European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2169

27.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2169 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Meitheamh 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an mogallmhéid íosta a mhéadú nuair atáthar ag iascaireacht scuideanna sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthuaiscirt

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 déantar foráil maidir le bearta teicniúla réigiúnacha sonracha le haghaidh na Mara Thuaidh agus Uiscí an Iarthuaiscirt in uiscí an Aontais. Le cuid B, pointe 1 de na hIarscríbhinní sin déantar foráil maidir le mogallmhéideanna bonnlíne le haghaidh trealamh tarraingthe sna huiscí sin. Le pointe 1.2 de na hIarscríbhinní sin ceadaítear mogallmhéideanna is lú a úsáid faoi choinníollacha áirithe.

(2)

An Bheilg, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír agus an tSualainn (‘Ballstáit na Mara Thuaidh’), tá leas díreach bainistithe iascaigh acu sa Mhuir Thuaidh; tá leas díreach bainistithe iascaigh ag an mBeilg, ag Éirinn, ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an Spáinn (‘Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt’) in Uiscí an Iarthuaiscirt.

(3)

An 20 agus an 28 Meitheamh 2024 chuir na grúpaí réigiúnacha dhá mholadh chomhpháirteacha faoi bhráid an Choimisiúin inar moladh an tábla faoi bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn V, Cuid B agus an tábla faoi bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn VI, Cuid B a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú. D’iarr Ballstáit na Mara Thuaidh an mhogallmhéid íosta le haghaidh iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae) a mhéadú ó 40 mm go 80 mm i bhfolimistéar 4 CITM agus deireadh a chur leis an bhféidearthacht 40 mm ar a laghad a úsáid i roinn 3a CITM (Skagerrak agus Kattegat); D’iarr Ballstáit an Iarthuaiscirt an mhogallmhéid íosta a mhéadú ó 40 mm go 80 mm i ranna 7a, 7b, 7c, 7d, 7e, 7g, 7h agus 7k CITM. Coinnítear mogallmhéid íosta 40 mm ar bun i roinn 7e CITM maidir le hiascaireacht dhírithe scuideanna le tráil otair mheánuisce sa limistéar 12 mhuirmhíle de chósta na Fraince.

(4)

De réir na Moltaí Comhpháirteacha, tríd an mogallmhéid íosta a mhéadú go 90 mm i roinn 3a CITM (Skagerrak agus Kattegat) agus go 80 mm le haghaidh iascaireacht dhírithe scuideanna i bhfolimistéar 4 agus i ranna 7a, 7b, 7c, 7d, 7e, 7g, 7h agus 7k CITM, tá sé beartaithe na patrúin saothraithe a bharrfheabhsú chun éisc óga agus comhbhailiúcháin d’éisc sceite d’acmhainní bitheolaíocha muirí a chosaint agus gabhálacha speiceas muirí atá faoi bhun na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a laghdú. Leis an méadú céanna tá sé beartaithe feabhas a chur ar fhorfheidhmiú na sonraíochtaí mogallmhéide freisin.

(5)

Chuathas i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Mara Thuaidh agus le Comhairle Chomhairleach Uiscí an Iarthuaiscirt maidir leis an dá mholadh chomhpháirteacha i mí an Mhárta 2024 agus i mí Aibreáin 2024 faoi seach.

(6)

Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) measúnú ar an dá mholadh chomhpháirteacha ag an seisiún iomlánach a bhí aige ón 8 go dtí an 12 Iúil 2024 (CETEI-24-02) (2). Cé gur mheas CETEI nach féidir measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na méaduithe atá beartaithe ar mhogallmhéideanna de dheasca sonraí neamhleora, tháinig sé ar an gconclúid gur bealach amháin é, i bprionsabal, chun feabhas a chur ar roghnaíocht na n-iascach an mhogallmhéid íosta a mhéadú. Thairis sin, thug CETEI dá aire go bhfuil feidhm cheana féin ag an mogallmhéid mhéadaithe in uiscí tríú tír comharsanachta maidir leis na hiascaigh ina ndírítear ar scuideanna (a bhaineann leis na finte Loliginidae agus Ommastrephidae), ar méadú ó 40 mm go 80 mm é. Maidir leis na tairbhí a mheastar a bheidh ann i ndáil le barrfheabhsú na bpatrún saothraithe i dtaca leis an togra ó Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt, tháinig CETEI ar an gconclúid freisin nach raibh na tairbhí sin soiléir.

(7)

Agus an Coimisiún ag leanúint na comhairle ó CETEI, d’iarr sé ar Bhallstáit Uiscí an Iarthuaiscirt an moladh comhpháirteach a ailíniú leis an meastóireacht eolaíoch. Dá réir sin, i mí Dheireadh Fómhair 2024 thíolaic Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt leagan cothrom le dáta dá moladh comhpháirteach ina raibh tuilleadh faisnéise tacaíochta, leagan a tarchuireadh chuig CETEI.

(8)

Ag an gcruinniú iomlánach a bhí ag CETEI an 11-15 Samhain 2024, tháinig sé ar an gconclúid nach dócha go mbeidh tionchar ag na gnéithe atá sa leagan cothrom le dáta den mholadh comhpháirteach a thíolaic Ballstáit Uiscí an Iarthuaiscirt ar na patrúin iascaireachta atá ann faoi láthair sna limistéir sin agus go bhfuil siad coibhéiseach ar a laghad leis na saintréithe roghnaíochta atá ann faoi láthair (3). Go deimhin, tugann CETEI le fios maidir leis an mogallmhéid íosta 80 mm atá beartaithe gurb í sin an mhogallmhéid cheannasach atá in úsáid cheana ag iascaigh a thugann scuideanna i dtír i ranna 7a, 7b, 7c, 7d, 7e, 7g, 7h agus 7k CITM. Thairis sin, tugann CETEI dá aire go bhfuil fianaise ann chun tacú le mogallmhéid íosta 40 mm le haghaidh iascaigh dhírithe scuideanna i roinn 7e CITM le haghaidh cabhlaigh mhionscála a dhíríonn ar scuideanna faoi láthair sa limistéar sin. Tugann CETEI dá aire freisin go bhfuil fianaise ann a thacaíonn le mogallmhéid íosta 40 mm le haghaidh iascaigh dhírithe scuideanna i bhfolimistéir 5 agus 6 CITM ina n-úsáidtear raon na mogallmhéide faoi láthair chun scuideanna a thabhairt i dtír mar chuid de thurais spriocdhírithe ceifealapód. Is é conclúid CETEI go bhfuil fianaise ann go bhfuil mogallmhéid íosta 40 mm in úsáid ag iascaigh a thugann scuideanna i dtír i roinn 7j CITM, agus gur i raonta mogallmhéide is mó (100-110 mm) a thagann an chuid is mó de scuideanna i dtír. Thairis sin, tugann CETEI dá aire go bhfuil feidhm cheana féin ag an mogallmhéid mhéadaithe in uiscí tríú tír comharsanachta maidir leis na hiascaigh a dhíríonn ar scuideanna (a bhaineann leis na finte Loliginidae agus Ommastrephidae), ar méadú ó 40 mm go 80 mm é.

(9)

Ós rud é: (i) go bhfuil na leasuithe faoi na moltaí comhpháirteacha comhleanúnach leis na patrúin iascaireachta atá ann faoi láthair agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad coibhéiseach ar a laghad leis na saintréithe roghnaíochta atá ann faoi láthair, (ii) go gcuireann na bearta atá beartaithe feabhas ar fhorfheidhmiú na sonraíochtaí mogallmhéide agus (iii) gur bealach é an méadú ar an mogallmhéid chun feabhas a chur ar roghnaíocht na n-iascach, measann an Coimisiún go bhfuil ceanglais Airteagail 15 agus 18 de Rialachán (AE) 2019/1241 comhlíonta.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2019/1241 a leasú dá réir sin.

(11)

Leis na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo is infheidhme maidir le huiscí an Aontais saothraítear na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494(1) agus (2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4), agus tugtar aird ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 494(3) den chomhaontú sin. Tá siad gan dochar d’aon bheart is infheidhme in uiscí Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann.

(12)

Ós rud é go bhfuil tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar phleanáil an tséasúir iascaireachta ag soithí an Aontais agus ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leo, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit uile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 105; ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj.

(2)  An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – an 76ú Tuarascáil Iomlánach (STECF-PLEN-24-02). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, doi:10.2760/1035959, JRC140570.

(3)  An Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) – an 77ú Tuarascáil Iomlánach (STECF-PLEN-24-03). Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2024, doi:10.2760/2392535, JRC140580.

(4)  An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1241 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn V, Cuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an séú hiontráil sa tábla tar éis phointe 1.4:

‘80 mm ar a laghad

Folimistéar 4 CTIM

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae).’

(2)

In Iarscríbhinn VI, Cuid B, leasaítear an tábla tar éis phointe 1.2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú hiontráil sa tábla:

‘80 mm ar a laghad

Ranna 7d agus 7e CITM

Iascaireacht dhírithe faoitíní, ronnach agus speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha gabhála, lena n-áirítear scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae) agus nach gcumhdaítear in aon áit eile sa tábla, arb iascaireacht í ina n-úsáidtear tráil ghrinnill.’

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú hiontráil sa tábla:

‘80 mm ar a laghad

Ranna 7a, 7b, 7c, 7d, 7e, 7g, 7h, 7k CTIM

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae), ina n-úsáidtear tráil ghrinnill agus saighní.’

(c)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an tábla:

‘40 mm ar a laghad

Folimistéir 5, 6 CTIM

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae) ina n-úsáidtear aon trealamh tarraingthe i bhfolimistéir 5 agus 6 CTIM.

40 mm ar a laghad

Roinn 7e CTIM

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae) ina n-úsáidtear tráil otair mheánuisce laistigh de 12 mhuirmhíle ó chósta na Fraince, arna dtomhas ó na bonnlínte, i roinn 7e CTIM.

40 mm ar a laghad

Roinn 7j CTIM

Iascaireacht dhírithe scuideanna (Loliginidae, Ommastrephidae), ina n-úsáidtear tráil ghrinnill agus saighní i roinn 7j CTIM.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2169/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)