|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2146 |
23.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2146 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Deireadh Fómhair 2025
lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca, ón Túinéis, ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (CEE) Uimh. 2474/93 (2) (‘an t-imscrúdú bunaidh’), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach 30,6 % ar allmhairí rothar de thionscnaimh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’ nó ‘an tír lena mbaineann’). |
|
(2) |
Tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin, leathnaíodh an dleacht sin le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle (3) chun páirteanna áirithe rothair de thionscnamh na Síne a chumhdach. Tugadh isteach scéim dhíolúine le haghaidh páirteanna áirithe rothair le Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún (4). Ó bhí 1993 ann, foilsíodh athbhreithnithe éaga in 2000, 2011 agus 2019 (5). |
|
(3) |
Na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair, is dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha iad idir 0 % agus 48,5 % arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún (6) an 28 Lúnasa 2019 (‘na bearta atá i bhfeidhm’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú athbhreithnithe roimhe seo’ nó ‘an t-athbhreithniú éaga deireanach’ air. |
|
(4) |
In 2013 leathnaíodh na bearta atá i bhfeidhm chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca agus ón Túinéis a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na hIndinéise, na Malaeisia, Shrí Lanca agus na Túinéise iad nó ná bíodh (7). |
|
(5) |
In 2015 leathnaíodh na bearta a bhí i bhfeidhm a thuilleadh chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Cambóide, na Pacastáine nó na nOileán Filipíneach iad nó ná bíodh (8). |
1.2. Iarraidh ar athbhreithniú éaga
|
(6) |
Tar éis foilsiú fógra maidir le dul in éag atá le tarlú (9), fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 (‘an bun-Rialachán’). |
|
(7) |
Is é Cumann Monaróirí Rothar na hEorpa (‘EBMA’ nó ‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 24 Bealtaine 2024 thar ceann thionscal rothar an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Tá an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil agus den díobháil agus/nó gur dócha go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair. |
1.3. Athbhreithniú éaga a thionscnamh
|
(8) |
Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga an 29 Lúnasa 2024 maidir le hallmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (10) (‘an fógra tionscnaimh’). |
1.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú
|
(9) |
An t-imscrúdú ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go dtarlóidh sí arís, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’). |
1.5. Páirtithe leasmhara
|
(10) |
San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí aitheanta agus údaráis na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. |
|
(11) |
Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. |
1.6. Sampláil
|
(12) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán. |
1.6.1. Táirgeoirí an Aontais a shampláil
|
(13) |
San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla críochnaitheach ar bhonn ionadaíochais i dtéarmaí chainníocht na táirgeachta agus na ndíolachán. Chuir an Coimisiún san áireamh freisin go raibh roinnt táirgeoirí de chuid an Aontais ag ligean an phróisis táirgthe ar fochonradh go páirteach nó go hiomlán do chuideachtaí a oibríonn faoi chomhaontuithe dolaphróiseála (‘dolaphróiseálaithe’). Is é a bhí sa sampla ceithre tháirgeoir de chuid an Aontais. D’iarr an Coimisiún freisin go gcomhoibreodh a ndolaphróiseálaithe comhlachaithe agus neamhchomhlachaithe maidir le sonraí a sholáthar le haghaidh na dtáscairí micreacnamaíocha. Ba iad na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a ghin 40 % de tháirgeacht measta an Aontais. |
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Is sampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é. |
1.6.2. Allmhaireoirí a shampláil
|
(15) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fógra tionscnaimh a sholáthar. |
|
(16) |
Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus dá bhrí sin, níor roghnaíodh aon sampla. |
1.6.3. Sampláil na dtáirgeoirí sa tSín
|
(17) |
Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, más amhlaidh a bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar na táirgeoirí aitheanta uile sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne táirgeoirí eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh. |
|
(18) |
Sholáthair dhá tháirgeoir sa tSín an fhaisnéis a iarradh agus thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Bhí níos lú ná 15 % d’allmhairí iomlána rothar ón tSín chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gceist le hiomlán na n-allmhairí ón dá tháirgeoir onnmhairiúcháin sin. Mheas an Coimisiún nach raibh an méid beag allmhairí sin ionadaíoch ar allmhairí foriomlána rothar ón tSín. |
|
(19) |
Chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh sé, mar gheall ar an leibhéal íseal comhair, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha. |
|
(20) |
I gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go ndéanfaí an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar athbhreithniú. |
1.6.4. Freagraí ar an gceistneoir
|
(21) |
Sheol an Coimisiún ceistneoirí chuig na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Bhí na ceistneoirí céanna curtha ar fáil ar líne (11) freisin lá an tionscnaimh. |
|
(22) |
Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais agus a gcuideachtaí dolaphróiseála. |
1.6.5. Fíorú
|
(23) |
An fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil agus/nó go ndéanfaí an díobháil an athuair agus maidir le leas an Aontais, rinne an Coimisiún an fhaisnéis sin a lorg agus a fhíorú. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:
|
1.6.6. An nós imeachta ina dhiaidh sin
|
(24) |
An 27 Lúnasa 2025, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na dleachtanna frithdhumpála atá ann cheana a choinneáil i bhfeidhm. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh. |
|
(25) |
Ní bhfuarthas aon bharúil ó pháirtithe leasmhara. |
2. AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL
2.1. An táirge faoi athbhreithniú
|
(26) |
Is é an táirge faoi athbhreithniú an táirge céanna a bhí san imscrúdú bunaidh, is é sin rothair dhá roth agus rothair eile (lena n-áirítear trírothaigh, ach gan aonrothaigh a áireamh), nach de chineál mótarthrealmhaithe iad, atá faoi láthair faoi chóid AC 8712 00 30 agus ex 8712 00 70 (cóid TARIC 8712 00 70 91, 8712 00 70 92 agus 8712 00 70 99) (‘an táirge faoi athbhreithniú’). |
2.2. An táirge lena mbaineann
|
(27) |
Is é an táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(28) |
Tá na bearta leathnaithe chun allmhairí an táirge faoi athbhreithniú a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca agus ón Túinéis, agus ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh. |
2.3. An táirge comhchosúil
|
(29) |
Faoi mar a suíodh sna hathbhreithnithe éaga roimhe seo, is amhlaidh a deimhníodh leis an imscrúdú ar an athbhreithniú éaga seo go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus teicniúla céanna, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:
|
|
(30) |
Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
3. IARRAIDH AR ATHRÚ AINM
|
(31) |
Oyama Technology (Jiangsu) Co. Ltd, cód breise TARIC (12) B773, is cuideachta é atá faoi réir ráta dleachta frithdhumpála aonair 0 % agus chuir sé in iúl don Choimisiún an 10 Iúil 2024 gur chinn Rialtas áitiúil Taicang an talamh atá á áitiú ag an gcuideachta faoi láthair in Taicang a úsáid agus gur iarr sé athrú ainm. |
|
(32) |
Mar thoradh air sin, bhí ar an gcuideachta athlonnú go cathair eile (Nantong), agus a hainm a athrú go Oyama Technology (Nantong) Co., Ltd. dá réir sin. |
|
(33) |
Is é sin an dara hiarraidh ar ainm ó Oyama, ar deonaíodh athrú ainm di cheana féin in 2022 ó Oyama Bicycles (Taicang) Co., Ltd go Oyama Technology (Jiangsu) Co. Ltd, a cuireadh i bhfeidhm le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/57 ón gCoimisiún (13). |
|
(34) |
Chuir an chuideachta isteach cóip den Fhógra maidir le Cearta Úsáide Talún a Tharraingt Siar (14). |
|
(35) |
Tar éis don chuideachta a hainm a athrú (15), d’iarr sí ar an gCoimisiún an 10 Iúil 2024 a dheimhniú nach ndéanann an t-athrú ainm difear do cheart na cuideachta leas a bhaint as an ráta dleachta frithdhumpála aonair a cuireadh i bhfeidhm maidir léi faoin ainm a bhí uirthi roimhe seo. |
|
(36) |
Scrúdaigh an Coimisiún an fhaisnéis a bhí ar comhad, agus is é ba chonclúid don scrúdú go raibh an t-athrú ainm cláraithe i gceart an 6 Eanáir 2022 leis na húdaráis ábhartha (Nantong City Market Supervision & Administration Bureau), agus nach raibh aon chaidreamh nua ná athrú struchtúrach ann le grúpaí eile cuideachtaí mar thoradh air, cuideachtaí nár imscrúdaigh an Coimisiún. |
|
(37) |
Dá réir sin, ní dhéanann an t-athrú ar an ainm difear do thorthaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún, agus go háirithe don ráta dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis. |
|
(38) |
I bhfianaise a bhfuil san aithris thuas, mheas an Coimisiún gurbh iomchuí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún a leasú chun ainm athraithe na cuideachta a léiriú, ainm a sannadh roimhe seo do chód breise TARIC B773, agus gur cheart éifeacht a bheith leis an athrú ainm ón 10 Iúil 2024. |
4. DUMPÁIL
4.1. Réamhbharúlacha
|
(39) |
Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairí rothar ón tSín, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná mar a bhí san imscrúdú bunaidh. De réir Eurostat, is é 6 % de mhargadh an Aontais a bhí i gceist le hallmhairí rothar ón tSín i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le sciar 30,2 % den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh, agus 4,1 % le linn an athbhreithnithe éaga roimhe seo. Le breis agus 30 bliain de bhearta, tá laghdú seasta tagtha ar an sciar den mhargadh atá ag an tSín agus chobhsaigh sé ar thart ar 4-6 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(40) |
Mar a luaitear in aithris (18), níor thug ach dhá tháirgeoir ón tSín freagra ar an gcleachtadh samplála, ar measadh nach raibh a sciar carnach d’allmhairí iomlána rothar ón tSín chuig an Aontas ionadaíoch. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne go bhféadfadh sé, mar gheall ar chomhar neamhleor, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí a bhaineann leis an tSín. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin. |
|
(41) |
Dá réir sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil. |
4.2. Dumpáil
4.2.1. An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne
|
(42) |
Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, maidir leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
|
(43) |
Chuir an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne chun faisnéis a fháil, ar faisnéis í a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe maidir leis an saobhadh mór a líomhnaíodh. Ina theannta sin, san fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(44) |
Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín. |
|
(45) |
I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go raibh an Tuirc roghnaithe aige go sealadach mar thír ionadaíoch iomchuí de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun Rialachán chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán. |
|
(46) |
An 16 Bealtaine 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh (an Nóta). Sa Nóta sin, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh rothar. Ina theannta sin, ar bhonn na gcritéar lena dtreoraítear rogha na bpraghsanna neamhshaofa nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an tSeirbia mar thír ionadaíoch iomchuí. |
|
(47) |
Shonraigh an Coimisiún sa Nóta gur chuardaigh sé bunachar sonraí Orbis (16) agus foinsí eile le haghaidh sonraí airgeadais atá ar fáil go héasca ó chuideachtaí a tháirgeann rothair sa Tuirc, tír a chuir an t-iarratasóir in iúl mar thír ionadaíoch. Mar sin féin, leis an bhfaisnéis a bhí ar fáil níorbh fhéidir costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) ná brabúis a ríomh i leith aon chuideachta de chuid na Tuirce. Dá bhrí sin, tugadh neamhaird ar an Tuirc mar thír ionadaíoch fhéideartha. |
|
(48) |
Táirgtear an táirge faoi athbhreithniú i roinnt tíortha ard-mheánioncaim eile, amhail an Bhrasaíl, Meicsiceo, an Mhalaeisia, an India agus an Téalainn. Ar an gcuma chéanna leis an méid a breathnaíodh i gcás na Tuirce, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar shonraí airgeadais a bhí ar fáil go héasca maidir le cuideachtaí a tháirgeann rothair i gcás aon cheann de na tíortha sin. |
|
(49) |
Níor aimsigh an Coimisiún sonraí airgeadais a bhí ar fáil go héasca ach le haghaidh trí chuideachta a tháirgeann rothair sa tSeirbia, ar tír ard-mheánioncaim í freisin. |
|
(50) |
Dá bhrí sin, suíodh gurb í an tSeirbia an tír ionadaíoch is iomchuí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go leagfadh sé síos costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SGA’) agus brabúis bunaithe ar na sonraí airgeadais is déanaí atá ar fáil go héasca maidir le trí tháirgeoir rothar de chuid na Seirbia (i.e. Venera Bike, Cassini Wheels d.o.o. agus Velo Partner d.o.o. Krusevac). |
|
(51) |
Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an Nóta, cé is moite de bharúil a bhain le hearráid chléireachais sna cóid (‘AC’) chustaim le haghaidh tosca táirgeachta áirithe. |
4.2.2. An Gnáthluach
|
(52) |
I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’. |
|
(53) |
Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús (‘costais SGA’ a thugtar ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’ thíos). |
|
(54) |
Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, mar a shuitear in aithris (18), gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm. |
4.2.2.1.
|
(55) |
Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh mór sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre na tíre sin a úsáid. Cumhdaíodh san anailís sin na heilimintí fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach. |
|
(56) |
Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na heilimintí seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach:
|
|
(57) |
Is é a chinneann geilleagar na Síne, lena n-áirítear earnáil na rothar, córas pleanála ilchasta lena leagtar amach tosaíochtaí agus lena bhforordaítear na cuspóirí nach mór do na rialtais lárnacha agus áitiúla díriú orthu. Tríd na beartais sin déantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó lena n-imrítear tionchar ar chaoi eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal den rialtas. Tá earnáil rothar na Síne á cur chun cinn ag Rialtas na Síne, go háirithe trí na hionstraimí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla seo a leanas:
|
|
(58) |
Rinneadh tagairt san iarraidh freisin do Chomhdháil Náisiúnta na Síne maidir le Nuálaíocht Teicneolaíochta agus Forbairt Tionscail an Tionscail Éadroim a tionóladh in Beijing an 26 Meán Fómhair 2021, agus lena linn, pléadh an 13ú agus an 14ú Plean 5 Bliana maidir leis an Tionscal Éadrom (26). |
|
(59) |
Saobhtar costais tosca ar tosca táirgeachta rothar iad go bunúsach sa tSín mar gheall ar idirghabhálacha beartais rialtais. Dá réir sin, is féidir a áitiú go n-imríonn Rialtas na Síne tionchar suntasach ar shocrú agus forbairt praghsanna agus nach iad fórsaí an mhargaidh is cúis le praghsanna na Síne. Áitíodh san iarraidh gurb ann do shaobhadh sistéamach sna hearnálacha seo a leanas: cruach agus alúmanam (ar bun-amhábhair iad i dtionscal na rothar) (27), boinn (28), agus ceimiceáin (29). Ina theannta sin, áitíodh san iarraidh go bhfuil praghsanna fuinnimh saofa mar gheall ar idirghabháil shuntasach agus shistéamach ó Rialtas na Síne i margadh cumhachta na Síne (30). Ar an gcaoi chéanna, tá costais talún agus pá faoi réir saobhadh suntasach freisin mar gheall ar idirghabhálacha ó Rialtas na Síne (31). |
|
(60) |
Deonaíonn institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile rochtain ar mhaoiniú agus caipiteal. Is saintréith de chóras airgeadais na Síne í staid láidir na mbanc atá faoi úinéireacht an Stáit, atá nasctha go láidir leis an Stát, ní hamháin trí úinéireacht ach trí chaidreamh pearsanta freisin. Cuireann na bainc beartais phoiblí chun feidhme agus, ar an gcaoi sin, déanann siad a ngnó i gcomhréir le riachtanais na forbartha eacnamaíche agus sóisialta náisiúnta agus faoi threoraíocht bheartais thionsclaíocha an Stáit (lena n-áirítear rialacha lena dtreoraítear maoiniú isteach in earnálacha arna n-ainmniú ag Rialtas na Síne mar earnálacha atáthar á spreagadh nó atá tábhachtach ar shlí eile). Is minic a dhéantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh agus coinnítear na costais iasachtaíochta íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh (32). |
|
(61) |
Ar deireadh, ní oibríonn dlíthe féimheachta na Síne mar is ceart sa tSín, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe trí ghnólachtaí dócmhainneacha a choinneáil i mbun gnó. Saintréithe de chóras féimheachta na Síne is ea an tearc-fhorfheidhmiúchán córasach agus baineann sé a phríomhchuspóirí, amhail éilimh agus fiacha a réiteach go cóir agus cearta agus leasanna dleathacha creidiúnaithe agus féichiúnaithe a choimirciú (33), amach go neamh-leordhóthanach. |
|
(62) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, thángthas ar an gconclúid san iarraidh sin go bhfuil neart fianaise ann go bhfuil earnáil na rothar sa tSín faoi réir idirghabhálacha ag Rialtas an Síne ar tháinig saobhadh suntasach astu san earnáil. Dá réir sin, ba cheart an gnáthluach agus an corrlach dumpála a shuí faoi threoir Airteagal 2(6a) seachas Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán (34). |
|
(63) |
Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh le déanaí a bhain leis na hearnálacha alúmanaim (35) agus cruach (36) sa tSín, arb iad sin na príomh-amhábhair chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh, shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(64) |
Sna himscrúduithe sin, chinn an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (37). |
|
(65) |
Go sonrach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, ní hamháin gurbh ann fós do chuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne in earnálacha alúmanaim agus cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc, den bhun-Rialachán (38), ach go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais tríd an Stát a bheith i láthair i ngnólachtaí freisin de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc, den bhun-Rialachán (39). Shuigh an Coimisiún thairis sin go raibh éifeachtaí saofa breise ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais chomh maith le soláthar amhábhar agus ionchuir ar an margadh. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh ar an gcóras pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (40). |
|
(66) |
Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (41). Ar an gcaoi chéanna, rinne an Coimisiún amach gurbh ann do shaobhadh maidir le costais phá sna hearnálacha alúmanaim agus cruach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (42), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le gníomhaithe corparáideacha caipiteal a rochtain sa tSín (43). |
|
(67) |
Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú, ba é conclúid an Choimisiúin gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní eol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin. |
|
(68) |
Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (44), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(69) |
Ar an gcúigiú dul síos, níl aon fhianaise ná argóint dá mhalairt tugtha ar aird ag Rialtas na Síne ná ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo. |
|
(70) |
I bhfianaise a bhfuil thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus saothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. |
|
(71) |
Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a shuí go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, mar a thuairiscítear sa roinn seo a leanas. |
4.2.3. Tír ionadaíoch
4.2.3.1.
|
(72) |
Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:
|
|
(73) |
Mar a mhínítear in aithris (46), d’eisigh an Coimisiún nóta i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh (an ‘Nóta’). Sa Nóta, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an tSeirbia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. |
4.2.3.2.
|
(74) |
Sa Nóta, shainaithin an Coimisiún gur tír í an tSeirbia inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú iontu. Mar a mhínítear faoi aithris (51) ní bhfuarthas aon bharúil. |
4.2.3.3.
|
(75) |
Sa Nóta thug an Coimisiún le fios, i gcás na Seirbia, go bhfuil sonraí airgeadais maidir le táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú chomh maith le sonraí maidir le hallmhairí amhábhar ábhartha, maidir le fuinneamh agus maidir le saothar ar fáil go héasca. |
|
(76) |
Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún cuardach ar Orbis Bureau van Dijk maidir le hinfhaighteacht shonraí airgeadais na gcuideachtaí táirgthe sa tSeirbia (47). Níor aimsíodh sonraí a fuarthas le déanaí agus atá ar fáil go héasca ach i gcás trí tháirgeoir sa tSeirbia – Venera Bike, Cassini Wheels d.o.o. agus Velo Partner d.o.o. Krusevac – i measc tíortha a bhfuil an leibhéal forbartha atá iontu cosúil leis an leibhéal atá sa Sín. Cumhdaíodh an bhliain airgeadais dar chríoch 2023 sna ráitis airgeadais is déanaí ó na cuideachtaí sin. Ina theannta sin, bhí sonraí ar fáil ag an tSeirbia maidir leis na tosca táirgeachta, leictreachas agus costais saothair. |
|
(77) |
Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an Nóta go bhfuil sé beartaithe aige an tSeirbia a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus sonraí ó na cuideachtaí Venera Bike, Cassini Wheels d.o.o. agus Velo Partner d.o.o. Krusevac a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú chun gnáthluach a ríomh. |
|
(78) |
Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Seirbia mar thír ionadaíoch agus ar oiriúnacht Venera Bike, Cassini Wheels d.o.o. agus Velo Partner d.o.o. Krusevac mar tháirgeoirí sa tír ionadaíoch. |
|
(79) |
Ní bhfuarthas aon bharúil. |
4.2.3.4.
|
(80) |
Tar éis a shuí gurb í an tSeirbia an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. |
4.2.3.5.
|
(81) |
I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an tSeirbia na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí. |
4.2.4. Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí
|
(82) |
Sa Nóta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáidtear i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú ar bhonn na faisnéise a chuir an t-iarratasóir isteach agus lena léirítear an próiseas monaraíochta a úsáidtear san Aontas. Luaigh an Coimisiún freisin, d’fhonn an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (GTA) (48) agus MacMap (49) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta, go sonrach na hamhábhair. Ina theannta sin, dhearbhaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé Eurostat chun costais neamhshaofa saothair, leictreachais agus gáis a shuí. |
|
(83) |
D’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt agus an fhaisnéis atá ar fáil go poiblí a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa i leith gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin. Fuair an Coimisiún barúil ó EBMA maidir le hearráid chléireachais ar na cóid AC a bhaineann le trí thoisc tháirgeachta. Leasaigh an Coimisiún an liosta i dTábla 1 dá réir. |
|
(84) |
Bhí liosta na dtosca táirgeachta a cuireadh i láthair sa Nóta bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir agus an dá tháirgeoir onnmhairiúcháin a tháinig chun cinn tráth an tionscnaimh (féach aithris (18)), tríd an bhfoirm a léirítear i Roinn 5.3.2. den fhógra tionscnaimh. Mar gheall ar chomhar neamhionadaíoch agus toisc nár thug aon chuideachta freagra ar an gceistneoir, ní raibh an Coimisiún in ann tomhaltas roinnt ábhar a shainaithint agus a fhíorú. Ar an gcúis sin, chinn an Coimisiún úsáid a bhaint as liosta na n-ábhar a sholáthair an t-iarratasóir, inar léiríodh freisin an tomhaltas i gcás gach toisce táirgeachta. |
|
(85) |
I gcomparáid le liosta na n-ábhar a chuirtear i láthair sa Nóta, cuimsítear ‘moil’ sa liosta athbhreithnithe a thuairiscítear i dTábla 1 ach ní chuimsítear ‘roth’, ‘glais fraincín’ agus ‘cartáin phacáistithe’. |
|
(86) |
Thairis sin, mar gheall ar an líon mór tosca táirgeachta agus mar gheall ar a dhiomaibhsí atá cuid de na hamhábhair i gcostas iomlán na monaraíochta, rinneadh na hítimí sin a ghrúpáil faoi thomhaltáin. Cuimsíodh sna tomhaltáin sin freisin na ‘páirteanna eile’ a cuimsíodh sa Nóta. Ríomh an Coimisiún céatadán na dtomhaltán ar chostas iomlán na n-amhábhar agus chuir sé an céatadán sin i bhfeidhm ar chostas athríofa na n-amhábhar agus na tagarmharcanna neamhshaofa arna suí sa tír ionadaíoch iomchuí á n-úsáid aige. |
4.2.5. Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa
4.2.5.1.
|
(87) |
I bhfianaise na faisnéise uile ar bhonn na hiarrata agus na faisnéise a ndearnadh an Coimisiún anailís uirthi ina dhiaidh sin, sainaithníodh na tosca táirgeachta seo a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán: Tábla 1 Tosca táirgeachta rothar
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
4.2.5.2.
|
(88) |
Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear i mbunachar GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis. I bhfianaise chineál an athbhreithnithe reatha agus leibhéal na dumpála a fuarthas, níor cuireadh costais iompair leis an bpraghas. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 (52) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(89) |
Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (55) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí méid na n-allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós. |
|
(90) |
Bhí sciar diomaibhseach de na costais amhábhar iomlána i monaraíocht i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gceist i gcás roinnt de na tosca táirgeachta, bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas ar athbhreithniú. Ós rud é nach raibh aon tionchar suntasach ag an luach a úsáideadh dóibh siúd ar na ríomhanna maidir leis an gcorrlach dumpála, gan beann ar an bhfoinse a úsáideadh, chinn an Coimisiún na costais sin a áireamh le tomhaltáin mar a mhínítear in aithris (86). |
|
(91) |
Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Dá bhrí sin, agus an toradh in aithris (107) á chur san áireamh, mar aon le cineál an athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an ndéanfaí an athuair í, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin. |
4.2.5.3.
|
(92) |
Foilsíonn Eurostat faisnéis mhionsonraithe maidir le tuarastail agus pá in earnálacha difriúla den gheilleagar sa tSeirbia. D’úsáid an Coimisiún na sonraí is déanaí a bhí ar fáil don bhliain 2020 le haghaidh meánchostas saothair san Earnáil ‘Tionscal, tógáil agus seirbhísí (seachas riarachán poiblí, cosaint, slándáil shóisialta éigeantach)’ sa tSeirbia, bunaithe i gcoibhéisí lánaimseartha, in aghaidh na huaire (53). Thug an Coimisiún na sonraí sin cothrom le dáta go dtí deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus úsáid á baint as innéacs ráithiúil na gcostas saothair (54) arna fhoilsiú ag Eurostat. |
4.2.5.4.
|
(93) |
Foilsíonn Eurostat praghas an leictreachais do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa tSeirbia (55). D’úsáid an Coimisiún na sonraí le haghaidh praghsanna tomhaltóirí neamhtheaghlaigh (lena n-áirítear úsáideoirí tionsclaíocha) ar leictreachas (56) sa tSeirbia, lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.2.5.5.
|
(94) |
Foilsíonn Eurostat praghas an gháis nádúrtha do chuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa tSeirbia (57). D’úsáid an Coimisiún na sonraí le haghaidh praghsanna tomhaltóirí neamhtheaghlaigh ar ghás nádúrtha sa tSeirbia (58), lena gcumhdaítear tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
4.2.5.6.
|
(95) |
De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas. |
|
(96) |
Chun luachanna neamhshaofa a shuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta, agus mar gheall ar chomhar neamhleor na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta le hiomlán na gcostas monaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin chun feidhme ansin maidir le luach neamhshaofa chostas na monaraíochta agus na gcostas saothair chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil. |
4.2.6. Ríomh an ghnáthluacha
|
(97) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
|
(98) |
Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun rothair a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tSeirbia, mar a thuairiscítear i Roinn 4.2.2. |
|
(99) |
Nuair a suíodh costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SGA agus brabús i bhfeidhm mar a luaitear in aithrisí (96) go (96). Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar na sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais SGA agus an brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Bike, Velo Partner Doo Krusevac agus Casiniroth Doo don bhliain 2023 mar a tuairiscíodh i gcuntais iniúchta na gcuideachtaí (59) (féach aithris (50)). Ríomhadh costais SGA agus an brabús mar mheán ualaithe na dtrí chuideachta. |
|
(100) |
Chuir an Coimisiún na hítimí seo a leanas le costais neamhshaofa na monaraíochta:
|
|
(101) |
Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán. |
4.2.7. An praghas onnmhairiúcháin
|
(102) |
Sa chás sin bhí comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín neamhleor; dá bhrí sin, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar CAL le sonraí Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, L baineadh méid le haghaidh muirlasta agus lasta intíre sa tír is onnmhaireoir (60) de phraghas CA. |
|
(103) |
De ghnáth, ba cheart árachas a bhaint de phraghas onnmhairiúcháin CAL freisin. Dá bhrí sin, agus an toradh in aithris (107) á chur san áireamh, mar aon le cineál an athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an ndéanfaí an athuair í, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hárachas aigéin. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach na costais onnmhairiúcháin a laghdú sa chaoi go mbeadh an corrlach dumpála níos airde dá réir sin. |
4.2.8. Comparáid
|
(104) |
Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis an bpraghas onnmhairiúcháin a ríomhadh ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a shuitear thuas. Mar gheall ar an gcomhar neamhleor a phléitear in aithris (41), ní dhearnadh an chomparáid in aghaidh an chineáil táirge. |
|
(105) |
Chun comparáid chothrom a áirithiú, choigeartaigh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin de réir difríochtaí a imríonn tionchar ar phraghsanna agus ar inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán. Ceanglaítear le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún comparáid chothrom a dhéanamh idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin ar an leibhéal céanna trádála agus chun lamháltas a dhéanamh i leith difríochtaí i dtosca a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna. Sa chás sin, roghnaigh an Coimisiún comparáid a dhéanamh idir gnáthluach agus praghas onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ar leibhéal na trádála díreach ón monarcha. Dá réir sin, rinneadh coigeartuithe le haghaidh muirlasta agus lasta intíre sa tír is onnmhaireoir (61). |
4.2.9. Corrlach dumpála
|
(106) |
Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach agus meánphraghas onnmhairiúcháin an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán. |
|
(107) |
Ar an mbonn sin, ba é 488 % an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán de phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc. Dá bhrí sin, ba é an chonclúid ar thángthas air gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
5. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL
|
(108) |
Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfar den dumpáil, má ligfear do na bearta dul in éag. Rinneadh anailís ar na heilimintí seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais. |
5.1. An acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín
|
(109) |
Maidir leis an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín, mar gheall ar chomhar neamhleor na dtáirgeoirí Síneacha, ba ghá na torthaí a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga. |
|
(110) |
Sholáthair an t-iarratasóir fianaise go meastar gur thart ar 150 milliún píosa í acmhainneacht táirgeachta rialta rothar sa tSín in 2023 (62), acmhainneacht atá i bhfad os cionn na hacmhainneachta táirgeachta a measadh a bheith ann san athbhreithniú éaga roimhe seo (117 milliún píosa) (63). Mheas an t-iarratasóir freisin gur 11 mhilliún píosa in aghaidh na bliana iad na díolacháin intíre sa tSín agus gur thart ar 38 milliún píosa in aghaidh na bliana iad na honnmhairiúcháin na Síne (64). Dá bhrí sin, eascraíonn acmhainneacht bhreise os cionn 100 milliún píosa in aghaidh na bliana as sin . |
|
(111) |
Tá an acmhainneacht táirgeachta sa tSín (150 milliún píosa in aghaidh na bliana) 15 uair níos mó ná tomhaltas an Aontais (8,7 milliún píosa sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe) agus níos mó ná 20 oiread tháirgeacht an Aontais le linn na tréimhse céanna sin (7 milliún píosa sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe). Ar an gcuma chéanna, tá an acmhainn bhreise (beagán os cionn 100 milliún píosa in aghaidh na bliana) níos mó ná deich n-oiread thomhaltas an Aontais sa tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe. |
|
(112) |
Thairis sin, mar a suíodh cheana san athbhreithniú éaga roimhe seo (65), agus mar a deimhníodh le linn an imscrúdaithe, is oibríocht chóimeála é táirgeadh rothar, go bunúsach, a d’fhéadfaí a mhéadú go héasca tríd an líon pearsanra a mhéadú. I ndáil leis an méid sin, d’fhéadfadh táirgeoirí de chuid na Síne acmhainneacht nua a fhorbairt go tapa trí phearsanra nua a fhostú agus thiocfadh méadú tapa ar tháirgeadh rothar ansin. |
|
(113) |
Ar deireadh, mheas an Coimisiún nach mbeadh éileamh intíre na Síne ná éileamh ar fud an domhain in ann an acmhainneacht bhreise nach beag atá ar fáil sa tSín a ionsú. |
|
(114) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag táirgeoirí de chuid na Síne chun soláthar do mhargadh an Aontais má ligtear do na bearta dul in éag. |
5.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(115) |
Chun forbairt fhéideartha allmhairí a shuí i gcás ina n-aisghairfí bearta, mheas an Coimisiún tarraingteacht mhargadh an Aontais maidir le praghsanna. Tá margadh an Aontais tarraingteach ó thaobh a mhéide agus a phraghsanna de. |
|
(116) |
Ó thaobh méide de, d’ainneoin an tomhaltais rothar atá ag laghdú i margadh an Aontais, d’fhan éileamh an Aontais ar rothair ar leibhéal suntasach agus ba é 6,5 % den mhargadh domhanda de thart ar 139 milliún píosa in aghaidh na bliana (66) a bhí i gceist. |
|
(117) |
Ina theannta sin, tá bearta forchurtha ag margaí tábhachtacha amhail an Ríocht Aontaithe, an Airgintín nó Meicsiceo ar allmhairí rothar ón tSín (67). Dá bhrí sin, beidh margadh an Aontais níos tarraingtí fós má ligtear do na bearta dul in éag. |
|
(118) |
Ó thaobh praghsanna de, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bunaithe ar shonraí onnmhairiúcháin GTA, bhí praghas díola rothar Síneach chuig an Aontas (EUR 89,06 in aghaidh an phíosa, arna shloinneadh in SAB), níos airde ná an chuid eile den domhan (EUR 51,87 in aghaidh an phíosa, arna shloinneadh in SAB). |
|
(119) |
Dá bhrí sin, tá margadh an Aontais, ó thaobh praghsanna de, tarraingteach i gcónaí do tháirgeoirí na Síne. |
5.3. Conclúid
|
(120) |
Bunaithe ar an méid thuas agus i bhfianaise na hacmhainneachta breise nach mór sa tSín agus i bhfianaise tharraingteacht mhargadh an Aontais, táimid tagtha ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar an dumpáil an athuair mar thoradh ar na bearta a aisghairm, agus go dtiocfaidh onnmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais i gcainníochtaí substaintiúla. |
6. DÍOBHÁIL
6.1. Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais
|
(121) |
Rinne níos mó ná 400 táirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar a luadh san athbhreithniú éaga deireanach, bhí cuid den phróiseas táirgthe nó an próiseas táirgthe ina iomláine á ligean ar fochonradh ag cuid acu do chuideachtaí tríú páirtí a oibríonn faoi chomhaontuithe fochonraitheoireachta (ar a dtugtar ‘dolaphróiseálaithe’). Is iad na táirgeoirí agus dolaphróiseálaithe sin atá i dtionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán. |
|
(122) |
Suíodh táirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ag thart ar 7 mhilliún píosa. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail an iarraidh ar athbhreithniú agus an freagra ar an gceistneoir a seoladh chuig comhlachas tháirgeoirí an Aontais, EBMA. |
|
(123) |
Mar a léirítear in aithris (13), rinneadh ceithre tháirgeoir de chuid an Aontais agus a gcuideachtaí dolaphróiseála a shampláil a bhfuil níos mó ná 40 % de tháirgeacht iomlán an táirge chomhchosúil san Aontas acu. |
6.2. Tomhaltas an Aontais
|
(124) |
Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais bunaithe ar shonraí a chuir EBMA isteach. |
|
(125) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais: Tábla 2 Tomhaltas an Aontais (píosaí)
|
||||||||||||||||||||||
|
(126) |
Tháinig laghdú níos mó ná 40 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is é is cúis leis an laghdú ar an tomhaltas den chuid is mó an t-éileamh atá ar bhogadh go rothair leictreacha ach laghdú freisin tar éis an laghdaithe ar an éileamh tar éis dheireadh thréimhse na paindéime. |
6.3. Allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne
6.3.1. Cainníocht agus sciar den mhargadh atá ag allmhairí ón tSín
|
(127) |
Shuigh an Coimisiún cainníocht na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn thomhaltas an Aontais i dTábla 2. |
|
(128) |
Is mar seo a leanas a d’fhorbair allmhairí ón tSín isteach san Aontas: Tábla 3 Cainníocht na n-allmhairí (píosaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(129) |
Tháinig laghdú ar chainníocht na n-allmhairí ón tSín de réir mar a tháinig laghdú ar thomhaltas i margadh an Aontais freisin. Lean an sciar den mhargadh atá ag an tSín de bheith cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú, áfach. Tá dhá cheann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne faoi réir dleacht 0 %, agus eisiadh tríú táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na Síne ón dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm. Bhí níos lú ná leath d’allmhairí uile an táirge faoi athbhreithniú le linn na tréimhse faoi bhreathnú i gceist leis na honnmhairí a rinne na trí tháirgeoir sin. In imscrúdú an athbhreithnithe, bhí 46,5 % de chainníocht na n-allmhairí i bpíosaí isteach san Aontas i gceist leis na hallmhairí sin, i.e. 3.0 % den sciar den mhargadh. |
6.3.2. Praghsanna na n-allmhairí ón tSín agus sladghearradh praghais
|
(130) |
Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat toisc nár leor an comhar ó tháirgeoirí de chuid na Síne sa chás sin. Suíodh sladghearradh phraghais na n-allmhairí ar bhonn comparáid idir na praghsanna sin ó Eurostat agus praghsanna díola na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas. |
|
(131) |
Is mar a leanas a d’fhorbair meánphraghas na n-allmhairí isteach san Aontas ón tSín: Tábla 4 Praghsanna allmhairí (EUR/ píosa)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(132) |
Leis na sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat, ní féidir aon anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar na cineálacha rothar atá á n-allmhairiú ón tSín, agus dá bhrí sin, cailltear an réimse táirgí idir rothair do dhaoine fásta, rothair do leanaí óga, rothair sléibhe agus mar sin de laistigh de na sonraí. D’fhéadfadh an méadú ar phraghsanna athruithe ar an réimse táirgí chomh maith le boilsciú domhanda a léiriú. |
|
(133) |
Mar sin féin, is féidir a fheiceáil go raibh an praghas allmhairiúcháin ó na cuideachtaí atá faoi réir dleacht 0 % nó a eisiadh ón dleacht frithdhumpála i bhfad níos airde ná na hallmhairí sin ó chuideachtaí atá faoi réir dleachta. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach eol an réimse táirgí i gcás na n-allmhairí sin ach oiread. |
|
(134) |
Chinn an Coimisiún an sladghearradh praghais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe trí chomparáid a dhéanamh idir meánphraghsanna díola ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhchomhlachaithe ar mhargadh an Aontais, arna gcoigeartú de réir leibhéal díreach ón monarcha agus mheánphraghas na n-allmhairí ón tSín ó Eurostat, arna suí ar bhonn costais, árachais agus last-táille (CAL), lena n-áirítear an dleacht frithdhumpála. |
|
(135) |
Rinne an chomparáid praghsanna ar an leibhéal céanna trádála. Sloinneadh toradh na comparáide mar chéatadán de láimhdeachas na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirigh sé meánchorrlach sladghearrtha 50 % de réir na n-allmhairí ón tSín ar mhargadh an Aontais, agus íocadh an dleacht frithdhumpála. |
|
(136) |
Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéanann na hallmhairí arna ndéanamh ag cuideachtaí a bhfuil dleacht 0 % orthu nó a eisiatar ón dleacht frithdhumpála sladghearradh suntasach 36 % fós ar phraghas na tháirgeoirí an Aontais. Léiríonn sé sin go ndearna allmhairí uile na Síne sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus go bhfuil cosaint de dhíth ar thionscal an Aontais. |
6.4. Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín
|
(137) |
Is ón gCambóid, ón mBanglaidéis agus ón Téaváin den chuid is mó a tháinig allmhairí ó thríú tíortha seachas ón tSín. |
|
(138) |
Is mar a leanas a tháinig forbairt ar chainníocht na n-allmhairí isteach san Aontas agus ar an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna i gcás allmhairí ó thríú tíortha eile: Tábla 5 Allmhairí ó thríú tíortha
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(139) |
Tháinig laghdú ar na hallmhairí uile ó thíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar sin féin, bhí éagsúlacht mhór i leibhéal na bpraghsanna idir na tíortha éagsúla. Is dócha go mbainfidh an fhorbairt praghsanna thar na blianta le réimse táirgí na dtáirgí allmhairithe, ós rud é go socraítear an praghas in aghaidh an phíosa gan beann ar an gcineál rothair atá ann. Cé gur cosúil go bhfuil allmhairí na Téaváine agus na Cambóide aistrithe i dtreo rothair ardleibhéil, d’fhan an praghas allmhairiúcháin ón mBanglaidéis agus ó thríú tíortha eile sách íseal agus bhí teacht níos mó le praghsanna na Síne. |
|
(140) |
Tá allmhairí ó gach tríú tír, seachas an Téaváin, níos ísle ná praghas thionscal an Aontais. I ngach cás, áfach, tá praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha sin fós níos airde ná praghsanna ón tSín. |
6.5. Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais
6.5.1. Barúlacha ginearálta
|
(141) |
Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(142) |
Úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscail an Aontais a mheasúnú. |
|
(143) |
Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí comhlachas tháirgeoirí an Aontais EBMA. Bhain na sonraí le táirgeoirí uile an Aontais. |
|
(144) |
Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais ar an gceistneoir. Bhain na sonraí leis na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
|
(145) |
Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo. |
|
(146) |
Seo a leanas na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú. |
6.5.2. Táscairí maicreacnamaíocha
6.5.2.1.
|
(147) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 6 Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(148) |
Tháinig laghdú suntasach ar tháirgeacht an Aontais i bpíosaí le linn na tréimhse. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí an táirgeacht beagnach 40 % níos ísle ná mar a bhí in 2021. Lean an laghdú sin an treocht maidir le tomhaltas, a bhí ann mar gheall ar aistriú chuig rothair leictreacha agus an laghdú a tháinig ar an éileamh tar éis dheireadh thréimhse na paindéime, mar a leagtar amach in aithris (126). |
|
(149) |
Lean acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais de bheith cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. I gcomparáid leis an mbonnbhliain 2021, tháinig méadú beag ar an acmhainneacht táirgeachta in 2022 agus 2023, agus tháinig laghdú ina dhiaidh sin ar thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(150) |
Tháinig laghdú 30 pointe céatadáin ar úsáid acmhainneachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse. Ós rud é gur lean acmhainneacht thionscal an Aontais de bheith cobhsaí, is féidir an laghdú ar an úsáid acmhainneachta a mhíniú leis an treocht anuas i gcainníochtaí táirgeachta san Aontas. |
6.5.2.2.
|
(151) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar chainníocht na ndíolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 7 An chainníocht díolachán (píosaí) agus an sciar den mhargadh
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(152) |
I dtionscal an Aontais tháinig laghdú 35 % ar dhíolacháin ar mhargadh an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach mar gheall ar laghdú níos follasaí fós ar thomhaltas le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 13 % ar a sciar den mhargadh, rud a d’fhág go raibh sciar 70 % den mhargadh aige le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
6.5.2.3.
|
(153) |
I bhfianaise an laghdaithe ar thomhaltas an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais, níor aimsigh an Coimisiún fás ach i dtéarmaí an sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
6.5.2.4.
|
(154) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 8 Fostaíocht agus táirgiúlacht
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(155) |
Ní raibh tionscal an Aontais in ann leibhéal seasta fostaíochta a choinneáil ar bun le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí laghdú ar an táirgiúlacht freisin. Mar sin féin, is féidir leis an réimse táirgí difear mór a dhéanamh ó thaobh táirgiúlachta de, ós rud é gur féidir i bhfad níos mó rothar do leanaí a dhéanamh in aon lá amháin ná rothair sléibhe ardleibhéil. |
6.5.2.5.
|
(156) |
Ba mhór iad na corrlaigh dhumpála a suíodh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe le haghaidh allmhairí ón tSín. Ba mhór an éifeacht a bhí ag méid na gcorrlach dumpála iarbhír ar thionscal an Aontais, i bhfianaise mhéid agus phraghsanna na n-allmhairí ón tSín. |
|
(157) |
Dá bhrí sin, d’fhág praghsáil éagórach leanúnach ó onnmhaireoirí ón tSín freisin go raibh sé dodhéanta do thionscal an Aontais téarnamh ó chleachtais dumpála roimhe seo. |
6.5.3. Táscairí micreacnamaíocha
6.5.3.1.
|
(158) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 9 Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/píosa)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(159) |
Tá raon mór táirgí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a athraíonn ó shéasúr go séasúr agus, dá bhrí sin, bhí sé deacair comparáidí a dhéanamh idir na blianta ó thaobh praghsanna de. Mar sin féin, léirigh na sonraí gur lean na praghsanna díola in aghaidh na bliana de bheith níos airde ná costas aonaid an táirgthe sa bhliain chéanna. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann costas aonaid an táirgthe a sholáthraítear le gach táirgeoir sampláilte de chuid an Aontais, lena n-áirítear na dolaphróiseálaithe, agus nár tugadh an praghas díola aonaid ach amháin i gcás na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais a bhfuil díolacháin dhíreacha neamhchomhlachaithe acu. |
6.5.3.2.
|
(160) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 10 Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí
|
||||||||||||||||||||||
|
(161) |
Lean costais saothair de bheith cobhsaí agus tháinig laghdú beag orthu fiú i gcás na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
6.5.3.3.
|
(162) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 11 Stoic
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(163) |
Níor measadh gur táscaire iontaofa iad stoic rothar críochnaithe ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais, toisc nach gcoinníonn roinnt oibreoirí a tháirgeann faoi chomhaontú dolaphróiseála stoic iad féin. Dá bhrí sin, léiríonn an táscaire na cuideachtaí sin a dhíolann faoina n-ainm féin amháin. Mar sin féin, tá méadú faoi dhó tagtha ar leibhéal na stoc deiridh mar chéatadán den táirgeacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a léiríonn méadú ar leibhéil na stoc. |
6.5.3.4.
|
(164) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 12 Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(165) |
Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais trí bhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. |
|
(166) |
Mar sin féin, níor léirigh an táscaire ach dhá cheann de na ceithre tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais a raibh díolacháin acu le páirtithe neamhchomhlachaithe. Ní raibh aon díolachán le páirtithe neamhchomhlachaithe ag na táirgeoirí sampláilte sin a tháirgeann faoi chomhaontú dolaphróiseála agus is é miondíol gach rothair leis an gcustaiméir deiridh a bheadh sa chéad díolachán neamhchomhlachaithe. |
|
(167) |
Laghdaíodh an bhrabúsacht faoina leath le linn na tréimhse faoi bhreathnú, ó 4 % go 2 %. Léirigh sé sin nach raibh tionscal an Aontais in ann brabús sláintiúil a dhéanamh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a chuaigh in olcas mar gheall ar an laghdú ar thomhaltas agus ar dhíolacháin le linn na tréimhse sin. |
|
(168) |
Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig forbairt dhearfach ar threocht an ghlansreafa airgid le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó phointe an-íseal in 2021. |
|
(169) |
Cé go raibh na táirgeoirí sampláilte in ann infheistíochtaí a dhéanamh ar dtús, lena n-áirítear saoráidí táirgthe úrnua chun gach cineál rothar a chóimeáil, tháinig laghdú ollmhór ar leibhéal na n-infheistíochtaí tar éis 2022. |
|
(170) |
Léirítear leis an toradh ar infheistíochtaí an brabús atá ginte ag na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais mar chóimheas de ghlanluach a n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Lean an toradh de bheith dearfach le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach lean sé an treocht dhiúltach maidir le brabúsacht agus cainníochtaí díolacháin. |
6.6. Conclúid maidir le díobháil
|
(171) |
Cé gur tháinig laghdú 44 % ar allmhairí ón tSín i gcomhthéacs tomhaltais margaidh atá ag laghdú, lean a sciar den mhargadh de bheith cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sé suntasach ag 6,5 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus tháinig laghdú níos suntasaí ar allmhairí ó gach tríú tír eile, rud a d’fhág gur tháinig laghdú 7 bpointe céatadáin ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(172) |
Bhí allmhairí ón tSín ag sladghearradh phraghsanna thionscal an Aontais go suntasach, rud a chuir brú praghsanna ar mhargadh an Aontais. |
|
(173) |
Mar thoradh air sin, léiríodh leis an gcuid is mó de na táscairí díobhála treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(174) |
Tháinig laghdú ar tháirgeacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an laghdú sin inchurtha i leith laghdú 42 % ar thomhaltas ar mhargadh an Aontais. Ar an iomlán, tháinig laghdú 38 % ar an táirgeacht, agus tháinig laghdú 35 % ar dhíolacháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. |
|
(175) |
Ós rud é go raibh an laghdú ar thomhaltas níos mó ná an caillteanas i ndíolacháin thionscal an Aontais, bhí tionscal an Aontais in ann a sciar den mhargadh a mhéadú 8 bpointe céatadáin le linn na tréimhse faoi bhreathnú go 70 % i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
|
(176) |
Mar sin féin, léiríodh leis na táscairí go raibh an brabús fós íseal, idir 2 % agus 4 %, de réir mar a bhí arduithe praghsanna ag teacht le méaduithe ar chostais. Tháinig laghdú mór ar an toradh ar infheistíocht agus ar an táirgiúlacht. Ina theannta sin, lean an fhostaíocht an treocht dhiúltach le caillteanas 14 %. |
|
(177) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, mheas an Coimisiún sa deireadh gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. |
7. CÚISÍOCHT
|
(178) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ón tSín. |
|
(179) |
I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna. Aon díobháil fhéideartha, ar tosca eile ba chúis léi seachas na hallmhairí dumpáilte ón tSín, d’áirithigh an Coimisiún nár cuireadh an díobháil sin síos do na hallmhairí dumpáilte. I measc na dtosca sin tá an laghdú ar an éileamh le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus allmhairí ó thíortha eile. |
7.1. Éifeachtaí na n-allmhairí ón tSín
|
(180) |
Scrúdaigh an Coimisiún an raibh nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. |
|
(181) |
Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, lean an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí dumpáilte ón tSín de bheith cobhsaí thart ar 3 %, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm agus an laghdú suntasach 42 % a bhí ag teacht ar thomhaltas an Aontais. |
|
(182) |
Tháinig méadú 48 % ar phraghsanna allmhairiúcháin rothar dumpáilte ón tSín ó 2021 go 2022 sular thit siad go dtí an leibhéal ar a raibh siad in 2021 le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú 75 % ar phraghsanna thionscal an Aontais. Mar sin féin, ní mór é sin a fhritháireamh i gcoinne an mhéadaithe 76 % ar chostais de thionscal an Aontais. Léirigh sé sin go bhféadfadh allmhairí na Síne leanúint de bheith níos iomaíche ná mar a bhí roimhe seo. |
|
(183) |
Lean praghsanna dumpáilte de chuid na Síne de bheith an-íseal agus bhí siad in ann sladghearradh ollmhór a dhéanamh ar phraghsanna thionscal an Aontais. Bhí sladghearradh praghais ann i gcás allmhairí de chuid na Síne ar íocadh dleacht dumpála orthu agus i gcás allmhairí a bhí faoi réir dleacht 0 % nó a eisiadh ó na bearta, rud ba chúis le brú praghsanna ar mhargadh an Aontais. |
7.2. Éifeachtaí tosca eile
|
(184) |
Léiríodh san anailís díobhála gur choinnigh allmhairí dumpáilte de chuid na Síne isteach san Aontas agus iad siúd nach raibh faoi réir dleachta nó atá faoi réir dleacht 0 % a sciar den mhargadh d’ainneoin bearta frithdhumpála a bhí ann cheana agus tomhaltas an Aontais a bhí ag laghdú ar ardleibhéil sladghearrtha praghsanna. Tharla sé sin in aon tráth leis an meathlú ar tháscairí feidhmíochta airgeadais thionscal an Aontais, amhail laghdú ar bhrabúsacht agus laghdú ar thoradh ar infheistíochtaí. |
|
(185) |
Rinne an Coimisiún idirdhealú agus deighilt idir éifeachtaí na dtosca aitheanta uile ar staid thionscal an Aontais agus éifeachtaí díobhálacha na n-allmhairí dumpáilte. |
7.2.1. Allmhairí ó thríú tíortha
|
(186) |
Bhí cainníocht na n-allmhairí ó gach tríú tír eile suntasach ach léiríodh laghdú suntasach 7 bpointe céatadáin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, mar a léirítear in aithris (137). |
|
(187) |
Rinneadh na hallmhairí sin go páirteach ar phraghsanna lena ndearnadh sladghearradh ar thionscal an Aontais, go háirithe maidir le praghsanna ón mBanglaidéis a lean leibhéal praghsanna allmhairí na Síne. |
|
(188) |
Dá bhrí sin, fiú más féidir gur chuir na hallmhairí sin a laghdaigh le linn na tréimhse faoi bhreathnú le staid dhíobhálach thionscal an Aontais, níor mhaolaigh siad an nasc cúisíoch idir an díobháil agus onnmhairí na Síne. |
7.2.2. Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais
|
(189) |
Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an gcainníocht onnmhairí ó na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tábla 13 Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais
|
||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(190) |
Cé gur lean feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais de bheith cobhsaí go dtí 2023, léirítear titim shuntasach 17 bpointe céatadáin ó 2023 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ar nós na ndíolachán ar mhargadh an Aontais, tháinig méadú ar mheánphraghas na ndíolachán onnmhairiúcháin i gcomhréir leis an méadú ar an gcostas táirgthe. |
|
(191) |
Mar sin féin, tá na cainníochtaí a dhíolann na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais lena n-onnmhairiú teoranta agus tá thart ar 2 % dá ndíolacháin ar mhargadh an Aontais i gceist leo agus, dá bhrí sin, ní fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais. |
7.2.3. Éileamh an Aontais ar rothair
|
(192) |
Tháinig treocht anuas atá soiléir agus géar ar éileamh an Aontais ar rothair, a léirítear in aithris (124). Ba é ba chúis leis an treocht anuas sin spéis mhéadaithe i rothair leictreacha ar thaobh amháin, agus laghdú ar an éileamh tar éis dheireadh thréimhse na paindéime. Mar sin féin, bhí margadh an Aontais fós ar cheann de na margaí is mó ar domhan. |
|
(193) |
Mheas an Coimisiún gur chuir an laghdú ar éileamh leis an díobháil do thionscal an Aontais, cé go raibh tionscal an Aontais in ann sciar éigin den mhargadh a fháil sa mhargadh sin atá ag meath. Dá bhrí sin, níor mhaolaigh an laghdú ar éileamh an nasc cúisíoch idir onnmhairí de chuid na Síne chuig an Aontas agus an díobháil a rinneadh do thionscal an Aontais. |
7.3. Conclúid maidir le cúisíocht
|
(194) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar chonclúid shealadach go ndearna na hallmhairí dumpáilte ón tSín díobháil ábhartha don tionscal de chuid an Aontais. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go raibh tionchar ag tosca eile, go háirithe an laghdú ar thomhaltas agus ar allmhairí ó thríú tíortha eile, ar staid dhíobhálach thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún measúnú breise a dhéanamh ar cé acu an dócha go leanfar den díobháil arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín ba chúis léi má ligtear do na bearta dul in éag, nó nach dócha. |
8. AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL
|
(195) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid in aithris (192) gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar an dóchúlacht go leanfaí den díobháil mar gheall ar na hallmhairí dumpáilte ón tSín má ligtear do na bearta dul in éag. Scrúdaigh an Coimisiún na leibhéil praghsanna is dócha a bheidh ar allmhairí ón tSín in éagmais bearta frithdhumpála agus a dtionchar ar thionscal an Aontais, tarraingteacht mhargadh an Aontais, acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín agus cleachtais imchéimnithe. |
8.1. Leibhéal praghsanna na n-allmhairí gan bearta frithdhumpála
|
(196) |
Bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin isteach san Aontas ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad níos ísle ná meánphraghas díola thionscal an Aontais. Mar a leagtar amach in aithris (134), le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne praghsanna na Síne sladghearradh ar phraghsanna thionscal an Aontais le 50 %, agus íocadh na dleachtanna frithdhumpála. |
|
(197) |
Dá ligfí do na bearta dul in éag, mhéadódh leibhéal an tsladghearrtha go 65 %. |
|
(198) |
Is dócha go mbeidh praghsanna níos ísle fiú ós rud é go dtiocfadh méadú ar an iomaíocht idir allmhairí de chuid na Síne atá faoi réir dleacht frithdhumpála faoi láthair agus na hallmhairí sin nach n-íocann aon dleacht faoi láthair. |
|
(199) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtitfidh praghsanna ar mhargadh an Aontais gan bearta frithdhumpála a bheith i bhfeidhm, rud a dhéanfadh díobháil do thionscal an Aontais. |
8.2. Tarraingteacht mhargadh an Aontais
|
(200) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (115) go (119) thuas, lean margadh an Aontais de bheith tarraingteach d’onnmhaireoirí na Síne, rud a thabharfadh le fios go dtiocfadh méadú ar onnmhairí chuig an Aontas in éagmais dleachtanna, rud a dhéanfadh tuilleadh díobhála do thionscal an Aontais. |
8.3. Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise
|
(201) |
Mar a leagtar amach in aithrisí (109) go (114) thuas, léirigh an fhianaise ar fad atá ar comhad go bhfuil an acmhainneacht ag an tSín táirgí a sholáthar do mhargadh an Aontais agus go bhfuil acmhainneacht bhreise aici le húsáid chun a soláthar don Aontas a mhéadú, ar phraghsanna dumpáilte a bheadh ina gcúis díobhála. |
8.4. Imchéimniú
|
(202) |
Ó forchuireadh bearta in 1993, rinne an Coimisiún imscrúduithe frith-imchéimniúcháin ar rothair arna gcur chun bealaigh chuig an Aontas, agus leathnaigh sé na bearta chun na nithe seo a leanas a chumhdach:
|
|
(203) |
Léirigh an t-imchéimniú athfhillteach den sórt sin ó thríú tíortha éagsúla go soiléir an spéis atá ag cuideachtaí Síneacha soláthar do mhargadh an Aontais. |
8.5. Conclúid
|
(204) |
Ar an mbonn sin, ba é conclúid an Choimisiúin gur dhócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín ar phraghsanna díobhálacha mar thoradh ar easpa beart agus gur dócha go leanfaí den díobháil ábhartha. |
9. LEAS AN AONTAIS
|
(205) |
I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála reatha ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na mórdhíoltóirí, na miondíoltóirí agus na dtomhaltóirí. |
|
(206) |
Tá bearta i bhfeidhm ó bhí 1993 ann agus chinn an Coimisiún, i ngach athbhreithniú éaga, nach raibh leathnú na mbeart in aghaidh leas an Aontais. |
9.1. Leas thionscal an Aontais
|
(207) |
Bhí thart ar leath de thionscal an Aontais i gceist le EBMA. Léirigh an t-imscrúdú go bhfuil tionscal an Aontais fós i staid leochaileach. Dá rachadh na bearta in éag, rachadh staid thionscal an Aontais in olcas go tapa, rud a d’fhágfadh go mbeadh caillteanais ann arís sa ghearrthéarma agus go gcuirfí deireadh leis an tionscal ina iomláine de réir a chéile san fhadtéarma. |
|
(208) |
Cuirtear cuid shuntasach de tháirgeacht an Aontais ar fochonradh do dholaphróiseálaithe, a rinne infheistíochtaí suntasacha sa táirge faoi athbhreithniú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ós rud é go bhfuil na dolaphróiseálaithe ag brath go mór ar leibhéal gníomhaíochta a gcomhpháirtithe gnó, dá ndéanfaí bearta a aisghairm, rachadh a staid eacnamaíoch in olcas go tapa freisin. |
|
(209) |
Ar an mbonn sin, thángthas ar an gconclúid go raibh sé chun leas thionscal an Aontais leanúint de na bearta maidir le hallmhairí ón tSín toisc go gcuirfeadh sé ar a gcumas a seasamh sa mhargadh a chobhsú agus a bhfostaíocht a dhaingniú. |
9.2. Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil
|
(210) |
D’iarr an Coimisiún ar na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe uile páirt a ghlacadh san imscrúdú agus chuaigh sé i dteagmháil leis na hallmhaireoirí aitheanta uile. Mar a tharla san imscrúdú athbhreithniúcháin deiridh, níor tháinig aon cheann díobh chun cinn ná níor chomhoibrigh siad in aon chor san imscrúdú. |
|
(211) |
Ní hé is cuspóir do na bearta frithdhumpála allmhairí a chosc, ach trádáil chóir a athbhunú agus a áirithiú nach ndéanfar allmhairí ar phraghsanna dumpáilte agus díobhálacha. |
|
(212) |
Fuarthas amach san imscrúdú gur tháinig allmhairí a bhfuil sciar níos mó ná 14 % den mhargadh acu i dtréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ó thíortha nach raibh faoi réir bearta frithdhumpála. |
|
(213) |
Léiríonn staitisticí ó Eurostat agus sonraí arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoi Airteagal 14(6) den bhun-Rialachán freisin go bhfuil allmhairí ag teacht isteach san Aontas trí chuideachtaí ag a bhfuil díolúintí ó leathnú na mbeart, rud a thugann rochtain d’allmhaireoirí ar allmhairí ó na tíortha seo a leanas: Tábla 14 Allmhairí ó chuideachtaí a bhfuil díolúintí acu
|
|
(214) |
Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún go bhféadfadh allmhaireoirí rothair a fhoinsiú fós ó raon leathan tíortha. |
9.3. Leas na n-úsáideoirí
|
(215) |
D’iarr an Coimisiún ar úsáideoirí uile an táirge faoi athbhreithniú teacht chun cinn agus a dtuairimí a chur in iúl. Níor tháinig aon úsáideoir ná comhlachas tomhaltóirí chun cinn agus níor chomhoibrigh siad leis an imscrúdú. |
|
(216) |
San imscrúdú reatha, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear d’úsáideoirí ar bhealach diúltach ar bith. |
|
(217) |
Ar an mbonn sin, tá sé dearbhaithe nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-úsáideoirí agus nach ndéanfaí difear míchuí dóibh dá leanfaí leis na bearta. |
9.4. An chonclúid maidir le leas an Aontais
|
(218) |
Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí rothar de thionscnamh na Síne a choinneáil ar bun. |
10. BEARTA FRITHDHUMPÁLA
|
(219) |
Ar bhonn na gconclúidí ón gCoimisiún maidir le leanúint den dumpáil, leanúint den díobháil agus leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála maidir le rothair ón tSín a choinneáil ar bun. |
|
(220) |
Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, tá gá le bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair agus díolúintí ó leathnú na mbeart tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a áirithiú. |
|
(221) |
Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair ná díolúintí infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(6) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirtear sonrasc den sórt sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’. |
|
(222) |
Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair agus na díolúintí a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(6) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an dleachtráta níos ísle nó na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim. |
|
(223) |
Má thagann méadú suntasach ar an gcainníocht onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin. |
|
(224) |
Tá feidhm ag na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne é agus a tháirgtear ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh na Síne’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair. |
|
(225) |
Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfí na dleachtrátaí frithdhumpála aonair sin i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (69). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéanann an t-athrú difear do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den dleachtráta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(226) |
Tugadh fógra do gach páirtí leasmhar faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe go molfaí na bearta atá ann faoi láthair a choinneáil. Tugadh tréimhse dóibh freisin lena bhféadfaidís uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(227) |
Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. |
|
(228) |
Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) ní dhearna sé an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl gaol aige le cuideachta a rinne amhlaidh agus tá sé faoi réir na ndleachtanna frithdhumpála dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó chuaigh sé faoi oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla. |
|
(229) |
I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (70), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí. |
|
(230) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Leis seo, cuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar dhá roth agus rothar eile (lena n-áirítear trírothaigh, ach gan aonrothaigh a áireamh), nach de chineál mótarthrealmhaithe iad, atá faoi láthair faoi chóid AC 8712 00 30 agus ex 8712 00 70 (cóid TARIC 8712 00 70 91, 8712 00 70 92 agus 8712 00 70 99), de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne.
2. Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Cuideachta |
Dleacht frithdhumpála |
Cód breise TARIC |
|
Zhejiang Baoguilai Vehicle Co. Ltd |
19,2 |
B772 |
|
Oyama Technology (Nantong) Co. Ltd |
0 |
B773 |
|
Ideal (Dongguan) Bike Co., Ltd |
0 |
B774 |
|
Na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne seachas Giant (China) Co. Ltd. - Cód breise TARIC C329 |
48,5 |
B999 |
3. Leis seo, leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, mar a leagtar amach i mír 2, chun allmhairí na rothar céanna agus rothar eile a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca agus ón Túinéis a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na hIndinéise, na Malaeisia, Shrí Lanca agus na Túinéise iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8712 00 30 agus ex 8712 00 70 (cóid TARIC 8712 00 30 10 agus 8712 00 70 91) cé is moite díobh siúd a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
an Indinéis |
P.T. Insera Sena |
B765 |
|
|
PT Wijaya Indonesia Makmur Bicycle Industries (Wim Cycle) |
B766 |
|
|
P.T. Terang Dunia Internusa (United Bike) |
B767 |
|
Srí Lanca |
Asiabike Industrial Limited |
B768 |
|
|
BSH Ventures (Private) Limited |
B769 |
|
|
Samson Bikes (Pvt) Ltd |
B770 |
|
an Túinéis |
Euro Cycles SA |
B771 |
|
|
Look Design System SA |
C206 |
4. Leis seo, leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, mar a leagtar amach i mír 2, chun allmhairí na rothar céanna agus na rothar eile céanna a chuirtear chun bealaigh ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Cambóide, na Pacastáine agus na nOileán Filipíneach iad nó ná bíodh, atá faoi láthair faoi chóid AC ex 8712 00 30 agus ex 8712 00 70 (cóid TARIC 8712 00 30 20 agus 8712 00 70 92) cé is moite díobh siúd a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:
|
Tír |
Cuideachta |
Cód breise TARIC |
|
an Chambóid |
A and J (Cambodia) Co., Ltd |
C035 |
|
|
Smart Tech (Cambodia) Co., Ltd |
C036 |
|
|
Speedtech Industrial Co. Ltd |
C037 |
|
|
Bestway Industrial Co. Ltd |
C037 |
|
na hOileáin Fhilipíneacha |
Procycle Industrial Inc |
C038 |
5. Leis seo, coinnítear ar bun leathnú na dleachta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle chun allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhdach.
Is é a bheidh sa dleacht frithdhumpála chinntitheach dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, an dleacht frithdhumpála maidir le ‘gach cuideachta eile’ arna forchur le hAirteagal 1(2) thuas.
6. Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 agus na díolúintí ó leathnú na mbeart tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a luaitear i míreanna 3 agus 4 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar sonrasc é ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (cainníocht) (rothar) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i nDaon-Phoblacht na Síne. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.
7. Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoirí onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chur leis agus iad a chur faoi réir mheánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh sa sampla. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní dhearna sé na hearraí a shonraítear in Airteagal 1(1) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Deireadh Fómhair 1990 go dtí an 30 Meán Fómhair 1991 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’); |
|
(b) |
níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo, ar onnmhaireoir nó táirgeoir é a chomhoibrigh nó a bhféadfadh sé gur chomhoibrigh sé san imscrúdú arb é is cúis leis an dleacht; agus |
|
(c) |
tá onnmhairiú iarbhír déanta aige ar an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht nach beag a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. |
8. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
1. Leasaítear Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún, arna leasú le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/57 ón gCoimisiún, mar seo a leanas:
|
‘Oyama Technology (Jiangsu) Co., Ltd |
B773’ |
cuirtear an méid seo a leanas ina ionad sin:
|
‘Oyama Technology (Nantong) Co., Ltd |
B773’ |
2. Cód breise TARIC B773 a sannadh roimhe seo do Oyama Technology (Jiangsu) Co., Ltd, beidh feidhm aige maidir le Oyama Technology (Nantong) Co., Ltd ón 10 Iúil 2024 i leith.
3. Aon dleacht chinntitheach ar allmhairí táirgí arna monarú ag Oyama Technology (Nantong) Co., Ltd de bhreis ar an dleacht frithdhumpála a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le Oyama Technology (Jiangsu) Co. Ltd, is dleacht í a dhéanfar a aisíoc nó a loghadh i gcomhréir leis an reachtaíocht chustaim is infheidhme ón 10 Iúil 2024 i leith.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle an 8 Meán Fómhair 1993 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí rothar isteach sa Chomhphobal ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach frithdhumpála (IO L 228, 9.9.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1993/2474/oj).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle an 10 Eanáir 1997 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ar rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chun allmhairí páirteanna áirithe rothair ó Dhaon-Phoblacht na Síne a chumhach, agus lena dtoibhítear an dleacht leathnaithe ar allmhairí den sórt sin a chláraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 703/96 IO L 16, 18.1.1997, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/71/oj).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 88/97 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 1997 maidir le húdarú na díolúine d’allmhairí páirteanna áirithe rothair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ón dleacht frithdhumpála a leathnaítear le Rialachán (CE) Uimh. 71/97 ón gComhairle, dleacht a fhorchuirtear le Rialachán (CEE) Uimh. 2474/93 ón gComhairle, (IO L 17, 21.1.1997, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/88/oj).
(5) https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-history?caseId=1532.
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1379 ón gCoimisiún an 28 Lúnasa 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rothar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, arna leathnú chun allmhairí rothar a chuirtear chun bealaigh ón Indinéis, ón Malaeisia, ó Shrí Lanca, ón Túinéis, ón gCambóid, ón bPacastáin agus ó na hOileáin Fhilipíneacha a chumhdach (IO L 225, 29.8.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/1379/oj).
(7) IO L 153, 5.6.2013, lch. 1.
(8) IO L 122, 19.5.2015, lch. 4.
(9) IO C, C/2023/1260, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1260/oj.
(10) C/2024/6091, 29.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/5292/oj.
(11) https://tron.trade.ec.europa.eu/Investigations/case-view?caseId=2746.
(12) Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.
(13) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 10, 17.1.2022, lch. 15, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/57/oj).
(14) Taicang Natural Resources and Planning Bureau, Fógra maidir le Cearta Úsáide Talún a Tharraingt Siar TZGS [2022] Uimh. 152, an 25 Samhain 2022.
(15) Fógra Formheasa le haghaidh Athrú ar Fhaisnéis Chláraithe maidir le Cuideachtaí Infheistithe Coigríche ó Bhiúró Maoirseachta Margaidh Nantong, Cuideachta Infheistithe Coigríche — Clárú Athruithe [2022] Uimh. 01060001 an 6 Eanáir 2022.
(16) https://login.bvdinfo.com/R1/Orbis.
(17) Féach leathanaigh 14-15 den iarraidh (leagan oscailte).
(18) Féach leathanach 15 den iarraidh (leagan oscailte).
(19) Féach leathanaigh 15-16 den iarraidh (leagan oscailte).
(20) Féach leathanaigh 16-17 den iarraidh agus Iarscríbhinn 28 a ghabhann léi (leagan oscailte).
(21) Féach leathanaigh 19-20 den iarraidh agus Iarscríbhinn 31 a ghabhann léi (leagan oscailte).
(22) Féach leathanach 20 den iarraidh (leagan oscailte).
(23) Leathanaigh 16 den iarraidh agus Iarscríbhinn 21 a ghabhann léi (leagan oscailte).
(24) Féach leathanaigh 17-18 den iarraidh (leagan oscailte).
(25) Féach leathanach 19 den iarraidh (leagan oscailte).
(26) Féach leathanach 18 den iarraidh agus Iarscríbhinn 29 a ghabhann léi (leagan oscailte).
(27) Féach leathanach 20 den iarraidh (leagan oscailte).
(28) Féach leathanach 21 den iarraidh (leagan oscailte).
(29) Féach leathanach 21 den iarraidh (leagan oscailte).
(30) Féach leathanaigh 21-22 den iarraidh (leagan oscailte).
(31) Féach leathanach 22 den iarraidh (leagan oscailte).
(32) Féach leathanaigh 23-24 den iarraidh (leagan oscailte).
(33) Féach leathanach 24 den iarraidh (leagan oscailte).
(34) Féach leathanach 24 den iarraidh (leagan oscailte).
(35) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí radaitheoirí alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L, 2024/2661, 15.10.2024, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2661/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí rotha bóthair alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L 18, 19.1.2023, lgh. 66-92, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/112/oj.
(36) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí téad agus cáblaí cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne arna leathnú chun allmhairí téad agus cáblaí cruach arna gcur chun bealaigh ó Mharacó agus ó Phoblacht na Cóiré a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na dtíortha sin iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1666/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí plátaí ceannbheannacha cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí ceaigeanna cruach dosmálta in-athlíonta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1444/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cineálacha áirithe táirgí cothroma de chruach fhuar-rollta de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/2068/oj; Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/191/oj.
(37) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithris (70) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithris (70). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (76); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (66); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (58); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (80); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (208).
(38) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithrisí (45) - (52) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithris (45). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (60); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (38); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (192).
(39) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithrisí (53) - (55) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithrisí (46) - (50). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí (66) – (68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (58); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (40); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (66); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí (193) – (194).
(40) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithrisí (56) - (63) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithrisí (51) - (63). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithrisí (61) – (65); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (43); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithrisí (195) – (201).
(41) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithris (64) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithris (64). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (62); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (52); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (74); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (202).
(42) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithris (65) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithris (65). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (72); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (45); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (33); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (75); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (203).
(43) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2661 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2024, aithris (66) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/112 ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2023, aithris (66). Féach freisin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1666 ón gCoimisiún, aithris (73); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1444 ón gCoimisiún, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/100 ón gCoimisiún, aithris (54); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2068 ón gCoimisiún, aithris (76); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún, aithris (204).
(44) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 10 Aibreán 2024, SWD (2024) 91 final.
(45) Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.
(46) Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna agus an táirge faoi athbhreithniú.
(47) https://login.bvdinfo.com/R0/Orbis.
(48) https://connect.ihsmarkit.com/
(49) Léarscáil Rochtana ar an Margadh, an Lárionad Trádála Idirnáisiúnta, www.macmap.org (MacMap).
(50) http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm.
(51) Léarscáil Rochtana ar an Margadh, an Lárionad Trádála Idirnáisiúnta, www.macmap.org (MacMap).
(52) Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj).
(53) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/product/page/lc_ncostot_r2__custom_15374782.
(54) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/teilm140__custom_15596385/default/table?lang=en.
(55) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/nrg_pc_205__custom_15374727/default/table.
(56) Tomhaltas ó 500 MWh go 1 999 MWh - banda IC
https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/product/page/nrg_pc_205__custom_15374727.
(57) https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/nrg_pc_203__custom_15374756/default/table.
(58) Tomhaltas ó 10 000 GJ go 99 999 GJ - banda I3.
(59) Foinse: Orbis - https://login.bvdinfo.com/R1/Orbis.
(60) Foinse: Iarraidh ar athbhreithniú. Iarscríbhinn 14.
(61) Foinse: Iarraidh ar athbhreithniú. Iarscríbhinn 14.
(62) Foinse: Iarraidh ar athbhreithniú, Roinn 5.2, Iarscríbhinn 8.
(63) Aithris (44) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1379.
(64) Foinse: Iarraidh ar athbhreithniú, Roinn 5.2, Iarscríbhinní 8 agus 9.
(65) Aithris (189) de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1379.
(66) https://www.statista.com/study/147067/bicycles-market-data-and-analysis/
(67) Lean an Ríocht Aontaithe de bhearta bunaidh an Aontais ag 48,5 %. Tá bearta i bhfeidhm ag an Airgintín ó bhí 1995 ann agus chuir Meicsiceo bearta i bhfeidhm ar rothair leanaí ón tSín in 2015. Féach an iarraidh ar athbhreithniú, Iarscríbhinn 11, arna baint as bunachar sonraí EDT.
(*1) Tabhair faoi deara nach bhfuil na sonraí ó bhunachar sonraí 14(6) lena gceadaítear an deighilt idir táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne atá faoi réir dleachtanna agus iad siúd nach bhfuil ag teacht leis na sonraí ó Eurostat go díreach.
(68) Tá saintuairisc iomlán le fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-history?caseId=1532.
(69) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 An Bhruiséil, an Bheilg.
(70) Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2146/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)