|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2153 |
23.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2153 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Deireadh Fómhair 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin, agus lena dtoibhítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach ar na hallmhairí scriúnna gan cheann arna gclárú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), (an ‘bun Rialachán’) agus go háirithe Airteagal 9(4) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Tionscnamh
|
(1) |
An 17 Deireadh Fómhair 2024, thionscain an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí scriúnna gan cheann (‘scriúnna’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (‘an fógra tionscnaimh’). |
|
(2) |
Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú i ndiaidh gearán a rinne Institiúid Ceanglóirí Tionsclaíocha na hEorpa (‘an gearánach’ nó ‘EIFI’) an 2 Meán Fómhair 2024. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal an Aontais a dhéanann scriúnna gan cheann de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Ba leor an fhianaise sa ghearán maidir le dumpáil agus díobháil ábhartha dá thoradh sin chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. |
1.2. Clárú
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141 ón gCoimisiún (3) (‘an Rialachán maidir le clárú’), chuir an Coimisiún allmhairí an táirge lena mbaineann faoi réir a gcláraithe. |
1.3. Bearta sealadacha
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 19 Bealtaine 2025, thug an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna beartaithe do na páirtithe, agus thug sé sonraí dóibh faoi ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach ar leor iad chun deireadh a chur leis an díobháil do thionscal an Aontais. Iarradh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna laistigh de 3 lá oibre. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le cruinneas na ríomhanna. |
|
(5) |
An 16 Meitheamh 2025, d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála sealadacha ar allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1189 ón gCoimisiún (4) (‘an Rialachán sealadach’). |
1.4. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(6) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, chuir na páirtithe seo a leanas barúlacha isteach maidir leis na torthaí sealadacha laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Rialachán sealadach:
|
|
(7) |
Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteacht leis an allmhaireoir Pretec AB. |
|
(8) |
Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá gcinntí cinntitheacha. Agus an Coimisiún ag teacht ar a thorthaí cinntitheacha, mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach agus rinne sé athbhreithniú ar a chonclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí. |
|
(9) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara uile ar an eolas faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an nochtadh cinntitheach’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteacht le EIFI agus EFDA. 1.5. Maímh maidir leis an tionscnamh |
|
(10) |
Ní bhfuarthas aon mhaíomh maidir leis an tionscnamh. Dá bhrí sin, deimhníodh an chonclúid ó aithris 6 den Rialachán sealadach. |
1.6. Sampláil
|
(11) |
Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh EIFI nach fíortháirgeoir scriúnna gan cheann a bhí i ngach táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne a tháinig chun cinn sa chleachtadh samplála. |
|
(12) |
Roinnt de na cuideachtaí a tháinig chun cinn agus a cinneadh nach fíortháirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí iontu, cé go raibh siad eisiata cheana féin ag an gCoimisiún ón liosta atá i gceangal leis an Rialachán sealadach, rinne an Coimisiún seiceálacha breise mar fhreagra ar aighneacht EIFI. D’iarr an Coimisiún ar gach cuideachta chomhoibríoch de chuid na Síne a gceadúnas gnó agus a n-airteagail chomhlachais a sholáthar, agus, i gcás inar gá, fianaise bhreise, a léiríonn gur fíortháirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge lena mbaineann iad. Cuireadh in iúl do na cuideachtaí nár thug freagra gur mheas an Coimisiún gurb ionann gan freagra a thabhairt agus neamh-chomhoibriú i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Rinneadh athbhreithniú dá réir sin ar liosta na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. |
|
(13) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le sampláil. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 7 go 16 den Rialachán sealadach. |
1.7. An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(14) |
Chumhdaigh an t-imscrúdú ar dhumpáil agus ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘an tréimhse imscrúdúcháin’). Chumhdaigh an t-imscrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir leis an measúnú ar dhíobháil an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
2. AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
|
(15) |
Is é atá sa táirge faoi imscrúdú scriúnna agus boltaí, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar a neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a fheistiú (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(16) |
Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, atá faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 . |
2.1. Maímh maidir le raon feidhme an táirge
|
(17) |
D’áitigh allmhaireoir, Pretec AB, gur cheart slata bonneagair struchtúracha arna ngalbhánú le teothumadh atá 5,8 méadar ar fhad a eisiamh ó raon táirge an imscrúdaithe seo toisc gur táirge ar leith iad mar gheall ar an méid seo a leanas:
|
|
(18) |
Thug an Coimisiún dá aire, go deimhin, maidir leis na difríochtaí ceimiceacha agus fisiceacha, go gcruthaíonn galbhánú le teothumadh bratú since níos tibhe (45–215 μm) i gcomparáid le plátáil leictrealaíoch (5–20 μm). Mar sin féin, measadh go léiríonn tiús galbhánaithe agus fad na slat bonneagair struchtúrach cineál táirge ag a bhfuil feidhmeanna sonracha a thagann faoin sainmhíniú ar an táirge, seachas a bheith ina tháirge difriúil. |
|
(19) |
Maidir leis na maímh maidir le húsáidí teicniúla agus deiridh, shuigh an Coimisiún gur úsáideadh slata bonneagair struchtúracha sna hearnálacha céanna le scriúnna eile gan cheann, go háirithe an earnáil tógála agus, dá bhrí sin, go raibh siad in iomaíocht dhíreach le scriúnna eile gan cheann san earnáil sin. |
|
(20) |
Thairis sin, léiríonn an fhianaise a chuir EIFI ar fáil go bhfuil idir 100 000 agus 300 000 MT in aghaidh na bliana i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta don bhratú since agus go bhfuil idir 50 000 agus 150 000 MT in aghaidh na bliana i gceist leis an acmhainneacht táirgeachta do shlata suas le 6 mhéadar san Aontas. Chinn an Coimisiún go bhfuil modhanna táirgthe eile ar fáil chun cruach a chosaint ar chreimeadh in aeráidí Nordacha go háirithe. |
|
(21) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh slata bonneagair struchtúracha de 5,8 mhéadar arna ngalbhánú le teothumadh a chur as an áireamh. |
|
(22) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’áitigh Pretec nár mheas an Coimisiún i gceart raon feidhme iomlán na fianaise eolaíche, teicniúla agus rialála a chuir Pretec ar fáil, lenar tacaíodh leis an maíomh gur táirgí ar leith iad slata bonneagair struchtúracha agus gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, athmhachnamh a dhéanamh ar iarraidh Pretec ar shlata bonneagair struchtúracha a chur as an áireamh agus ba cheart dó glacadh leis an iarraidh sin. In éagmais roghanna malartacha inmharthana san Aontas agus an réasúnaíocht lochtach maidir le haicmiú táirgí, tugtar údar breise le slata bonneagair struchtúracha a eisiamh ón raon feidhme. |
|
(23) |
Mhaígh Pretec, go háirithe:
|
|
(24) |
Thug an Coimisiún dá aire, agus an táirge faoi imscrúdú á shainiú aige, gur tugadh aghaidh go sainráite sa ghearán ar bhratuithe cosanta ar chreimeadh, lena n-áirítear galbhánú le teothumadh, mar a bhaineann le táirgí a úsáidtear i dtógáil lasmuigh, droichid agus struchtúir fóntais a nochtar do thimpeallachtaí crua amhail taise, salann agus adhaimsir. Aithníodh sa ghearán freisin go bhfuil slata bonneagair struchtúracha, d’ainneoin a bpróiseas galbhánaithe sonrach, ailínithe go feidhmiúil agus go teicniúil leis na táirgí a chumhdaítear leis an imscrúdú seo. |
|
(25) |
Chuir an Coimisiún i dtábhacht go ndearnadh caighdeáin éagsúla (ISO, EN, DIN) a ionchorprú sa ghearán lena sainítear sonraíochtaí meicniúla agus ábhair le haghaidh scriúnna cruach, lena n-áirítear ISO 898, lena rialaítear airíonna meicniúla na cruach. Cé gur chuir Pretec caighdeáin ISO amhail ISO 10684 agus ISO 1461 i dtábhacht le haghaidh slata bonneagair struchtúracha, ní bhunaítear catagóir táirge ar leithligh leo sin. Ní léiríonn caighdeán ISO ar leith ach go bhféadfadh slata bonneagair struchtúracha a bheith ina n-athraitheach neamhchaighdeánaithe de scriúnna gan cheann, agus nach táirge atá éagsúil go bunúsach é chun críocha an imscrúdaithe seo. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go bhfuil spleáchas Pretec ar cheanglais theicniúla amhail neart imbhuailte (27 Joule ag –20 °C) agus comhlíonadh aicmí creimneachta C3–C5 ag teacht le raon feidhme níos leithne an imscrúdaithe, toisc go bhfuil na critéir sin comhsheasmhach le prionsabail ghinearálta na friotaíochta in aghaidh creimeadh agus na feidhmíochta meicniúla a leagtar amach sa ghearán. |
|
(26) |
Chuimsigh raon táirge an imscrúdaithe seo slata snáithithe agus scriúnna gan cheann, lena n-áirítear iad siúd a dearadh le haghaidh feidhmeanna speisialaithe, ar choinníoll go bhfuil saintréithe fisiciúla, teicniúla agus feidhmiúla forluiteacha acu. Toisc sonraíochtaí teicniúla ceangailteacha a bheith ann le haghaidh tionscadail shonracha (e.g., AMA Anläggning, riachtanais ó Vattenfall agus Svenska Kraftnät), níor bréagnaíodh inmhalartacht na slat bonneagair struchtúrach le scriúnna gan cheann eile nuair a chomhlíonann siad critéir feidhmíochta choibhéiseacha. Thug an Coimisiún dá aire freisin, cé go bhféadfadh slata bonneagair struchtúracha dul in iomaíocht le táirgí cruach dosmálta i bhfeidhmeanna áirithe, go dtugann an gearán aghaidh go sainráite ar iomaíocht den sórt sin, agus nach dtugann eisiamh cruach dosmálta ón imscrúdú údar le slata bonneagair struchtúracha a eisiamh. |
|
(27) |
D’admhaigh an Coimisiún maíomh Pretec nach bhfuil slata bonneagair struchtúracha in-idirmhalartaithe le scriúnna gan cheann níos lú mar gheall ar dhifríochtaí i méid, in acmhainneacht ualachiompartha, agus sna ceanglais theicniúla. Mar sin féin, is minic a chloíonn scriúnna, gan beann ar a méid, le prionsabail chaighdeánacha innealtóireachta agus is féidir leo úsáidí meicniúla comhchosúla a chomhlíonadh (e.g. imthaca ualaigh, ceangal) ar fud na bhfeidhmeanna má chomhlíonann siad critéir iomchuí maidir le neart agus sábháilteacht. Níor aimsigh an Coimisiún fianaise go bhfágann sonraíochtaí teicniúla slat bonneagair struchtúrach nach bhfuil siad inmhalartaithe go catagóireach le táirgí eile laistigh den raon feidhme. Thairis sin, cé gur mhaígh Pretec nach bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí an Aontais slata bonneagair struchtúracha a chomhlíonann caighdeáin ISO a sholáthar, deimhníodh le hiarscríbhinní agus aighneachtaí breise an ghearáin gur ann d’acmhainneacht táirgeachta an Aontais le haghaidh slata snáithithe arna ngalbhánú le teothumadh, lena gcomhlíontar caighdeáin ISO agus atá ar faid níos mó. |
|
(28) |
I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil fiúntas le hiarraidh Pretec slata bonneagair struchtúracha a eisiamh ó raon feidhme an imscrúdaithe seo agus, dá bhrí sin, diúltaíodh di. Cuimsíonn an raon táirgí, mar a shainmhínítear sa ghearán agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis (5), slata bonneagair struchtúracha mar gheall ar a saintréithe forluiteacha teicniúla, feidhmiúla agus rialála le scriúnna eile gan cheann eile. |
|
(29) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’iarr EIFI ar an gCoimisiún slata snáithithe a allmhairítear faoi chód TARIC 7308 90 98 90 (6), agus a úsáidtear le haghaidh caighin boltaí daingnithe, a chur san áireamh i raon táirge an imscrúdaithe, ós rud é gur mí-aicmíodh na caighin boltaí ancaire sin. De réir EIFI, cheadófaí méid míchuí d’allmhairí slat snáithithe ón tSín mar gheall ar mhí-aicmiú agus go mbainfí an bonn de na bearta frithdhumpála. De réir EIFI, tá caighean boltaí daingnithe comhdhéanta go príomha de boltaí ardnirt (aicmithe faoi chód TARIC 7318 15 48 90), dhá phláta cruach (plátaí bunaidh agus dáilte), cnónna, leicneáin, agus mion-chomhpháirteanna eile, atá á n-allmhairiú go neamhchóimeáilte faoi láthair. Dá bhrí sin, bheadh úsáid an chóid 7308 90 98 90 chun caighin boltaí daingnithe a dhéantar le slata snáithithe a aicmiú mícheart, ós rud é nach eilimintí nasctha iad na slata a luaitear sa tuairisc ar an gcód (amhail slata snáithithe), ach barraí neamhshnáithithe simplí. |
|
(30) |
Sainmhíníodh raon feidhme an táirge san fhógra tionscnaimh. Níor cumhdaíodh caighin boltaí daingnithe leis an ngearán agus, dá bhrí sin, níor chuir tionscal an Aontais aon fhianaise ar fáil maidir le dumpáil agus díobháil dá dheasca lena dtugtar údar le himscrúdú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint. |
|
(31) |
Tar éis an nochta chinntithigh, dhearbhaigh EIFI gur cheart dleachtanna a chur i bhfeidhm pro rata ar an sciar de shlat snáithithe a áirítear i dtáirgí a allmhairítear faoi chód AC 7308 90 98 (caighin boltaí daingnithe), toisc go dtagann na slata snáithithe sin faoi raon feidhme an imscrúdaithe. Shoiléirigh EIFI go gceanglaítear cásanna boltaí daingnithe, atá comhdhéanta go príomha de shlata snáithithe, a aicmiú faoi chód AC 7308 90 98 faoin bhFaisnéis Taraife Cheangailteach atá ann cheana (7). Dá bhrí sin, chuir an páirtí fianaise ar fáil gurb ionann slata snáithithe agus formhór mheáchan agus luach an chaighin ancaire. |
|
(32) |
De rogha air sin, d’áitigh EIFI go ndearna an Coimisiún earráid nuair a dhiúltaigh sé an iarraidh an raon táirge a leathnú chun CN 7308 90 98 a áireamh, agus ba cheart, dá bhrí sin, é a ionchorprú sna bearta frithdhumpála. Chun tacú leis sin, luaigh an páirtí an t-imscrúdú frithdhumpála maidir le saic agus málaí (8), inar áiríodh ina dhiaidh sin i raon feidhme na n-imeachtaí táirgí a aicmítear faoi chóid AC nár díríodh orthu ar dtús san fhógra tionscnaimh ábhartha. |
|
(33) |
Níor sainmhíníodh slata snáithithe arna gcóimeáil i gcaighin boltaí daingnithe laistigh de raon feidhme an ghearáin mar tháirgí atá faoi réir an imscrúdaithe seo. Dá réir sin, níor thíolaic tionscal an Aontais aon fhianaise ar dhumpáil nó díobháil a bhí leordhóthanach chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh maidir leis na slata snáithithe a cuireadh le chéile sna caighin boltaí daingnithe. Thairis sin, ceanglaíodh ar gach páirtí leasmhar faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirge laistigh de 10 lá tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh. Níor cuireadh aon iarraidh den sórt sin isteach faoin sprioc-am, agus níor cuireadh aon fhianaise ar fáil chun a léiriú gur cheart slata snáithithe i gcaighin boltaí daingnithe a theacht faoin tuairisc ar an táirge a leagtar amach sa ghearán. Dá bhrí sin, níor áiríodh na slata snáithithe sin i raon feidhme an imscrúdaithe, agus níor bailíodh aon fhaisnéis (lena n-áirítear méideanna agus praghsanna allmhairí ón tír lena mbaineann, sciartha den mhargadh, gach táscaire díobhála ábhartha eile, úsáid iartheachtach agus staid na n-úsáideoirí sin, etc.) ná ní dhearnadh anailís orthu maidir leo. Cé gur thagair an páirtí don imscrúdú maidir le saic agus málaí (9), i gcás inar áiríodh táirgí nár díríodh orthu ar dtús toisc gur chomhlíon siad an tuairisc ar an táirge, suíodh go raibh an cás seo difriúil. San imscrúdú reatha, níor chomhlíon na slata snáithithe i gcaighin boltaí daingnithe an tuairisc ar an táirge a soláthraíodh sa ghearán agus dá bhrí sin níor cumhdaíodh iad leis an imscrúdú seo. Dá bhrí sin, diúltaíodh do mhaíomh an pháirtí. |
|
(34) |
D’iarr allmhaireoir (Kohlhage) ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an idirdhealú idir táirgí éagsúla agus modhanna táirgthe, ag áitiú go dteastaíonn céimeanna breise le haghaidh táirgí áirithe, amhail sreang a tharraingt, fuarfhoirmiú an bholta, an bolta a shnáithiú go páirteach, gnéithe saincheaptha a mheaisíniú ar an mbolta, chomh maith le plátáil le hiarann since. Táirgtear na táirgí sin ar chostais i bhfad níos airde i gcomparáid leis na slata agus na stodaí snáithithe a ndearnadh imscrúdú orthu, d’ainneoin iad a bheith aicmithe faoin gcód custaim céanna. D’áitigh an t-allmhaireoir gur cheart táirgí den sórt sin a eisiamh ó raon feidhme an táirge, mhaígh sé nár sholáthair an Coimisiún ríomh comparáide ná fianaise ar dhumpáil le haghaidh na gcineálacha táirgí ar leith sin. |
|
(35) |
Ós rud é gur féidir táirge a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as próisis mhonaraíochta éagsúla, níl sé ábhartha go bunúsach maidir le raon feidhme táirge atá faoi imscrúdú a shainiú. Sa chás sin, leagadh amach cheana féin sa ghearán bunaidh na céimeanna táirgthe breise a luaigh an t-allmhaireoir. Thairis sin, deimhníodh san imscrúdú go bhfuil saintréithe fisiceacha agus teicniúla comhchosúla, agus úsáidí deiridh bunúsacha, ag na táirgí allmhairithe. Tá gnéithe sonracha lena ndéantar idirdhealú idir na táirgí atá faoi imscrúdú (e.g. bratú agus éagsúlachtaí eile) curtha san áireamh cheana féin sna cineálacha táirgí arna dtuairisciú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, a ríomhtar corrlaigh dhumpála ina leith. |
|
(36) |
Thairis sin, rinne an Coimisiún comparáid idir cineálacha táirgí ar leibhéal na huimhreach rialaithe táirge, lena n-áirítear na príomh-shaintréithe in aghaidh an chineáil táirge agus, dá bhrí sin, dhéanfadh sé idirdhealú idir difríochtaí atá ábhartha maidir le costas agus praghas na gcineálacha éagsúla táirgí. |
|
(37) |
Dá bhrí sin, níl aon údar le cineálacha táirgí a tháirgtear ar chostais i bhfad níos airde a eisiamh ón imscrúdú. Dá réir sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3. DUMPÁIL
3.1. Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán
|
(38) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh sa chás seo faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(39) |
Dá bhrí sin, deimhnítear torthaí sealadacha an Choimisiúin in aithrisí 32 go 44 den Rialachán sealadach. |
3.1.1. Saobhadh suntasach a bheith ann
|
(40) |
In éagmais aon bharúla, deimhnítear na torthaí i Roinn 3.2.1 den Rialachán sealadach. |
3.1.2. Tír ionadaíoch
|
(41) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother agus EFDA a maímh gur cheart an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch in ionad na Téalainne, ag áitiú i) go raibh sonraí allmhairiúcháin na Malaeisia níos iontaofa ná sonraí allmhairiúcháin na Téalainne agus ii) go raibh na cuideachtaí Malaeisiacha sainaitheanta níos iontaofa agus níos ionadaíche i gcomparáid le cuideachtaí na Téalainne. Leagtar amach na maímh mhionsonraithe i ranna 3.1.3 go 3.1.8 thíos. |
|
(42) |
D’áitigh grúpa Brother agus EFTA freisin, dá ndéanfadh an Coimisiún measúnú ar leibhéal chosaint an chomhshaoil, go léireodh sé sin nach raibh teist na Téalainne chomh fabhrach céanna le teist na Malaeisia. |
|
(43) |
Ós rud é gur roghnaigh an Coimisiún an Téalainn mar an tír ionadaíoch iomchuí, ní raibh aon ghá measúnú den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a) an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
|
(44) |
Ar bhonn an mhéid thuas, deimhnítear torthaí sealadacha an Choimisiúin in aithrisí 90 go 149. |
3.1.3. Amhábhair
|
(45) |
Maidir le cáilíocht na sonraí allmhairiúcháin i leith na dtosca táirgeachta, rinne grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother agus EFDA arís na hargóintí céanna a cuireadh isteach tar éis fhoilsiú an dá nóta a ghabhann leis an gcomhad maidir leis na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh, agus d’áitigh siad nach raibh cáilíocht na sonraí allmhairiúcháin atá ar fáil go héasca in aghaidh an chóid CC don Téalainn ar cháilíocht níos airde ná mar a bhí i gcás na Malaeisia agus gur cheart an Mhalaeisia a roghnú mar thír ionadaíoch ina ionad sin. Níor thug na páirtithe fianaise nua ná argóintí chun cinn chun tacú lena maímh agus dá bhrí sin deimhníodh na cúiseanna agus na conclúidí in aithrisí 97 go 145 den Rialachán sealadach agus diúltaíodh do na haighneachtaí. |
|
(46) |
D’áitigh grúpa Brother agus Junyue nár cheart an tír ionadaíoch a roghnú ar an mbonn gurb í an tír allmhairiúcháin is mó í de na príomhthosca táirgeachta i dtéarmaí cainníochta i measc na dtíortha uile a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(47) |
Bhunaigh an Coimisiún a rogha maidir leis an tír ionadaíoch ar mheasúnú cothrom ar shonraí ábhartha atá ar fáil go héasca a bheith ann le haghaidh na bpríomh-amhábhar, rud a leagadh amach in aithrisí 106 go 109 den Rialachán sealadach. Níor bhreithnigh an Coimisiún dearbhmhéid na n-allmhairí amháin, ach bhreithnigh sé freisin na hallmhairí ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus a dtionchar ar an meánphraghas allmhairiúcháin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(48) |
Thairis sin, d’áitigh grúpa Brother gur cé go raibh praghas allmhairiúcháin amhábhar ó fhoinsí eile isteach i dtír cosúil leis an bpraghas allmhairiúcháin ón tSín, ní fianaise dhochloíte í inti féin go bhfuil tionchar ag allmhairí Síneacha ar an bpraghas sin. Ós rud é gur ábhair chruach tráchtearraí iad na tosca táirgeachta sin go léir a thrádáiltear go forleathan ar an margadh domhanda, is gnách go mbíonn na praghsanna allmhairiúcháin isteach i dtíortha nó i réigiúin éagsúla comhchosúil agus inchomparáide. |
|
(49) |
Chun tionchar an tsaofa shuntasaigh ón tSín i dtír ionadaíoch ionchasach a sheachaint, bhreithnigh an Coimisiún na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag allmhairí Síneacha isteach sa tír ionadaíoch ionchasach. Ceann de na gnéithe a chuirtear san áireamh is ea cosúlacht na bpraghsanna allmhairiúcháin ó fhoinsí eile seachas an tSín. Mar sin féin, ní critéar neamhspleách é sin ach ní mór é a fheiceáil in éineacht le fíorais eile uile an cháis. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh. |
|
(50) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh grúpa Brother agus Junyue go raibh rogha an Choimisiúin maidir leis an tír ionadaíoch bunaithe ar léamh roghnaitheach ar na staitisticí allmhairiúcháin agus ar róspleáchas ar chritéar mhéid na n-allmhairí. Tugadh aghaidh ar an maíomh sin cheana féin sna haithrisí 47 – 49 thuas agus níor cuireadh aon argóint ná fianaise nua isteach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(51) |
Mhaígh grúpa Chinafar gur cheart an toisc tháirgeachta a allmhairítear faoi chód CC 7213 91 a bheith ar an bpríomhbhreithniú agus an tír ionadaíoch á roghnú, ós rud é gurbh é sin an príomh-amhábhar a úsáideadh i dtáirgeadh an táirge faoi imscrúdú. D’áitigh grúpa Chinafar gur cheart an Mhalaeisia a úsáid mar an tír ionadaíoch, ós rud é go raibh allmhairí ón tSín faoi chód CC 7213 91 i gceist le 30 % d’allmhairí iomlán na Téalainn i gcás na tosca táirgeachta sin agus ní raibh ach 9 % d’allmhairí iomlána na Malaeisia i gceist leo. |
|
(52) |
Mar a luaitear in aithris 126 den Rialachán sealadach, maidir le cód CC 7213 91 , ba shuntasach iomlán na n-allmhairí ó fhoinsí neamhshaofa i ngach ceann de na trí thír a roghnaíodh ar dtús, agus is ag an Téalainn a bhí na cainníochtaí is airde allmhairí i ndearbhthéarmaí ó thíortha seachas an tSín agus na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755. Maidir leis an gcód CC sin, bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó fhoinsí eile sa Téalainn agus sa Tuirc araon thart ar 2 % níos airde ná an praghas allmhairiúcháin ón tSín agus ó na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755, agus bhí an meánphraghas allmhairiúcháin ó fhoinsí eile isteach sa Mhalaeisia 5 % níos ísle ná an praghas ón tSín agus ó na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755. |
|
(53) |
Bunaithe ar mhéid suntasach na n-allmhairí ó fhoinsí neamhshaofa agus ar thionchar teoranta na n-allmhairí ón tSín agus ó thíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/755 ar an meánphraghas allmhairiúcháin, mheas an Coimisiún gur tagarmharc iontaofa agus ionadaíoch í an Téalainn don toisc tháirgeachta sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(54) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother agus EFDA a maímh, dá gcoinneofaí an Téalainn mar thír ionadaíoch, gur cheart an Mhalaeisia a úsáid mar thír thagarmhairc le haghaidh cuid de na hamhábhair agus in aon chás gur cheart na hallmhairí arna bhfoinsiú ag an tSeapáin chuig an Téalainn a eisiamh toisc gurb éard atá iontu táirgí speisialta de ghrád mótarfheithiclí nach bhfuil ionadaíoch do ríomh ghnáthluach an táirge faoi imscrúdú. |
|
(55) |
Mhaígh grúpa Brother agus EFDA nach raibh praghsanna allmhairiúcháin na dtosca táirgeachta is féidir a aicmiú faoi chóid CC 7213 99 agus 7214 99 chuig an Téalainn iontaofa, mar gheall ar an gcion ard agus na hallmhairí ar phraghas ard ón tSeapáin, agus dá bhrí sin gur cheart an Mhalaeisia, nó an Tuirc de rogha air sin, a úsáid mar thír thagarmhairc. D’áitigh grúpa Brother freisin go raibh an praghas allmhairiúcháin le haghaidh chód CC 7213 99 i bhfad níos airde ná praghas CC 7213 91 , d’ainneoin nach raibh an dá thoisc táirgeachta éagsúil ach amháin le haghaidh thrastomhas trasghearrtha na slat, agus go raibh siad i bhfad níos airde ná an praghas allmhairiúcháin le haghaidh chód CC 7227 90 , ar cruach chóimhiotail é. Bunaithe ar eolas tionsclaíoch coiteann, de ghnáth bheadh cruach chóimhiotail níos costasaí ná cruach neamh-chóimhiotail. Tháinig grúpa Brother agus EFDA ar chonclúidí comhchosúla maidir le cód CC 7214 99 i gcomparáid le cód CC 7228 30 . |
|
(56) |
Ar an gcéad dul síos, mhínigh an Coimisiún cheana féin in aithrisí 132 go 134 den Rialachán sealadach an fáth nár mheas sé gurbh iomchuí allmhairí arna bhfoinsiú ag an tSeapáin a eisiamh ó ríomh an tagarmhairc. Fiú más rud é go bhféadfadh sé nár tháirg nó nár dhíol roinnt de na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte scriúnna de ghrád speisialta, dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh sealadach nár thug aon cheann de na páirtithe fianaise ar scála allmhairí Seapánacha go dtí an Téalainn i gcás amhábhair atá beartaithe chun scriúnna neamhchaighdeánacha a tháirgeadh le haghaidh earnálacha speisialaithe, rud a thabharfadh údar leis na hallmhairí sin a eisiamh ó na tagarmharcanna amhábhar. |
|
(57) |
Ar an dara dul síos, thug an Coimisiún dá aire nach bhféadfaí a mheas go bhfuil praghsanna idir cóid CC éagsúla inchomparáide go díreach mar gheall ar an meascán táirgí laistigh de na cóid sin. Mar shampla, ní raibh an difríocht sa phraghas allmhairiúcháin idir cóid CC 7213 91 agus 7213 99 teoranta don trastomhas trasghearrtha ach bhí sí inchurtha freisin i leith cion carbóin níos airde agus láithreacht eilimintí cóimhiotalaithe i gcód CC 7213 99 . |
|
(58) |
Ós rud é go raibh roinnt amhábhar de ghrád níos fearr agus, dá bhrí sin, níos costasaí faoi chód custaim, níor leor é sin chun amhras a chaitheamh ar iontaofacht an tagarmhairc. |
|
(59) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh grúpa Brother, Junyue agus EFDA go raibh tionchar ag praghsanna arda na n-allmhairí ón tSeapáin go dtí an Téalainn ar na tagarmharcanna d’amhábhair chruach áirithe a bhí beartaithe chun scriúnna de ghrád speisialta neamhchaighdeánach a tháirgeadh d’earnálacha speisialaithe. |
|
(60) |
D’áitigh siad gur comhthacaíodh é sin leis na staitisticí a nocht an Coimisiún féin, a léirigh go raibh leibhéil praghsanna i bhfad níos airde ag sciar suntasach de na hamhábhair sin de thionscnamh na Seapáine ná na praghsanna ó thíortha eile, agus mar gheall ar láithreacht shuntasach monaróirí ceanglóirí atá faoi úinéireacht na Seapáine sa Téalainn. |
|
(61) |
D’áitigh grúpa Brother freisin nár theastaigh na hamhábhair thar a bheith costasach sin ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú sa tSín toisc nach raibh feidhmeanna ardleibhéil á soláthar acu go sonrach, amhail iad siúd i dtionscal na ngluaisteán nó san earnáil ola agus gáis. |
|
(62) |
Leag an Coimisiún amach cheana in aithrisí 132 go 134 den Rialachán sealadach na cúiseanna ar chinn sé allmhairí Seapánacha a áireamh i ríomh na dtagarmharcanna amhábhar agus níor tugadh aon argóint ná fianaise nua chun cinn ina leith sin. Go deimhin, chinn an Coimisiún go bhféadfaí scriúnna caighdeánacha agus scriúnna de ghrád speisialta araon a úsáid in earnálacha speisialaithe, go háirithe in earnáil na ngluaisteán, agus in aon chás chumhdaigh an t-imscrúdú scriúnna caighdeánacha agus neamhchaighdeánacha araon. Thairis sin, cé go raibh staitisticí maidir le hallmhairí foriomlána ón tSeapáin ar fáil, níor cuireadh aon fhianaise shubstainteach isteach maidir le cruach de ghrád speisialaithe a bheith ann go sonrach i scriúnna caighdeánacha nó neamhchaighdeánacha. |
|
(63) |
Thug an Coimisiún dá aire freisin go raibh ceanglóirí don earnáil mótarfheithiclí á dtáirgeadh ag roinnt táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a chuir a gceadúnas gnó agus a nAirteagal Comhlachais isteach laistigh dá raon feidhme gnó. Ar an gcaoi chéanna, i measc na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, táirgeadh slata snáithithe ardnirt d’earnálacha speisialaithe, amhail páirceanna ola agus píblínte ola amach ón gcósta, trealamh agus cothabháil long, agus innealtóireacht tógála. |
|
(64) |
Chuir grúpa Brother i gcoinne mhaíomh an Choimisiún nach raibh an difríocht sa phraghas allmhairiúcháin idir cóid CC 7213 91 agus 7213 99 teoranta don trastomhas trasghearrtha ach bhí sí inchurtha freisin i leith cion carbóin níos airde agus láithreacht eilimintí cóimhiotalaithe i gcód CC 7213 99 . |
|
(65) |
D’áitigh grúpa Brother dá mba rud é gurbh ann don chion carbóin líomhnaithe nó do na heilimintí cóimhiotalaithe líomhnaithe agus gurbh iad ba chúis leis an bpraghas i bhfad níos airde an mheascáin táirgí faoi 7213 99 , go bhfágfadh sé sin amháin nach mbeadh an meascán táirgí ionadaíoch ar an gcineál ábhair a d’úsáid táirgeoirí na Síne de ghnáth. |
|
(66) |
Bhí toradh an Choimisiúin bunaithe ar fhianaise a bailíodh le linn na gcuairteanna fíorúcháin ar áitribh tháirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte na Síne, go sonrach ar dheimhnithe cruach a léirigh comhdhéanamh ceimiceach na n-amhábhar éagsúil a úsáideann táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne. Léiríodh san anailís ar na deimhnithe go raibh difríochtaí idir na hamhábhair chruach ó thaobh cion carbóin agus eilimintí cóimhiotalaithe de a bheith ann. |
|
(67) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh agus in éagmais barúlacha eile, deimhnítear na torthaí in aithrisí 153 go 163 den Rialachán sealadach. |
3.1.4. Saothar
|
(68) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh Chinafar a mhaíomh gur cheart an tagarmharc le haghaidh saothair a ríomh ar bhonn costais saothair bhliantúil sa tír ionadaíoch roinnte ar líon na n-uaireanta bliantúla a oibríodh ag Chinafar seachas sa tír ionadaíoch. |
|
(69) |
Mhínigh an Coimisiún in aithris 169 den Rialachán sealadach an réasúnaíocht ba bhun le ríomh thagarmharc an tsaothair agus an fáth ar dhiúltaigh sé don chur chuige a mhol Chinafar. Mar sin féin, níor chuir Chinafar aon argóint ná fianaise bhreise ar fáil chun tacú lena mhaíomh. Diúltaítear don mhaíomh, dá bhrí sin. |
|
(70) |
In éagmais barúlacha eile, deimhnítear na torthaí in aithrisí 165 go 169 den Rialachán sealadach. |
3.1.5. Leictreachas
|
(71) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh grúpa Brother agus EFDA go ndearnadh costas neamhshaofa an leictreachais a ríomh go mícheart. Mhaígh siad go ndearna an Coimisiún (i) muirear coigeartaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm go mícheart mar innéacs coigeartaithe aníos seachas a dhearbhluach a chur leis an mbonnmhuirear, (ii) tréimhse tharaife chomhréidh a aicmiú go mícheart mar bhuaicthréimhse agus (iii) an muirear seirbhíse agus na muirir éilimh a chomhaireamh faoi dhó. |
|
(72) |
Tar éis dó measúnú a dhéanamh ar na maímh, ghlac an Coimisiún le dhá cheann acu, is é sin na maímh a bhaineann le (i) muirear coigeartaithe fuinnimh a chur i bhfeidhm agus (iii) áireamh dúbailte an mhuirir sheirbhíse agus na muirear éilimh. Dá réir sin, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an tagarmharc leictreachais. |
|
(73) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh go raibh aicmiú na tréimhse taraife comhréidhe mar thréimhse bhuaictharaife mícheart. Go deimhin, thuairiscigh táirgeoirí na Síne a dtomhaltas leictreachais i gcúig chatagóir taraife éagsúla: ginearálta, comhréidh, buaice, íseal agus ard. Mar sin féin, ní ann ach do dhá chatagóir tharaife éagsúla le haghaidh leictreachais sa tír ionadaíoch ag brath ar am an tomhaltais: buaicphointe agus seachbhuaic. Ina aicmiú, thug an Coimisiún dá aire go raibh an meánráta comhréidh a thuairiscigh táirgeoirí na Síne níos cosúla le buaicrátaí agus dá bhrí sin d’úsáid sé na buaictharaifí sa tír ionadaíoch mar thagarmharc le haghaidh tomhaltas a tuairiscíodh mar ginearálta, comhréidh, buaic agus ard agus d’úsáid sé an taraif sheachbhuaice mar thagarmharc le haghaidh tomhaltas a tuairiscíodh mar íseal. Níor chuir grúpa Brother aon fhianaise isteach a thacaigh leis an maíomh gur cheart an tomhaltas comhréidh a mheas mar thomhaltas seachbhuaice seachas buaic-thomhaltas. Dá bhrí sin, measadh gurbh iomchuí an taraif chomhréidh a aicmiú mar bhuaicráta. |
3.1.6. Gás nádúrtha
|
(74) |
In éagmais aon bharúla, deimhnítear na torthaí in aithris 175 den Rialachán sealadach. |
3.1.7. Seachtháirgí
|
(75) |
In éagmais aon bharúla, deimhnítear na torthaí in aithris 176 den Rialachán sealadach. |
3.1.8. Costais SGA agus brabúis
|
(76) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother agus EFDA go raibh na cuideachtaí Malaeisiacha a sainaithníodh níos iontaofa agus níos ionadaíche i gcomparáid leis na cuideachtaí Téalannacha. |
|
(77) |
Maidir le hionadaíocht chuideachtaí na Malaeisia, mhínigh an Coimisiún cheana féin in aithrisí 143 agus 144 den Rialachán sealadach an fáth nár mheas sé go raibh dhá cheann de na trí chuideachta Mhalaeisiacha níos iontaofa agus níos ionadaíche ná cuideachtaí Téalannacha. |
|
(78) |
Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, mhaígh grúpa Brother, Junyue agus grúpa Chinafar go ndearna an Coimisiún botún maidir leis an gcuideachta Mhalaeisiach Tong Herr Fasteners Co. Sdn. a chur as an áireamh mar chuideachta oiriúnach. D’áitigh Junyue gur léirigh ráiteas ioncaim Tong Herr go raibh an chuideachta brabúsach in 2024, agus dhearbhaigh grúpa Brother nach bhféadfadh an Coimisiún brath ach ar cheann amháin den dá bhliain airgeadais atá ag forluí ar an tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(79) |
Thug an Coimisiún dá aire gur chuir Junyue an ráiteas ioncaim chorparáidigh isteach le haghaidh Tong Herr Resources Bhd., seachas le haghaidh Tong Herr, rannán an ghrúpa a mhonaraíonn ceanglóirí. Mar thoradh air sin, níorbh fhéidir an fhaisnéis sin a úsáid mar fhianaise chun a léiriú go raibh an rannán brabúsach in 2024. |
|
(80) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh go raibh cuideachtaí sainaitheanta na Malaeisia níos iontaofa agus níos ionadaíche i gcomparáid le cuideachtaí na Téalainne. |
|
(81) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, mhaígh grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother, agus EFDA go raibh tagarmharc na Téalainne le haghaidh costais SGA agus brabúis míréasúnta ard toisc nach raibh an Coimisiún ag brath ach ar dhá chuideachta, Sanwa Iron (Thailand) Company Ltd. agus Thai Meira Co, Ltd, agus toisc go raibh tionchar ag corrlach brabúis iomarcach na cuideachta sin ar an sampla sin, rud nach raibh ionadaíoch ar an ngnáthleibhéal brabúis in earnáil monaraíochta na gceanglóirí. |
|
(82) |
D’athdhearbhaigh grúpa Chinafar agus Junyue a mbarúlacha a rinneadh ag an gcéim shealadach go raibh an brabús ard neamhionadaíoch sin toisc gur dhírigh samhail ghnó Thai Meira ar cheanglóirí speisialaithe ardleibhéil a mhonarú. D’áitigh siad freisin nach raibh ach sciar beag de tháirgeadh Thai Meira léirithe ag scriúnna gan cheann, agus d’fhág sé sin nach raibh an chuideachta leordhóthanach chun an tagarmharc le haghaidh costais SGA agus brabúis a ríomh. |
|
(83) |
Ar an gcéad dul síos, mhínigh an Coimisiún cheana féin in aithris 139 den Rialachán sealadach nach raibh aon fhianaise ann go raibh brabúsacht na ndíolachán in earnálacha speisialaithe níos airde ná na díolacháin le hearnálacha eile. |
|
(84) |
Ar an dara dul síos, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún aon chuideachta a shainaithint a tháirg an táirge faoi imscrúdú go heisiach agus a raibh orthu, dá bhrí sin, dul i muinín cuideachtaí a tháirgeann raon níos leithne táirgí, lena n-áirítear an táirge faoi imscrúdú. Bhain sé sin le Thai Meira agus le gach táirgeoir eile sa Téalainn agus sa Mhalaeisia araon. Cé gur tháirg Thai Meira táirgí eile seachas an táirge faoi imscrúdú, níor bhain sé sin an bonn dá oiriúnacht mar chuideachta ionadaíoch chun tagarmharc le haghaidh brabús agus costais SGA a chinneadh. Diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(85) |
D’áitigh grúpa Chinafar gur measadh an chuideachta Téalainnis S.J. Screws Co. Ltd. a bheith ina cuideachta ionadaíoch in imscrúdú frithdhumpála roimhe seo ar cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach, ar táirge é atá cosúil leis an táirge lena mbaineann. |
|
(86) |
Ba é an 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 an tréimhse imscrúdúcháin san imscrúdú maidir le ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh na Síne. Aon torthaí a tháinig ón gcás sin, tháinig siad roimh an tréimhse faoi bhreathnú san imscrúdú reatha. Chinn an Coimisiún san imscrúdú reatha gur thrádálaí a bhí in S.J. Screws Co. Ltd., seachas táirgeoir an táirge faoi imscrúdú agus dá bhrí sin ní fhéadfaí é a mheas chun tagarmharc le haghaidh costais SGA agus brabúis a chinneadh. |
|
(87) |
Mhaígh grúpa Chinafar, Junyue, grúpa Brother agus EFDA gur cheart don Choimisiún líon na gcuideachtaí Téalannacha a áirítear sa ghrúpa cuideachtaí a úsáidtear le haghaidh ríomh na gcostas SGA agus an bhrabúis a mhéadú ar a laghad chun a cur lena ionadaíochas agus lena iontaofacht. |
|
(88) |
Chuir Junyue faisnéis isteach a bhí ar fáil go héasca maidir le 19 gcuideachta Théalannacha bhreise a fuarthas ó bhunachar sonraí Data Warehouse de chuid Roinn Forbartha Gnó Rialtas na Téalainne (11), lenar soláthraíodh faisnéis a bhí ar fáil go poiblí maidir le cuideachtaí sa Téalainn. |
|
(89) |
Mhol grúpa Brother agus EFDA dhá chuideachta bhreise a chur san áireamh: Tycoon Worldwide Group agus Thaisin Metal Industries Co., Ltd. |
|
(90) |
D’iarr EFDA agus grúpa Chinafar ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar na cúig chuideachta a sainaithníodh cheana in aithris 140 den Rialachán sealadach. Chuir siad i gcoinne chinneadh an Choimisiúin na cuideachtaí sin a chur as an áireamh bunaithe ar a leibhéal íseal brabúis. Dar leo, cinneadh treallach gan údar a bhí ann. |
|
(91) |
Tar éis dó anailís a dhéanamh ar na sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca maidir leis na cuideachtaí arna moladh ag onnmhaireoirí na Síne, ghlac an Coimisiún leis an maíomh a mhéid a bhaineann le méadú a dhéanamh ar an líon cuideachtaí de chuid na Téalainne atá le háireamh sa ghrúpa cuideachtaí atá le húsáid chun costais SGA agus brabús a ríomh. Mar thoradh air sin, chuir an Coimisiún trí chuideachta bhreise leis, Thaisin Metal Industries Co., Ltd., Boonsan Fastener Limited Partnership, Yahata Fastener Thai Co., Ltd., a chomhlíon na critéir chéanna a úsáideadh chun Sanwa Iron (Thailand) Company Ltd. agus Thai Meira Co, Ltd a roghnú. |
|
(92) |
Níor mheas an Coimisiún na cuideachtaí eile a mhol Junyue ar na cúiseanna seo a leanas:
|
|
(93) |
Dheimhnigh an Coimisiún an cinneadh gan Tycoon Worldwide Group a áireamh, ós rud é gur léirigh a mheánbhrabús ualaithe le linn 2023 agus 2024 gur bhain caillteanas dó. |
|
(94) |
Dheimhnigh an Coimisiún a chinneadh na cúig chuideachta a sainaithníodh in aithris 140 den Rialachán sealadach a eisiamh, ar bhonn a leibhéil íseal brabúis (0,35 % go 1,31 %), a measadh nár leibhéal réasúnta brabúis é faoi Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ós rud é go raibh siad ag oibriú gar do thairseach ghlanta na gcostas. |
|
(95) |
Mar thoradh air sin, tháinig méadú ó 8 % go 9,6 % ar chostais SGA, arna sloinneadh mar chéatadán de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘COGS’) agus arna gcur i bhfeidhm ar chostais neamhshaofa an táirgthe. Tháinig laghdú ó 21,2 % go 14,8 % ar an mbrabús arna shloinneadh mar chéatadán de COGS agus arna chur i bhfeidhm ar na costais táirgthe neamhshaofa. |
|
(96) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh grúpa Brother agus Junyue an maíomh go raibh na cuideachtaí Malaeisiacha a sainaithníodh níos iontaofa agus níos ionadaíche ná iad siúd ón Téalainn. Níor aontaigh siad araon le cinneadh an Choimisiúin Tong Herr a dhícháiliú. Chuir grúpa Brother ráiteas ioncaim 2024 na cuideachta sin isteach a léirigh meánbhrabús ualaithe dearfach le linn 2023 agus 2024. Mhaígh Junyue freisin go ndearna an Coimisiún neamhaird iomlán ar an dá chuideachta Mhalaeisiacha eile, Chin Well agus Sanwa Iron (Malaysia), ina anailís. |
|
(97) |
Shuigh an Coimisiún go raibh méid áirithe ioncaim eile san áireamh sna ráitis ioncaim le haghaidh Tong Herr in 2023 agus 2024 araon, is é sin ioncam seachas ioncam ó dhíolacháin. Ní hé cleachtas an Choimisiúin an chomhpháirt ioncaim sin a chur san áireamh agus brabús agus cóimheasa SGA á ríomh. Dá ndéanfaí an t-ioncam eile ón ríomh a ghearradh amach, bheadh caillteanas ann don dá bhliain. |
|
(98) |
Leag an Coimisiún amach na cúiseanna in aithris 144 den Rialachán sealadach nár mheas sé go raibh Chin Well níos iontaofa agus níos ionadaíche chun na cóimheasa SGA agus brabúis a chinneadh ná cuideachtaí na Téalainne. |
|
(99) |
Cé go bhféadfaí a mheas gur cuideachta oiriúnach é Sanwa Iron (Malaysia), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur sholáthair an ghrúpa níos leithne de chuideachtaí de chuid na Téalainne a leagtar amach in aithris 91 tacar sonraí níos iontaofa agus níos ionadaíche ná cuideachtaí na Malaeisia. |
|
(100) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
|
(101) |
Níor aontaigh an grúpa Brother agus EFDA le cinneadh an Choimisiúin cuideachtaí áirithe a eisiamh ar an bhforas nár tháirg siad an táirge faoi imscrúdú. Mhonaraigh na cuideachtaí sin táirgí i gcatagóir níos leithne na gceanglóirí; thairis sin, níor tháirg aon cheann de na cuideachtaí roghnaithe an táirge faoi imscrúdú go heisiach ach tháirg siad raon leathan táirgí freisin. |
|
(102) |
D’áitigh Junyue freisin nach raibh fiúntas ag baint le cuideachtaí áirithe a eisiamh ar bhonn aonair. Bhí aighneacht Junyue ag an gcéim shealadach bunaithe ar fhigiúirí comhiomlánaithe a léiríonn tionscal ceanglóirí na Téalainne ina iomláine. D’áitigh Junyue go ndearnadh aon aimhrialtachtaí, amhail leibhéil bhrabúis ísle nó cóimheasa SGA atá ró-ard, a chothromú trí chomhiomlánú na sonraí. |
|
(103) |
Thairis sin, d’áitigh Junyue nár thug an Coimisiún údar leordhóthanach le cuideachtaí a eisiamh bunaithe ar bhunachar sonraí Orbis nó ar a suíomhanna gréasáin, ós rud é nach raibh fianaise thacaíochta sa Doiciméad Ginearálta um Nochtadh (DGN) maidir leis an gcinneadh sin. |
|
(104) |
Ar an gcéad dul síos, thug an Coimisiún faoi deara nár chuir úsáid na sonraí comhiomlánaithe tionscail deireadh leis an ngá atá le measúnú aonair a dhéanamh ar staid shonrach tháirgeacht agus airgeadas gach cuideachta i gcoibhneas leis an táirge faoi imscrúdú, ós rud é go raibh na sonraí sin ar fáil. Bhí an measúnú aonair sin fíor-riachtanach chun a chinneadh an raibh cuideachta oiriúnach lena cur san áireamh sa chomhthiomsú cuideachtaí chun cóimheasa brabúis agus SGA a chinneadh. |
|
(105) |
Ar an dara dul síos, bhí an fhaisnéis ó bhunachar sonraí Orbis ar fáil go héasca, agus d’fhéadfaí sonraí comhchosúla a fháil freisin ó bhunachar sonraí Data Warehouse na Téalainne atá ar fáil go héasca. Ina theannta sin, bhí faisnéis a fuarthas ó na suíomhanna gréasáin (16) a bhaineann leis na cuideachtaí a eisiatar ón roghnúchán, de réir phointe (iv) d’aithris 92 den Rialachán seo, ar fáil go héasca freisin agus níorbh fhianaise dhochloíte iad maidir le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú. I gcás na cuideachta Mongkol Fasteners & Parts Co., Ltd. (17), níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid ón bhfaisnéis a bhí ar fáil gur fíortháirgeoir a bhí ann. |
|
(106) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh rochtain ag páirtithe leasmhara ar an bhfianaise a bhí ag teastáil. Thairis sin, níor chuir Junyue aon argóint chun cinn a d’athródh torthaí an Choimisiúin in aithrisí 91 go 95. |
|
(107) |
Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh. |
3.2. An praghas onnmhairiúcháin
|
(108) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, chuir EIFI barúlacha isteach inar chomhaontaigh sé leis an modheolaíocht a chuir an Coimisiún i bhfeidhm chun na corrlaigh dhumpála a shuí. Mhaígh EIFI freisin, áfach, tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, go bhfuil laghdú tagtha ar phraghsanna onnmhairiúcháin tháirgeoir onnmhairiúcháin na Síne agus d’iarr sé gur cheart sonraí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin a úsáid chun athmheasúnú a dhéanamh ar na corrlaigh dhumpála. |
|
(109) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin. Mar a shonraítear in Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, ní mór dumpáil agus díobháil araon a chumhdach leis an imscrúdú agus ní mór iad a imscrúdú go comhuaineach agus, chun críche toradh ionadaíoch, ní mór tréimhse imscrúdúcháin a roghnú. Luaitear sa tríú fomhír den Airteagal céanna freisin nár cheart, de ghnáth, faisnéis a bhaineann le tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go n-athraíonn praghsanna aníos nó anuas de ghnáth tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, ní leor éagsúlachtaí praghsanna amháin chun údar a thabhairt le féachaint ar shonraí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin. In éagmais aon chúis ar leith ar cheart don Choimisiún imeacht ó riail ghinearálta Airteagal 6(1) sa chás seo agus sonraí ón tréimhse iar-imscrúdúcháin chur san áireamh, suíodh nach raibh údar le hiarraidh EIFI. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(110) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh EIFI a bharúlacha agus é ag maíomh nach léiríonn na dleachtanna frithdhumpála atá beartaithe leibhéal na dumpála agus gur cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu bunaithe ar mhéideanna agus ar phraghsanna na n-allmhairí ó thréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin. Mhaígh EIFI freisin nár chomhlíon an Coimisiún Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán trí gan measúnú a dhéanamh ar na sonraí a bhaineann leis an tréimhse i ndiaidh an tréimhse imscrúdúcháin chun leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a chinneadh. |
|
(111) |
Níor aontaigh an Coimisiún leis an tuairim sin ar na cúiseanna a míníodh cheana in aithris 109 thuas. Ina theannta sin, suitear an leibhéal dumpála do gach táirgeoir onnmhairiúcháin a ndearnadh imscrúdú air ina aonar, trína ghnáthluach aonair a chur i gcomparáid lena phraghsanna onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, faisnéis a chuir EIFI isteach maidir le luaineachtaí ginearálta na bpraghsanna onnmhairiúcháin gan aon fhaisnéis mhionsonraithe maidir le praghsanna onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, gan trácht ar a ngnáthluachanna, le linn na tréimhse iar-imscrúdúcháin, níor leor í chun athmheasúnú a dhéanamh ar a gcorrlaigh dhumpála. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.3. Comparáid
|
(112) |
Tar éis fhoilsiú an Rialacháin shealadaigh, d’athdhearbhaigh Junyue a mhaíomh go bhfuil comparáid éagórach idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin mar thoradh ar an modheolaíocht a d’úsáid an Coimisiún chun an cóimheas SGA a bhunú toisc nár asbhain an Coimisiún lamháltais amhail muirir bhainc, costas creidmheasa, muirlasta agus árachas mara sa chóimheas SGA ríofa, agus gur asbhain sé na costais sin ó ríomh phraghas onnmhairiúcháin Junyue. Chomh maith leis sin, thacaigh Chinafar leis an maíomh sin le hargóintí comhchosúla. |
|
(113) |
Mhínigh Albeit Junyue freisin an fáth nár aontaigh sé le réasúnaíocht an Choimisiúin a mhínítear in aithrisí 190 – 194 den Rialachán sealadach, níor chuir Junyue ná Chinafar aon fhianaise bhreise ar fáil chun tacú lena maímh, go háirithe ní raibh aon fhianaise ann a léiríonn gur áiríodh costais iompair le haghaidh an tseachadta chuig custaiméirí i gcostais SGA na gcuideachtaí Téalainne lena mbaineann. |
|
(114) |
D’áitigh an Coimisiún gur suíodh an gnáthluach ag an leibhéal trádála díreach ón monarcha trí chostais táirgthe a úsáid i dteannta na méideanna do chostais díola, ghinearálta agus riaracháin agus don bhrabús, a measadh a bheith réasúnta don leibhéal trádála sin. Dá bhrí sin, ní raibh gá le coigeartuithe chun an gnáthluach a ghlanluacháil ar ais go dtí an leibhéal díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, diúltaítear do na maímh sin agus deimhnítear aithrisí 188 agus 193 go 197 den Rialachán sealadach. |
|
(115) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’athdhearbhaigh Junyue a mhaíomh maidir leis an gcomparáid idir a ghnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin. Mhaígh Junyue freisin gur cheart go mbeadh an dualgas ar an gCoimisiún a chruthú go mbunaítear na tagarmharcanna ríofa don ghnáthluach ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Go bunúsach, bhí an maíomh sin mar an gcéanna leis an maíomh a rinneadh cheana tar éis an dara nóta agus ar tugadh aghaidh air in aithrisí 190 – 194 den Rialachán sealadach agus níor cuireadh aon argóint ná fianaise nua isteach. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
3.4. Corrlaigh dhumpála
|
(116) |
Mar a shonraítear in aithrisí 72 agus 91, tar éis maímh ó na páirtithe leasmhara, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na corrlaigh dhumpála. |
|
(117) |
Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:
|
|
(118) |
Maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha lasmuigh den sampla, ríomh an Coimisiún an meánchorrlach dumpála ualaithe le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) den bhun-Rialachán. |
|
(119) |
Mar a leagtar amach in aithris 203 den Rialachán sealadach, bhí an leibhéal comhair ard. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála a shocrú le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta a ndearnadh scrúdú aonair uirthi agus a bhfuil an corrlach dumpála is airde aici. |
4. DÍOBHÁIL
4.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(120) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir leis an sainmhíniú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 205 go 206 den Rialachán sealadach. |
4.2. Tomhaltas an Aontais
|
(121) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le tomhaltas an Aontais. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 207 go 209 den Rialachán sealadach. |
4.3. Allmhairí ón tír lena mbaineann
4.3.1. Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann
|
(122) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le méid agus sciar mhargaidh na n-allmhairí ón tír lena mbaineann. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithrisí 210 go 213 den Rialachán sealadach. |
4.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann: sladghearradh praghais agus sochtadh praghsanna
|
(123) |
D’áitigh grúpa Chinafar go raibh costais táirgthe aonaid arna mboilsciú go saorga ag úsáid íseal-acmhainneachta na gcuideachtaí sampláilte (mar gheall ar leithdháileadh costas seasta) agus go raibh corrlaigh ghearrdhíola atá díréireach ard mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, d’iarr Chinafar an úsáid acmhainneachta a athríomh i gcomhréir le modheolaíochtaí atá caighdeánach don tionscal chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin. |
|
(124) |
Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil corrlaigh ghearrdhíola bunaithe ar shonraí na dtrí chuideachta shampláilte, i gcás inarb ionann costais sheasta agus níos lú ná 30 % de na costais táirgthe iomlána. Féadfar a mheas go bhfuil an cion sin de chostais sheasta mar sciar de na costais táirgthe iomlána íseal fiú i ndáil le noirm tionscail agus sonraí ón earnáil a bhaineann leis an táirge lena mbaineann. Dá bhrí sin, ní raibh bunús leis an maíomh go raibh costais ‘boilscithe saorga’ ag baint le húsáid íseal-acmhainneachta, ós rud é go bhfuil leithdháileadh na gcostas seasta a úsáideach chun corrlaigh tearcdhíola a ríomh fós laistigh de pharaiméadair inghlactha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh. |
|
(125) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le praghsanna na n-allmhairí ón tír lena mbaineann, sladghearradh praghsanna agus sochtadh praghsanna. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithrisí 214 go 219 den Rialachán sealadach. |
4.4. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
|
(126) |
Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithrisí 220 go 254 den Rialachán sealadach. |
5. CÚISÍOCHT
|
(127) |
D’áitigh allmhaireoir amháin, Kohlhage, go bhfuil dúshláin roimh thionscal an Aontais mar gheall ar bhrúnna seachtracha (teannas geopholaitiúil, smachtbhannaí, agus bacainní trádála) agus teipeanna beartais inmheánaigh (bearta neamhleora chun táirgiúlacht a fheabhsú), rud a chuir leis an mboilsciú agus le costais táirgthe. D’áitigh sé nach dtabharfadh dleachtanna frithdhumpála ar an táirge aghaidh ar na saincheisteanna sistéamacha sin agus go bhféadfadh siad táirgiúlacht in earnálacha atá ag brath ar earraí allmhairithe a laghdú tuilleadh, rud a chuirfeadh leis an mboilsciú. |
|
(128) |
Mar sin féin, mar a luaitear in aithris 274 den Rialachán sealadach, níl aon bhunús leis an argóint go gcuireann bearta frithdhumpála bac ar chumas thionscal an Aontais praghsanna a choigeartú de réir méaduithe costais. Gan allmhairí dumpáilte a bheith ag cur brú anuas ar phraghsanna, d’fhéadfadh tionscal an Aontais freagairt go neamhspleách do dhálaí an mhargaidh. Ní raibh tuilleadh fianaise sa mhaíomh chun a léiriú conas a dhéanfadh dleachtanna frithdhumpála an táirgiúlacht nó an boilsciú níos measa sna hearnálacha iartheachtacha. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint sin. |
|
(129) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir leis an gcúisíocht. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 255 go 275 den Rialachán sealadach. |
6. LEIBHÉAL NA mBEART
6.1. Corrlach díobhála
|
(130) |
D’áitigh EIFI nár thug leibhéal na ndleachtanna sealadacha aghaidh go leordhóthanach ar thromchúis na díobhála arbh iad na hallmhairí dumpáilte ba chúis léi agus nár chuir sé teorainn leis an méadú suntasach ar allmhairí dumpáilte, rud a lean de bhrú a chur ar thionscal an Aontais tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, arna léiriú ag treocht aníos i méideanna allmhairí agus treocht anuas i meánphraghsanna allmhairí. Dá bhrí sin, d’iarr EIFI athmheasúnú ar leibhéal na ndleachtanna chun na hathruithe sin tar éis na tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh go hiomlán agus chun an ríomh dumpála a thabhairt cothrom le dáta trí phraghsanna CAL agus tairiscintí praghsanna na Síne tar éis na tréimhse imscrúdúcháin a chur i gcomparáid leis an ngnáthluach ríofa, chun a chinneadh an bhfuil an corrlach dumpála arna ríomh le haghaidh na tréimhse imscrúdúcháin fós iomchuí faoi dhálaí margaidh níos déanaí. |
|
(131) |
Mar a luaigh EIFI féin, de ghnáth níor cheart faisnéis a bhaineann le tréimhse i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin a chur san áireamh, de bhun Airteagal 6(1), an tríú fomhír den bhun-Rialachán. Ní imthoisc nua a bhí sa luaineacht aonair i méideanna agus praghsanna allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin a fhágann go bhfuil an dleacht frithdhumpála atá beartaithe go follasach míchuí, go háirithe ós rud é go ndearnadh measúnú ar an méadú ar mhéideanna allmhairí ón tSín chun dleachtanna cinntitheacha a bhailiú go cúlghabhálach, mar a leagtar amach i roinn 8.3 thíos. |
|
(132) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(133) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le leibhéal na mbeart. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí ó aithris 276 go 284 den Rialachán sealadach. |
|
(134) |
Dá bhrí sin, is mar a leanas atá leibhéal deiridh an chorrlaigh dumpála agus an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha agus gach cuideachta eile:
|
|
(135) |
Sainítear an leibhéal díothaithe díobhála le haghaidh ‘cuideachtaí comhoibríocha eile’ agus le haghaidh ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre lena mbaineann’ ar an mbealach céanna agus a shainítear an corrlach dumpála le haghaidh na gcuideachtaí agus na n-allmhairí sin, mar a leagtar amach in aithris 118. |
|
(136) |
Mar a leagtar amach in aithris 203 den Rialachán sealadach, bhí an leibhéal comhair ard. Ar an mbonn sin, chinn an Coimisiún gurbh iomchuí an corrlach dumpála agus an leibhéal díothaithe díobhála a shuí le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha ar leibhéal na cuideachta comhoibríche sampláilte a ndearnadh scrúdú aonair uirthi ag a bhfuil an corrlach dumpála agus an leibhéal díothaithe díobhála is airde, faoi seach. |
|
(137) |
Tar éis an nochta chinntithigh, d’éiligh EIFI nár cheart a mheas gur cuideachtaí comhoibríocha iad 17 gcuideachta a liostaítear san Iarscríbhinn toisc gur sholáthair na cuideachtaí sin na doiciméid fhorlíontacha a d’iarr an Coimisiún an 19 Meitheamh 2025 go déanach nó ar bhealach neamhiomlán. |
|
(138) |
Scrúdaigh an Coimisiún na haighneachtaí agus thug sé dá aire, cé go bhfuarthas cuid de na haighneachtaí tar éis an sprioc-ama a leagadh síos ar dtús, an 26 Meitheamh 2025, nach raibh na moilleanna ná na heasnaimh chomh suntasach sin nach bhféadfaí a mheas go raibh na cuideachtaí sin ag comhoibriú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin. |
|
(139) |
Tar éis an nochta chinntithigh, sholáthair trí tháirgeoir onnmhairiúcháin breise de chuid na Síne na doiciméid fhorlíontacha a iarradh. Scrúdaigh an Coimisiún na haighneachtaí agus chinn sé na cuideachtaí a áireamh san Iarscríbhinn. Nocht an Coimisiún an Iarscríbhinn leasaithe an 16 Meán Fómhair 2025. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
6.2. Conclúid maidir le leibhéal na mbeart
|
(140) |
De réir an mheasúnaithe thuas, is mar a leanas ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den bhun-Rialachán:
|
7. LEAS AN AONTAIS
7.1. Leas soláthróirí do thionscal an Aontais, d’allmhaireoirí neamhghaolmhara agus d’úsáideoirí
|
(141) |
Tar éis an nochta shealadaigh, thacaigh Comhlachas Cruach na hEorpa EUROFER, a dhéanann ionadaíocht ar sholáthróirí na foshraithe cruach slat sreinge a úsáidtear i dtáirgeadh scriúnna, le forchur na mbeart. |
|
(142) |
Ina theannta sin, thíolaic EIFI roinnt litreacha tacaíochta ó eintitis éagsúla sna tionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha a thacaíonn le bearta a fhorchur. |
|
(143) |
D’áitigh allmhaireoir, Pretec AB, go ndéanfaí dochar d’allmhaireoirí Nordacha agus d’úsáideoirí deiridh dá bhforchuirfí dleachtanna frithdhumpála mar gheall ar easpa roghanna malartacha ón Aontas le haghaidh slata bonneagair struchtúracha arna ngalbhánú le teothumadh atá 5,8 méadar ar fhad, rud a mhéadódh costais agus a chuirfeadh tionscadail bhonneagair i mbaol. |
|
(144) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín i gceist le 13 % den mhargadh cheana féin le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus gurb é is aidhm do na bearta frithdhumpála iomaíocht chóir a athbhunú, seachas cosc a chur ar allmhairí Síneach, trína áirithiú freisin go bhfuil roghanna malartacha fós ar fáil. Thairis sin, mar a fhoráiltear in aithris 19, deimhníodh leis an bhfianaise ó EIFI go bhfuil sé d’acmhainn ag táirgeoirí an Aontais slata bonneagair struchtúracha arna ngalbhánú le teothumadh suas le 6 mhéadar a tháirgeadh, chomh maith le bratuithe since agus modhanna cosanta eile ar chreimeadh a chur i bhfeidhm, rud a thagann salach ar mhaímh Pretec nach bhfuil siad ar fáil. Léiríonn na tosca sin go bhfuil roghanna malartacha inmharthana ann, rud a mhaolaíonn aon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh. |
7.2. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(145) |
Ní bhfuarthas aon bharúil eile maidir le leas an Aontais. Dá bhrí sin, deimhníodh na conclúidí maidir le leas an Aontais sa Rialachán sealadach. |
8. BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA
8.1. Bearta cinntitheacha
|
(146) |
Ar bhonn na gconclúidí ar ar thángthas orthu maidir le dumpáil, díobháil, cúisíocht, leibhéal na mbeart agus leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur chun cosc a chur le tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais de dheasca allmhairí dumpáilte an táirge lena mbaineann. |
|
(147) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba cheart na dleachtrátaí frithdhumpála cinntitheacha, arna sloinneadh ar phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim a íoc, a bheith mar a leanas:
|
|
(148) |
Na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Dá bhrí sin, tá na dleachtrátaí sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlíthiúla ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna monarú ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis i ndáil leo sin a luaitear go sonrach, ní féidir leo tairbhe a bhaint as na rátaí sin agus ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(149) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (18). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(150) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm ceart na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair infheidhme ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí i láthair údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’. |
|
(151) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ba cheart dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(152) |
Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle, go háirithe tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha lena dhéanamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtrátaí aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(153) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith leis an dleacht frithdhumpála le haghaidh gach cuideachta eile ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach ina dteannta sin, maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(154) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, ba cheart dóibh a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála iad le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) nár onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin; (ii) nach bhfuil gaol aige le táirgeoir onnmhairiúcháin a rinne amhlaidh; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe déanamh amhlaidh i gcainníochtaí substaintiúla. |
8.2. Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha
|
(155) |
I bhfianaise na gcorrlach dumpála a cinneadh agus an leibhéil díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú trí bhíthin na ndleachtanna frithdhumpála sealadacha arna bhforchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach suas go dtí na leibhéil a bhunaítear faoin Rialachán seo. |
8.3. Cúlghabhálacht
|
(156) |
Mar a luaitear i roinn 1.2, chuir an Coimisiún allmhairí an táirge faoi imscrúdú faoi réir a gcláraithe. |
|
(157) |
Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís lena fháil amach ar comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha. |
|
(158) |
Leagtar amach in Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán na ceithre chritéar charnacha maidir le cé acu is féidir nó nach féidir dleachtanna a bhailiú le linn na tréimhse clárúcháin. |
|
(159) |
Comhlíontar an coinníoll in Airteagal 10(4)(a) den bhun-Rialachán toisc gur cláraíodh allmhairí de bhun an Rialacháin maidir le clárú, agus ansin i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
|
(160) |
Tugadh deis do na hallmhaireoirí barúil a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 10(4)(b) den bhun-Rialachán tar éis fhoilsiú an Rialacháin maidir le clárú chomh maith le foilsiú an Rialacháin shealadaigh. |
|
(161) |
Níor chuir aon pháirtí leasmhar in iúl go raibh siad i gcoinne an chláraithe. Fuarthas barúlacha ó EFDA agus EIFI, áfach, maidir le forchur cúlghabhálach féideartha dleachtanna. Chuir EIFI in iúl go n-aontaíonn sé le dleachtanna a bhailiú le linn na tréimhse clárúcháin. |
|
(162) |
De bhun Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán, is gá ‘stair dhumpála i gcaitheamh tréimhse fhada a bheith ann, nó bhí an t-allmhaireoir ar an eolas faoin dumpáil a mhéid a bhaineann le méid na dumpála agus na díobhála a líomhnaíodh nó a suíodh, nó ba cheart dó a bheith ar an eolas faoi’. Sa chás seo, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas faoin dumpáil, a mhéid a bhaineann le méid na dumpála agus na díobhála a líomhnaítear nó a suíodh ó dháta tionscnaimh an imscrúdaithe. |
|
(163) |
Go deimhin, bhí roinnt ráiteas agus míreanna fianaise san fhógra tionscnaimh agus sa leagan neamhrúnda den ghearán a thacaigh leis an méid ab ann don dumpáil agus don díobháil líomhnaithe agus a shonraigh é, mar shampla i Ranna 3 agus 4 den fhógra tionscnaimh, agus i Ranna B agus C.5 den leagan neamhrúnda den ghearán. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh na hallmhaireoirí agus na húsáideoirí ar an eolas faoi na cleachtais dumpála líomhnaithe, faoi mhéid na dumpála sin agus faoin díobháil líomhnaithe, nó gur cheart dóibh a bheith ar an eolas fúthu. |
|
(164) |
D’áitigh EFDA, áfach, nach raibh aon bhunús stairiúil ag allmhaireoirí an Aontais chun bearta frithdhumpála i gcoinne scriúnna gan cheann a réamh-mheas, toisc gur gnách go n-éilíonn na hearraí atá i gceist aga tionscanta suas le 6 mhí chun an táirge lena mbaineann a tháirgeadh agus a sheachadadh. Mar shampla, ordaíodh allmhairí a tháinig isteach san Eoraip idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2025 chomh luath le mí Iúil 2024, sular tionscnaíodh an t-imscrúdú. Thug an Coimisiún faoi deara nár dheimhnigh aon fhianaise chuí-réasúnaithe i gcomhad an imscrúdaithe seo aga tionscanta suas le 6 mhí le haghaidh allmhairí den sórt sin, rud a fhágann go bhfuil an argóint amhantrach agus nach dtacaíonn sonraí fíorasacha léi. Dá bhrí sin, diúltaíodh don argóint. |
|
(165) |
Thairis sin, de bhun Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán, is gá ‘ardú mór breise ar allmhairí a bheith ann i dteannta leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin’, ardú is dócha a bhainfidh an bonn go tromchúiseach d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna cinntitheacha i bhfianaise uainiú agus mhéid na n-allmhairí sin agus imthosca eile. |
|
(166) |
Léiríodh in anailís an Choimisiúin gur tháinig méadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. |
|
(167) |
I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna míosúla allmhairí an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na meánmhéideanna míosúla allmhairí agus meánphraghsanna tar éis an tionscnaimh (le linn na tréimhse ó Samhain 2024 go Meitheamh 2025), agus idirdhealú á dhéanamh idir (i) an chéad mhí iomlán tar éis thionscnamh an imscrúdaithe suas go dtí an mhí iomlán dheireanach nuair a rinneadh an clárú (Samhain 2024 go Eanáir 2025) agus (ii) an chéad mhí iomlán tar éis thionscnamh an imscrúdaithe suas go dtí an mhí iomlán dheireanach nuair a glacadh bearta sealadacha (Samhain 2024 go Meitheamh 2025). Tábla 1 Allmhairí scriúnna gan cheann ón tSín
|
|||||||||||||||||||||||||||||
|
(168) |
Ba é 9 360 tona meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón tSín le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Ba é 13 458 dtona meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón tSín sa tréimhse dar tús an chéad mhí iomlán tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh maidir leis an imscrúdú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dar críoch an mhí iomlán dheireanach suas go dtí an mhí iomlán dheireanach inar tharla an clárú (Samhain 2024 go dtí Eanáir 2025), méid a bhí 44 % níos airde ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Agus na hallmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin á gcur i gcomparáid leis na míonna céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (i.e. Samhain 2023 go dtí Eanáir 2024, le meánmhéid allmhairí míosúil 8 768 dtona), chun aon difríocht sa tséasúracht a sheachaint, tá an t-athrú ar an meán míosúil níos airde fós, is é sin méadú 53 %. |
|
(169) |
Is féidir an treocht chéanna a shonrú agus na hallmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin á gcur i gcomparáid leis an tréimhse tar éis thionscnamh an cháis suas go dtí an mhí iomlán dheireanach nuair a glacadh bearta sealadacha. |
|
(170) |
Ba é 13 427 dtona meánmhéid míosúil na n-allmhairí ón tSín sa tréimhse dar tús an chéad mhí iomlán tar éis fhoilsiú an fhógra tionscnaimh maidir leis an imscrúdú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus dar críoch an mhí iomlán dheireanach roimh fhorchur na mbeart sealadach (Samhain 2024 go Meitheamh 2025), 43 % níos airde ná mar a bhí sa tréimhse imscrúdúcháin. Agus na hallmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin á gcur i gcomparáid leis na míonna céanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin (i.e. Samhain 2023 go Meitheamh 2024, le meánmhéid míosúil allmhairí 8 978 dtona), is é 50 % an méadú ar an meán míosúil. |
|
(171) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh méadú suntasach ar mhéideanna na n-allmhairí tar éis an tionscnaimh. |
|
(172) |
D’áitigh EFDA go bhfuil an méadú breathnaithe ar mhéideanna allmhairí le linn mhíonna tosaigh 2025, go háirithe i mí Eanáir agus i mí Feabhra, ag teacht le gnáthphatrúin shéasúracha sa tionscal, ós rud é gur gnách go laghdaíonn cuideachtaí leibhéil stoic i mí na Samhna agus i mí na Nollag le haghaidh bainistíocht fardail ag deireadh na bliana agus go ndéanann siad soláthairtí a athshlánú ina dhiaidh sin sna chéad mhíonna den bhliain Ní bhaineann an luaineacht sin leis an imscrúdú frithdhumpála agus ina ionad sin léiríonn sí gnáthiompraíocht an mhargaidh. Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint, áfach, ós rud é go ndearna sé comparáid freisin idir tréimhsí comhionanna le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus ina diaidh, go háirithe na míonna tosaigh de gach bliain agus dá bhrí sin léiríodh na héifeachtaí séasúracha sa chomparáid de ghnáth. |
|
(173) |
D’áitigh EFDA go raibh méideanna allmhairí thar a bheith íseal sa tréimhse imscrúdúcháin mar gheall ar róstocáil iar-phaindéime i dtrádstórais an Aontais, rud a spreagadh mar gheall ar shuaitheadh sa slabhra soláthair agus lastais mhoillithe as ar eascair stoc-charnadh. Léiríonn an méadú ina dhiaidh sin ar allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin ceartú margaidh de réir mar a fhilleann fardail ar leibhéil thipiciúla, seachas treocht neamhghnách. Dhiúltaigh an Coimisiún don argóint, ós rud é, mar a tugadh faoi deara in aithris 212 den rialachán sealadach, gur tháinig méadú ar mhéideanna na n-allmhairí le linn na tréimhse imscrúdúcháin i ndáil le 2023 d’ainneoin go raibh an t-éileamh san Aontas fós íseal le linn na tréimhse imscrúdúcháin. |
|
(174) |
Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire gur tháinig laghdú ar mheánphraghas na n-allmhairí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe. Agus comparáid á déanamh idir (i) an chéad mhí iomlán tar éis thionscnamh an imscrúdaithe suas go dtí an mhí iomlán dheireanach nuair a rinneadh an clárú agus an meánphraghas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, léirítear laghdú 8,6 % ar an bpraghas ó 1 213 EUR/tona go 1 109 EUR/tona, agus nuair a dhéantar comparáid idir (ii) an chéad mhí iomlán tar éis thionscnamh an imscrúdaithe suas go dtí an mhí iomlán dheireanach nuair a glacadh bearta sealadacha leis an meánphraghas le linn na tréimhse imscrúdúcháin, faightear laghdú 9 % ar an bpraghas (ó 1 213 EUR/tona go 1 104 EUR/tona). |
|
(175) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, d’fhéadfadh an Coimisiún teacht ar an gconclúid gur dócha go mbainfeadh ardú na n-allmhairí an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm, de réir bhrí Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán. |
|
(176) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le bailiú cúlghabhálach. Dá bhrí sin, ba cheart dleacht frithdhumpála chinntitheach a thobhach ar an táirge lena mbaineann, a cuireadh faoi réir a chláraithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141. |
|
(177) |
Ba cheart leibhéal na dleachta atá le bailiú go haisghníomhach a shocrú ar leibhéal na dleachta cinntithí a áirítear in Airteagal 1(2) thíos. |
|
(178) |
Tar éis an nochta chinntithigh, rinne EFDA, le tacaíocht ó Junyue agus grúpa Chinafar, agóid i gcoinne chur i bhfeidhm cúlghabhálach na ndleachtanna faoi Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán, agus d’áitigh sé nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le forchur cúlghabhálach toisc nach raibh aon fhianaise ar dhumpáil leanúnach thar thréimhse fhada don táirge faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, ní raibh allmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil líomhnaithe ná faoi mhéid na díobhála a maíodh, go háirithe i bhfianaise eisiamh sainráite an táirge ón imscrúdú frithdhumpála roimhe sin maidir le ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach (19). |
|
(179) |
Chuir EFDA i dtábhacht gur fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) iad formhór na n-allmhaireoirí agus go bhfuil acmhainneacht theoranta acu measúnú neamhspleách a dhéanamh ar rioscaí dumpála. Is iondúil go n-oibríonn na heintitis sin ar an toimhde go ndéantar táirgí allmhairithe a phraghsáil go cothrom, agus bheadh sé míréasúnta a bheith ag súil go ndéanfadh FBManna bearta réamhchúraim go réamhghníomhach in aghaidh dumpála i gcás táirgí nach raibh faoi réir grinnscrúdú frithdhumpála roimhe sin, ach oiread le pionós a ghearradh orthu. Ba é ba chúis leis an mborradh faoi allmhairí tar éis thionscnamh an imscrúdaithe go príomha agaí tionscanta an tslabhra soláthair, a mhair suas le hocht mí idir eisiúint agus imréiteach custaim an ordaithe, seachas imchéimniú d’aon ghnó. Dá bhrí sin, mhaígh siad gur ordaíodh allmhairí chuig an Aontas idir mí Eanáir agus mí an Mhárta 2025 chomh luath leis an tréimhse ó mhí na Bealtaine go mí Iúil 2024. Thug siad dá n-aire gur cheart na hagaí tionscanta a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar an ngá atá le cur i bhfeidhm cúlghabhálach dleachtanna in imscrúduithe eile (20). |
|
(180) |
Chuir EFDA i dtábhacht freisin gur thosaigh méideanna allmhairí an táirge faoi imscrúdú ag laghdú ó mhí Feabhra 2025, rud a léiríonn go rabhthas ag filleadh ar shreafaí trádála normalaithe. Chomh maith leis sin, tá méadú seasta tagtha ar phraghsanna allmhairiúcháin, rud a léiríonn go bhfuil dálaí an mhargaidh á n-athchoigeartú go nádúrtha. D’áitigh siad gur bhain na forbairtí sin an bonn cirt le dleachtanna cúlghabhálacha a thuilleadh. |
|
(181) |
Chuir EIFI i gcoinne éileamh na n-agaí tionscanta 6 mhí idir socrúchán orduithe agus imréiteach custaim, agus chuir sé faisnéis ar fáil le haghaidh agaí tionscanta níos giorra in 2024. D’áitigh sé gur fhág an bhearna 153 lá idir tionscnamh an imscrúdaithe (17 Deireadh Fómhair 2024) agus tús chur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta frithdhumpála (19 Márta 2025) gur cuireadh orduithe le haghaidh allmhairí atá faoi réir dleachtanna isteach tar éis thionscnamh an imscrúdaithe, nuair a bhí allmhaireoirí ar an eolas faoin dumpáil agus faoin díobháil líomhnaithe. Chuir EIFI i dtábhacht gur léirigh an treocht in allmhairí méadú géar ar allmhairí scriúnna gan cheann ón tSín ag tosú i mí Iúil 2024 (12 694 – 22 584 thona/mí), i gcomparáid leis na leibhéil roimh mhí Iúil 2023 (6 510 tona –11 449 dtona in aghaidh na míosa). Léirigh an treocht sin feasacht ar an margadh maidir leis an ngearán frithdhumpála a bhí ar tí tarlú, agus tús-ualú á dhéanamh ag allmhaireoirí ar lastais chun dleachtanna a sheachaint. Dhearbhaigh EIFI freisin gur ghlac allmhaireoirí go feasach leis an riosca go mbeadh dleachtanna cúlghabhálacha ann d’ainneoin na feasachta sin agus go bhféachann siad anois le dliteanas a sheachaint trí agaí tionscanta amhantracha a lua. |
|
(182) |
Chuir EIFI i gcoinne na maíomh freisin gur léirigh an borradh faoi allmhairí ón tSín in 2024-2025 coigeartuithe stoic tar éis na paindéime nó patrúin shéasúracha, agus d’áitigh sé go raibh sé ann toisc go raibh coinne ann sa mhargadh leis an ngearán frithdhumpála. Chuir an méadú 109 % bliain ar bhliain sa chéad ráithe de 2025 agus laghdú marthanach ar phraghsanna (EUR 1 302/tona in 2023 go EUR 1 093/tona faoi lár 2025) in aghaidh dearbhuithe maidir le hiompraíocht shealadach nó thimthriallach. Chuir EIFI i dtábhacht go raibh baint ag na treochtaí borrtha agus praghsála leis an imscrúdú a bhí ar na bacáin, rud a chuir mínithe malartacha ó bhailíocht agus a leag béim ar an ngá atá le dleachtanna cúlghabhálacha chun aghaidh a thabhairt ar allmhairí creachacha. |
|
(183) |
Mheabhraigh an Coimisiún go dtagraítear in Airteagal 10(4)(d) den bhun-Rialachán do ‘allmhairí’ seachas do ‘orduithe’ ar dócha go mbainfidh siad an bonn go mór d’éifeacht cheartaitheach na dleachta frithdhumpála cinntithí atá le cur i bhfeidhm. Ní mór measúnú a dhéanamh ar na hallmhairí sin maidir lena n-uainiú, lena méid agus lena n-acmhainneacht an bhonn a bhaint d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna frithdhumpála. Tá Airteagal 10(4)(c) ag brath ar fheasacht an allmhaireora ar dhumpáil, ach cuireann sé i dtábhacht go láidir nach bhfuil dleachtanna cúlghabhálacha pionósach. Ina ionad sin, is é is cuspóir dóibh éifeachtacht na mbeart frithdhumpála a chaomhnú trí aghaidh a thabhairt ar allmhairí a bhfuil an baol ann ina leith go mbainfidís, i dteannta a chéile, an bonn de thionchar feabhais na mbeart. Tugtar tús áite sa mheasúnú faoi Airteagal 10(4)(d) d’éifeacht oibiachtúil mhéideanna na n-allmhairí agus dhinimic an mhargaidh ar rúin shuibiachtúla nó agaí tionscanta de chuid allmhaireoirí aonair (21). |
|
(184) |
San imscrúdú reatha, d’admhaigh an Coimisiún go bhféadfadh roinnt míonna a bheith caite idir an t-ordú agus an dáta allmhairithe. Rinne sé athbhreithniú ar an bhfianaise a chuir na páirtithe isteach maidir le hagaí tionscanta sa slabhra soláthair le haghaidh an táirge faoi imscrúdú ach dhiúltaigh sé den chuid is mó di mar fhianaise atá gan bhunús nó atá neamhiomlán. I measc na bpríomheaspaí bhí orduithe in easnamh agus/nó sonraisc chomhfhreagracha agus doiciméadacht chustaim ina dhiaidh sin i gcásanna áirithe. Ina theannta sin, níor chomhoibrigh roinnt allmhaireoirí faisnéis ar fáil leis an imscrúdú seo, rud a d’fhág nach eol a méideanna iomlána allmhairí chuig an Aontas. Dá bhrí sin, an fhaisnéis a chuir na hallmhaireoirí comhoibríocha isteach, bhain sí le níos lú ná 5 % d’allmhairí iomlána an táirge faoi imscrúdú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Dá bhrí sin, chomh maith le bheith neamhábhartha go bunúsach i bhfianaise na bprionsabal a thugtar chun cuimhne in aithris 183, níor mheas an Coimisiún go raibh na sonraí sách ionadaíoch chun glacadh leis go raibh gach allmhaireoir eile sa chás céanna. |
|
(185) |
I bhfianaise anailís an Choimisiúin ar mhéadú suntasach ar allmhairí tar éis na tréimhse imscrúdúcháin, mheas sé, cé go bhféadfadh cuid de na seachadtaí ó mhí na Samhna 2024 go mí Feabhra 2025 a bheith ann i bpáirt mar gheall ar orduithe réamh-imscrúdaithe a rinneadh roimh mhí Dheireadh Fómhair 2024, nár leor an míniú sin chun an borradh leanúnach faoi allmhairí a mhíniú, borradh a raibh méadú 47 % ó mhí Feabhra go mí an Mheithimh 2025 i gceist leis le hais na tréimhse céanna in 2024. Ina theannta sin, thug an Coimisiún laghdú 11 % faoi deara ar mheánphraghas allmhairiúcháin an táirge le linn na tréimhse ó mhí Feabhra go mí an Mheithimh 2025 i gcomparáid leis an tréimhse ó mhí Feabhra go mí an Mheithimh 2024, treocht atá ar neamhréir le dearbhú EFDA maidir le normalú margaidh. Leis an laghdú sin ar phraghsanna, mar aon leis an mborradh faoi mhéideanna allmhairí, baineadh an bonn go díreach d’argóint na bpáirtithe gur tháinig athrú nádúrtha ar shreafaí trádála tar éis mhí Feabhra 2025. |
|
(186) |
Thairis sin, cinneadh go raibh maíomh EFDA gur ordaíodh allmhairí chuig an Aontas sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mhárta 2025 chomh luath le mí na Bealtaine go mí Iúil 2024 mícheart tar éis anailís a dhéanamh ar an meánphraghas allmhairiúcháin. Dá mbeadh an maíomh cruinn, ba cheart an meánphraghas allmhairiúcháin sa tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mhárta 2025 (EUR 1 057/tona) a bheith ailínithe le raon praghsanna sa tréimhse ó mhí na Bealtaine go mí Iúil 2024 (EUR 1 218/tona) nó níos luaithe, ach bhí sé 13 % níos ísle ina ionad sin. |
|
(187) |
Dhiúltaigh an Coimisiún d’argóint na bpáirtithe maidir leis an táirge atá faoi imscrúdú a eisiamh ón imscrúdú frithdhumpála roimhe seo maidir le ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach, rud nach mbaineann leis na himeachtaí reatha. Faoi chleachtas seanbhunaithe agus Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán, tá gach imscrúdú teoranta don raon táirgí a shainítear sa ghearán. Níor bhréagnaigh easpa scriúnna nó boltaí sa ghearán roimhe seo bailíocht an imscrúdaithe reatha, toisc go gcinntear raon feidhme aon imeachta leis na líomhaintí sonracha agus leis an bhfianaise shonrach a chuirtear i láthair sa ghearán atá i gceist amháin. Thairis sin, chuir an Coimisiún i dtábhacht go bhfuil na tionscail a tháirgeann scriúnna gan cheann agus iad siúd a tháirgeann ceanglóirí eile iarainn nó cruach éagsúil ó thaobh próisis táirgthe, feidhmeanna margaidh, agus díobhála de. Dá bhrí sin, níor cheart do na páirtithe a bheith ag brath ar eisiamh a tharla roimhe seo toisc gur chónaidhmigh siad imscrúduithe neamhghaolmhara le raonta táirgí difriúla. Dá réir sin, diúltaíodh don argóint sin toisc nach raibh bunús leis go fíorasach ná go dlíthiúil. |
|
(188) |
I bhfianaise an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil údar le cur i bhfeidhm cúlghabhálach na ndleachtanna, toisc gur léirigh an fhianaise nach bhféadfaí an borradh faoi allmhairí agus uainiú na seachadtaí a réiteach le hagaí tionscanta agus gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le forchur cúlghabhálach faoi Airteagal 10(4)(c) den bhun-Rialachán. |
|
(189) |
De bhun Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán, toibhítear cur i bhfeidhm cúlghabhálach na dleachta ón 19 Márta 2025. |
9. FORÁIL CHRÍOCHNAITHEACH
|
(190) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(191) |
Na bearta dá bhforáiltear sa rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scriúnna agus boltaí, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar a neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a fheistiú, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar na táirgí a bhfuil tuairisc orthu i mír 1 agus arna dtáirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála chinntitheach (%) |
Cód breise TARIC |
||||||
|
Zhejiang Junyue Standard Part Co., Ltd. |
54,7 |
89ML |
||||||
|
Grúpa Brother:
|
57,1 |
89MM |
||||||
|
Grúpa Chinafar:
|
72,3 |
89MN |
||||||
|
Cuideachtaí comhoibríocha eile a liostaítear in Iarscríbhinn |
59,8 |
Féach an Iarscríbhinn |
||||||
|
Gach cuideachta eile |
72,3 |
8 999 |
3. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, mise a bhfuil mo shíniú thíos, maidir leis na tonaí de scriúnna gan cheann a díoladh lena n-onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh iad i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
4. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Na méideanna a fhaightear tríd an dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1189, baileofar go cinntitheach iad. Na méideanna arna n-urrú de bhreis ar an dleacht frithdhumpála, déanfar iad a scaoileadh.
Airteagal 3
Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scriúnna agus boltaí, bíodh a gcuid cnónna agus leicneán leo nó ná bíodh, gan cheann orthu, iad déanta as iarann nó as cruach seachas cruach dhosmálta, gan beann ar a neart teanntachta, seachas scriúnna cóiste agus scriúnna adhmaid eile, scriúchrúcaí agus scriúfháinní, scriúnna féintapála, agus scriúnna agus boltaí chun ábhar tógála iarnróid a fheistiú, atá aicmithe faoi láthair faoi chóid AC 7318 15 42 agus 7318 15 48 agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, a cláraíodh faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141 ag na rátaí a leagtar amach in Airteagal 1(2). Tá an dleacht infheidhme ón 19 Márta 2025.
Airteagal 4
Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach ndearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) a onnmhairiú le linn na tréimhse imscrúdúcháin (an 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024); |
|
(b) |
nach bhfuil sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, agus a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú bunaidh; agus |
|
(c) |
gur onnmhairigh sé iarbhír an táirge lena mbaineann, sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air méid suntasach a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin. |
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO C, C/2024/6209, 17.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6209/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/141 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 lena gcuirtear allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir a gcláraithe (IO L, 2025/141, 30.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/141/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1189 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí scriúnna gan cheann de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2025/1189, 16.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1189/oj).
(5) Comhad TRON uimh. t24.008386 an 09/10/2024.
(6) Cód TARIC 7308 90 98 90 ‘Struchtúir (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna de struchtúir iarainn nó cruach (mar shampla, droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha dorais, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin); plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéid arna n-ullmhú lena n-úsáid i struchtúir iarainn nó chruach’.
(7) Tagairt BTI: ESBTIESBTI2024SOL550, at https://ec.europa.eu/taxation_customs/dds2/ebti/ebti_home.jsp?Lang=en.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1950/97 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 1997 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí sac agus málaí déanta de phoileitiléin nó de pholapróipiléin de thionscnamh na hIndia, na hIndinéise agus na Téalainne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh (IO L 276, 9. 10. 97, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/1950/oj) agus Rialachán (CE) Uimh. 2003/97 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1997 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe d’iarann nó de chruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 284, 16.10.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/2003/oj).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1950/97 ón gComhairle.
(10) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d'allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).
(11) https://datawarehouse.dbd.go.th/index, a breathnaíodh go deireanach an 23 Iúil 2025.
(12) Bangkok Fastener and Supply Co., Ltd., Bee Fastener Co., Ltd., Clarendon Specialty Fasteners agus S. J. Screwthai Company Limited.
(13) Hitech Fastener Manufacture (Thailand) Co. Ltd., Mkt Fastener (Thailand) Company Limited, Tong Heer Fasteners (Thailand) Company Limited, Ty Union Fasteners Company Limited agus Bangkok Fastening Company Limited.
(14) IT Fasteners Limited Partnership, S.K.M. Fasteners Co., Ltd.
(15) Taiyo Fastener (Thailand) Co., Ltd, Topy Fasteners (Thailand) Ltd., Sangthong Salakphan Company Limited, Thai Mongkol Fasteners Company Limited agus Mongkol Fasteners & Parts Co., Ltd.
(16) https://www.topy.co.th/ (a ceadaíodh go deireanach an 16.9.2025).
https://www.xn--72ca6basbt6cwa6f4b1a8owe.com/ (a ceadaíodh go deireanach an 16.9.2025).
https://www.thaimongkol.com (a ceadaíodh go deireanach an 16.9.2025).
https://th.nc-net.com/company/101653/ (a ceadaíodh go deireanach 16.9.2025).
(17) บริษัท มงคลฟาสเทนเนอร์สแอนด์พาร์ทส จำกัด | Ban Bo Thong | Facebook (a ceadaíodh go deireanach an 16.9.2025).
(18) Ríomhphost: TRADE-TDI-NAME-CHANGE-REQUESTS@ec.europa.eu; An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.
(*1) Asbhaint an 7.7.2025.
(19) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 17.2.2022, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj).
(20) E.g. i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/45 ón gCoimisiún an 8 Eanáir 2025 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí trealaimh rochtana shoghluaiste de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L, 2025/45, 9.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/45/oj).
(21) Maidir leis an bpointe sin, tagraíonn an Coimisiún do Bhreithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Stemcor London Ltd agus Samac Steel Supplies Ltd v an Coimisiún Eorpach, Cás T-749/16, ECLI:EU:T:2019:310,
(22) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
IARSCRÍBHINN
Táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha de chuid na Síne nár sampláladh
|
Ainm |
Cód breise TARIC |
|
ANHUI GOODLINK FASTENER CO., Ltd. |
89MO |
|
CELO Suzhou Precision Fasteners Co., Ltd. |
89MP |
|
CHANGZHOU MIKI HARDWARE TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89MQ |
|
Cixi Jinmao Fastener Co., Ltd. |
89MR |
|
Eagle Metalware Co., Ltd. |
89MT |
|
EVERGREEN (ZHEJIANG) INTELLIGENT MANUFACTURING CO., Ltd. |
89MW |
|
FASTWELL METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89MX |
|
HAI YAN MACHINERY CO., Ltd. |
89MZ |
|
Haining Xinxing Fasteners Co., Ltd. |
89NB |
|
Haining Zhongheng Metal Products Co., Ltd. |
89NC |
|
HAIYAN LONGCHENG STANDARD PARTS CO., Ltd. |
89ND |
|
HAIYAN BOLT CO., Ltd. |
89NE |
|
Haiyan C&F Fittings Co., Ltd. |
89NF |
|
Haiyan Jiamei Hardware Manufacturing and Tech. Co., Ltd. |
89NG |
|
HAIYAN JINNIU FASTENERS CO., Ltd. |
89NH |
|
HAIYAN LONGSHENG HARDWARE CO., Ltd. |
89NI |
|
Haiyan Wancheng Fasteners Co., Ltd. |
89NJ |
|
Haiyan Wandefu Precision Hardware Co., Ltd. |
89NK |
|
Haiyan Xingang Standard Parts Co., Ltd. |
89NL |
|
Haiyan Xinyuan Technology Co., Ltd. |
89NN |
|
Haiyan Xinyue Electrical Appliances Co., Ltd. |
89NO |
|
HAIYAN YINGJIE FASTENER CO., Ltd. |
89NP |
|
Haiyan Yuanzhong Hardware Co., Ltd. |
89NR |
|
Handan Changfa Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NS |
|
Handan City Daoning Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NT |
|
Handan Haosheng Fastener Co., Ltd. |
89NV |
|
HANDAN MINGXIN METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89NX |
|
HANDAN TONGHE FASTENER MANUFACTURE CO., Ltd. |
89NY |
|
Handan Xiaojun Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89NZ |
|
Handan Xingbang Fastener Co., Ltd. |
89OA |
|
Handan Yaofeng Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89OB |
|
Handan Yongnian Hongji Machinery Parts Co., Ltd. |
89OC |
|
Handan Zhonglong Fastener Manufacturing Co., Ltd. |
89OD |
|
Hebei Chengyi Engineering Materials Co., Ltd. |
89OE |
|
Hebei Fuao Fastener Manufacturing Co., Ltd |
89OF |
|
Hebei Goodfix Industrial Co., Ltd. |
89OG |
|
HEBEI YUETONG FASTENERS MANUFACTURING CO., Ltd. |
89OI |
|
Jiangsu Hengyue Hardware Co., Ltd. |
89OJ |
|
JIANGSU LIRUNYOU MACHINERY TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OK |
|
JIASHAN SANXIN FASTENER Co., Ltd. |
89OM |
|
Jiashan Tianyang Fastener Co., Ltd |
89ON |
|
JIASHAN WEIJIE HARDWARE CO., Ltd. |
89OO |
|
Jiaxing Aerotec Precision Co., Ltd. |
89OP |
|
JIAXING BROTHER UNITED FASTENER CO., Ltd. |
89OQ |
|
JIAXING CHUANGLI HARDWARE CO., Ltd. |
89OR |
|
JIAXING EXCELLENT FASTENER CO., Ltd. |
89OS |
|
JIAXING GOOD METAL TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OT |
|
JIAXING HONGJIAN TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89OU |
|
JIAXING JIAWEI MACHINERY TECHNOLOGY COMPANY, Ltd. |
89OV |
|
JIAXING JINYU FASTENER FACTORY, Ltd. |
89OW |
|
Jiaxing Jiuli Precision Manufacturing Co., Ltd. |
89OX |
|
Jiaxing Julong Hardware Technology Co., Ltd. |
89OY |
|
JIAXING KINFAST HARDWARE CO., Ltd. |
89OZ |
|
JIAXING LONGFIX FASTENERS CO., Ltd. |
89PA |
|
JIASHAN PAILONG METAL PRODUCTS CO., LTD. |
89XE |
|
JIAXING RISEN HARDWARE CO., Ltd. |
89PC |
|
JIAXING SUNFAST METAL CO., Ltd. |
89PD |
|
JIAXING YIDA NEW MATERIAL TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89PE |
|
Jinan Star Fastener Co., Ltd. |
89PF |
|
JOYSTART AUTOMOTIVE PARTS CO., Ltd. |
89PG |
|
Langxi Longwei Metal Technology Co., Ltd. |
89PH |
|
Langxi Mingfeng Fasteners Co.,Ltd |
89XF |
|
Lianyungang Jinyu Hardware Co., Ltd. |
89PI |
|
LIANYUNGANG PINGXIN FASTENER COMPANY LIMITED |
89PJ |
|
Lianyungang Xincheng hardware Co., Ltd. |
89PK |
|
LYG Dragonscrew Co., Ltd. |
89PL |
|
MIANXUAN FASTENERS CO., Ltd. |
89PM |
|
NEDSCHROEF FASTENERS (KUNSHAN) CO., Ltd. |
89PN |
|
Ningbo Da Zhi Machine Technology CO., Ltd. |
89PO |
|
Ningbo Jinding Fastening Piece CO., Ltd. |
89PR |
|
NINGBO LEMNA PRODUCT TECHNOLOGY CO., Ltd. |
89PS |
|
Ningbo Sardis Hardware Products Co., Ltd. |
89PT |
|
NINGBO YINZHOU HAIYUN METAL PRODUCTS CO., Ltd. |
89PV |
|
Ningbo Zhenghai Yongding Fastener Co., Ltd. |
89PW |
|
NINGBO ZHENHAI DINGLI FASTENER SCREW CO., Ltd. |
89PX |
|
Ningbo Zhongjiang High Strength Bolts Co., Ltd. |
89PY |
|
OK TECH CO., Ltd. |
89PZ |
|
PINGHU DRAGON FASTENER CO., Ltd. |
89QA |
|
QIFENG PRECISION INDUSTRY SCI-TECH CORP. |
89QC |
|
Qingdao Super Star Tools Co., Ltd. |
89QD |
|
QINGDAO VANKU INDUSTRY GROUP |
89QE |
|
QINGDAO XINHUA HARDWARE PRODUCTS CO., Ltd. |
89QF |
|
SHANGHAI FIRM METAL CO., Ltd. |
89QG |
|
Shanghai Kingpluse Industry Co., Ltd. |
89QH |
|
Shanghai Moutain Industries Co., Ltd. |
89QJ |
|
SHANGHAI ROMAX HARDWARE CO., Ltd. |
89QK |
|
SHANGRAO CITY YIWEN FASTENER CO., LIMITED |
89QL |
|
Suzhou YNK Fastener Co., Ltd. |
89QM |
|
T&Y Hardware Industry Co., Ltd. |
89QN |
|
TAISHAN DONYI HARDWARE CO., Ltd. |
89QO |
|
TANDL INDUSTRY CO., Ltd. |
89QP |
|
Xingtai Mindu Industrial Co. Ltd. |
89QQ |
|
Yongnian Country Tianbang Fasteners Co., Ltd. |
89QR |
|
Zhejiang Cooper Turner Beck Green Energy Co., Ltd. |
89QT |
|
Zhejiang Donghe Machinery Technology Corporation Limited |
89QV |
|
ZHEJIANG EXCELLENT INDUSTRIES CO., Ltd. |
89QW |
|
Zhejiang Haixun Precision Technology Co., Ltd. |
89QX |
|
ZHEJIANG HYSTRON AUTO PARTS CO., Ltd. |
89QY |
|
ZHEJIANG NEW SHENGDA FASTENER CO., Ltd. |
89QZ |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2153/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)