|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2188 |
26.11.2025 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2188 ÓN gCOIMISIÚN
an 19 Meán Fómhair 2025
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodh eolaíochtbhunaithe a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlacht pailneoirí agus ar dhaonraí pailneoirí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2024 maidir le hathchóiriú an dúlra agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/869 (1), agus go háirithe Airteagal 10(2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/1991 ceanglaítear ar na Ballstáit feabhas a chur ar éagsúlacht pailneoirí agus an meath ar dhaonraí pailneoirí a aisiompú faoi 2030 ar a dhéanaí agus treocht mhéadaitheach a bhaint amach ina dhiaidh sin maidir le daonraí pailneoirí, rud a thomhaisfear gach 6 bliana ar a laghad ó 2030 ar aghaidh, go dtí go mbainfear leibhéil shásúla amach. |
|
(2) |
Tá an Coimisiún chun modh eolaíochtbhunaithe a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlacht pailneoirí agus ar dhaonraí pailneoirí (‘an modh faireacháin’) lena soláthraítear cur chuige caighdeánaithe chun sonraí bliantúla a bhailiú maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí ar fud na n-éiceachóras, agus chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí i ndaonra pailneoirí agus ar éifeachtacht beart athchóirithe. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) 2024/1991 ceanglaítear ar na Ballstáit faireachán bliantúil a dhéanamh ar fhlúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí trí úsáid a bhaint as an modh faireacháin agus torthaí an fhaireacháin a thuairisciú don Choimisiún. |
|
(4) |
Chun go n-áiritheofar bailiú sonraí ardcháilíochta, agus ar an gcaoi sin measúnú, atá fónta ó thaobh na heolaíochta de, ar an dul chun cinn i dtreo na sprice maidir le daonraí pailneoirí a athchóiriú, ba cheart an modh faireacháin a bheith bunaithe ar phrionsabail agus modhanna eolaíocha seanbhunaithe. D’ainneoin é a bheith caighdeánaithe ó Bhallstát go chéile, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a cheadú leis an modh faireacháin chun aghaidh a thabhairt ar dhálaí comhshaoil áitiúla. |
|
(5) |
Ba cheart raon feidhme an mhodha faireacháin a bheith dírithe ar ghrúpaí tacsanomaíocha na bpailneoirí dá bhfuil acmhainneacht theicniúil leordhóthanach ann chun faireachán a dhéanamh nó i gcás inar féidir an acmhainneacht sin a thógáil ar bhealach costéifeachtach sa ghearrthéarma. Ba cheart an raon feidhme a athbhreithniú agus a leathnú chuig grúpaí tacsanomaíocha breise pailneoirí nuair a thagann méadú ar an acmhainneacht theicniúil amach anseo. |
|
(6) |
Chun costéifeachtacht an mhodha faireacháin a áirithiú, ba cheart cineálacha éagsúla cur chuige a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar speicis pailneoirí choitianta agus ar speicis pailneoirí neamhchoitianta. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar speicis choitianta ar láithreáin a roghnaítear trí chur chuige samplála randamach srathaithe a chur i bhfeidhm. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar speicis pailneoirí neamhchoitianta trí chuairteanna spriocdhírithe ar an láthair ós rud é nach féidir treochtaí i ndaonraí pailneoirí le haghaidh na speiceas sin a aithint trí shampláil randamach shrathaithe ag líon teoranta láithreán faireacháin. |
|
(7) |
I bhfianaise na hacmhainneachta teoranta chun faireachán a dhéanamh ar speicis pailneoirí neamhchoitianta trí chuairteanna spriocdhírithe ar an láthair, ba cheart iarrachtaí a dhíriú ar na speicis is mó atá faoi bhagairt ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, agus ba cheart a cheadú do na Ballstáit an faireachán a theorannú do 15 speiceas pailneoirí neamhchoitianta. Ba cheart athbhreithniú agus méadú a dhéanamh ar an líon speiceas pailneoirí neamhchoitianta ar a bhfuil faireachán le déanamh nuair a thiocfaidh méadú ar an acmhainneacht le haghaidh faireachán spriocdhírithe amach anseo. |
|
(8) |
Le Rialachán (AE) 2024/1991 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go dtagann na sonraí faireacháin ó líon leordhóthanach de láithreáin faireacháin chun ionadaíochas a áirithiú ar fud a gcríoch. Chuige sin, agus chun a áirithiú gur féidir an treocht maidir le flúirse agus éagsúlacht pailneoirí a chinneadh go muiníneach, is gá líon íosta a leagan síos le haghaidh an lín láithreán faireacháin ag a bhfuil sonraí le bailiú i ngach Ballstát. Tríd an líon íosta sin a leagan síos, beidh na Ballstáit in ann faireachán a dhéanamh ar níos mó láithreáin faireacháin ionas gur fearr is féidir leo athruithe ar fhlúirse agus éagsúlacht pailneoirí a bhrath. |
|
(9) |
Bíonn tionchar ag dálaí comhshaoil éagsúla ar ghníomhaíocht pailneoirí, dálaí a bhraitheann ar chúinsí áitiúla. Dá bhrí sin, ba cheart an faireachán a theorannú do thréimhsí ina mbíonn pailneoirí gníomhach ag an gcéim aosach dá saolré ionchais. Ba cheart dálaí comhshaoil oiriúnacha chun faireachán a dhéanamh a shainiú ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, de réir mar is iomchuí. |
|
(10) |
Ba cheart tuairisc a thabhairt ar éagsúlacht speiceas pailneoirí coitianta agus úsáid á baint as Innéacs Éagsúlachta Shannon-Wiener (2), ar méadrach é sin a bhfuil glacadh forleathan leis chun bithéagsúlacht a chainníochtú. Ba cheart flúirse speiceas pailneoirí coitianta a chainníochtú trí fhlúirsí speiceas pailneoirí aonair, ar leor sonraí faireacháin ina leith, a chomhcheangal. |
|
(11) |
Is iomchuí flúirse agus éagsúlacht na speiceas coitianta uile ar a ndéantar faireachán a chomhcheangal i gcomhtháscaire pailneoirí aonair, lena soláthraítear luach amháin in aghaidh an Bhallstáit in aghaidh na bliana. |
|
(12) |
Níor cheart speicis choimhthíocha, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar fhlúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí, ós rud é nach féidir a mheas go bhfuil láithreacht na speiceas sin ina rannchuidiú le daonraí pailneoirí dúchasacha ach, ina ionad sin, is féidir a mheas gur bagairt ar an mbithéagsúlacht iad. |
|
(13) |
Ós rud é nach méadrach oiriúnach é Innéacs Éagsúlachta Shannon-Wiener d’éagsúlacht speiceas neamhchoitianta, chun éagsúlacht fhoriomlán speiceas pailneoirí a léiriú, idir speicis choitianta agus neamhchoitianta araon, is iomchuí speicis pailneoirí neamhchoitianta a chomhtháthú sa mheasúnú ar éagsúlacht pailneoirí trí tháscaire maidir le saibhreas speiceas pailneoirí, i.e. táscaire lena gcomhcheanglaítear an líon speiceas pailneoirí coitianta agus neamhchoitianta a thaifeadtar i mBallstát. Agus faireachán á dhéanamh ar speicis neamhchoitianta, ba cheart leamhain a eisiamh, toisc nach féidir meastachán a dhéanamh ar an ualach faireacháin ós rud é nach ann, faoi láthair, do mheasúnuithe liosta dheirg le haghaidh leamhan. |
|
(14) |
Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe a chuirtear chun feidhme i mBallstát, ba cheart treochtaí i bhflúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí a mheas in éiceachórais talmhaíochta, in éiceachórais foraoise agus in éiceachórais eile, faoi seach, ós rud é go bhfuil difríocht shubstaintiúil idir na bearta athchóirithe i ngach ceann de na cineálacha éiceachórais sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘beacha’ speicis Anthophila (Apoidea), seachas an bheach mheala (Apis mellifera); |
|
(2) |
ciallaíonn ‘beacha gabhair’ speiceas de Syrphidae; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘féileacáin’ speiceas de Papilionoidea; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘leamhain’ speicis de na finte seo a leanas de Heterocera: Brachodidae, Castniidae, Cimeliidae, Drepanidae, Erebidae (lena n-áirítear Lymantriinae), Euteliidae, Geometridae, Heterogynidae, Limacodidae, Noctuidae, Nolidae, Notodontidae, Sesiidae, Sphingidae, Uraniidae, agus Zygaenidae, ar choinneáil go mbeidh réise sciathán 20 mm nó níos mó acu arna measúnú ar bhonn na litríochta; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘leamhain lae’ speicis leamhain atá gníomhach i rith an lae ag an gcéim aosach dá saolré; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘leamhain oíche’ speicis de leamhain atá gníomhach san oíche ag an gcéim aosach dá saolré; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘máistirghreille LUCAS’ athrú ar Ghreille Limistéar Comhionann 1 km Asamatach Lambert INSPIRE (Grid_ETRS89-LAEA_1km), bunaithe ar Chóras Tagartha Comhordanáidí Limistéar Comhionann Asamatach Lambert ETRS89 (ETRS89-LAEA), agus lárphointe teilgin seasta ag 52°TN, 10°O (4) aici; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘sampláil randamach shrathaithe ar láithreáin faireacháin’ sampláil staidrimh chaighdeánaithe, i gcás ina bhfuil an dóchúlacht chéanna ann go roghnófar láithreáin faireacháin ó dhaonra atá deighilte ina fhodhaonraí (strataim); |
|
(9) |
ciallaíonn ‘réigiúin bhithgheografacha’ réigiúin bhithgheografacha a liostaítear in Airteagal 1, pointe (c)(iii), de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (5); |
|
(10) |
ciallaíonn ‘éiceachórais eile’ éiceachórais seachas éiceachórais talmhaíochta agus éiceachórais foraoise atá comhiomlánaithe in aon stratam amháin; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘siúlóid thraschriosach’ modh bailithe sonraí ina siúlann suirbhéir bealach réamhchinntithe (traschrios) chun sonraí allamuigh a bhailiú maidir le speicis pailneoirí; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘tréimhse bhreathnóireachta’ an tréimhse den bhliain a chomhfhreagraíonn do shéasúr eitilte thromlach mór na speiceas pailneoirí; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘gaiste solais’ gaireas lena mealltar speicis pailneoirí le linn na hoíche trí sholas a úsáid agus lena ngabhtar i gcoimeádán iad; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘tréimhse mheasúnaithe’ an tréimhse ama ar lena linn a dhéantar measúnú ar an dul chun cinn maidir leis an sprioc dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2024/1991; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘speiceas coimhthíoch’ speiceas coimhthíoch mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014. |
Airteagal 2
An spriocspeiceas
Baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí sna grúpaí tacsanomaíocha seo a leanas:
|
(a) |
beacha; |
|
(b) |
beacha gabhair; |
|
(c) |
féileacáin; |
|
(d) |
leamhain. |
Airteagal 3
Láithreáin faireacháin
1. Cearnóg 2 km faoi 2 km a bheidh i láithreán bailithe sonraí (‘láithreán faireacháin’) agus é láraithe ar phointe de mháistirghreille LUCAS.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit láithreáin faireacháin réamhbhunaithe a úsáid, a mhéid a roghnaíodh na láithreáin sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4, 5 agus 6.
3. Baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le flúirse agus éagsúlacht speiceas pailneoirí maidir leis an líon íosta láithreán faireacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
4. Roghnóidh na Ballstáit na láithreáin faireacháin trí shampláil randamach shrathaithe a chur i bhfeidhm. Is de réir réigiún bithgheografach agus na gcineálacha éiceachórais seo a leanas a bheidh an srathú:
|
(a) |
éiceachórais talmhaíochta; |
|
(b) |
éiceachórais foraoise; |
|
(c) |
éiceachórais eile. |
I dteannta an tsrathaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit srathú a chur i bhfeidhm de réir réigiúin NUTS, aicmí airde, stádas cosanta nó catagóirí níos beaichte d’úsáid talún nó cumhdach talún.
Beidh an líon láithreán i ngach stratam comhréireach le sciar geografach an strataim sin i gcríoch talún Ballstáit ar leith.
5. Leis an nós imeachta maidir le sampláil randamach shrathaithe ar láithreáin, áiritheofar ionadaíochas ar fud na críche náisiúnta.
Beidh na hachair idir na láithreáin faireacháin cothrom, ar a laghad, leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
10 km le haghaidh na mBallstát ar mó a gcríoch talún ná 75 000 km2; |
|
(b) |
5 km le haghaidh na mBallstát a bhfuil a gcríoch talún idir 20 000 km2 agus 75 000 km2; |
|
(c) |
1 km le haghaidh na mBallstát a bhfuil a gcríoch talún idir 1 000 km2 agus 20 000 km2. |
Ní bheidh aon achar íosta ann idir na láithreáin faireacháin le haghaidh na mBallstát ar lú ná 1 000 km2 a gcríoch talún.
6. Agus sampláil randamach shrathaithe na láithreán faireacháin á cur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit láithreán faireacháin a eisiamh má chomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na critéir eisiaimh seo a leanas leis:
|
(a) |
tá níos mó ná 30 % den láithreán faireacháin gan fásra talún; |
|
(b) |
tá an láithreán faireacháin lonnaithe go páirteach nó go hiomlán i lárionaid uirbeacha, i mbraislí uirbeacha nó i limistéir pheirea-uirbeacha; |
|
(c) |
níl rochtain ar 30 % ar a laghad den láithreán faireacháin mar gheall ar bhonneagar poiblí a bheith ann nó toisc go bhfuil an láithreán faireacháin suite i limistéar poiblí a bhfuil rochtain theoranta air, amhail crios míleata, crios teorann nó crios seilge; |
|
(d) |
níl rochtain ar 30 % ar a laghad den láithreán faireacháin toisc go bhfuil an láithreán faireacháin suite i limistéar príobháideach ar crios teorann nó crios seilge é; |
|
(e) |
tá an láithreán faireacháin suite ag domhanleithead os cionn 65°T; |
|
(f) |
cuirtear bac ar bhailiú sonraí ag an láithreán faireacháin ar cheann amháin, ar a laghad, de na cúiseanna seo a leanas:
|
|
(g) |
ní féidir an suíomh faireacháin a shannadh do cheann amháin de na strataim dá dtagraítear i mír 4. |
7. Déanfaidh na Ballstáit liosta a tharraingt suas de na láithreáin faireacháin a roghnaítear i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6 laistigh dá gcríoch (‘liosta na láithreán faireacháin’).
Ní athrófar liosta na láithreán faireacháin le linn tréimhse mheasúnaithe.
8. De mhaolú ar mhír 7, an dara fomhír, féadfar láithreán ar liosta na láithreán faireacháin a ionadú tráth ar bith más féidir teacht ar an gconclúid go gcomhlíontar leis ceann amháin ar a laghad de na critéir eisiaimh a leagtar amach i mír 6. Cuirfear i bhfeidhm sampláil randamach shrathaithe dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 6 in ionad na láithreán faireacháin a eisiatar ón liosta.
9. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil ar an eolas, gan mhoill, faoi liosta na láithreán faireacháin, agus faoi aon athrú air. Cuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil an liosta ar fáil go poiblí.
Airteagal 4
An tréimhse bhreathnóireachta
Saineoidh na Ballstáit, le haghaidh gach láithreáin, an tréimhse bhreathnóireachta ar lena linn a dhéanfar an bailiú sonraí i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 gach bliain. Ní athrófar an tréimhse bhreathnóireachta le linn tréimhse mheasúnaithe.
Airteagal 5
Prótacal bailithe sonraí maidir le beacha, beacha gabhair, féileacáin agus leamhain lae
1. Le linn na tréimhse breathnóireachta a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4, baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le beacha, beacha gabhair, féileacáin agus leamhain lae ar gach láithreán faireacháin trí shiúlóidí traschriosacha a dhéanamh.
2. Déanfar siúlóidí traschriosacha ar leithligh le haghaidh na nithe seo a leanas:
|
(a) |
beacha; |
|
(b) |
beacha gabhair; |
|
(c) |
féileacáin agus leamhain lae. |
3. Déanfar na siúlóidí traschriosacha ag an láithreán faireacháin céanna uair sa mhí le linn na tréimhse breathnóireachta, agus eatramh ama íosta 3 seachtaine ann.
4. De mhaolú ar mhír 3, i gcás nach gcomhlíontar na dálaí comhshaoil dá dtagraítear i mír 7 thar thréimhse bhreisithe ama lena gcuirtear cosc ar shiúlóidí traschriosacha a dhéanamh uair sa mhí, is féidir go ndéanfar na siúlóidí traschriosacha níos annaimhe ná uair sa mhí.
5. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na Ballstáit siúlóidí traschriosacha a dhéanamh níos minice ag láithreáin faireacháin i gcás ina bhfuil an tréimhse bhreathnóireachta níos giorra ná 6 mhí. Sa chás sin, beidh an t-eatramh íosta ama níos giorra ná 3 seachtaine.
6. Maidir le gach siúlóid thraschriosach, taifeadfar na paraiméadair chomhshaoil seo a leanas:
|
(a) |
teocht (in °C); |
|
(b) |
brat scamall (in ochtaí); |
|
(c) |
luas na gaoithe (in m/s); |
|
(d) |
ceo (láithreacht/neamhláithreacht); |
|
(e) |
frasaíocht (láithreacht/neamhláithreacht); |
|
(f) |
am tosaithe (uu:nn); |
|
(g) |
aon pharaiméadar ábhartha eile lena bhféadfar difear a dhéanamh don bhailiú sonraí. |
7. Déanfar siúlóidí traschriosacha faoi dhálaí comhshaoil ar lena linn a bheidh na speicis dá dtagraítear i mír 1 gníomhach ag an gcéim aosach dá saolré. Chun na críche sin, le haghaidh na bparaiméadar comhshaoil a liostaítear i mír 6, pointí (a) go (f), sonróidh na Ballstáit na dálaí faoina bhfuil na siúlóidí traschriosacha le déanamh. Féadfar na coinníollacha sin a oiriúnú d’imthosca áitiúla agus ní athrófar iad le linn tréimhse mheasúnaithe.
8. Beidh gach siúlóid thraschriosach 1 km ar fad.
9. Úsáidfear an chonair thraschriosach chéanna le haghaidh beach, beacha gabhair, féileacán agus leamhain lae ag gach láithreán faireacháin. Beidh an chonair thraschriosach suite go hiomlán laistigh de theorainneacha an láithreáin faireacháin. Féadfaidh an chonair thraschriosach a bheith leanúnach nó scoilte ina codanna. Déanfar í a gheo-thagairt agus a mhapáil sula gcuirfear tús leis an mbailiú sonraí. Déanfar gach cuid den chonair thraschriosach a shannadh do cheann amháin de na cineálacha éiceachórais dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an chéad fhomhír. Ní athrófar an chonair thraschriosach ar gach láithreán faireacháin mura dtagann sí chun bheith dorochtana go páirteach nó go hiomlán de dheasca force majeure.
10. Siúlfar an tsiúlóid thraschriosach chun tosaigh ar luas seasmhach ar feadh am breathnóireachta éifeachtach iomlán 60 nóiméad. Ní áireofar san am breathnóireachta an t-am is gá chun eiseamail a ghabháil, a láimhseáil, a shainaithint nó a thaifeadadh.
11. Baileofar sonraí laistigh den spás breathnóireachta tríthoiseach línithe seo a leanas timpeall an duine a dhéanann an tsiúlóid thraschriosach (‘an suirbhéir’):
|
(a) |
maidir le beacha agus beacha gabhair: 1.5 m ar gach taobh den suirbhéir, 1.5 m roimh an suirbhéir, agus 1.5 m os cionn an tsuirbhéara; |
|
(b) |
le haghaidh féileacán agus leamhain lae: 2.5 m ar gach taobh den suirbhéir, 5 m roimh an suirbhéir, agus 5 m os cionn an tsuirbhéara. |
12. Déanfar gach taifeadadh ar eiseamal a shannadh do cheann amháin de na cineálacha éiceachórais dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an chéad fhomhír.
Airteagal 6
Prótacal bailithe sonraí maidir le leamhain oíche
1. Le linn na tréimhse breathnóireachta a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4, baileoidh na Ballstáit sonraí maidir le leamhain oíche ag gach láithreán faireacháin trí ghaistí solais a úsáid.
2. Beidh na gaistí solais gníomhach oíche amháin in aghaidh na míosa le linn na tréimhse breathnóireachta, agus beidh eatramh ama íosta 3 seachtaine ann idir tréimhsí gníomhacha de ghaiste solais ag an láithreán faireacháin céanna.
3. De mhaolú ar mhír 2, i gcás nach gcomhlíontar na dálaí comhshaoil dá dtagraítear i mír 6 thar thréimhse bhreisithe ama lena gcuirtear cosc ar ghaistí solais a chur go míosúil, féadfar na gaistí solais a chur níos annaimhe ná uair amháin sa mhí.
4. De mhaolú ar mhír 2, féadfar na gaistí solais a chur níos minice ná uair amháin sa mhí ag láithreáin faireacháin i gcás ina bhfuil an tréimhse bhreathnóireachta níos giorra ná 6 mhí. Sa chás sin, beidh an t-eatramh íosta ama níos giorra ná 3 seachtaine.
5. Le linn thréimhse ghníomhach gach gaiste solais, déanfar na paraiméadair chomhshaoil seo a leanas a thaifeadadh:
|
(a) |
teocht (in °C); |
|
(b) |
brat scamall (in ochtaí); |
|
(c) |
luas na gaoithe (in m/s); |
|
(d) |
ceo (láithreacht/neamhláithreacht); |
|
(e) |
frasaíocht (láithreacht/neamhláithreacht); |
|
(f) |
príomhchéim na gealaí (gealach úr, i mbéal ceathrún, gealach lán, an cheathrú dheireanach); |
|
(g) |
aon pharaiméadar ábhartha eile lena bhféadfar difear a dhéanamh don bhailiú sonraí. |
6. Cuirfear gaistí solais faoi dhálaí comhshaoil ar lena linn a bheidh na speicis dá dtagraítear i mír 1 gníomhach ag an gcéim aosach dá saolré. Chun na críche sin, le haghaidh na bparaiméadar comhshaoil a liostaítear i mír 5, pointí (a) go (f), sonróidh na Ballstáit na dálaí faoina bhfuil na gaistí solais le cur. Féadfar na coinníollacha sin a oiriúnú do na himthosca ag gach láithreán agus ní athrófar iad le linn tréimhse mheasúnaithe.
7. Cuirfear dhá ghaiste solais ag gach láithreán faireacháin, agus achar 50 m ar a laghad eatarthu. Cuirfear na gaistí solais 10 m ar a laghad ó dhobharlaigh, agus 50 m ar a laghad ó fhoinsí solais saorga. Cuirfear iad sa chaoi go mbeidh barr na foinse solais idir 30 cm agus 1 m os cionn leibhéal na talún. Beidh ga 1 m timpeall gach gaiste saor ó bhacainní lena bhféadfaí solas an ghaiste a bhlocáil.
8. Déanfar suíomh na ngaistí solais a gheo-thagairt agus a mhapáil le haghaidh gach láithreáin faireacháin sula gcuirfear tús le bailiú sonraí. Déanfar gach gaiste solais a shannadh do cheann amháin de na cineálacha éiceachórais dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an chéad fhomhír. Ní athrófar suíomh gach gaiste solais le linn tréimhse mheasúnaithe, mura dtagann sé chun bheith dorochtana de dheasca force majeure.
9. Úsáidfidh na Ballstáit dearadh gaiste solais comhionann agus cineál foinse solais comhionann ag gach láithreán faireacháin. Ní athrófar dearadh an ghaiste solais ná cineál na foinse solais le linn tréimhse mheasúnaithe.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar dearadh gaiste solais agus cineál foinse solais éagsúil a úsáid i ndomhanleithid is airde ná 60° T.
Beidh aschur ard ag foinse solais gach gaiste solais sa raon solais ultraivialait agus ghoirm (350-550 nm). Déanfar na foinsí solais a choinneáil ar bun go cuí gan aon athrú substaintiúil ar dhéine solais ná comhdhéanamh speictreach le himeacht ama.
Airteagal 7
Prótacal bailithe sonraí maidir le speicis pailneoirí neamhchoitianta
1. Déanfaidh na Ballstáit faireachán spriocdhírithe ar gach speiceas beach, beach gabhair agus féileacán a mheastar a bheith i mbaol criticiúil. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit Liosta Dearg an Aontais de na Speicis faoi Bhagairt (6), nó liosta dearg náisiúnta speiceas, nó iad araon, a úsáid.
2. De mhaolú ar mhír 1, má tá an líon speiceas a bhunaítear i gcomhréir le mír 1 níos airde ná 15 speiceas, féadfaidh na Ballstáit an líon speiceas ar a bhfuil faireachán le déanamh a theorannú do 15 speiceas.
3. Déanfaidh na Ballstáit liosta speiceas a tharraingt suas ar a bhfuil faireachán le déanamh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi sin. Ní athrófar an liosta sin le linn tréimhse mheasúnaithe.
4. Déanfar faireachán ar speicis ar an liosta dá dtagraítear i mír 3 trí chuairteanna spriocdhírithe ar an láthair uair sa bhliain ar a laghad ag suíomhanna aitheanta an speicis, lena suitear a láithreacht nó a neamhláithreacht. Féadfaidh na Ballstáit scor d’fhaireachán a dhéanamh ar speiceas in aon bhliain ar leith a luaithe a shuífear go bhfuil sé i láthair amháin ar a laghad.
5. Beidh geo-thagairt ag gabháil leis na taifeadtaí uile de na speicis dá dtagraítear i mír 3.
Airteagal 8
Sainaithint speiceas
Sainaithneoidh na Ballstáit eiseamail de spriocspeicis a breathnaíodh nó a gabhadh ar leibhéal an speicis trí úsáid a bhaint as diagnóisic saineolaithe, modhanna ADN-bhunaithe, intleacht shaorga, nó modhanna eile atá cruthaithe go heolaíoch.
Airteagal 9
Measúnú ar threochtaí i ndaonraí pailneoirí
1. Déanfar measúnú ar na treochtaí maidir le flúirse agus éagsúlacht pailneoirí bunaithe ar na sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Chun an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, ríomhfar comhtháscaire pailneoirí le haghaidh gach Ballstáit trí úsáid a bhaint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II, agus ríomhfar táscaire maidir le saibhreas speiceas pailneoirí le haghaidh gach Ballstáit agus úsáid á baint as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
3. Eisiafar speicis choimhthíocha ó raon feidhme an mheasúnaithe.
4. Cuirfear tús leis an gcéad tréimhse mheasúnaithe 16 Nollaig 2026 agus tiocfaidh deireadh léi in 2030. Ina dhiaidh sin, mairfidh gach tréimhse mheasúnaithe 6 bliana.
Airteagal 10
Measúnú ar éifeachtacht beart athchóirithe
Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart athchóirithe i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2024/1991, déanfar an comhtháscaire pailneoirí a ríomh ar leithligh le haghaidh gach ceann de na cineálacha éiceachórais dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an chéad fhomhír.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Meán Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L, 2024/1991, 29.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1991/oj.
(2) Allaby, M. (2020) A Dictionary of Zoology (an 5ú heagrán). Oxford University Press, Oxford. doi: 10.1093/acref/9780198845089.001.0001.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1143/oj).
(4) https://ec.europa.eu/eurostat/web/lucas/database/primary-data.
(5) Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fána agus flóra fiáine. (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1992/43/oj).
(6) https://environment.ec.europa.eu/topics/nature-and-biodiversity/european-red-list-threatened-species_en.
IARSCRÍBHINN I
AN LÍON ÍOSTA LÁITHREÁN FAIREACHÁIN
|
Ballstát |
An líon íosta láithreán faireacháin |
|
an Bheilg |
60 |
|
an Bhulgáir |
80 |
|
an tSeicia |
70 |
|
an Danmhairg |
50 |
|
an Ghearmáin |
90 |
|
an Eastóin |
50 |
|
Éire |
40 |
|
an Ghréig |
80 |
|
an Spáinn |
100 |
|
an Fhrainc |
120 |
|
an Chróit |
70 |
|
an Iodáil |
100 |
|
an Chipir |
40 |
|
an Laitvia |
50 |
|
an Liotuáin |
50 |
|
Lucsamburg |
40 |
|
an Ungáir |
70 |
|
Málta |
30 |
|
an Ísiltír |
50 |
|
an Ostair |
80 |
|
an Pholainn |
70 |
|
an Phortaingéil |
70 |
|
an Rómáin |
80 |
|
an tSlóivéin |
70 |
|
an tSlóvaic |
70 |
|
an Fhionlainn |
70 |
|
an tSualainn |
70 |
IARSCRÍBHINN II
AN COMHTHÁSCAIRE PAILNEOIRÍ
1. Rialacha ginearálta
|
(1) |
Beidh an comhtháscaire pailneoirí atá le ríomh le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar na sonraí a bhailítear de bhun Airteagail 5 agus 6. Ní chuirfear san áireamh leis ach amháin taifeadtaí na n-eiseamal a shainaithnítear ar leibhéal an speicis de bhun Airteagal 8. Ní chuirfear speicis choimhthíocha san áireamh leis. |
|
(2) |
Leis an gcomhtháscaire pailneoirí, comhcheanglófar tomhais na dtreochtaí i bhflúirse agus éagsúlacht spriocspeiceas coitianta. Ríomhfar na treochtaí sin le haghaidh gach tréimhse measúnaithe agus gach grúpa thacsanomaíoch dá dtagraítear in Airteagal 2 bunaithe ar na hinnéacsanna flúirse speiceas bliantúla agus ar na hinnéacsanna éagsúlachta speiceas bliantúla a bhunaítear i gcomhréir le ranna 2 agus 3. |
2. Innéacsanna flúirse speiceas bliantúla
|
(1) |
Déanfar innéacs flúirse speiceas-sonrach a ríomh go bliantúil maidir le gach speiceas a bhreathnaítear i mBallstát bunaithe ar an modheolaíocht le haghaidh innéacs flúirse ginearálaithe ar a dtugtar tuairisc in Dennis et al. (2016) (1). |
|
(2) |
Ní chuirfear san áireamh san innéacs flúirse speiceas-sonrach dá dtagraítear i mír (1) ach na speicis a breathnaíodh i mBallstát 25 huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, ar an meán, le linn na tréimhse measúnaithe. |
|
(3) |
Féadfar an mhodheolaíocht le haghaidh innéacs flúirse ginearálaithe a fheabhsú trí na dálaí a thaifeadtar de bhun Airteagal 5(6), pointí (a) go (f) le haghaidh na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), agus de bhun Airteagal 6(5), pointí (a) go (f) le haghaidh leamhain oíche, a chur san áireamh. |
|
(4) |
Déanfar innéacs flúirse ilspeiceas a ríomh go bliantúil le haghaidh gach grúpa thacsanomaíoch trí úsáid a bhaint as na hinnéacsanna speiceas-sonracha bliantúla dá dtagraítear i mír (1), bunaithe ar an modheolaíocht ar a dtugtar tuairisc in Freeman et al. (2021) (2). |
3. Innéacsanna éagsúlachta speiceas bliantúla
|
(1) |
Déanfar innéacs éagsúlachta speiceas láithreánsonrach a ríomh go bliantúil le haghaidh gach láithreáin faireacháin agus gach grúpa thacsanomaíoch trí úsáid a bhaint as modheolaíocht Innéacs Éagsúlachta Shannon-Wiener (3). |
|
(2) |
Déanfar innéacs éagsúlachta speiceas a ríomh go bliantúil le haghaidh gach grúpa thacsanomaíoch agus úsáid á baint as na hinnéacsanna éagsúlachta speiceas láithreánsonracha uile dá dtagraítear i mír (1), agus úsáid á baint as an modheolaíocht ar a dtugtar tuairisc in Freeman et al. (2021). |
4. Treochtaí i bhflúirse speiceas agus in éagsúlacht speiceas
|
(1) |
Leis an modheolaíocht ar a dtugtar tuairisc in Freeman et al. (2021) thuas soláthrófar na treochtaí sa fhlúirse speiceas bunaithe ar na hinnéacsanna flúirse ilspeiceas dá dtagraítear i roinn 2, mír (4), agus soláthrófar léi na treochtaí san éagsúlacht speiceas bunaithe ar na hinnéacsanna éagsúlachta speiceas dá dtagraítear i roinn 3, mír (2) le linn gach tréimhse measúnaithe. |
|
(2) |
Maidir leis an gcéad tréimhse mheasúnaithe, cuirfear srian leis an modh dá dtagraítear i mír (1) chun líne dhíreach a chur ar fud luachanna bliantúla na n-innéacsanna flúirse ilspeiceas agus na n-innéacsanna éagsúlachta speiceas. |
|
(3) |
Maidir leis na tréimhsí measúnaithe tar éis 2030, ríomhfar treochtaí atá déanta réidh, agus cinnfear réidhe na dtreochtaí trí úsáid a bhaint as an gcur chuige ar a dtugtar tuairisc in Massimino et al. (2025) (4). |
5. An comhtháscaire pailneoirí a ríomh
|
(1) |
Maidir le gach tréimhse mheasúnaithe, cinnfear dóchúlacht treochta dearfaí ar leithligh le haghaidh na dtreochtaí i bhflúirse speiceas agus na dtreochtaí in éagsúlacht speiceas le haghaidh gach grúpa thacsanomaíoch. Tiontófar na dóchúlachtaí sin ina gcóimheas corrlach. |
|
(2) |
Ríomhfar toradh na gcóimheas corrlach uile dá dtagraítear i mír (1). |
|
(3) |
Déanfar toradh na gcóimheas corrlach uile dá dtagraítear i mír (2) a thiontú ar ais go comhdhóchúlacht go bhfuil flúirse speiceas agus éagsúlacht speiceas araon ag méadú ar fud na ngrúpaí tacsanomaíocha uile. Is éard a bheidh sa chomhdhóchúlacht sin an comhtháscaire pailneoirí, rud a sholáthrófar ag eatramh muiníne 90 %. |
(1) Dennis, E.B., Morgan, B.J.T., Freeman, S.N., Brereton, T.M. agus Roy, D.B. (2016), A Generalized Abundance Index for Seasonal Invertebrates. Biometrics 72: 1305-1314 (https://doi.org/10.1111/biom.12506).
(2) Freeman, S.N., Isaac, N.J.B., Besbeas, P., Dennis, E.B. agus Morgan, B.J.T. (2021), A Generic Method for Estimating and Smoothing Multispecies Biodiversity Indicators Using Intermittent Data. JABES 26: 71–89 (https://doi.org/10.1007/s13253-020-00410-6).
(3) Allaby, M. (2020) A Dictionary of Zoology (an 5ú heagrán). Oxford University Press, Oxford (doi: 10.1093/acref/9780198845089.001.0001).
(4) Massimino, D., Baillie, S.R., Balmer, D.E., Bashford, R.I., Gregory, R.D., Harris, S.J., Heywood, J.J.N., Kelly, L.A., Noble, D.G., Pearce-Higgins, J.W., Raven, M.J., Risely, K., Woodcock, P., Wotton, S.R. agus Gillings, S. (2025), The Breeding Bird Survey of the United Kingdom. Global Ecology and Biogeography 34: e13943 (https://doi.org/10.1111/geb.13943).
IARSCRÍBHINN III
TÁSCAIRE MAIDIR LE SAIBHREAS SPEICEAS PAILNEOIRÍ
1.
Ríomhfar innéacs maidir le saibhreas speiceas pailneoirí go bliantúil le haghaidh gach Ballstáit bunaithe ar na sonraí a bhailítear de bhun Airteagail 5, 6 agus 7. Ní chuirfear san áireamh leis ach taifeadtaí ar na heiseamail a shainaithnítear ar leibhéal an speicis de bhun Airteagal 8. Ní chuirfear speicis choimhthíocha san áireamh leis.
2.
Maidir le gach tréimhse mheasúnaithe, beidh an measúnú bunaithe ar anailís chúlchéimnithe líneach ar na hinnéacsanna bliantúla maidir le saibhreas speiceas dá dtagraítear i mír (1).
3.
Ríomhfar an táscaire maidir le saibhreas speiceas pailneoirí mar fhána na líne cúlchéimnithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2188/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)