|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2097 |
22.10.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/2097 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2025
lena bhformheastar modhnuithe ar théarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona i gcomhréir le hAirteagal 115(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Archivní víno’, ‘Burčák’, ‘Jakostní likérové víno’, ‘Jakostní šumivé víno stanovené oblasti (nó Sekt s. o.)’, ‘Jakostní víno’, ‘Jakostní víno odrůdové’, ‘Jakostní víno s přívlastkem’, ‘Jakostní víno známkové’, ‘Klaret’, ‘Košer (nó Košer víno)’, ‘Krášleno na kvasnicích’, ‘Labín’, ‘Mešní víno’, ‘Mladé víno’, ‘Panenská sklizeň’, ‘Panenské víno’, ‘Pěstitelský sekt’, ‘Pozdní sběr’, ‘Premium’, ‘Rezerva’, ‘Růžák’, ‘Ryšák’, ‘Školeno na kvasnicích’, ‘Víno originální certifikace (VOC nó V.O.C.)’, ‘Víno s přívlastkem’, ‘Zemské víno’, ‘Zrálo na kvasnicích’)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 115(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 28(2) agus (3) agus Airteagal 34 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (2), scrúdaigh an Coimisiún an t-iarratas ar fhormheas ar mhodhnuithe ar 27 dtéarma thraidisiúnta, iarratas a chuir Poblacht na Seice ar aghaidh, agus d’fhoilsigh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) é. |
|
(2) |
Níl aon ráiteas agóide faighte ag an gCoimisiún faoi Airteagal 22 de Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) 2019/34 (4). |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart na modhnuithe ar na 27 dtéarmaí thraidisiúnta a fhormheas agus a chur isteach i gclár leictreonach na dtéarmaí traidisiúnta faoi chosaint dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar leis seo na modhnuithe ar na téarmaí traidisiúnta ‘Archivní víno’, ‘Burčák’, ‘Jakostní likérové víno’, ‘Jakostní šumivé víno stanovené oblasti (nó Sekt s. o.)’, ‘Jakostní víno’, ‘Jakostní víno odrůdové’, ‘Jakostní víno s přívlastkem’, ‘Jakostní víno známkové’, ‘Klaret’, ‘Košer (nó Košer víno)’, ‘Krášleno na kvasnicích’, ‘Labín’, ‘Mešní víno’, ‘Mladé víno’, ‘Panenská sklizeň’, ‘Panenské víno’, ‘Pěstitelský sekt’, ‘Pozdní sběr’, ‘Premium’, ‘Rezerva’, ‘Růžák’, ‘Ryšák’, ‘Školeno na kvasnicích’, ‘Víno originální certifikace (VOC nó V.O.C.)’, ‘Víno s přívlastkem’, ‘Zemské víno’, ‘Zrálo na kvasnicích’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hiarratais ar chosaint agus ar lipéadú ainmniúchán tionscnaimh agus tásc geografach, iarratais ar chosaint, an nós imeachta agóide, modhnú agus cealú téarmaí traidisiúnta agus lipéadú agus cur i láthair in earnáil an fhíona (IO L 9, 11.1.2019, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/33/oj).
(3) IO C, C/2025/77, 20.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/352/oj.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/34 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le seiceálacha i ndáil le hainmniúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint agus iarratais ar chosaint, an nós imeachta agóide, clárú, modhnú agus cealú téarmaí traidisiúnta in earnáil an fhíona (IO L 9, 11.1.2019, lch. 46, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/34/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2097/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)