European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2185

4.12.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2185 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meán Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta áirithe, luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin agus dleachtanna allmhairiúcháin breise a ríomh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 174(1), an chéad fhomhír, pointe (d), Airteagal 181(3) agus Airteagal 182(1)(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte, lena n-áirítear rialacha maidir le hiarratais ar chabhair a chur isteach agus maidir le cláir oibríochtúla a fhormheas. Le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagadh síos rialacha nua maidir le cláir oibríochtúla eagraíochtaí táirgeoirí. Dá bhrí sin, is gá na forálacha atá fágtha a bhaineann le bainistiú na gclár oibríochtúil sin a bhaint de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892.

(2)

D’fhonn simpliú agus an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart na luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin a shocrú ar bhonn seachtainiúil. Ba cheart an luach caighdeánach allmhairiúcháin a ríomh bunaithe ar fhógra ó na Ballstáit maidir le luachana arna dtaifeadadh ar mhargaí ionadaíocha allmhairiúcháin.

(3)

Chun na dleachtanna allmhairiúcháin breise dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is gá forálacha cur chun feidhme áirithe a shimpliú agus iad a ailíniú le Sceideal Taraifí an Aontais a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht.

(4)

Ós rud é go bhféadfadh feidhm a bheith ag dleachtanna allmhairiúcháin breise i gcás táirgí áirithe le linn tréimhsí cinntithe, is gá na tréimhsí sin a léiriú mar a leagtar amach i Sceideal Taraifí an Aontais a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht. Thairis sin, ba cheart cóid Ainmníochta Comhcheangailte na dtáirgí a thabhairt cothrom le dáta freisin, mar gheall ar athruithe ar na haicmithe.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 mar a leanas:

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

‘Airteagal 23

Iarrataí ar aitheantas

Gan dochar d’Airteagal 24, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le nósanna imeachta le haghaidh iarrataí ar aitheantas a thabhairt d’eagraíochtaí táirgeoirí agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí.’

;

(2)

in Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Le haghaidh gach táirge agus laistigh de na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, socróidh an Coimisiún luach allmhairiúcháin caighdeánach gach Máirt le haghaidh gach tionscnaimh.

Beidh an luach allmhairiúcháin caighdeánach cothrom leis an meánphraghas ionadaíoch ualaithe dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ar thug na Ballstáit fógra ina leith, lúide méid caighdeánach EUR 5/100 kg agus na dleachtanna custaim ad valorem, nó

Laistigh de na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, beidh na luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin bailí ón lá tar éis lá a bhfoilsithe go dtí go socrófar na luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin comhleanúnacha. I gcás ina dtiteann an Mháirt ar lá saoire poiblí de chuid an Choimisiúin, socrófar na luachanna caighdeánacha allmhairiúcháin ar an gcéad lá oibre eile.’

;

(3)

Leasaítear Airteagal 39 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Féadfar dleacht allmhairiúcháin bhreise dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí agus le linn na dtréimhsí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo. Beidh feidhm ag an dleacht allmhairiúcháin bhreise sin má sháraíonn cainníocht aon cheann de na táirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht le haghaidh aon cheann de na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar amach san Iarscríbhinn sin an truicearmhéid le haghaidh an táirge sin don tréimhse ábhartha.’

;

(b)

san abairt tosaigh de mhír 3, cuirtear an nath ‘amhail ón’ in ionad na bhfocal ‘tar éis’;

(4)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 40:

‘Airteagal 40

Méid na dleachta breise allmhairiúcháin

Beidh an dleacht allmhairiúcháin bhreise a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 39 coibhéiseach le haon trian den dleacht chustaim erga omnes a shonraítear sa Chomhtharaif Chustaim don táirge i gceist.’

;

(5)

in Airteagal 41, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

earraí a allmhairítear faoi tharaifchuóta neamhfhabhrach;’;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(c)

earraí arna n-allmhairiú faoin scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/978/oj).’;"

(6)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VII.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/892/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/oj).


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN VII

Táirgí agus tréimhsí chun na dleachtanna allmhairiúcháin breise dá dtagraítear in Airteagal 39 a chur i bhfeidhm

Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, meastar nach bhfuil sa tuairisc ar na táirgí ach tuairisc tháscach. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is le raon feidhme na gcód AC a chinntear raon feidhme na ndleachtanna breise.

Sraithuimhir

Cód AC

Tuairisc ar na táirgí

Tréimhse cur i bhfeidhm

78,0015

0702 00 10 ,

0702 00 91 ,

0702 00 99

Trátaí iomlána, ina bhfuil trastomhas is lú ná 47mm,

Trátaí eile i dtrusanna,

Trátaí eile

Ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 31 Bealtaine

78,0020

Ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair

78,0065

0707 00 05

Cúcamair

Ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair

78,0075

Ón 1 Samhain go dtí an 30 Aibreán

78,0085

0709 91 00

Bliosáin chruinne

Ón 1 Samhain go dtí an 30 Meitheamh

78,0100

0709 93 10

Cúirséid

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig

78,0110

0805 10 22

0805 10 24 ,

0805 10 28

Oráistí imleacáin,

Oráistí bána,

Oráistí milse eile

Ón 1 Nollaig go dtí an 31 Bealtaine

78,0120

0805 22 00

Cleimintíní

Ón 1 Samhain go dtí deireadh mhí Feabhra

78,0130

0805 21 10

0805 21 90 ,

0805 29 00

Satsúmaí,

Mandairíní agus táinséiríní,

Mandairíní Wilking agus hibridí citris comhchosúla, seachas táinséiríní, satsúmaí agus cleimintíní

Ón 1 Samhain go dtí deireadh mhí Feabhra

78,0155

0805 50 10

Líomóidí (Citrus limon, Citrus limonum)

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig

78,0160

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine

78,0170

0806 10 10

Fíonchaora boird

Ón 21 Iúil go dtí an 20 Samhain

78,0175

0808 10 80

Úlla

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa

78,0180

Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig

78,0220

0808 30 90

Piorraí

Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán

78,0235

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig

78,0250

0809 10 00

Aibreoga

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil

78,0265

0809 29 00

Silíní seachas silíní searbha

Ón 21 Bealtaine go dtí an 10 Lúnasa

78,0270

0809 30 20

0809 30 30 ,

0809 30 80

Péitseoga leathana (Prunus persica var. platycarpa) agus neachtairíní leathana (Prunus persica var. platerina),

Neachtairíní,

Péitseoga eile

Ón 11 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair

78,0280

0809 40 05

Plumaí

Ón 11 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2185/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)