European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2093

16.10.2025

CINNEADH (AE) 2025/2093 ÓN gCOMHAIRLE

an 10 Deireadh Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta ag an dara seisiún urghnách maidir le leasuithe a ghlacadh ar an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) agus 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart gurb é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais san earnáil muiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint.

(2)

Meastar go nglacfaidh an Coiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí (CCCM) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), sa dara seisiún urghnách a bheidh aige ón 14 go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2025 (MEPC/ES.2), leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Thruailliú ó Longa a Chosc (MARPOL) maidir leis an Atlantach Thoir Thuaidh a ainmniú mar Limistéar nua Rialaithe Astaíochtaí (Rialacháin 13 agus 14 agus Foscríbhinn VII a ghabhann le hIarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL), maidir le hinrochtaineacht Bhunachar Sonraí IMO um Ídiú Ola Breosla Long (IMO DCS) agus clásal athbhreithnithe an bhirt ghearrthéarmaigh maidir le laghdú gás ceaptha teasa (GCT) (rialacháin 20, 25, 27 agus 28 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL), agus maidir le Creat Glan-Nialasachta IMO (Caibidil 5 nua d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL).

(3)

Áirítear i Rialacháin (AE) 2015/757 (1) agus (AE) 2023/1805 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i dTreoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) na clásail athbhreithnithe atá faoi réir ghlacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag MEPC/ES.2 a bhunú, ós rud é go bhféadfaidh cuid de na leasuithe ar MARPOL atá beartaithe tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), Rialachán (AE) 2015/757, Treoir (AE) 2023/959, agus Rialachán (AE) 2023/1805.

(5)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar Rialacháin 13 agus 14, agus ar Fhoscríbhinn VII a ghabhann le hIarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL toisc go rannchuideoidh siad le hastaíochtaí truailleán aeir ó longa a chosc, a laghdú agus a rialú chun tairbhí gaolmhara sláinte, comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach.

(6)

Ba cheart don Aontas tacú freisin leis na leasuithe ar Rialachán 27 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL, toisc go gcuirfidh siad feabhas breise ar inrochtaineacht IMO DCS.

(7)

Ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe ar rialacháin 20, 25, 27 agus 28 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL, toisc go n-eascraíonn na leasuithe sin as glacadh Straitéis IMO 2023 maidir le GCT agus as tabhairt chun críche an athbhreithnithe ar na bearta gearrthéarmacha ag IMO agus is féidir athbhreithniú breise a dhéanamh leo ar na rialacháin sin.

(8)

Ba cheart don Aontas tacú freisin le caibidil 5 nua d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL a thabhairt isteach, toisc go gcuideoidh sé sin le hastaíochtaí GCT ó longa a laghdú.

(9)

Níl an tAontas ina bhall de IMO, ná ina pháirtí conarthach i MARPOL. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú le seasamh an Aontais a chur in iúl ag MEPC/ES.2.

(10)

Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Chaomhnú an Chomhshaoil Mhuirí de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (‘IMO’) ag an dara seisiún urghnách, a chomhaontú go nglacfar an méid seo a leanas:

(a)

na leasuithe ar rialacháin 13 agus 14 agus ar Fhoscríbhinn VII a ghabhann le hIarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL maidir leis an Atlantach Thoir Thuaidh a ainmniú mar Limistéar nua Rialaithe Astaíochtaí (ECA),

(b)

na leasuithe ar rialacháin 20, 25, 27 agus 28 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL maidir le hinrochtaineacht Bhunachar Sonraí IMO um Ídiú Ola Breosla Long (IMO DCS), agus

(c)

tabhairt isteach chaibidil 5 nua d’Iarscríbhinn VI in MARPOL maidir le Creat Glan-Nialasachta IMO,

mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le doiciméad IMO MEPC/ES.2/2.

Airteagal 2

Leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 1 é, cuimsítear na leasuithe atá beartaithe a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Déanfaidh na Ballstáit, ar baill iad uile den Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta agus ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais, an seasamh a chur in iúl.

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh mar a leagtar amach in Airteagal 1 é gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Leis seo, údaraítear na Ballstáit lena dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leas an Aontais, ag na leasuithe atá beartaithe, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 10 Deireadh Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. LOSE


(1)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/757/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 234, 22.9.2023, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1805/oj).

(3)  Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L 130, 16.5.2023, lch. 134, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2023/959/oj).

(4)  Treoir (AE) 2016/802 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 a bhaineann le laghdú ar an gcion sulfair i mbreoslaí leachtacha áirithe (IO L 132, 21.5.2016, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/802/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2093/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)