|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2158 |
27.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2158 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2025
lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2025 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(1), (2) agus (3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2023, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2022/2090 (2), (AE) 2023/194 (3) agus (AE) 2023/195 (4) ón gComhairle. |
|
(2) |
Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2024, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2023/2638 (5), (AE) 2024/257 (6) agus (AE) 2024/259 (7) ón gComhairle. |
|
(3) |
Na cuótaí iascaireachta le haghaidh 2025, leagtar síos iad le Rialacháin (AE) 2024/2903 (8), (AE) 2025/202 (9) agus (AE) 2025/219 (10) ón gComhairle. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 105(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, i gcás inar shuigh an Coimisiún gur sháraigh Ballstát na cuótaí iascaireachta a cionroinneadh air, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí a chionroinnfear ar an mBallstát sin amach anseo. |
|
(5) |
Foráiltear le hAirteagal 105(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 go bhfuil na hasbhaintí sin le hoibriú an bhliain dár gcionn nó sna blianta dár gcionn trí na fachtóirí iolraithe ábhartha a chur i bhfeidhm mar a leagtar amach ann. |
|
(6) |
Sháraigh Ballstáit áirithe a gcuótaí iascaireachta le haghaidh 2024. Dá bhrí sin, ba cheart asbhaintí a oibriú ó na cuótaí iascaireachta a chionroinntear orthu in 2025 agus, i gcás inarb ábhartha, sna blianta ina dhiaidh sin, maidir leis na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu. |
|
(7) |
Le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 (11) agus (AE) 2025/66 (12) ón gCoimisiún, leagadh amach asbhaintí ó chuótaí iascaireachta maidir le Ballstáit áirithe agus speicis áirithe le haghaidh 2024. I gcás Ballstáit áirithe, áfach, b’airde na hasbhaintí a bhí le cur i bhfeidhm maidir le roinnt speiceas ná na cuótaí ábhartha a bhain leis na speicis chéanna a bhí ar fáil in 2024 agus dá bhrí sin, ní fhéadfaí iad a oibriú ina n-iomláine sa bhliain sin. I gcomhréir le pointe 2 de Theachtaireacht 2022/C 369/03 ón gCoimisiún maidir le treoirlínte i ndáil le cuótaí a asbhaint faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 (13) (‘na Treoirlínte’) agus chun a áirithiú sna cásanna sin go n-asbhainfear an méid iomlán le haghaidh na stoc ábhartha, ba cheart na cainníochtaí atá fágtha a chur san áireamh agus asbhaintí á leagan síos le haghaidh 2025 agus, i gcás inarb iomchuí, ó chuótaí ina dhiaidh sin. |
|
(8) |
Dearbhaítear sna Treoirlínte go bhfuil an amlíne le haghaidh asbhaintí i gcás ró-iascaireacht cuóta maidir le stoic atá á mbainistiú ag eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh le cur in oiriúint, i gcás inarb infheidhme, don amlíne le haghaidh asbhaintí atá socraithe ag na heagraíochtaí réigiúnacha iascaigh lena mbaineann maidir leis na stoic sin. Foráiltear le Moladh 19-05 ó ICCAT lena mbunaítear clár atógála le haghaidh mairlíní gorma (14) go ndéanfar aon bharrachas sna teorainneacha bliantúla maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír arna socrú le haghaidh 2023 a asbhaint ó na teorainneacha maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír le linn 2025. Dá bhrí sin, mar a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/66, ba cheart an asbhaint de dheasca ró-iascaireacht arna déanamh ag an Spáinn in 2023 le haghaidh an stoic mairlíní gorma san Aigéan Atlantach (BUM/ATLANT) arna bhainistiú ag ICCAT a chur i bhfeidhm in 2025. |
|
(9) |
Thairis sin, le Moladh 22-03 ó ICCAT maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Thuaidh (15), foráiltear go ndéanfar aon bharrachas sa chuóta coigeartaithe bliantúil in 2024 a asbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála ábhartha le haghaidh 2026. Ar an mbonn sin, asbhaintí de dheasca na ró-iascaireachta, lena n-áirítear na hasbhaintí sin a eascraíonn as na fachtóirí iolraithe is infheidhme, ag an bPortaingéil ar an stoc colgán san Aigéan Atlantach in 2024, lastuaidh de 5°T (SWO/AN05N), stoc a ndéanann ICCAT bainistíocht air, ba cheart na hasbhaintí sin a chur i bhfeidhm in 2026. |
|
(10) |
Ina theannta sin, le Moladh 22-04 ó ICCAT maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Theas (16), leagtar síos go bhfuil aon bharrachas sa chuóta/teorainn ghabhála bhliantúil in 2024 le hasbhaint ón gcuóta/teorainn ghabhála ábhartha in 2026. Dá bhrí sin, an asbhaint atá dlite mar gheall ar an ró-iascaireacht a rinne an Fhrainc in 2024, le haghaidh an stoic colgán san Aigéan Atlantach, laisteas de 5°T (SWO/AS05N), ba cheart í a oibriú in 2026. |
|
(11) |
Thairis sin, le Moladh 23-10 ó ICCAT maidir le bearta caomhnúcháin chun siorcanna gorma an Atlantaigh Thuaidh a chaomhnú (17), foráiltear go ndéanfar aon mhéid a ghabhtar de bhreis ar na teorainneacha gabhála bliantúla a bunaíodh le haghaidh 2024 a asbhaint ó na teorainneacha gabhála ábhartha in 2026. Dá bhrí sin, níor cheart asbhaintí de dheasca ró-iascaireacht arna déanamh ag an bPortaingéil in 2024 le haghaidh an stoic siorcanna gorma san Aigéan Atlantach lastuaidh de 5°T (BSH/AN05N) a oibriú ach amháin in 2026. |
|
(12) |
In 2023 rinne an Ghearmáin ró-iascaireacht 1,320 tona ar a cuóta le haghaidh speicis eile in uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 (OTH/1N2AB.). Ina theannta sin, bhí asbhaint 19,997 dtona fós ann tar éis don Ghearmáin ró-iascaireacht a dhéanamh ar a cuóta le haghaidh OTH/1N2AB. in 2022, i gcomhréir le pointe 2 de na Treoirlínte. Le post leictreonach dar dáta an 1 Iúil 2024, d’iarr an Ghearmáin an asbhaint atá dlite, is é sin 21,317 dtona, a roinnt thar 3 bliana. Ós rud é, i gcomhréir le pointe 3(b) de na Treoirlínte, go bhfuil aisíoc níos moille incheadaithe go heisceachtúil i gcás ina ngabhtar an stoc lena mbaineann in iascach measctha agus ina gcuirfeadh caillteanas mór cuóta cosc ar shaothrú na speiceas gaolmhar i ngabháil an iascaigh mheasctha sin, glacadh leis an iarraidh sin. Oibríodh an chéad asbhaint 7,106 thona ar chuóta na Gearmáine le haghaidh OTH/1N2AB. in 2024. 7,106 thona in 2025 agus 7,105 thona in 2026 atá sna hasbhaintí bliantúla atá fágtha is infheidhme maidir le cuóta na Gearmáine le haghaidh OTH/1N2AB., gan dochar d’aon oiriúnú eile ar chuótaí. |
|
(13) |
Féadfar tuilleadh nuashonruithe nó ceartúchán a dhéanamh fós i ndiaidh earráidí, easnaimh nó míthuairisciú a bhrath, i gcás an chleachtaidh asbhainte reatha nó cleachtadh asbhainte roimhe seo, sna figiúirí gabhála arna ndearbhú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 33 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
|
(14) |
Ós rud é go sloinntear cuótaí ina dtonaí, níor cheart ró-iascaireacht de chainníochtaí is lú ná aon tona amháin a chur san áireamh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Laghdófar na cuótaí iascaireachta a shocraítear le haghaidh 2025 i Rialacháin (AE) 2024/2903, (AE) 2025/202 agus (AE) 2025/219 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán (AE) 2022/2090 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2022 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L 281, 31.10.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2090/oj).
(3) Rialachán (AE) 2023/194 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais, agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, chomh maith le deiseanna iascaireachta den sórt sin a shocrú le haghaidh 2023 agus 2024 le haghaidh stoic éisc áirithe dhomhainfharraige (IO L 28, 31.1.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/194/oj).
(4) Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lch. 220, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/195/oj).
(5) Rialachán (AE) 2023/2638 ón gComhairle an 20 Samhain 2023 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L, 2023/2638, 22.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2638/oj).
(6) Rialachán (AE) 2024/257 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024, 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/194 (IO L, 2024/257, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/257/oj).
(7) Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).
(8) Rialachán (AE) 2024/2903 ón gComhairle an 18 Samhain 2024 lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile (IO L, 2024/2903, 19.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2903/oj).
(9) Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).
(10) Rialachán (AE) 2025/219 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2025/219, 4.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/219/oj).
(11) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2024 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta sna blianta roimhe sin (IO L, 2024/2407, 16.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2407/oj).
(12) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/66 ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2025 lena n-oibrítear asbhaintí ó chuótaí iascaireachta atá ar fáil le haghaidh stoic áirithe in 2024 de dheasca na ró-iascaireachta ar stoic eile sna blianta roimhe sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2407 (IO L, 2025/66, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/66/oj).
(13) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlínte maidir le hasbhaint cuótaí faoi Airteagal 105(1), (2) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, agus a chuirtear in ionad Theachtaireacht 2012/C 72/07 (2022/C 369/03) (2022/C 369/03) (IO C 369, 27.9.2022, lch. 3).
(14) Moladh 19-05 ó ICCAT cláir atógála a bhunú le haghaidh mairlíní gorma agus mairlíní geala/mairlíní cruinnghainneacha. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2019-05-e.pdf.
(15) Moladh 22-03 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-02 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-02 maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Thuaidh, https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-03-e.pdf.
(16) Moladh 22-04 ó ICCAT a chuirtear in ionad mholadh forlíontach 21-03 lena leathnaítear agus lena leasaítear Moladh 17-03 maidir le caomhnú cholgáin an Atlantaigh Theas. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2022-04-e.pdf.
(17) Moladh 23-10 ó ICCAT a chuirtear in ionad Mholadh 19-07 maidir le bearta caomhnúcháin chun siorcanna gorma an Atlantaigh Thuaidh a ghabhtar i gcomhar le hiascach ICCAT a chaomhnú. https://www.iccat.int/Documents/Recs/compendiopdf-e/2023-10-e.pdf.
IARSCRÍBHINN
ASBHAINTÍ Ó NA CUÓTAÍ IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH 2025 I LEITH STOIC A nDEARNADH RÓ-IASCAIREACHT ORTHU
|
Ballstát |
Cód speicis |
Cód limistéir |
Ainm an speicis |
Ainm an limistéir |
Cuóta tosaigh 2024 (ina thonaí) |
Gabhálacha ceadaithe 2024 (Cainníocht iomlán arna hoiriúnú ina tonaí) (1) |
Gabhálacha iomlána 2024 (cainníocht ina tonaí) |
Ídiú cuóta a bhaineann leis na gabhálacha ceadaithe (ina chéatadán) |
Ró-iascaireacht a bhaineann leis na gabhálacha arna gceadú (cainníocht ina tonaí) |
Fachtóir iolraithe (2) |
Asbhaintí nach ndearnadh ó bhliain nó ó bhlianta roimhe (5) (cainníocht ina tonaí)) |
Asbhaintí le cur i bhfeidhm in 2025 (cainníocht ina tonaí) |
|
|
DE |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
125,000 |
116,894 |
114,875 |
Ní bhaineann le hábhar |
–2,019 (6) |
/ |
/ |
14,211 (7) |
7,106 |
|
DE |
SPR |
2AC4-C |
An salán agus foghabhálacha gaolmhara |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéar 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe i limistéar 2a |
696,000 |
2 435,941 |
2 647,571 |
108,69 |
211,630 |
/ |
/ |
/ |
211,630 |
|
DK |
BOR |
678- |
Torcéisc |
6, 7 agus 8 |
6 711,000 |
7 327,837 |
7 681,530 |
104,83 |
353,693 |
/ |
/ |
/ |
353,693 |
|
DK |
HER |
5B6ANB |
An scadán |
6b agus 6aN; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéar 5b |
/ |
2,758 |
33,940 |
1 230,60 |
31,182 |
1,00 |
/ |
/ |
31,182 |
|
ES |
ARA |
GF1-7 |
An séacla gorm agus dearg |
FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7 |
787,000 |
850,631 |
888,436 |
104,44 |
37,805 |
/ |
C (8) |
/ |
37,805 |
|
ES |
BUM |
ATLANT |
An mairlín gorm Atlantach |
An tAigéan Atlantach |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
Ní bhaineann le hábhar |
1,00 |
/ |
5,338 |
5,338 |
|
ES |
COD |
1N2AB. |
An trosc |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
2 533,000 |
2 811,120 |
2 815,541 |
100,16 |
4,421 |
/ |
A (8) |
/ |
4,421 |
|
ES |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
/ |
19,900 |
38,151 |
191,71 |
18,251 |
1,00 |
/ |
/ |
18,251 |
|
ES |
HAD |
1N2AB. |
An chadóg |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
/ |
29,900 |
38,225 |
127,84 |
8,325 |
1,00 |
A |
/ |
12,488 |
|
ES |
OTH |
1N2AB. |
Speicis eile |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
/ |
/ |
18,899 |
Ní bhaineann le hábhar |
18,899 |
1,00 |
A |
/ |
28,349 |
|
ES |
POK |
1N2AB. |
An glasán |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
/ |
5,000 |
10,611 |
212,22 |
5,611 |
1,00 |
A |
/ |
8,417 |
|
ES |
RJU |
8-C. |
An roc dústríoctha |
Uiscí an Aontais i limistéar 8 |
10,000 |
9,968 |
10,637 |
106,71 |
Ní bhaineann le hábhar |
/ |
/ |
2,106 |
2,106 |
|
ES |
RJU |
9-C. |
An roc dústríoctha |
Uiscí an Aontais i limistéar 9 |
15,000 |
19,644 |
20,761 |
105,69 |
1,117 |
/ |
A (8) |
/ |
1,117 |
|
ES |
SOL |
7HJK. |
An sól coiteann |
7h, 7j agus 7k |
2,500 |
1,745 |
3,728 |
213,64 |
1,983 |
1,00 |
C |
/ |
2,975 |
|
ES |
SOL |
8AB. |
An sól coiteann |
8a agus 8b |
5,000 |
5,000 |
13,916 |
278,32 |
8,916 |
1,00 |
C |
19,482 |
32,856 |
|
ES |
SRX |
89-C. |
Sciataí agus roic |
Uiscí an Aontais i limistéir 8 agus 9 |
1 724,000 |
1 769,000 |
1 814,923 |
102,60 |
45,923 |
/ |
/ |
/ |
45,923 |
|
FR |
BLI |
24- |
An langa gorm |
Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéar 2; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéar 4 |
8,000 |
13,900 |
26,989 |
194,17 |
13,089 |
1,00 |
/ |
/ |
13,089 |
|
FR |
NOP |
2A3A4. |
An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara |
3a; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéar 4; Uiscí na Ríochta Aontaithe i limistéar 2a |
/ |
1,537 |
4,799 |
312,23 |
3,262 |
1,00 |
/ |
/ |
3,362 |
|
FR |
SWO |
AS05N |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, laisteas de 5°T |
/ |
/ |
4,200 |
Ní bhaineann le hábhar |
4,200 |
1,00 |
/ |
/ |
Ní bhaineann le hábhar (9) |
|
IE |
HER |
5B6ANB |
An scadán |
6b agus 6aN; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta i limistéar 5b |
189,000 |
335,531 |
612,077 |
182,42 |
276,546 |
2,00 |
/ |
/ |
553,092 |
|
IE |
HER |
7G-K. |
An scadán |
7a laisteas de 52°30’T; 7g, 7h, 7j agus 7k |
750,000 |
867,500 |
946,445 |
109,10 |
78,945 |
/ |
/ |
/ |
78,945 |
|
MT |
ARS |
GF12-16 |
An séacla mór dearg |
FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16 |
36,000 |
36,000 |
38,313 |
106,43 |
2,313 |
/ |
/ |
/ |
2,313 |
|
PL |
MAC |
2A34-N |
An ronnach |
Uiscí an Aontais i limistéir 3a, 3b, 3c agus 3d; Uiscí na Ríochta Aontaithe i limistéar 2a; Uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i limistéar 4; Uiscí na hIorua i limistéir 2a agus 4a |
/ |
/ |
17,330 |
Ní bhaineann le hábhar |
17,330 |
1,00 |
A |
/ |
25,995 |
|
PT |
ANF |
8C3411 |
Láimhínigh |
8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
739,000 |
1 075,126 |
1 168,611 |
108,70 |
93,485 |
/ |
C (8) |
/ |
93,485 |
|
PT |
BSH |
AN05N |
An siorc gorm |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T |
4 024,820 |
4 024,820 |
4 059,070 |
100,85 |
34,250 (9) |
/ |
/ |
/ |
Ní bhaineann le hábhar (9) |
|
PT |
GHL |
1N2AB. |
An haileabó Graonlannach |
Uiscí na hIorua i limistéir 1 agus 2 |
/ |
38,900 |
41,067 |
105,57 |
2,167 |
/ |
/ |
/ |
2,167 |
|
PT |
JAX |
08C. |
An bolmán |
8c |
186,000 |
97,000 |
128,495 |
132,47 |
31,495 |
1,00 |
/ |
1,605 |
33,100 |
|
PT |
LEZ |
8C3411 |
An méagram scoilteán |
8c, 9 agus 10; Uiscí an Aontais in CECAF 34.1.1 |
107,000 |
117,000 |
120,237 |
102,77 |
3,237 |
/ |
C (8) |
/ |
3,237 |
|
PT |
SWO |
AN05N |
An colgán |
An tAigéan Atlantach, lastuaidh de 5°T |
1 143,970 |
1 388,068 |
1 417,624 |
102,13 |
29,556 (9) |
/ |
A (8) |
/ |
Ní bhaineann le hábhar (9) |
(1) Cuótaí atá ar fáil do Bhallstát de bhun na Rialachán ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta tar éis malartuithe deiseanna iascaireachta a chur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj), aistrithe cuótaí ó 2023 go 2024 i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le bainistiú GIInna agus cuótaí ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj) agus le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 nó athdháileadh agus asbhaint deiseanna iascaireachta i gcomhréir le hAirteagail 37 agus 105 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
(2) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Beidh feidhm ag asbhaint atá cothrom leis an ró-iascaireacht * 1,00 sna cásanna uile ina bhfuil an ró-iascaireacht cothrom le 100 tona nó níos lú ná sin.
(3) De réir mar a leagtar amach in Airteagal 105(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ar choinníoll go sáraíonn méid na ró-iascaireachta 10 %.
(4) Léiríonn an litir ‘A’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go ndearnadh ró-iascaireacht leanúnach sna blianta 2022, 2023 agus 2024. Léiríonn an litir ‘C’ gur cuireadh fachtóir iolraithe breise 1,5 i bhfeidhm toisc go bhfuil an stoc faoi réir plean ilbhliantúil.
(5) Cainníochtaí atá fágtha ó bhlianta roimhe.
(6) Ós rud é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir leis an stoc seo, ní féidir úsáid a bhaint as an gcainníocht sin, is é sin, an chainníocht nár úsáideadh, chun an asbhaint atá dlite in 2025 a laghdú.
(7) Le leathadh i gcaitheamh na mblianta 2025 (7,106 thona) agus 2026 (7,105 thona) tar éis iarraidh na Gearmáine asbhaint 21,317 dtona atá dlite in 2024 a roinnt go cothrom thar 3 bliana (2024, 2025 agus 2026).
(8) Níl an fachtóir iolraithe breise infheidhme mar nach mó ná 10 % an ró-iascaireacht.
(9) Le hasbhaint in 2026 i gcomhréir leis an Moladh ábhartha ó ICCAT.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2158/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)