheana féin, lena n-áirítear staidéir agus oibreacha bonneagair, rud a rannchuidíonn le nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a chur i gcrích. Tá an chuid is mó díobh cómhaoinithe ag an Aontas, faoi chláir éagsúla (an Ciste Comhtháthaithe, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta). Rinneadh gníomhaíochtaí agus déantar iad faoi láthair faoi roinnt comhaontuithe deontais faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (2014-ES-TM-0518-W, 2014-PT-TM-0627-M, 2015-ES-TM-0181-S, 2015-ES-TM-0173-S, 2016-PT-TMC-0059-M, 2016-ES-TM-0271-S, 2019-ES-TM-0252-S, 2020-PT-TMC-0047-S, 101079551-21-PT-TG).

(9)

I gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1679, gan dochar d’Airteagal 8(5) den Rialachán sin, tá na Ballstáit chun bearta iomchuí a dhéanamh chun an croíghréasán a fhorbairt faoin 31 Nollaig 2030. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 8(5) go mbeidh cur chun feidhme tionscadal leasa choitinn ag brath ar mhéid a n-aibíochta, ar nósanna imeachta dlíthiúla an Aontais agus na nósanna imeachta dlíthiúla náisiúnta a bheith á gcomhlíonadh, agus ar infhaighteacht acmhainní airgeadais, gan dochar do ghealltanas airgeadais ó Bhallstáit nó ón Aontas.

(10)

Rinne an Spáinn agus an Phortaingéil gach iarracht ailíniú le sprioc-am 2030 an chroíghréasáin, mar a tugadh bunús leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh ar chodanna Évora-Mérida agus Mérida-Plasencia. Tá an Spáinn tiomanta freisin do gach iarracht a dhéanamh an stráice líne ardluais nua idir Talayuela agus Maidrid a thabhairt chun críche faoi 2030. Mar sin féin, mar gheall ar shrianta teicniúla agus airgeadais atá ar an bPortaingéil, ní thabharfar nasc iarnróid ardluais Liospóin-Maidrid chun críche roimh dheireadh 2030. Ba cheart é a bheith críochnaithe go hiomlán roimh dheireadh 2034.

(11)

I bhfianaise an chur i seirbhís atá beartaithe do líne nua ardluais Évora-Elvas faoi lár 2026, chomh maith leis an gcuspóir an nasc ardluais iomlán a chur i gcrích faoi dheireadh 2034, is gá céim idirmheánach a áirithiú chun Liospóin a nascadh le Maidrid le ham leordhóthanach taistil le haghaidh seirbhísí díreacha le traenacha ardluais de thart ar 5 uair an chloig faoi 2030 ar a dhéanaí.

(12)

Ós rud é nach mbeidh torthaí na staidéar maidir leis na codanna is gá a thógáil chun an t-am taistil 3 uair an chloig a bhaint amach faoi 2034 ar fáil ach amháin faoi dheireadh 2027, tá an tráthchlár agus na garspriocanna gaolmhara maidir leis na codanna sin a thógáil, lena n-áirítear cur in úsáid an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) agus a údarú ar gach ceann acu, le comhaontú ag céim níos déanaí.

(13)

Mar gheall ar ghné thrasteorann an tionscadail, ba ghá struchtúir thiomnaithe rialachais a chur ar bun. Bunaíodh an Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch ‘Alta Velocidad(e) España Portugal’ (GELE AVEP) an 26 Eanáir 2001. Áirítear lena chuspóir corparáideach aon chúram laistigh de raon feidhme naisc iarnróid na Spáinne agus na Portaingéile a dhéanamh a chuireann rialtas na Spáinne nó na Portaingéile nó a gcuideachtaí bainistíochta bonneagair, Administrador de Infraestructuras Ferroviarias (ADIF) agus Infraestruturas de Portugal, S.A. (IP) faoi seach, de chúram uirthi.

(14)

Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann tuarascálacha tráthrialta a sholáthar don Choimisiún maidir leis an ábhar, maidir leis na codanna ina gcríocha féin, lena n-áirítear maidir leis na gealltanais airgeadais a rinneadh sna pleananna buiséid náisiúnta, agus fógra a thabhairt dó faoi aon mhoill shuntasach a thagann chun cinn.

(15)

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 2356 an 24.4.2018 ón gCoimisiún maidir le nasc iarnróid trasteorann Évora-Mérida feadh Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh, baineann sé le cuid den líne a chumhdaítear sa Chinneadh seo. Dá bhrí sin, is gá é a aisghairm. Na gníomhaíochtaí nach raibh tugtha chun críche go fóill agus an Cinneadh sin a bhí ann roimhe sin á chur i bhfeidhm, déantar iad a ionchorprú sa Chinneadh seo.

(16)

Ba cheart an tráthchlár cur chun feidhme a leagtar amach sa Chinneadh seo a bheith gan dochar do chomhlíonadh na gceanglas a shainítear sa dlí idirnáisiúnta agus i ndlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. Leis an tráthchlár sin, ba cheart na páirtithe ar fad a bheith in ann infhaighteacht an chistiúcháin a phleanáil agus a bharrfheabhsú go hiomlán, gan dochar do ghealltanas airgeadais Ballstáit nó an Aontais. Níor cheart dó, i gcás ar bith, caighdeáin arda an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil agus rannpháirtíocht phoiblí a chur i mbaol.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo formheasta ag an bPortaingéil agus ag an Spáinn.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1679,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an gCinneadh seo na tosaíochtaí, na gníomhaíochtaí agus an tráthchlár chun an tionscadal um nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a chur chun feidhme, chomh maith le forálacha rialachais gaolmhara.

Airteagal 2

Gníomhaíochtaí agus tráthchlár

(1)   Áiritheoidh an Phortaingéil agus an Spáinn go gcuirfear chun feidhme na gníomhaíochtaí seo a leanas chun gur féidir, faoi dheireadh 2030 ar a dhéanaí, seirbhísí díreacha a chur ar fáil do thraenacha ardluais idir Liospóin agus Maidrid le ham taistil thart ar 5 uair an chloig – arna roinnt thart ar 3 uair an chloig ó Mhaidrid go dtí an teorainn agus 2 uair an chloig ón teorainn go Liospóin:

(a)

tosóidh na hoibreacha tógála ar an dara rian den stráice gnáthlíne ó Poceirão go Bombel sa chéad leath de 2026 agus cuirfear an chuid sin i seirbhís faoi dheireadh 2029.

(b)

críochnófar na hoibreacha tógála ar an líne ardluais nua idir Évora agus Caia faoi dheireadh 2025 agus cuirfear an chuid sin i seirbhís faoi lár 2026.

(c)

cuirfear an stráice líne ardluais Plasencia - Talayuela i seirbhís faoi dheireadh 2028.

(d)

cuirfear an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) in úsáid idir Évora agus Elvas faoi dheireadh 2027.

(e)

cuirfear ERTMS in úsáid idir Badajoz agus Plasencia faoi lár 2026, agus idir Plasencia agus Talayuela faoi dheireadh 2028.

(f)

cuirfear ERTMS in úsáid go comhbheartaithe ar an mbonneagar atá ann cheana idir Elvas agus Badajoz faoi dheireadh 2028.

(g)

áiritheofar le tógáil agus cur i seirbhís stráice líne ardluais Talayuela - Mhaidrid de réir a chéile, arna comhtháthú le leictriú céimnitheach stráice gnáthlíne Talayuela – Humanes mar bheart cumasúcháin riachtanach, go bhféadfaidh an t-am taistil idir Maidrid agus an teorainn – gan stadanna idirmheánacha – a bheith faoi bhun 3 uair an chloig faoi dheireadh 2030.

(2)   Áiritheoidh an Phortaingéil agus an Spáinn go gcuirfear chun feidhme go tráthúil na gníomhaíochtaí seo a leanas chun seirbhísí ardluais díreacha idir Liospóin agus Maidrid a chumasú, ar a dhéanaí faoi dheireadh 2034, le ham taistil de thart ar 3 uair an chloig – arna roinnt ina 2 uair an chloig, a bheag nó a mhór, ó Mhaidrid go dtí an teorainn agus thart ar uair an chloig ón teorainn go Liospóin:

(a)

Tabharfar na staidéir do stráice líne ardluais nua Liospóin-Évora, lena n-áirítear trasnú nua Abhainn Tagus i Liospóin a tionscnaíodh sa dara leath de 2024, i gcrích faoi dheireadh 2027.

(b)

Ar bhonn thorthaí na staidéar dá dtagraítear i bpointe (a), tosóidh tógáil na gcodanna seo a leanas agus cur in úsáid agus údarú ERTMS ar gach ceann díobh ar dháta lena n-áiritheofar go gcuirfear i gcrích iad agus go gcuirfear i seirbhís iad faoi 2034:

(i)

stráice líne ardluais nua Liospóin-Évora, lena n-áirítear an tríú droichead thar Abhainn Tagus i Liospóin;

(ii)

an rian dúbailte ar stráice líne ardluais Évora-Caia, ag brath ar a réasúnú a dheimhniú.

(c)

Déanfaidh GELE AVEP na staidéir don chuid ardluais idir Caia agus Badajoz a choimisiúnú. Seolfar iad sa dara seimeastar de 2025 agus tabharfar i gcrích iad faoi dheireadh 2027.

(d)

Ar bhonn thorthaí na staidéar dá dtagraítear i bpointe (c), déanfaidh an Spáinn agus an Phortaingéil cinneadh faoi dheireadh 2027 maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

an deis an stráice líne ardluais a thógáil idir Caia agus Badajoz agus, más infheidhme, a thráthchlár tógála, le cur i seirbhís faoi 2034;

(ii)

agus an deis stáisiún iarnróid idirnáisiúnta a thógáil.

(3)   Agus é mar chuspóir foriomlán nasc iarnróid ardluais Liospóin-Mhaidrid a chomhtháthú leis na líonraí ardluais níos leithne sa Spáinn agus sa Fhrainc, a oibríonn leis an leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm, déanfaidh an Phortaingéil agus an Spáinn na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

plean comhordaithe an tír a fhorbairt chun an leithead rianta ainmniúil caighdeánach Eorpach 1 435 mm a chur in úsáid ar an líne ardluais idir Liospóin agus Maidrid faoi dheireadh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1679

(b)

an t-aistriú leithid rianta idir Liospóin agus Maidrid a chomhordú agus a thabhairt chun críche i gcomhréir leis an bplean dá dtagraítear i bpointe (a) agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2024/1679.

(4)   Léireofar na gníomhaíochtaí go léir a leagtar amach i míreanna (1), (2) agus (3) i bpleananna infheistíochta náisiúnta na Spáinne agus na Portaingéile.

Airteagal 3

Rialachas

(1)   Déanfar cur i gcrích na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2 a phlé uair sa bhliain ar a laghad idir ionadaithe na Portaingéile agus na Spáinne i meitheal thiomnaithe arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán (AE) 2024/1679, ar chuireadh ó Chomhordaitheoir Eorpach Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh.

(2)   Tríd an meitheal dá dtagraítear i mír 1, roinnfidh an Phortaingéil agus an Spáinn a bpleananna maidir le céimeanna tógála agus cur i seirbhís na stráicí líne éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 2, lena n-áirítear cur in úsáid ERTMS, agus déanfaidh siad anailís chomhpháirteach ar a dtionchar ar oibriú na seirbhísí iompair d’iarnród ar an mbonneagar atá i gceist.

(3)   Féadfaidh Comhordaitheoir Eorpach Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh cruinnithe a thionól leis na hionadaithe rialtais is airde ón dá pháirtí i gcás aon riosca a d’fhéadfadh bac a chur ar chur i gcrích tráthúil aon cheann de na gníomhaíochtaí a leagtar amach i míreanna (1), (2) agus (3) d’Airteagal 2.

Airteagal 4

Tuairisciú

Uair sa bhliain ar a laghad, agus roimh na cruinnithe dá dtagraítear in Airteagal 3(1), cuirfidh an Phortaingéil agus an Spáinn araon tuarascáil maidir lena ngníomhaíochtaí féin faoi bhráid an Choimisiúin agus Chomhordaitheoir Eorpach Chonair Iompair Eorpach an Atlantaigh.

Cuirfear i láthair sna tuarascálacha sin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, lena n-áirítear maidir leis na gealltanais airgeadais a rinneadh sna pleananna buiséid náisiúnta, agus léireofar iontu aon mhoill shuntasach a tháinig chun cinn, sonrófar na cúiseanna leis sin agus léireofar na bearta ceartaitheacha a rinneadh. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint, nuair is iomchuí, as inneachar na dtuarascálacha stádais tréimhsiúla atá le cur isteach faoi chomhaontuithe deontais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa.

Airteagal 5

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2018) 2356.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig Poblacht na Portaingéile agus Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

Apostolos TZITZIKOSTAS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], COM(2020) 789 final.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2198/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)