European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2193

29.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2193 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Lúnasa 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/1241 forálacha sonracha maidir le bearta teicniúla ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh uiscí an Aontais in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(2)

Leasaíodh an Rialachán sin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún (2) a mhéid a bhaineann le bearta ceartaitheacha chun foghabhálacha trosc agus faoitíní a laghdú sa Mhuir Cheilteach agus bearta roghnaíochta breise a bhfuil sé d’aidhm acu foghabhálacha gadóideach a laghdú i Muir Éireann. Maidir leis na bearta lena mbaineann, arb é is aidhm dóibh cuidiú le baint amach chuspóirí na mbeart caomhnúcháin, na bpleananna ilbhliantúla agus an phlean maidir le haschur ábhair mhuirí in Uiscí an Iarthuaiscirt, tugadh cothrom le dáta iad agus cuireadh síneadh leo faoi thrí ina dhiaidh sin, le Rialacháin Tharmligthe (AE) 2022/2588 (3), (AE) 2024/492 (4) agus (AE) 2025/283 (5) ón gCoimisiún, faoi seach.

(3)

Na bearta sin, a tugadh isteach i Rialachán (AE) 2019/1241 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/283, rachaidh siad in éag an 31 Nollaig 2025.

(4)

Le moladh comhpháirteach a cuireadh isteach an 2 Meitheamh 2025, iarrann Grúpa Réigiúnach Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt (an Bheilg, an Spáinn, an Fhrainc, Éire agus an Ísiltír) go gcuirfí síneadh leis na bearta sin go dtí an 31 Nollaig 2026.

(5)

Ós rud é go bhfuil gá fós leis na bearta ceartaitheacha le haghaidh stoic ag a bhfuil leibhéil bhithmhaise faoi bhun an Blim, mar a fhoráiltear in Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/472, chun a áirithiú go rachaidh an stoc nó an t-aonad feidhmiúil lena mbaineann ar ais chuig leibhéil os cionn na leibhéal sin ar ar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach, i bhfianaise staid na stoc éisc sa Mhuir Cheilteach agus i Muir Éireann, staid atá ina húdar imní, agus i bhfianaise an phlé atá ag dul ar aghaidh fós idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe maidir le bearta teicniúla i ndáil le stoic éisc a ghabhtar in iascach measctha sa Mhuir Cheilteach, ba cheart síneadh a chur leis na bearta ceartaitheacha sin go dtí an 31 Nollaig 2026, chun gur féidir leanúint de bharrfheabhsú na bpátrún saothraithe, cur le roghnaíocht trealaimh agus laghdú ar ghabhálacha de thaisme.

(6)

Chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um Iascach agus Dobharshaothrú an 8 Iúil 2025.

(7)

Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta le haghaidh soithí de chuid an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. Ós rud é go rachaidh na bearta a bhfuil síneadh le cur leo in éag an 31 Nollaig 2025, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2026 chun leanúnachas dlí a áirithiú.

(8)

Leis na bearta a tugadh isteach leis an Rialachán seo, mar atá, na bearta is infheidhme maidir le huiscí an Aontais, saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (6), agus tugtar aird leo ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Lúnasa 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2324 ón gCoimisiún an 23 Lúnasa 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L 465, 29.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/2324/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2588 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L 338, 30.12.2022, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2588/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/492 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L, 2024/492, 13.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/492/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/283 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta teicniúla le haghaidh iascaigh ghrinnill agus pheiligeacha áirithe sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann agus in Iarthar na hAlban (IO L, 2025/283, 10.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/283/oj).

(6)   IO L 149 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2019/1241 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.6 de Chuid B:

‘1.6.

Beidh feidhm ag na bearta i bpointí 1.3 go 1.5 go dtí an 31 Nollaig 2026.’

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10.2 de Chuid C:

‘10.2.

Beidh feidhm ag na bearta i bpointe 10.1 go dtí an 31 Nollaig 2026.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2193/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)