|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2156 |
27.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2156 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Deireadh Fómhair 2025
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897 a mhéid a bhaineann le liostú na gcalafort a fhormheas i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 14(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897 ón gCoimisiún (2) formheastar an liosta tosaigh calafort a chomhlíonann na coinníollacha maidir leis an maolú ar na corrlaigh lamháltais a chur i bhfeidhm agus meastachán á dhéanamh ar ghabhálacha le haghaidh tabhairt i dtír neamhshórtáilte nó trasloingsithe iascach peiligeach beag, iascach tionsclaíoch agus iascach peas-saighne tuinníní trópaiceacha. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474 ón gCoimisiún (3), chuir an Spáinn iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun dhá chalafort atá lonnaithe ina críoch a áireamh, is iad sin calafoirt Santa Eugenia de Ribeira agus La Puebla del Caramiñal, ar an liosta calafort a fhormheastar le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897. |
|
(3) |
Ar bhonn na faisnéise agus na fianaise a chuir an Spáinn isteach ina hiarratas agus tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474, shuigh an Coimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil II den Rialachán Cur Chun Feidhme sin maidir le gach calafort a bheartaítear a liostú. |
|
(4) |
De réir na faisnéise a chuir an Spáinn isteach, comhlíonann calafoirt Santa Eugenia de Ribeira agus La Puebla del Caramiñal na coinníollacha is gá faoi Airteagail 2 agus 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474 chun calafoirt a liostú laistigh den Aontas. Go háirithe, tá na calafoirt feistithe le droichid mheáite, agus tá córais i bhfeidhm ina bhfuil trealamh chun meá chruinn na ngabhálacha uile a chumhdaítear le hAirteagal 14(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474. |
|
(5) |
Go sonrach, cé nach bhfuil na calafoirt feistithe le córas cianfhaireacháin leictreonaigh ag a bhfuil teilifís ciorcaid iata dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474, tá nósanna imeachta i bhfeidhm chun é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar chruinneas an phróisis meáite le haghaidh gach tabhairt i dtír agus trasloingsithe gabhálacha a chumhdaítear le hAirteagal 14(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, lena soláthraítear leibhéal cruinnis agus iontaofachta atá coibhéiseach leis an leibhéal cruinnis agus iontaofachta a bhíonn ag córas cianfhaireacháin leictreonaigh. |
|
(6) |
Ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, ba cheart na calafoirt atá beartaithe a liostú ag an Spáinn a fhormheas agus a chur leis an liosta calafort dá dtagraítear in Airteagal 14(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2025 lena bhformheastar liostú na gcalafort i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474 (IO L,2025/897, 16.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/897/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474 ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 14(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le maolú ar an gcorrlach lamháltais chun meastachán a dhéanamh ar ghabhálacha le haghaidh tabhairt i dtír agus trasloingsithe neamhshórtáilte ó iascaigh pheiligeacha bheaga, iascaigh thionsclaíocha, agus iascaigh pheas-saighne tuinníní trópaiceacha (IO L, 2024/1474, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1474/oj).
IARSCRÍBHINN
San Iarscríbhinn de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/897, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta calafort formheasta de bhun Chaibidil II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1474:
|
‘Ainm an chalafoirt liostaithe |
Suíomh |
An tAontas/Tríú tír |
An Ballstát Iarrthach |
|
Santa Eugenia de Ribeira (ESSNI) |
an Spáinn |
an tAontas |
an Spáinn |
|
La Puebla del Caramiñal (ESLPC) |
an Spáinn |
an tAontas |
an Spáinn’ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2156/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)