|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2174 |
24.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2174 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada, leis an Ríocht Aontaithe agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus 232(1), pointe (b) agus 232(3), pointe (b) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach gá cead a thabhairt coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha a theacht isteach san Aontas ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, le hIarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha, de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
Tá fógra tugtha ag Ceanada don Choimisiún faoi chúig ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta, Manitoba, Ontario agus Quebec, ráigeanna a deimhníodh idir an 7 Deireadh Fómhair 2025 agus an 12 Deireadh Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (RT-PCR). |
|
(6) |
Thug an Ríocht Aontaithe fógra don Choimisiún faoi dhá ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis atá ann i gcontaetha Cheshire agus Cumbria, Sasana, ráigeanna a deimhníodh an 13 Deireadh Fómhair 2025 agus an 18 Deireadh Fómhair 2025, faoi seach, le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(7) |
Thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi 20 ráig nua den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i stáit Idaho (1), Iowa (1), Michigan (1), Minnesota (10), Utah (4), Pennsylvania (1), Washington (1), agus Wisconsin (1), ráigeanna a deimhníodh idir an 30 Meán Fómhair 2025 agus an 14 Deireadh Fómhair 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(8) |
Tar éis na ráigeanna sin den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí, bhunaigh údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe criosanna srianta de 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí a bhí buailte agus chuir siad beartas díothaithe chun feidhme chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun teorainn a chur le leathadh an ghalair sin. |
|
(9) |
Tá faisnéis curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag Ceanada, ag an Ríocht Aontaithe agus ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a gcríocha féin agus maidir leis na bearta atá déanta acu chun leathadh breise an fhliú éanúil ardphataiginigh a chosc tar éis na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach sin a tharla le déanaí. |
|
(10) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar an bhfaisnéis sin. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údaráis tréidliachta Cheanada, na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe, ba cheart teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na limistéir lena mbaineann na ráigeanna sna tríú tíortha sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis na tríú tíortha sin sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B, Cuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(11) |
Ina theannta sin, tá faisnéis nuashonraithe soláthartha don Choimisiúin ag Ceanada maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch a mhéid a bhaineann le ráig a bhí ann roimhe seo den fhliú éanúil ardphataigineach ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a chur ar fionraí san Aontas, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. |
|
(12) |
An 25 Meán Fómhair 2025, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta atá déanta aige i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann in éanlaith chlóis i gcúige Manitoba, ráig a deimhníodh an 7 Bealtaine 2025 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(13) |
Tar éis na ráige sin den fhliú éanúil ardphataigineach a bhí ann roimhe seo, chuir Ceanada an Coimisiún ar an eolas go bhfuil beartas díothaithe curtha chun feidhme aige chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus tá na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aige freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis an mbunaíocht éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme ar a gcríoch. |
|
(14) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada faoina bhráid agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aici nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ón gcrios atá buailte, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ón gcrios atá buailte den tríú tír sin óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, ba cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada sna táblaí sin sna hIarscríbhinní sin a leasú dá réir sin. |
|
(15) |
Agus na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach atá ann i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne. |
|
(16) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2174/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)