European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2180

30.12.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2180 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Méan Fómhair 2025

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun athbhreithneoirí seachtracha a chlárú, na critéir chun measúnú a dhéanamh ar bhainistiú maith stuama ar athbhreithneoirí seachtracha, oiriúnacht eolas, thaithí agus oiliúint fhostaithe na n-athbhreithneoirí seachtracha, agus na coinníollacha ar féidir le hathbhreithneoirí seachtracha a ngníomhaíochtaí measúnaithe a sheachfhoinsiú fúthu

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir le Bannaí Glasa Eorpacha agus nochtaí roghnacha le haghaidh bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus le haghaidh bannaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht (1), agus go háirithe Airteagal 23(6), an tríú fomhír, Airteagal 27(2), an tríú fomhír, Airteagal 28(3), an tríú fomhír agus Airteagal 33(7), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá dea-cháil na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach a oibleagáidí rialála. Ba cheart measúnú ar dhea-cháil a bheith bunaithe ar fhaisnéis maidir le gníomhaíochtaí na ndaoine sin roimhe seo, lena n-áirítear faisnéis maidir le ciontuithe coiriúla ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann, mí-iompar roimhe seo, mórfhaillí, míbhainistiú coinbhleachtaí leasa nó laguithe ar neamhspleáchas agus oibiachtúlacht, agus faisnéis maidir lena macántacht, a n-ionracas agus a gcáil.

(2)

Ós rud é go bhfuil an bhainistíocht shinsearach agus comhaltaí an bhoird freagrach as gníomhaíochtaí an athbhreithneora sheachtraigh, ba cheart scileanna leordhóthanacha, cáilíochtaí gairmiúla leordhóthanacha agus taithí leordhóthanach a bheith acu. Ba cheart curriculum vitae chomhaltaí uile na bainistíochta sinsearaí agus an bhoird a chur san áireamh i measúnú i dtaobh cé acu an leor na scileanna, na cáilíochtaí gairmiúla agus an taithí sin, nó nach leor, lena n-áirítear faisnéis atá cothrom le dáta maidir le hoideachas, oiliúint agus stair fostaíochta. Ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú freisin comhdhéanamh foriomlán agus éagsúlacht fhoriomlán na bainistíochta sinsearaí agus an bhoird agus scileanna comhchoiteanna, cáilíochtaí gairmiúla agus taithí a gcomhaltaí, de réir mar is ábhartha do ghníomhaíochtaí an athbhreithneora sheachtraigh agus na rioscaí a bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach sin neamhchosanta orthu.

(3)

Chun leanúnachas agus rialtacht na n-athbhreithnithe seachtracha a choimirciú, ba cheart d’athbhreithneoir seachtrach líon iomchuí anailísithe, fostaithe agus daoine a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe a fhostú. I ndáil leis sin, ba cheart faisnéis maidir le socruithe foirne athbhreithneora sheachtraigh le haghaidh anailísithe, fostaithe agus daoine a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe a chur san áireamh. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin líon na gconarthaí buana agus sealadacha, na gníomhaíochtaí measúnaithe is dócha a dhéanfar amach anseo, agus na cúiseanna a measann an t-athbhreithneoir seachtrach gur leor na hacmhainní anailíseacha.

(4)

Chun cáilíocht na n-athbhreithnithe seachtracha a áirithiú, ba cheart leibhéil leordhóthanacha eolais, taithí agus oiliúna a bheith ag anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe. Ba cheart stair oideachais, oiliúna agus fostaíochta na ndaoine sin a chur san áireamh sa mheasúnú. Thairis sin, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha pleananna oiliúna agus forbartha a chur i bhfeidhm do na fostaithe uile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe.

(5)

Chun a áirithiú go ndéanann struchtúir chinnteoireachta foráil maidir le bainistiú maith stuama an athbhreithneora sheachtraigh, ba cheart socruithe rialachais chorparáidigh a bheith ag athbhreithneoirí seachtracha lena sonraítear eagrú, raon feidhme, cuspóir agus feidhmiú a gcomhlachtaí rialachais, amhail an bord, an comhlacht maoirseachta agus na coistí ábhartha.

(6)

Cuid lárnach den bhainistiú maith stuama is ea struchtúr eagraíochtúil trédhearcach éifeachtach a choinneáil ar bun. Chun trédhearcacht agus éifeachtacht a struchtúir eagraíochtúil a áirithiú, ba cheart línte tuairiscithe, freagrachtaí agus bealaí cumarsáide soiléire a bheith ag athbhreithneoirí seachtracha lena spreagtar cuntasacht agus cinnteoireacht. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha beartais agus nósanna imeachta iomchuí a chur chun feidhme agus a dhoiciméadú i gceart maidir lena struchtúir rialachais, rialuithe inmheánacha, leanúnachas gnó, córais próiseála faisnéise, coimeád taifead, riarachán agus cuntasaíocht.

(7)

I bhfianaise a thábhachtaí atá na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh do bhainistiú maith stuama athbhreithneora sheachtraigh, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha creat um rialú inmheánach a chur i bhfeidhm lena n-áirithítear go gcumhachtaítear go hiomchuí na daoine atá freagrach as an bhfeidhm sin a dhéanamh agus go bhfuil deighilt shoiléir ann ó na línte gnó a bhfuil maoirseacht á déanamh acu orthu.

(8)

Chun bainistiú maith stuama ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2023/2361 a áirithiú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú go bhformheasfaidh a mbord na beartais agus na nósanna imeachta is gá chun an Rialachán sin a chomhlíonadh.

(9)

Ba cheart beartas cuimsitheach coinbhleachtaí leasa arna fhormheas ag an mbord, agus fardal coinbhleachtaí leasa, a bheith i gcreat bainistíochta coinbhleachtaí leasa an athbhreithneora sheachtraigh. Ba cheart nósanna imeachta agus rialuithe bainistithe riosca a bheith sa bheartas coinbhleachtaí leasa chun coinbhleachtaí leasa atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, a dhíothú nó a bhainistiú agus a nochtadh ar bhealach trédhearcach. Ba cheart a shainaithint sa bheartas sin freisin cé na coinbhleachtaí leasa a mheasann an t-athbhreithneoir seachtrach atá le bainistiú nó le nochtadh ar bhealach trédhearcach agus cé na coinbhleachtaí leasa atá le díothú. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa bheartas sin maidir le maoirseacht agus bainistiú iomchuí a dhéanamh ar chásanna ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do bhreithiúnas gairmiúil nó do chinnteoireacht ghairmiúil.

(10)

Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha measúnú a dhéanamh ar cé acu atá sé d’acmhainn ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil nó nach bhfuil. I ndáil leis sin, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a mheas cé acu atá saineolas agus infhaighteacht an tsoláthraí seirbhíse tríú páirtí iomchuí do na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe nó nach bhfuil. Chun na críche sin, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha príomheilimintí a bhaineann leis an soláthraí seirbhíse tríú páirtí agus leis an socrú seachfhoinsithe a chur san áireamh, ar nós a shamhla gnó, cáilíochtaí a fhoirne, an creat rialaithe, úsáid an uathoibrithe agus na teicneolaíochta sna gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe, agus a chomhlíonadh rialála.

(11)

Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha a áirithiú nach gcuireann seachfhoinsiú gníomhaíochtaí measúnaithe isteach go hábhartha ar cháilíocht a rialaithe inmheánaigh. I ndáil leis sin, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha meastóireacht a dhéanamh ar a mhéid atá siad ag brath ar an soláthraí seirbhíse tríú páirtí agus ba cheart dóibh faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar na rioscaí a eascraíonn as an seachfhoinsiú, go háirithe maidir le tríú tíortha. Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm i ndáil le cáilíocht na seirbhíse a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse tríú páirtí. Ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha cleachtais leordhóthanacha a chur i bhfeidhm i ndáil le doiciméadacht agus coimeád taifead ag soláthraithe seirbhíse tríú páirtí. Ba cheart a áirithiú leis sin go mbeidh rochtain ag athbhreithneoir seachtrach agus ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) ar an bhfaisnéis uile is gá agus nach gcuirfidh seachfhoinsiú gníomhaíochtaí measúnaithe isteach ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2023/2631 ag an athbhreithneoir seachtrach.

(12)

Chun leibhéal leordhóthanach formhaoirseachta ar ghníomhaíochtaí seachfhoinsithe a áirithiú, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha measúnuithe tráthrialta a dhéanamh.

(13)

Ba cheart na caighdeáin theicniúla rialála atá le glacadh ar bhonn na gcumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 23(6), an tríú fomhír, Airteagal 27(2), an tríú fomhír, Airteagal 28(3), an tríú fomhír agus Airteagal 33(7), an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2023/2631 a chuachadh in aon Rialachán Tarmligthe amháin ón gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar na forálacha uile lena sonraítear clárú athbhreithneoirí seachtracha a chomhdhlúthú in aon Rialachán amháin.

(14)

Maidir leis an bhfaisnéis a chuirfear faoi bhráid ESMA, d’fhéadfadh faisnéis a bheith inti faoi chéannacht na bainistíochta sinsearaí agus faoi chéannacht chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir, chomh maith le hanailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe maidir lena n-oiriúnacht. Áirítear sonraí pearsanta i bhfaisnéis den sórt sin. I gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí a chumhdaítear in Airteagal 4(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) , níor cheart a iarraidh ach sonraí pearsanta is gá chun ESMA a chumasú measúnú a dhéanamh ar chumas na bainistíochta sinsearaí, chomhaltaí bhord athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir, chomh maith le hanailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe, na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2023/2631 a chomhlíonadh.

(15)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint. Ba cheart próiseáil sonraí pearsanta chun críocha an Rialacháin seo a dhéanamh i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. I ndáil leis sin, aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann ESMA agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann eintitis a dhéanann iarratas ar athbhreithneoir seachtrach laistigh de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus le ceanglais náisiúnta maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta.

(16)

Chun ESMA a chumasú an measúnú a dhéanamh chun críocha an chlárúcháin agus na maoirseachta leanúnaí, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú an tráth céanna, ba cheart d’athbhreithneoirí seachtracha agus do ESMA sonraí pearsanta a bhaineann le dea-cháil na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord athbhreithneora sheachtraigh a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis don chomhalta sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh nó, i gcás tharraingt siar chlárú an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann.

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 7 Iúil 2025.

(18)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin atá an Rialachán seo bunaithe.

(19)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a bhfuil an Rialachán seo bunaithe orthu, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na critéir chun dea-cháil leordhóthanach na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir a chinneadh

1.   Chun críocha Airteagal 23(2), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2023/2631, measfar dea-cháil na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir a bheith leordhóthanach i gcás ina léiríonn gníomhaíochtaí na ndaoine sin roimhe seo, i ndáil le réimse an bhainistithe mhaith stuama, go bhfuil siad in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go macánta agus go hionraic.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

(a)

cruthúnas nach ann do thaifid choiriúla a bhaineann le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, soláthar seirbhísí airgeadais nó sonraí, gníomhartha calaoise nó claonchasaidh, go háirithe trí dheimhniú oifigiúil, nó, i gcás nach bhfuil deimhniú den sórt sin ar fáil sa Bhallstát ábhartha, féindearbhú ar dhea-cháil agus údarú do ESMA faisnéis den sórt sin a iarraidh ó na húdaráis ábhartha i dtaobh ar ciontaíodh an comhalta sin i gcion coiriúil i ndáil le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, soláthar seirbhísí airgeadais nó sonraí nó i ndáil le gníomhartha calaoise nó claonchasaidh;

(b)

féindearbhú ó gach duine de chomhaltaí na bainistíochta sinsearaí agus ón mbord i dtaobh cé acu an fíor an méid seo a leanas faoin gcomhalta nó nach fíor:

(i)

i gcás nach bhfuil cruthúnas ar fáil nach bhfuil taifid choiriúla ann, ar ciontaíodh é in aon chion coiriúil;

(ii)

an raibh sé faoi réir cinneadh díobhálach in aon imeacht de chineál araíonachta i ndáil le seirbhísí airgeadais nó seirbhísí a bhfuil baint acu le hinbhuanaitheacht a thionscain údarás rialála nó comhlacht rialtais;

(iii)

an raibh sé faoi réir cinneadh breithiúnach diúltach in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte i ndáil le seirbhísí airgeadais nó seirbhísí a bhaineann le hinbhuanaitheacht a sholáthar, nó mar gheall ar iompar míchuí nó calaois agus eintiteas dlítheanach á bhainistiú aige;

(iv)

an raibh sé ina chuid den bhainistíocht shinsearach nó de bhord gnóthais a bhí faoi réir cinneadh diúltach nó pionós diúltach ag údarás rialála nó ar tharraing údarás rialála siar a chlárú nó a údarú;

(v)

ar diúltaíodh dó an ceart gníomhaíochtaí a dhéanamh lena n-éilítear clárú nó údarú ó údarás rialála;

(vi)

an raibh sé faoi réir measúnú oiriúnachta agus cuibhis ag comhlacht rialála a raibh cinneadh diúltach, nó measúnú dearfach faoi réir coinníollacha sonracha, mar thoradh air;

(vii)

an raibh sé ina chuid de bhainistíocht shinsearach nó de bhord gnóthais a chuaigh faoi dhócmhainneacht, faoi leachtú nó faoi riarachán fad a bhí an duine fostaithe ag an ngnóthas nó laistigh de bhliain ón uair a scoir an duine de bheith fostaithe ag an ngnóthas;

(viii)

an ndearna comhlacht gairmiúil fíneáil a ghearradh air, é a chur ar fionraí, a dhícháiliú, nó a chur faoi réir aon smachtbhanna eile a bhaineann le gníomhaíochtaí airgeadais nó tráchtála;

(ix)

an raibh sé dícháilithe chun gníomhú mar stiúrthóir, dícháilithe chun gníomhú in aon cháil bhainistíochta, dífhostaithe ó fhostaíocht nó ó cheapachán eile i ngnóthas de dheasca mí-iompair nó míchleachtais;

(x)

an bhfuil nó an raibh aon chaidreamh, post nó rannpháirtíocht aige a d’fhéadfadh difear a dhéanamh, go díreach nó go hindíreach, do leasanna athbhreithneora sheachtraigh agus do shláine a ghníomhaíochtaí measúnaithe;

(c)

Áiritheoidh an t-athbhreithneoir seachtrach is iarratasóir nach mbeidh rochtain ach ag daoine atá freagrach as an iarratas ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a).. Stórálfar an fhaisnéis sin ar leithligh ó fhaisnéis eile maidir leis an mbainistíocht shinsearach agus comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh. Déanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a thaifeadadh. Ní stórálfar an fhaisnéis sin i gcás ina mbaineann sí le comhaltaí is iarratasóirí den bhainistíocht shinsearach agus le comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir nár ceapadh;

(d)

Áiritheoidh ESMA nach mbeidh rochtain ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), ach ag daoine atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na bainistíochta sinsearaí agus ag comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir. Stórálfar an fhaisnéis sin ar leithligh ó fhaisnéis eile maidir leis an mbainistíocht shinsearach agus comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh. Déanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a thaifeadadh. Ní stórálfar an fhaisnéis sin i gcás ina mbaineann sí le comhaltaí is iarratasóirí den bhainistíocht shinsearach agus le comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir nár ceapadh;

(e)

Coinneoidh athbhreithneoirí seachtracha agus ESMA sonraí pearsanta a bhaineann le dea-cháil na bainistíochta sinsearaí agus comhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh a choinneáil chomh fada agus is gá chun measúnú a dhéanamh ar an gclárú tosaigh agus ar an maoirseacht leanúnach, de réir mar is infheidhme agus ar feadh tréimhse nach faide ná 5 bliana tar éis don chomhalta sin scor dá fheidhm a chomhlíonadh nó i gcás ina ndéantar clárú an athbhreithneora sheachtraigh lena mbaineann a tharraingt siar.

Airteagal 2

Na critéir chun scileanna leordhóthanacha, cáilíochtaí gairmiúla leordhóthanacha agus taithí ábhartha leordhóthanach na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir a chinneadh

1.   Cinnfidh ESMA scileanna, cáilíochtaí gairmiúla agus taithí ábhartha na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí bhord an athbhreithneora sheachtraigh is iarratasóir a bheith leordhóthanach faoi mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 23(2), pointí (a)(ii) go (a)(iv), de Rialachán (AE) 2023/2631 i gcás ina bhfuil na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí sin iomchuí do chineál agus scála na n-athbhreithnithe seachtracha atá le déanamh ag an athbhreithneoir seachtrach is iarratasóir agus do na cúraimí a cheanglaítear ar athbhreithneoirí seachtracha de bhun an Rialacháin sin.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

(a)

curriculum vitae cothrom le dáta gach comhalta den bhainistíocht shinsearach agus de bhord an athbhreithneora sheachtraigh ina leagtar amach faisnéis mhionsonraithe atá ábhartha do na cúraimí a cheanglaítear ar athbhreithneoirí seachtracha de bhun Rialachán (AE) 2023/2631, lena n-áirítear:

(i)

sonraí maidir le hoideachas, lena n-áirítear teastais acadúla agus ghairmiúla, agus oiliúint ábhartha eile;

(ii)

stair fostaíochta, lena n-áirítear raon feidhme agus fad na bhfeidhmeanna a rinneadh, agus béim á leagan ar aon ghníomhaíochtaí atá ábhartha do ghnó na n-athbhreithneoirí seachtracha;

(b)

ábharthacht an eolais a bhaintear amach trí oideachas agus oiliúint do sheirbhísí airgeadais nó do sheirbhísí a bhaineann le hinbhuanaitheacht le haghaidh ghnó na n-athbhreithneoirí seachtracha;

(c)

ábharthacht na taithí gairmiúla a fuarthas i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis na cúraimí a bheidh le déanamh ag an athbhreithneoir seachtrach, mar atá dearbhú cáilíochta, rialú cáilíochta, athbhreithnithe réamheisiúna, athbhreithnithe iareisiúna agus athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair, agus soláthar tuairimí ailínithe dara páirtí nó seirbhísí airgeadais;

(d)

scileanna comhchoiteanna agus cothrom le dáta, cáilíochtaí gairmiúla, agus taithí na bainistíochta sinsearaí agus chomhaltaí an bhoird is ábhartha do na cúraimí a cheanglaítear ar athbhreithneoirí seachtracha de bhun Rialachán (AE) 2023/2631 agus rioscaí gaolmhara.

Airteagal 3

Na critéir chun an líon leordhóthanach anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe a chinneadh

1.   Cinnfidh ESMA gur leor an líon anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe athbhreithneora sheachtraigh dá dtagraítear in Airteagal 23(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2631 i gcás ina bhfuil an líon iomchuí do chineál agus scála na n-athbhreithnithe seachtracha atá le déanamh ag an athbhreithneoir seachtrach agus do na cúraimí a cheanglaítear ar athbhreithneoirí seachtracha de bhun an Rialacháin sin.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

(a)

an líon iomlán anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe, a sinsearacht, a dtuairiscí poist, cineál buan nó sealadach a gconarthaí fostaíochta, agus na cúiseanna a measann an t-athbhreithneoir seachtrach go bhfuil an líon agus na róil iomchuí;

(b)

líon agus fad beartaithe na n-athbhreithnithe seachtracha atá le soláthar sna 24 mhí amach romhainn, agus na cúiseanna a measann an t-athbhreithneoir seachtrach go bhfuil an líon fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe i gcomhréir le líon agus fad na n-athbhreithnithe seachtracha amach anseo.

Airteagal 4

Na critéir chun leibhéal leordhóthanach eolais, taithí agus oiliúna a chinneadh maidir le hanailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe

1.   Cinnfidh ESMA gur leor eolas, taithí agus oiliúint na n-anailísithe, na bhfostaithe agus na ndaoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(2), mír (a), de Rialachán (AE) 2023/2631, i gcás ina bhfuil an t-eolas, an taithí agus an oiliúint iomchuí do chineál agus scála na n-athbhreithnithe seachtracha atá le déanamh ag an athbhreithneoir seachtrach agus do na cúraimí a cheanglaítear ar athbhreithneoirí seachtracha de bhun an Rialacháin sin.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh ESMA an fhaisnéis seo a leanas san áireamh:

(a)

na cineálacha gníomhaíochtaí measúnaithe a bhfuiltear ag súil go soláthróidh na daoine a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe sna 24 mhí amach romhainn;

(b)

stair fostaíochta na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear cineál agus fad na seirbhísí a soláthraíodh i bpoist agus i bhfreagrachtaí a bhí acu roimhe seo;

(c)

taithí na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) a bhaineann le dearbhú cáilíochta, rialú cáilíochta, athbhreithnithe réamheisiúna, athbhreithnithe iareisiúna agus athbhreithnithe ar thuarascálacha tionchair, agus soláthar tuairimí ailínithe dara páirtí nó seirbhísí airgeadais;

(d)

cúlra oideachais na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus aon teastas gairmiúil ábhartha nó aon cháilíocht ghairmiúil ábhartha a baineadh amach;

(e)

gnóthachtálacha gairmiúla agus acadúla eile na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) atá ábhartha do chineál a bhfeidhmeanna;

(f)

an plean oiliúna agus forbartha do na daoine dá dtagraítear i bpointe (a);

(g)

i gcás inarb infheidhme, úsáid na teicneolaíochta uathoibrithe sna gníomhaíochtaí measúnaithe;

3.   Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go gcuirfidh siad san áireamh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo chun eolas, taithí agus oiliúint na n-anailísithe, na bhfostaithe agus na ndaoine eile a bhfuil a gcuid seirbhísí curtha ar fáil dóibh nó faoina rialú agus a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe, a chinneadh a bheith leordhóthanach dá dtagraítear in Airteagal 28(1) de Rialachán (AE) 2023/2631.

Airteagal 5

Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar bhainistiú maith stuama a dhéanann athbhreithneoirí seachtracha

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar a mbainistiú maith stuama, áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

go sonraítear sna socruithe rialachais chorparáidigh ar a laghad eagrú, raon feidhme, cuspóir agus feidhmiú chomhlachtaí rialachais an athbhreithneora sheachtraigh, lena n-áirítear línte tuairiscithe soiléire, freagrachtaí ról agus bealaí cumarsáide;

(b)

go bhfuil creat um rialú inmheánach ann;

(c)

go n-áirithítear leis na socruithe eagraíochtúla leanúnachas agus rialtacht i bhfeidhmiú na ngníomhaíochtaí measúnaithe, go gcoimircítear rúndacht agus slándáil thaifid na seirbhísí a sholáthraítear, nósanna imeachta maithe riaracháin agus cuntasaíochta, agus córais leordhóthanacha próiseála faisnéise;

(d)

go gcosnaítear anaithnideacht sceithirí go dtoirmisctear bearta díoltais;

(e)

go ndéantar athbhreithniú comhsheasmhach ar idirbhearta le páirtithe gaolmhara, ar chuntas pearsanta fostaithe, ar ghníomhaíochtaí taobh amuigh de ghníomhaíochtaí gnó agus ar ghlacadh le bronntanais agus fáilteachas;

(f)

go n-áirithítear neamhspleáchas na bhfostaithe faoi réir socruithe cúitimh athraithigh;

(g)

go nglacann bord an athbhreithneora sheachtraigh na beartais agus na nósanna imeachta i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonann an creat um rialú inmheánach na critéir seo a leanas:

(a)

go gcuirtear na sásraí rialaithe inmheánaigh in oiriúint do chineál, scála agus castacht an athbhreithneora sheachtraigh;

(b)

go bhfuil na daoine atá freagrach as rialuithe inmheánacha in ann an fhaisnéis is gá a fháil chun a bhfeidhm a chomhlíonadh agus a dtorthaí a thuairisciú do bhord an athbhreithneora sheachtraigh;

(c)

go bhfuil na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh neamhspleách agus scartha go soiléir ó na línte gnó a dhéanann na gníomhaíochtaí measúnaithe.

3.   Déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 sula soláthrófar gníomhaíochtaí athbhreithnithe sheachtraigh agus ina dhiaidh sin uair amháin gach 24 mhí ar a laghad, nó a luaithe a bheidh an t-athbhreithneoir seachtrach ar an eolas faoi chlaontaí nach beag ó na critéir.

Airteagal 6

Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar bhainistiú coinbhleachtaí leasa

1.   Agus measúnú á dhéanamh ar bhainistiú coinbhleachtaí leasa, áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil beartas coinbhleachtaí leasa ann;

(b)

go bhfuil próiseas comhlíonta éifeachtach ann atá iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an bheartais coinbhleachtaí leasa, lena n-áirítear formhaoirseacht boird;

(c)

go bhfuil nósanna imeachta ann chun oiliúint a chur ar an mbainistíocht shinsearach, ar chomhaltaí den bhord, ar anailísithe, ar fhostaithe agus ar aon duine nádúrtha eile a gcuirtear a chuid seirbhísí ar fáil don athbhreithneoir seachtrach nó atá faoina rialú, lena n-áirítear sula dtéann na daoine sin i mbun a ndualgas ar dtús;

(d)

go gcoinneofar fardal de choinbhleachtaí leasa atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann atá ábhartha don athbhreithneoir seachtrach, lena n-áirítear bearta maolaithe atá beartaithe;

(e)

go bhfuil nósanna imeachta bainistithe riosca agus rialuithe coisctheacha agus braiteacha i bhfeidhm maidir le coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a dhíothú, a bhainistiú agus a nochtadh;

(f)

go sainaithneofar na coinbhleachtaí leasa atá le díothú nó le bainistiú agus le nochtadh ar bhealach trédhearcach;

(g)

go n-áirithítear neamhspleáchas anailísithe, fostaithe agus daoine eile a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíochtaí measúnaithe.

2.   Déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach meastóireacht ar na critéir dá dtagraítear i mír 1 sula soláthrófar gníomhaíochtaí athbhreithnithe sheachtraigh agus ina dhiaidh sin uair amháin gach 24 mhí ar a laghad, nó a luaithe a bheidh an t-athbhreithneoir seachtrach ar an eolas faoi chlaontaí nach beag maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú.

Airteagal 7

Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chumas agus inniúlacht soláthraithe seirbhíse tríú páirtí gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéanamh

1.   Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar cé acu atá soláthraithe seirbhíse tríú páirtí in ann gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil nó nach bhfuil agus ar cé acu atá sé d’acmhainn acu na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh nó nach bhfuil, áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

go bhfuil saineolas ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí ar ábhair na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe;

(b)

go bhfuil an soláthraí seirbhíse tríú páirtí ar fáil chun na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a sholáthar fad a mhairfidh an seachfhoinsiú atá beartaithe;

(c)

go bhfuil creat um rialú inmheánach i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí chun feidhmíocht leordhóthanach na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a áirithiú.

2.   Cuirfear san áireamh sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 an fhaisnéis seo a leanas i ndáil leis an soláthraí seirbhíse tríú páirtí:

(a)

an tsamhail ghnó, na seirbhísí a chuirtear ar fáil, úinéireacht, struchtúr grúpa agus stádas mar eintiteas rialáilte nó faoi mhaoirseacht;

(b)

cáilíochtaí na mball foirne a bhfuil baint acu leis na gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe;

(c)

na beartais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na gníomhaíochtaí seachfhoinsithe a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí cruinne agus iontaofa a úsáid;

(d)

na rialuithe agus na gníomhaíochtaí faireacháin atá i bhfeidhm chun cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeartas agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a áirithiú;

(e)

i gcás inarb infheidhme, úsáid na teicneolaíochta uathoibrithe sna gníomhaíochtaí measúnaithe;

(f)

ceanglais dhlíthiúla agus rialála is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhíse tríú páirtí.

Airteagal 8

Na critéir chun a áirithiú nach gcuireann gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe isteach go hábhartha ar cháilíocht rialú inmheánach an athbhreithneora sheachtraigh

Agus é á áirithiú nach gcuirfidh seachfhoinsiú gníomhaíochtaí measúnaithe isteach go hábhartha ar cháilíocht a rialaithe inmheánaigh, áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

nach n-eascraíonn róspleáchas ar an soláthraí seirbhíse tríú páirtí as líon agus cineál na ngníomhaíochtaí measúnaithe a bhfuiltear ag súil lena seachfhoinsiú;

(b)

go bhfuil coimircí i bhfeidhm chun na rioscaí a bhaineann leis an seachfhoinsiú a bhainistiú, lena n-áirítear rioscaí spleáchais maidir le soláthar na ngníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe;

(c)

go bhfuil socruithe i bhfeidhm maidir le leanúnachas seirbhíse, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha agus tástáil thréimhsiúil ar shaoráidí cúltaca;

(d)

go bhfuil socruithe i bhfeidhm maidir le slándáil sonraí agus córas, lena n-áirítear aon úsáid a bhaintear as néalteicneolaíocht;

(e)

go bhfuil coimircí i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh an t-athbhreithneoir seachtrach in ann faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe;

(f)

i gcás ina bhfuil cead conarthach ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí feidhmiú na ngníomhaíochtaí measúnaithe a sheachfhoinsiú tuilleadh, go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin na critéir a leagtar amach i bpointí (a) go (e).

Airteagal 9

Na critéir chun a áirithiú nach gcuirfidh gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe isteach go hábhartha ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh athbhreithneoirí seachtracha

Agus é á áirithiú nach gcuirfidh seachfhoinsiú isteach go hábhartha ar chumas ESMA maoirseacht a dhéanamh ar athbhreithneoirí seachtracha Rialachán (AE) 2023/2631 a chomhlíonadh, áiritheoidh athbhreithneoirí seachtracha go gcomhlíonfar na critéir seo a leanas:

(a)

go gcoinnítear leibhéal iomchuí doiciméadachta agus taifead ar ainmneacha agus ar phoist uile na ndaoine atá freagrach as an seachfhoinsiú a cheadú agus faireachán a dhéanamh air;

(b)

go bhfuil an soláthraí seirbhíse tríú páirtí in ann an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don athbhreithneoir seachtrach maidir le gníomhaíochtaí measúnaithe seachfhoinsithe a éilíonn an t-athbhreithneoir seachtrach chun a léiriú go bhfuil Rialachán (AE) 2023/2631 á chomhlíonadh ag an athbhreithneoir seachtrach;

(c)

i gcás ina ndéantar gníomhaíochtaí measúnaithe a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhíse tríú páirtí tríú tír, go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm ag an athbhreithneoir seachtrach agus ag an soláthraí seirbhíse tríú páirtí lena n-áirithítear bainistiú rioscaí a eascraíonn as an méid seo a leanas:

(i)

ceanglais rialála nó córais dlí éagsúla;

(ii)

straitéisí scoir gan a bheith ann nó a gcur i bhfeidhm míthráthúil i gcás briseadh nó cliseadh seirbhíse;

(iii)

teagmhais slándála faisnéise agus sonraí;

(iv)

sárú ar fhaisnéis rúnda;

(v)

easpa rochtana praise do ESMA agus don athbhreithneoir seachtrach ar na taifid tríú páirtí, lena n-áirítear i gcás ina gcoinnítear na taifid sin i ndlínsí tríú tír.

Airteagal 10

Meastóireacht ar na critéir maidir le gníomhaíochtaí measúnaithe a sheachfhoinsiú

Déanfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha meastóireacht ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach sa Rialachán seo sula gcuirfear tús leis an ngníomhaíocht measúnaithe sheachfhoinsithe agus ina dhiaidh sin, uair amháin gach 24 mhí ar a laghad, nó a luaithe a bheidh an t-athbhreithneoir seachtrach ar an eolas faoi chlaontaí nach beag maidir le cumas soláthraithe seirbhíse tríú páirtí na gníomhaíochtaí measúnaithe a dhéanamh go hiontaofa agus go gairmiúil.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Méan Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2023/2631, 30.11.2023, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2631/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2180/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)