European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2120

17.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2120 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2025

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 115, i dteannta le hAirteagal 218(5) agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (1) (‘an Comhaontú’), cuireadh feabhas ar an gcúnamh frithpháirteach i gcúrsaí cánach idir na Páirtithe Conarthacha agus ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta.

(2)

Formheasadh athruithe tábhachtacha ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta an 26 Lúnasa 2022 agus rinneadh iad a ionchorprú i ndlí an Aontais trí bhíthin Threoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle (2), lenar leasaíodh Treoir 2011/16/AE ón gComhairle (3).

(3)

An 21 Bealtaine 2024, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Prionsacht Andóra (‘Andóra’) chun an Comhaontú a leasú chun na hathruithe ar an gComhchaighdeán Tuairiscithe a formheasadh ar an leibhéal idirnáisiúnta a léiriú. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil le hinisiliú an Phrótacal Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta (‘an Prótacal Leasaitheach’).

(4)

Leis an bPrótacal Leasaitheach, leathnaítear raon feidhme an tuairiscithe le haghaidh an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe chun táirgí airgeadais digiteacha nua a áireamh, amhail Táirgí Ríomh-Airgeadais Sonraithe agus Airgeadraí Digiteacha Bainc Ceannais agus, ag an am céanna, tugtar isteach ceanglais tuairiscithe níos mionsonraithe agus nósanna imeachta díchill chuí neartaithe. Tugtar cothrom le dáta leis freisin na tagairtí dlíthiúla do reachtaíocht na bpáirtithe conarthacha maidir le cosaint sonraí.

(5)

Is léiriú cuí é téacs an Phrótacail Leasaithigh, atá mar thoradh ar an gcaibidlíocht, ar na treoracha caibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal Leasaitheach a shíniú thar ceann an Aontais agus ba cheart na Dearbhuithe Comhpháirteacha atá i gceangal leis an bPrótacal Leasaitheach a fhormheas.

(7)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(8)

Luadh i gCinneadh 2010/625/AE (5) ón gCoimisiún, maidir leis na gníomhaíochtaí uile a thagann faoi raon feidhme Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go meastar go gcuireann Andóra leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas. Dearbhaítear sa tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2024 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gcéad athbhreithniú ar fheidhmiú na gcinntí leordhóthanachta arna nglacadh de bhun Airteagal 25(6) de Threoir 95/46/CE go soláthraíonn Andóra i gcónaí leibhéal leordhóthanach cosanta do shonraí pearsanta a aistrítear ón Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra maidir le huathmhalartú faisnéise i dtaca le cuntais airgeadais chun feabhas a chur ar an gcomhlíontacht cánach idirnáisiúnta, faoi réir thabhairt i gcrích an Phrótacail Leasaithigh (7).

Airteagal 2

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le teacht i bhfeidhm an Phrótacail Leasaithigh, Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir leis an gComhaontú agus na hIarscríbhinní agus Dearbhú Comhpháirteach na bPáirtithe Conarthacha maidir le hAirteagal 5 den Chomhaontú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)   IO L 359, 4.12.2004, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2004/828/oj.

(2)  Treoir (AE) 2023/2226 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO L, 2023/2226, 24.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/2226/oj).

(3)  Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/16/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(5)  Cinneadh 2010/625/AE ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2010 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta a sholáthraítear in Andóra (IO L 277, 21.10.2010, lch. 27, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2010/625/oj).

(6)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1995/46/oj).

(7)  Foilseofar téacs an Phrótacail Leasaithigh a ghabhann leis an gComhaontú mar aon leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2120/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)