European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2152

23.10.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/2152 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha le haghaidh conarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus le haghaidh comórtais deartha i dtaobh na mblianta 2026-2027

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (1), agus go háirithe Airteagal 6(5), an dara fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (‘an Comhaontú’) agus is é is cuspóir dó margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a pháirtithe. Tá feidhm ag an gComhaontú maidir le haon chonradh soláthair lena ngabhann luach atá cothrom leis na méideanna (‘tairseacha’) a shocraítear ann nó lena ngabhann luach atá níos mó ná na méideanna sin, arna shloinneadh i dtéarmaí ceart tarraingthe speisialta.

(2)

Ceann de chuspóirí Threoir 2014/24/AE is ea é a chur ar a gcumas do na húdaráis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh an tráth céanna. Chun a áirithiú go gcomhfhreagraíonn na tairseacha a shocraítear in Airteagal 4, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2014/24/AE do na tairseacha a shocraítear sa Chomhaontú, ba cheart na tairseacha a shocraítear sa Treoir sin a athbhreithniú. I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Threoir 2014/24/AE, ba cheart na tairseacha a shocraítear in Airteagal 13 den Treoir sin a ailíniú leis na tairseacha a shocraítear in Airteagal 4, pointí (a) agus (c), den Treoir sin.

(3)

Ceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2014/24/AE go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na tairseacha gach 2 bhliain, le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá réir sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha le haghaidh na mblianta 2026 agus 2027 ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/24/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2014/24/AE mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 4 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 5 404 000’ in ionad ‘EUR 5 538 000’;

(b)

i bpointe(b), cuirtear ‘EUR 140 000’; in ionad ‘EUR 143 000’;

(c)

i bpointe (c), cuirtear ‘EUR 216 000’ in ionad ‘EUR 221 000’;

(2)

in Airteagal 13, leasaítear an chéad mhír mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear ‘EUR 5 404 000’ in ionad ‘EUR 5 538 000’;

(b)

i bpointe (b), cuirtear ‘EUR 216 000’ in ionad ‘EUR 221 000’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 94, 28.3.2014, lch. 65. ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/24/oj.

(2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2014/115(1)/oj).

(3)   IO L 68, 7.3.2014, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2014/115/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/2152/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)