European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2145

22.10.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2145 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Deireadh Fómhair 2025

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme agus lena in aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/220 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), an tríú fomhír, Airteagal 5a(2), Airteagal 8(4) agus Airteagal 19(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 (2) ón gCoimisiún leagtar síos tairseacha na méide eacnamaíche in aghaidh an Bhallstáit in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, an líon gabháltas tuairisceáin in aghaidh an Bhallstáit agus in aghaidh an rannáin Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme (LSIF) in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, foirm agus leagan amach chur i láthair na sonraí inbhuanaitheachta in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis agus an méid is iníoctha leis na Ballstáit le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2025, 2026 agus 2027 in Iarscríbhinn X a ghabhann leis.

(2)

D’iarr an Bhulgáir go n-athrófaí tairseach na méide eacnamaíche agus líon na ngabháltas tuairisceáin mar gheall ar athruithe struchtúracha ar a talmhaíocht, athruithe atá ina gcúis le laghdú foriomlán ar líon na ngabháltas, go háirithe na gabháltais is lú. Tríd an tairseach méide eacnamaíche athbhreithnithe a chur chun feidhme, tríd an líon gabháltas tuairisceáin a choigeartú, agus trí na ranníocaíochtaí airgeadais a oiriúnú dá réir ón mbliain tuairiscithe 2026 ar aghaidh, thabharfaí dóthain ama don Bhulgáir chun na hathruithe is gá a chur chun feidhme.

(3)

I gcásanna áirithe, is féidir le hús arna thuilleamh ar shócmhainní leachtacha a bhfuil gá leo chun gabháltas talmhaíochta a oibriú a bheith ina chuid shubstaintiúil d’ioncam an ghabháltais. Tuairiscítear an t-ús sin faoi láthair i dTábla L in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746, faoi ‘GSE eile a bhaineann go díreach leis an bhfeirm’. Chun sainaithint an mhéid sin a éascú, chun ríomh an ioncaim feirme a bheachtú trí úsáid a bhaint as sonraí LSIF, agus chun inchomparáideacht le Cuntais Eacnamaíocha na Talmhaíochta a fheabhsú, is gá an t-ús sin a thuairisciú ar leithligh i dTábla I in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, faoi ‘táirgí agus fáltais eile’.

(4)

Leagtar amach i dTábla J in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 an struchtúr chun an cineál tithíochta le haghaidh ainmhithe ar ghabháltais talmhaíochta tuairisceáin a thuairisciú. Chun comhsheasmhacht agus cruinneas sonraí a áirithiú, ba cheart na cóid le haghaidh cineálacha tithíochta a chomhchuibhiú chun go sannfar cóid chomhionanna do chineálacha comhionanna tithíochta, rud a éascóidh anailís sonraí a bheidh inchomparáide agus iontaofa.

(5)

Leagtar amach i dTábla ST in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 an struchtúr chun faisnéis a thuairisciú maidir le tástálacha ithreach a dhéantar ar ghabháltais talmhaíochta tuairisceáin. Chun soiléireacht a sholáthar maidir le tuairisciú na huigeachta ithreach, ba cheart Tábla ST a leasú dá réir.

(6)

Leagtar amach i dTábla I1 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 an struchtúr chun faisnéis a thuairisciú maidir leis an úsáid a bhaineann gabháltais tuairisceáin as táirgí cosanta plandaí, agus áirítear leis sin roghanna maidir le tuairisciú ar leibhéal na feirme nó ar leibhéal na mbarr. Ba cheart Tábla I1 a leasú dá réir chun na ceanglais tuairiscithe maidir le gach ceann de na leibhéil sin a chur in iúl.

(7)

Leagtar amach i dTábla J1 in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 an struchtúr chun faisnéis a thuairisciú maidir leis an úsáid a bhaineann gabháltais tuairisceáin as ábhair fhrithmhiocróbacha. Ba cheart Tábla J1 a leasú dá réir chun tuairisciú faisnéise a éascú agus chun soiléireacht a sholáthar maidir leis na ceanglais tuairiscithe.

(8)

Le hAirteagal 12(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746, ceadaítear don Choimisiún Ballstáit a dhíolmhú ó shonraí a thíolacadh maidir le hathróga sonracha a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin le haghaidh na mblianta tuairiscithe 2026 agus 2027, ar choinníoll go ndéanfaidh an Ballstát iarraidh a mbeidh údar maith léi a thíolacadh. Tar éis don Ghearmáin agus don Fhrainc iarrataí breise a raibh údar maith leo a chur isteach roimh an 31 Bealtaine 2025, is gá Iarscríbhinní IX agus X a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 a leasú dá réir sin.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, VIII, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 328, 15.12.2009, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1217/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 ón gComhairle lena mbunaítear an Líonra Sonraí um Inbhuanaitheacht Feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/220 ón gCoimisiún (IO L, 2024/2746, 30.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2746/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní I, II, VIII, IX agus X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2746 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBulgáir:

‘an Bhulgáir

8 000 ’

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBulgáir:

AN BHULGÁIR

831

Северозападен (an tIarthuaisceart)

338

832

Северен централен (an Lárthuaisceart)

305

833

Североизточен (an tOirthuaisceart)

351

834

Югозападен (an tIardheisceart)

231

835

Южен централен (an Lárdheisceart)

409

836

Югоизточен (an tOirdheisceart)

368

Iomlán don Bhulgáir

2002’

(3)

leasaítear Iarscríbhinn VIII mar a leanas:

(a)

faoi ‘A.OT.232.C An líon ball d’Eagraíochtaí Táirgeoirí (ETanna)’ i dTábla A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deireanaí:

‘Tá an Ghearmáin díolmhaithe ó shonraí a thíolacadh a bhaineann le hathróga A.OT.230.C, A.OT.231.C agus A.OT.232.C le haghaidh na bliana tuairiscithe 2026.’;

(b)

sna catagóirí barr i dTábla I, faoi ‘Táirgí agus fáltais eile’, faoi bhun iontráil ‘90330 – Seachtháirgí eile’, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach:

‘90400

Ús faighte ar shócmhainní leachtacha a bhfuil gá leo chun an gabháltas a rith’

(c)

faoin ngrúpa faisnéise J.TH Cineál tithíochta i dTábla J, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

‘Cineál na gcód tithíochta

Cód

Cineál ainmhí

Cineál tithíochta

10

Ainmhithe den speiceas buaibheach (catagóirí 210 go 269)

Stallaí stáinsí (sciodar)

20

Stallaí stáinsí (aoileach soladach)

30

Tithíocht scaoilte/chubhachail (sciodar)

40

Tithíocht scaoilte/chubhachail (sciodar soladach)

50

Amuigh faoin aer i gcónaí

60

Cineál eile tithíochta (sciodar)

70

Cineál eile tithíochta (aoileach soladach)

80

Caoirigh agus gabhair (catagóirí 311 go 329)

Domhaineasair

90

Urlár lataí

100

Urlár soladach

50

Amuigh faoin aer i gcónaí

120

Muca (catagóirí 410 go 499)

Urlár atá lataí go hiomlán

130

Urlár atá lataí go páirteach

140

Urlár soladach (aoileach soladach)

80

Domhaineasair atá sa dromchla iomlán

50

Amuigh faoin aer (saor-raon)

60

Cineál eile tithíochta (sciodar)

70

Cineál eile tithíochta (aoileach soladach)

80

Éanlaith chlóis (catagóirí 510 go 530)

Domhaineasair

200

Éanlann

210

Cásanna ag a bhfuil crios aoiligh

220

Cásanna ag a bhfuil clais dhomhain

230

Cásanna ag a bhfuil teach ar chosa taca

50

Amuigh faoin aer (saor-raon)

250

Cineál eile tithíochta’

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na faisnéise i dTábla ST:

Tástáil ithreach

Tá an fhaisnéis seo roghnach le haghaidh na mBallstát. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a sholáthar, féadfar torthaí tástála ithreach a thíolacadh má tá siad ar fáil agus má rinneadh iad le 5 bliana anuas. Baineann an tástáil ithreach le dáileacht talún aonair, an áit a ndearnadh an tsampláil. Má rinneadh níos mó ná tástáil amháin ar an dáileacht talún chéanna le 5 bliana anuas, tá an tástáil is déanaí le soláthar. Má tá sonraí ar fáil a bhaineann le níos mó ná dáileacht talún amháin, is féidir níos mó ná iontráil amháin a dhéanamh.

Struchtúr an tábla

 

Uimhir aitheantais na dáileachta talún

Cód (*)

 

 

 

Catagóirí tástála

Cód (**)

 

 

 

 

Grúpa faisnéise

Luach

Cód

V

C

ST

Tástáil ithreach

 

 

Tá na catagóirí le roghnú ón liosta thíos:

Cód (**)

Tuairisc

V

C

100

Dlús toirte sa bharrithir (g/cm3)

 

-

110

Dlús toirte san fho-ithir (g/cm3)

 

-

120

Acmhainn coinneála uisce na hithreach (% de thoirt an uisce / toirt na hithreach sáithithe)

 

-

130

Ráta creimthe na hithreach (tona/ha/bliain)

 

-

140

Riospráid bunaidh na hithreach (mm3 O2/g/uair) in ithir thirim

 

-

150

Uigeacht na hithreach

-

 

160

Aigéadacht na hithreach (pH)

 

-

170

Tiúchan carbóin orgánaigh san ithir (SOC) (g/kg)

 

-

180

Seoltacht leictreach (dS/m - deci-Siemen in aghaidh an mhéadair)

 

-

190

CaCO3 (m/m %)

 

-

200

Nítrigin san ithir (mg/g)

 

-

210

Fosfar ineastóctha (mg/kg) (de réir ISO 11263:1994)

 

-

220

K2O (mg/kg)

 

-

230

Cd (mg/kg)

 

-

240

Cu (mg/kg)

 

-

250

Pb (mg/kg)

 

-

260

Zn (mg/kg)

 

-

Uimhir aitheantais na dáileachta talún

Cuimseofar in uimhir aitheantais na dáileachta talún aitheantas na dáileachta talún tagartha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 (*1) ón gCoimisiún agus aitheantas na dáileachta talún talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 (*2) ón gCoimisiún.

Tuairisc ar na colúin

Luach (V)

Is é atá sa luach tomhas sonrach na n-airíonna éagsúla ithreach, amhail saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus bitheolaíocha. Tugtar an t-aonad tomhais le fios i gcás gach athróige agus cuirtear san áireamh leis an caighdeán iomchuí a ghabhann leis an airí sonrach sin.

Cód (C)

Tagraíonn cód d’uigeacht ithreach (catagóir 150), ar catagóir í ina ndéantar an ithir a aicmiú ar bhonn na gcionta coibhneasta de ghaineamh, ithir shiolta agus cré-ithir.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht (IO L 183, 8.7.2022, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1172/oj)."

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (IO L 183, 8.7.2022, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1173/oj).’;"

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na faisnéise i dTábla I1:

Úsáid táirgí cosanta plandaí

Struchtúr an tábla

Uimhir aitheantais na dáileachta talún (roghnach)

Cód (*)

Catagóir (tá leibhéal na mbarr roghnach)

Cód (**)

Aonad

Cód (***)

Substaint ghníomhach

Cód (****)

 

Grúpa faisnéise

Colúin

Cainníocht

Q

PP

Úsáid táirgí cosanta plandaí (PPP)

 

Tá na catagóirí le roghnú ón liosta thíos:

Cód(**)

Tuairisc

Q

10000

úsáid PPP

 

10110

Cruithneacht bhog agus speilt

 

…/…

 

 

90900

Eile

 

GRÚPAÍ FAISNÉISE I dTÁBLA I1

Is trí shubstaintí gníomhacha a sholáthrófar cainníocht an táirge cosanta plandaí a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana tuairiscithe.

Úsáidfear catagóir 10000 i gcásanna ina dtaifeadtar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal na feirme, gan sonraí a bheith ar fáil ar leibhéal na mbarr in aon chor. I gcás ina dtaifeadtar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal na mbarr, úsáidfear cóid 10110 go 90900, agus iad ag comhfhreagairt do na catagóirí barr a leagtar amach i dTábla I. Ní dhéanfar uimhir aitheantais na dáileachta talún a thaifeadadh ach amháin ar leibhéal na mbarr. Na sonraí a sholáthraítear ar leibhéal na mbarr, tá siad roghnach le haghaidh na mBallstát.

Is féidir níos mó ná iontráil amháin a dhéanamh.

Tá na cineálacha cód bairr le roghnú ón liosta thíos:

Cód (***)

Tuairisc

1

Gram

2

Millilítear

3

Eile

Uimhir aitheantais na dáileachta talún

Cuimseofar in aitheantas na dáileachta talún aitheantas na dáileachta talún tagartha dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 agus aitheantas na dáileachta talún talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(3), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173. Na sonraí a sholáthraítear ar leibhéal na dáileachta talún, tá siad roghnach le haghaidh na mBallstát.

Tuairisc ar na colúin

Cainníocht (Q): Cainníocht an táirge (substaint ghníomhach) a cuireadh i bhfeidhm le linn na bliana tuairiscithe.’;

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na faisnéise i dTábla J1:

Úsáid ábhar frithmhiocróbach

Struchtúr an tábla

Catagóir

Cód (*)

Substaint ghníomhach

Cód (**)

Aonad

Cód (***)

 

Grúpa faisnéise

Colúin

Cainníocht

Q

AU

Úsáid ábhar frithmhiocróbach

 

Tá na catagóirí seo a leanas le húsáid:

Cód (*)

Tuairisc

Q

100

Úsáid ábhar frithmhiocróbach

 

GRÚPAÍ FAISNÉISE I dTÁBLA J1

Úsáid ábhar frithmhiocróbach (AU)

Ábhair fhrithmhiocróbacha a úsáidtear le linn na bliana tuairiscithe sa táirgeadh beostoic chun sláinte agus táirgiúlacht a choinneáil ar bun.

Tuairisc ar na colúin

Cainníocht (Q)

Cainníocht iomlán na n-ábhar frithmhiocróbach a bhain úsáid as substaintí gníomhacha le linn na bliana tuairiscithe.

Tá na cineálacha cód bairr le roghnú ón liosta thíos:

Cód (***)

Tuairisc

1

Gram

2

Millilítear

3

Eile

(4)

in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

Táblaí Iarscríbhinn VIII agus athróga nua LSIF

An chéad bhliain tuairiscithe

Díolúintí ó athróga sonracha a thíolaic (sonraítear an chéad bhliain tuairiscithe)

2025

2027

 

Tábla A - Faisnéis ghinearálta maidir leis an ngabháltas

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

A.CL.142.DT. An bhliain inar thosaigh an fheirm ag tiontú go feirmeoireacht orgánach

 

an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an tSlóvaic in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

A.CL.145.C. An sciar de tháirgí feirmeoireachta orgánaí a dhíoltar mar tháirgí orgánacha i bhfeirmeacha deimhnithe

 

an Ghréig, an Chipir, an tSlóvaic, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

A.OT.240.C Rannpháirtíocht i gcistí frithpháirteacha

 

an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an tSlóvaic, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

A.OT.241.C Cúiteamh as caillteanais

 

an Ghréig, an Chipir, an tSlóvaic, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

Tábla B - Cineál gairme

X

 

Neamhbhainteach

Tábla C - Lucht saothair

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

C.EX Oibrithe seachtracha

 

an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Laitvia, an Rómáin in 2027

An Fhrainc, Málta in 2028

Colún G – Inscne (maidir le hoibrithe)

 

an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Laitvia, an Rómáin in 2027

Colúin AW - Pá agus costais slándála sóisialta in aghaidh na bliana / in aghaidh na huaire

 

an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil in 2026

 (*3)an Fhrainc, an Laitvia, Málta, an Rómáin, an tSualainn in 2027

Colún R - Scor

 

an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil in 2026

 (*3)an Fhrainc, an Laitvia, Málta, an Rómáin in 2027

Tábla D - Sócmhainní agus infheistíochtaí

X

 

Neamhbhainteach

Tábla E - Cuótaí agus cearta eile

X

 

Neamhbhainteach

Tábla F - Fiachais/creidmheasanna

X

 

Neamhbhainteach

Tábla G - Cáin bhreisluacha (CBL)

X

 

Neamhbhainteach

Tábla H - Ionchuir

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

5035. Ar breoslaí de thionscnamh eile iad

 

an Ghréig, an Chipir in 2026

Málta, an Rómáin in 2027

Tábla I - Úsáid talún agus barra

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

Colúin ‘an chuid de atá go hiomlán orgánach – an chuid de atá á tiontú go horgánach’

 

an Ghréig, an Chipir in 2026

an Laitvia, an Rómáin in 2027

Lucsamburg in 2028

Tábla J - Táirgeadh beostoic

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

J. OR Orgánach - J. CO atá á thiontú go horgánach

 

an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir in 2026

an Chróit, an Laitvia, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

J.DL An líon básanna, lena n-áirítear maruithe éigeandála

 

an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

an Rómáin in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

J.TH Cineál tithíochta

 

an Bheilg, an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Laitvia, an Rómáin in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

J. TO Am a caitheadh faoin aer

 

an Bheilg, an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Laitvia, an Rómáin in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

Tábla K - Táirgí agus seirbhísí ainmhithe

X

 

Neamhbhainteach

Tábla L - GSE a bhaineann go díreach leis an bhfeirm

X

 

Neamhbhainteach

Tábla M - Fóirdheontais

X

 

Neamhbhainteach ach amháin maidir leis an méid seo a leanas:

3770 - Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise

 

an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an tSlóvaic in 2026

 (*3)an Ghearmáin, Málta, an Rómáin in 2027

3780 - Comhar

 

an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an tSlóvaic in 2026

 (*3)an Ghearmáin, Málta, an Rómáin in 2027

Tábla MI - Comhtháthú margaidh

X

 

an tSeicia, an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil, an tSualainn in 2026

an Bheilg, (*3)an Ghearmáin, an Chróit, an Laitvia, Málta, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

 (*3)an Fhrainc in 2028

Tábla DI – Nuálaíocht agus digitiú

 

X

An Fhrainc, Málta in 2028

Tábla OF - Sciar táscach d’ioncam lasmuigh den fheirm

 

X

An Fhrainc, Málta in 2028

Tábla FP1 - Cleachtais feirmeoireachta

X

 

an Ghréig, an Chipir, an Phortaingéil, an tSualainn in 2026

an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, (*3)an Ghearmáin, an Eastóin, an Chróit, an Laitvia, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla FP2 - Cleachtais feirmeoireachta

 

X

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla NM1 - Úsáid agus bainistiú cothaitheach – Stóráil aoiligh

X

 

an Bheilg, an Ghréig, an Chipir, an Laitvia, an tSualainn in 2026

an tSeicia, (*3)an Ghearmáin, an Chróit, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla NM2 - Úsáid agus bainistiú cothaitheach – Stóráil aoiligh

X

 

an Ghréig, an Chipir, an Laitvia, an tSualainn in 2026

an Bheilg, an tSeicia, (*3)an Ghearmáin, an Eastóin, an Chróit, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla NM3 - Úsáid agus bainistiú cothaitheach – Ionchur beatha

 

X

an Fhrainc, Málta, an Spáinn in 2028

Tábla ST - Tástáil ithreach (roghnach)

X

 

 

Tábla BD1 – Bithéagsúlacht – Gnéithe tírdhreacha

X

 

an Ghréig, an Chipir in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

an Fhrainc, Lucsamburg, Málta in 2028

Tábla BD2 - Bithéagsúlacht – Rialú bitheolaíoch agus bainistiú féarthalún

 

X

an Fhrainc, Lucsamburg, Málta in 2028

Tábla WT - Bainistíocht uisce

 

X

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla I1 - Úsáid táirgí cosanta plandaí

 

X

an Fhrainc, Málta, an Spáinn in 2028

Tábla J1 - Úsáid fhrithmhiocróbach

 

X

an Fhrainc, Málta, an Spáinn in 2028

Tábla CS - Scéimeanna deimhniúcháin don chomhshaol

X

 

an Bheilg, an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, Málta, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

Tábla EN - Fuinneamh

 

X

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla FL - Caillteanas táirgeachta ar an bhfeirm le haghaidh úsáidí bia agus beatha

 

X

an Fhrainc, an Chróit, Lucsamburg, Málta in 2028

Tábla TR - Oiliúint

 

X

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla SA - Sábháilteacht

X

 

an Ghréig, an Chipir in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla SI - Cuimsiú sóisialta

X

 

an Ghréig, an Chipir in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

Tábla SE - Seirbhísí a bhfuil rochtain ag feirmeoirí orthu

X

 

an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, Málta, an Rómáin in 2027

Tábla GR - Athnuachan ó ghlúin go glúin

X

 

an Ghréig, an Chipir, an tSualainn in 2026

 (*3)an Ghearmáin, an Rómáin, an tSlóvaic in 2027

an Fhrainc, Málta in 2028

(5)

in Iarscríbhinn X, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

 

Bliain tuairiscithe 2025

Bliain tuairiscithe 2026

Bliain tuairiscithe 2027

 

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a)

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b)

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (c)

Uasmhéid

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a)

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b)

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (c)

Uasmhéid

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a)

Méid dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (c)

Uasmhéid

AN BHEILG

198 000

397 600

136 702

732 302

198 000

375 196

183 260

756 456

198 000

503 223

701 223

AN BHULGÁIR

396 360

352 436

501 697

1 250 493

360 360

352 830

457 933

1 171 123

360 360

915 865

1 276 225

AN tSEICIA

230 760

386 620

185 874

803 254

230 760

373 715

213 581

818 056

230 760

586 483

817 243

AN DANMHAIRG

261 000

400 883

300 331

962 214

261 000

401 314

301 636

963 950

261 000

663 339

924 339

AN GHEARMÁIN

919 980

1 985 289

105 861

3 011 130

919 980

1 986 914

110 464

3 017 358

919 980

2 338 155

3 258 135

AN EASTÓIN

104 400

223 399

108 119

435 918

104 400

223 635

108 641

436 676

104 400

265 336

369 736

ÉIRE

162 000

368 882

205 053

735 935

162 000

369 293

205 864

737 157

162 000

411 728

573 728

AN GHRÉIG

533 880

1 013 146

61 433

1 608 459

533 880

706 768

678 435

1 919 083

533 880

1 356 871

1 890 751

AN SPÁINN

1 566 000

1 606 195

1 982 182

5 154 377

1 566 000

1 607 987

1 990 016

5 164 003

1 566 000

3 439 438

5 005 438

AN FHRAINC

1 368 000

2 553 255

472 244

4 393 499

1 368 000

2 555 402

479 088

4 402 490

1 368 000

485 932

1 853 932

AN CHRÓIT

225 180

372 981

181 379

779 540

225 180

373 339

182 506

781 025

225 180

546 390

771 570

AN IODÁIL

1 695 240

1 623 948

2 145 769

5 464 957

1 695 240

1 625 760

2 154 250

5 475 250

1 695 240

4 308 500

6 003 740

AN CHIPIR

90 000

265 654

10 356

366 010

90 000

214 111

114 369

418 480

90 000

228 738

318 738

AN LAITVIA

180 000

295 256

144 987

620 243

180 000

274 827

187 313

642 140

180 000

457 475

637 475

AN LIOTUÁIN

180 000

306 954

227 837

714 791

180 000

307 297

228 738

716 035

180 000

457 475

637 475

LUCSAMBURG

81 000

201 967

93 206

376 173

81 000

202 188

93 611

376 799

81 000

177 902

258 902

AN UNGÁIR

342 000

463 433

432 890

1 238 323

342 000

463 951

434 601

1 240 552

342 000

869 203

1 211 203

MÁLTA

96 480

251 602

11 102

359 184

96 480

251 821

11 586

359 887

96 480

45 373

141 853

AN ÍSILTÍR

270 000

702 640

341 756

1 314 396

270 000

703 424

343 106

1 316 530

270 000

686 213

956 213

AN OSTAIR

324 000

367 386

410 107

1 101 493

324 000

367 796

411 728

1 103 524

324 000

823 455

1 147 455

AN PHOLAINN

1 620 000

1 377 272

2 050 533

5 047 805

1 620 000

1 378 809

2 058 638

5 057 447

1 620 000

4 117 275

5 737 275

AN PHORTAINGÉIL

414 000

553 417

428 748

1 396 165

414 000

506 343

526 096

1 446 439

414 000

1 052 193

1 466 193

AN RÓMÁIN

918 000

1 359 686

105 634

2 383 320

918 000

1 360 614

110 226

2 388 840

918 000

2 333 123

3 251 123

AN tSLÓIVÉIN

163 440

258 693

206 876

629 009

163 440

258 982

207 694

630 116

163 440

415 387

578 827

AN tSLÓVAIC

101 160

280 835

58 202

440 197

101 160

281 110

58 708

440 978

101 160

257 101

358 261

AN FHIONLAINN

117 000

275 514

148 094

540 608

117 000

275 822

148 679

541 501

117 000

297 359

414 359

AN tSUALAINN

184 500

377 326

84 921

646 747

184 500

303 358

234 456

722 314

184 500

468 912

653 412

Iomlán don AE

12 742 380

18 622 269

11 141 893

42 506 542

12 706 380

18 102 606

12 235 222

43 044 208

12 706 380

28 508 444

41 214 824

Cúlchiste le haghaidh réamhsheachadtaí

 

 

 

2 493 458

 

 

 

1 955 792

 

 

 


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht (IO L 183, 8.7.2022, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1172/oj).

(*2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (IO L 183, 8.7.2022, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1173/oj).’;’


(*3)  díolúine a deonaíodh le déanaí’;


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2145/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)